Look for any podcast host, guest or anyone
Showing episodes and shows of

An TOireachtas

Shows

Nuacht MhallNuacht Mhall9 Márta 2024 (An Clár)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 9ú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Ní raibh an Mháirt Mhór chomh mór sin i réamhthoghcháin Stáit Aontaithe Mheiriceá an tseachtain seo. Bhí buanna móra ag Donald Trump i mbeagnach gach stát seachas Vermont, an t-aon stát a bhuaigh a chéile comhraic Nikki Haley. D’fhógair Nikki Haley go bhfuil sí ag éirí as an rás tar éis na torthaí tubaisteacha dá feachtas. Is cosúil nach mbeidh de...2024-03-0905 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaMadame LazareTadhg Mac Dhonnagáin Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.2023-12-1914 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaScéilíní ScanrúlaBhuaigh Scéiliní Scanrúla le Gabriel Rosenstock an dara duais i gComórtas A2: Ficsean do Dhaoine Óga (9/10 mbliana – 12 bhliain) i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2020. Beidh an teach foilsitheoireachta Éabhlóid á bhfoilsiú i mbliana.Tá Gabriel Rosenstock ar dhuine de na filí is cáiliúla in Éirinn. File, fear haiku agus fear tanka go príomha é. Is aistritheoir, úrscéalaí, gearrscéalaí agus drámadóir é freisin. Scríobhann sé filíocht do pháistí agus do dhaoine fásta araon. Chomh maith leis sin, tá drámaí agus aistí scríofa do dhaoine fásta aige agus scéalta...2023-12-1916 minGaeilge WeeklyGaeilge Weekly#26: Fómhar Vibes (NÍOS SIMPLÍ) PATREON: ⁠⁠⁠https://patreon.com/LearnIrishOnline⁠⁠⁠ --- Ag caint faoin rugbaí, laethanta saoire, Malaga, an tOireachtas agus mp phost faoi láthair. Le haghaidh tuilleadh acmhainní eile (físeáin, podchraoltaí, cúrsaí, PDFs...), téigh go ⁠⁠www.learnirishonline.com⁠⁠ - agus chun a bheith i dteagmháil linn, seol ríomhphost chugainn ar liam.learnirishonline@gmail.com Agus chun a bheith i do bhall, téigh go ⁠⁠Patreon.com/LearnIrishOnline⁠⁠ Tagann Gaeilge Weekly amach le dhá eipeasóid gach seachtain ar an gCéadaoin. Ceann amháin i nGaeilge líofa, ceann eile le Gaeilge níos simplí agus ní...2023-11-0131 minGaeilge WeeklyGaeilge Weekly#26: Fómhar Vibes PATREON: ⁠⁠https://patreon.com/LearnIrishOnline⁠⁠ --- Ag caint faoin rugbaí, laethanta saoire, Malaga, an tOireachtas agus mp phost faoi láthair. Le haghaidh tuilleadh acmhainní eile (físeáin, podchraoltaí, cúrsaí, PDFs...), téigh go ⁠www.learnirishonline.com⁠ - agus chun a bheith i dteagmháil linn, seol ríomhphost chugainn ar liam.learnirishonline@gmail.com Agus chun a bheith i do bhall, téigh go ⁠Patreon.com/LearnIrishOnline⁠ Tagann Gaeilge Weekly amach le dhá eipeasóid gach seachtain ar an gCéadaoin. Ceann amháin i nGaeilge líofa, ceann eile le Gaeilge níos si...2023-11-0131 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaMise do MhamóBhuaigh an saothar Mise do Mhamó an dara duais i gComórtas A5: Saothar do Dhaoine Fásta i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2019. D’fhoilsigh LeabhairCOMHAR é sa bhliain 2020.Is as Bré i gCo. Chill Mhantáin í Majella Ní Dhomhnaill ach tá cónaí uirthi anois i mBaile Átha Cliath lena fear céile agus lena mbeirt pháistí óga. Bhuaigh a saothar, Mise do Mhamó, duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2019 agus d’fhoilsigh LeabhairCOMHAR é sa bhliain 2020. Ba é seo an chéad úrscéal a scríobh sí d’fhoghlaimeoirí fásta. Tá a céad chnuasach gearrscéalt...2023-09-2816 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaDialann Emily Porter: Thíos Seal Thuas SealBhuaigh an saothar Dialann Emily Porter: Thíos Seal Thuas an chéad duais i gComórtas A3: Ficsean do Dhaoine Óga (13-15) i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2020. D’fhoilsigh LeabhairCOMHAR é sa bhliain 2021 agus bhí sé ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló sa bhliain 2022. Is scríbhneoir scripte agus úrscéalaí é Richie Conroy a oibríonn ar go leor cláracha teilifíse agus scannáin don aos óg. Tá gearrscéalta dá gcuid foilsithe sa leabhar Saibhreas (Mentor Press). Ba é Dialann Emily Porter: An Jailtacht (LeabhairCOMHAR) a chéad úrscéal. Tá aitheantas faighte aige ag...2023-08-2219 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaNuair a Stadann an CeolBhuaigh an saothar Nuair a Stadann an Ceol le Marie Whelton duais sa chomórtas Saothar do Dhaoine Fásta de chuid Comórtais Liteartha an Oireachtais 2013.Is as Cúirt Mhic Shéafraidh, Co. Chorcaí, do Mharie ó dhúchas. Is léachtóir le teanga agus le litríocht na Gaeilge í in Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath.Bhronn Éigse Éireann, i gcomhar le Cumann Múinteoirí Éireann, ‘Duais Chuimhneacháin Séamus Heaney’ uirthi sa bhliain 2014. B’údar í Marie freisin, ar Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge (An Sagart, 2008...2023-07-1808 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaKhalilSan eagrán seo, cloisfear Máirín Nic Con Iomaire ag léamh caibidil de Khalil a scríobh Yasmina Khadra agus a d'aistrigh Máirín féin go Gaeilge. Bhuaigh an leabhar seo Gradam de Bhaldraithe ag Na Gradaim Foilsitheoireachta 2022.Is iriseoir, craoltóir, múinteoir, aistritheoir agus aisteoir í Máirín. Tá dhá úrscéal Fraincise aistrithe go Gaeilge aici i gcomhar le BARZAZ – Khalil (le Yasmina Khadra, 2021) agus Na Ríthe Beaga (Les Enfants sont Roi, le Delphine de Vigan, 2022).Tá trí leabhar do dhaoine óga sa tsraith Dialann Dúradáin aistrithe aici i gcomha...2023-06-2013 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaDiarmaid Ó Buachalla - Uisce Faoi ThalamhBronnadh an chéad duais ar an saothar Diarmaid Ó Buachalla – Uisce Faoi Thalamh le Mícheál Ó Laoghaire i gcomórtas A1 -Úrscéal Ficsean Ginearálta i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2017. D’fhoilsigh Coiscéim an saothar sa bhliain 2018 faoin teideal Comhcheilg.Is as Co. Chorcaí é Mícheál Ó Laoghaire agus is iar-mhúinteoir bunscoile é. Tá trí chnuasach gearrscéalta dá chuid foilsithe ag Coiscéim; Bás Bharra, An Deireadh Seachtaine agus Tearmainn Mheabhail. Mar aon leis na cnuasaigh filíochta, tá cúig úrscéal dá chuid foilsithe ag Coiscéim; Comhcheilg, Comhar an gCarad, An t...2023-05-2319 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaBéal na PéisteBhuaigh Béal na Péiste le Fionntán de Brún an chéad duais i gComórtas A1: Úrscéal – Ficsean Liteartha i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022.Is i mBéal Feirste a rugadh agus a tógadh Fionntán agus tá sé ina Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad ó 2017. Is i réimse an léinn is mó a bhfuil saothair foilsithe aige. D’fhoilsigh Cló Ollscoil Chorcaí saothar leis sa bhliain 2019 darb ainm Revivalism and Modern Irish. Bhí sé ina eagarthóir ar Léachtaí Cholm Cille 52 – Stair agus Ficsean ó Beatha Cholm Chille go Bealach na...2023-04-2521 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaAn Seol Atá FútBhuaigh Annemarie Nugent an chéad duais i gComórtas A3 – Ficsean do Dhaoine Óga (13-15 bliana) lena saothar An Seol atá Fút i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022.Is scríbhneoir cruthaitheach í Annemarie a bhfuil úrscéalta, gearrscéalta agus splancscéalta scríofa aici le blianta beaga anuas. Ghlac sí páirt i Scéim Meantóireachta Fhoras na Gaeilge in 2021-2022, scéim a thug deis di forbairt a dhéanamh ar a cuid scileanna scríbhneoireachta. Is ball í de dhá ghrúpa scríbhneoireachta Gaeilge, agus cabhraíonn sí le scéim Fighting Words na Gaeilge.2023-03-2130 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaKatie ar an gCásBronnadh an chéad duais ar Éadaoin Ní Dhomhnaill i gComórtas A2: Ficsean do Dhaoine Óga (9/10 mbliana - 12 bhliain) i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022 lena scéal Katie ar an gCás.Is as Inis Meáin, Oileáin Árann í Éadaoin Ní Dhomhnaill. Bhain sí céim amach i Léann an Aistriúcháin agus i mBéarla sa bhliain 2021 ó Ollscoil na Gaillimhe agus beidh sí ag tabhairt faoi mháistreacht sa scríbhneoireacht i mbliana.Tá Éadaoin ag cur isteach ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais don Scríbhneoir Óg le cúpla bliain anuas agus...2023-02-2116 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaCluiche Liathróid Láimhe?Bronnadh an chéad duais i gComórtas A8: Scéal dírithe ar dhéagóirí ar an saothar Cluiche Liathróid Láimhe? le Diarmuid de Brún i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022. Seo an chéad uair do Dhiarmuid duais a bhuachan i gComórtais Liteartha an Oireachtais.Tá cónaí ar Dhiarmuid i Machaire Rátha, Co. Dhoire agus tá sé mar bhall den chumann scríbhneoireachta nuabhunaithe i gCarn Tóchair, Contae Dhoire. Tá cúlra drámaíochta aige agus tá drámaí scríofa aige don amharclann agus d'ócáidí faoin aer.Lig do sc...2023-01-2413 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaAn tOireachtas Tríd Súile GhasúirBhuaigh Caitríona Ní Raifeartaigh An Chéad Duais i gComórtas B9 – Gearrscéal nó Aiste: Roinn A (faoi 16) lena aiste An tOireachtas Tríd Súile Ghasúir i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022.Tá Caitríona 13 bliain d’aois agus is as An Teach Mór, Indreabhán i gCo. na Gaillimhe di. Tá sí sa dara bliain i gColáiste Chroí Mhuire Naofa ar an Spidéal. Glacann sí páirt go minic sna comórtais amhránaíochta, agallamh beirte agus lúibíní ag Oireachtas na Samhna, ach ba í seo an chéad bhliain di i mbun p...2022-12-2106 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaSosBhuaigh Méabh Ní Chonaill an chéad duais i gComórtas B8 – Dán: Roinn B (faoi 21) lena dhán Sos i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022.Is as Leac Fhinín Lios a' Chraosaigh Maigh Chromtha Co. Chorcaí do Mhéabh agus tá sí naoi mbliana déag d'aois. I ndiaidh na hArdteiste tá súil aici staidéar a dhéanamh ar an gceol san ollscoil agus b'fhéidir an Ghaeilge leis. Tá sí ag freastal ar Oireachtas na Samhna ó bhí sí thart ar ocht mbliana d'aois agus tá duaiseanna buaite aici sna comórtais Agallaimh Beirte agus...2022-12-2001 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaM'abhainnIs as Baile an Éanaigh, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne d’Aisling Ní Shúilleabháin. Tá sí ceithre bliana déag d'aois agus tá sí ag freastal ar Phobal Scoil Chorca Dhuibhne. Scríobh sí an chéad véarsa den dán seo i rith na dianghlasála nuair a bhí an scoil dúnta agus breis ama á chaitheamh aici lasmuigh. Scríobh sí an dara véarsa nuair a bhí sí ar ais ar scoil. Tá suim ag Aisling sa cheol traidisiúnta agus sa spórt. Seinneann sí an consairtín agus imríonn sí c...2022-12-1500 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaTuras go dtí an TuamaSan eagrán seo, cloisfear Cathal Mac Donnacha ag léamh a saothar Turas go dtí an Tuama le a bhuaigh an chéad duais i gComórtas B6 – Scéal: Roinn B (faoi 21) i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022.Rugadh agus tógadh Cathal i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. D'fhreastail sé ar Scoil Cholmcille ar an Tulach agus é ag fás aníos agus ansin chuaigh sé ar aghaidh chuig an meánscoil i gColáiste Chroí Mhuire sa Spidéal. Faoi láthair, tá sé ag freastal ar Ollscoil na Gaillimhe agus é ag déanamh staidéar ar an...2022-12-1208 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaCrann SiógachTá Cara Ní Ghallachóir deich mbliana d'aois agus tá cónaí uirthi i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall i gCró na gCaorthann, Ard an Rátha. Tá sí ag freastal ar Scoil Náisiúnta Mhín Tine Dé agus tá sí i rang a ceathair. Tá sí paiseanta faoin Ghaeilge agus tá suim ar leith aici sa léitheoireacht agus an scríbhneoireacht. Is maith léi peil Ghaelach agus tá bua na haisteoireachta aici chomh maith. Tá go leor duaiseanna bainte aici sna gnéithe seo. Ba mhaith le Cara a bheith ina mhúinteoir nuai...2022-12-0904 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaCogadh don ChornTá Naoise Ní Fhuireastal sé bliana déag d’aois agus tá sí ag freastal ar Ghaelcholáiste Chéitinn i gCluain Meala, Co. Thiobraid Árainn.Rugadh agus tógadh í le Gaeilge faoin tuath gar do Chluain Meala agus tá sí sáite sa chultúr Gaelach ón gcliabhán. Tá an suim aici sa cheol traidisiúnta agus an C.L.G. Seinneann sí an consairtín, an chruit agus an pianó. Imríonn sí peil Ghaelach le Tráchtálaí Chluain Meala. Bíonn sí ag freastal ar cheardlanna ceoil timpeall na tíre lena deartháir gach samhradh, áit...2022-12-0503 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaEagrán 10Bhain an saothar An Diabhal ar an Ól le Mícheál Ó Conghaile an chéad duais amach i gComórtas A3: Ficsean do Daoine Óga (13-15) i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2014.Tá Mícheál ag scríobh le blianta fada anois agus clúdaíonn a cuid scríbhneoireachta réimse leathan seánraí ó úrscéalta, drámaí agus tá aistriúcháin déanta ar ghearrscéalta leis chuig Albáinis, Rómáinis agus Cróitis. Bhunaigh sé an comhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnachta sa bhliain 1985.Is iomaí duais liteartha atá bainte amach ag...2022-11-2215 minThe Folk Music PodcastThe Folk Music PodcastSean Nós Singing, with Nell Ní ChróinínNell Ní Chróinín is one of the most prominent people in the world of traditional Irish Sean Nós singing. She has won numerous top prizes in traditional Irish music competition like the Fleadh Cheoil and An tOireachtas from the age of 12 and onwards. She was the youngest ever recipient to receive ‘TG4’s Gradam Ceoil Traditional Singer of the Year‘ award in 2012. Today she's both a teacher and a professional performing artist - solo and with the Irish band Danu!In the episode she talks about her own journey in music, the history and regional s...2022-11-011h 24Seoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaEagrán 9Is as Ard an Rátha i ndeisceart Dhún na nGall d’Eithne Ní Ghallchobhair. Is scéalaí agus scríobhneoir í agus tá duaiseanna Oireachtais agus eile bainte amach aici sa dá cheird, An Carria a bhain an chéad duais i gComórtas A5 – Gearrscéal (Duais an Mhaolánaigh) in 2013 ina measc. Tá an-dúil aici sa dúlra agus sa bhéaloideas agus is minic í ag tarraingt orthu seo mar théamaí ina cuid scríbhneoireachta.Foilsíodh leabhar gearrscéalta, Súil sa bhliain 2018, úrscéal i bhfoirm véarsaíochta, Múscail, a Ghiorria, sa bhliain...2022-09-2932 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaEagrán 8Is as Bréanainn sa Leitriúch i gContae Chiarraí do Mhícheál ó dhúchas ach tá cónaí air i mBaile Átha Cliath ó 1980. Tá cúig chnuasach filíochta Gaeilge foilsithe aige chomh maith le ceann amháin i mBéarla. Tá roinnt mhaith duaiseanna buaite aige lena chuid filíochta agus foilsíodh dánta dá chuid i ndíolaimí éagsúla. Bhuaigh an bailiúchán dhátheangach, Dambatheanga: Damlanguage (Arlen House, 2014) an chéad duais i Comórtas A7: Cnuasach Filíochta i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2014. Bhuaigh sé Duais de hÍde ag Féile Filíochta Bhéal na mBuillí i...2022-08-2317 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaEagrán 7San eagrán seo de Seoda ón Taisce Liteartha, cloisfear Áine Durkin ag léamh rogha dánta óna shaothar Mise Áine: An Bhean Istigh a bhain an chéad áit amach i gComórtas A9: Comórtas don Scríbhneoir Nua i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2017.Is as Conamara ó dhúchas d’Áine. Tá duaiseanna i gComórtais Liteartha an Oireachtais bainte ag Áine Durkin dá bhlag, Mise Áine (2010), agus dá cnuasach filíochta/amhrán ‘Mise Áine, An Bhean Istigh’ (2017). Bhain amhráin léi duaiseanna ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach (2013, 2018...2022-07-1912 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaEagrán 5Ceaití Ní Bheildiúin a bheidh le cloisteáil san eagrán seo de Seoda Ón Taisce Liteartha, ag léamh Agallamh sa Cheo, Cnoc Bhréanainn a bhain an chéad duais i gComórtas A9: Cnuasach Filíochta i gComórtas Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2018. D’fhoilsigh Coiscéim é sa bhliain 2019.Bronnadh Gradam Filíochta Mhichíl Uí hAirtnéide 2021 ar Cheaití don chnuasach céanna agus más drámatúil é an leabhar Agallamh sa Cheo, Cnoc Bhréanainn, ní ceart iontas a bheith orainn mar is drámadóir í Ceaití Ní Bheildiúin chomh maith le file.D’fhoil...2022-06-2714 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaEagrán 6San eagrán seo de Seoda ón Taisce Liteartha, cloisfear Diarmuid Johnson ag léamh dhá shliocht óna saothar Seacht dTír, Seacht dTeanga a bhuaigh Comórtas A4: Saothar Próis i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2021.Is iomaí leabhar atá foilsithe ag Diarmuid Johnson: cuid acu i mBéarla; cuid acu i mBreatnais; agus cuid acu i nGaeilge. I measc na leabhar Gaeilge sin, tá dhá chnuasach filíochta: Súil Saoir (CIC 2004) agus Rún na mBradán (Coiscéim 2015); mar aon le trí leabhar na Teamhrach, Conaire Mór, Tuatha Dé Danann agus Éadaoin (Leabhar Breac...2022-06-2114 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaEagrán 4Bronnadh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais, Comórtas A7: Gearrscéal – Duais an Mhaolánaigh ar An Chóir Chodlata le Seán Ó Muireagáin sa bhliain 2018.Is scríbhneoir filíochta, amhráin agus gearrscéalta chomh maith le craoltóir raidió le Raidió Fáilte é Seán Ó Muireagáin arbh as Béal Feirste dó ó dhúchas. D’fhoilsigh an teach fhoilsitheoireachta, Éabhlóid, cnuasach gearrscéalta óna pheann in 2018 darb ainm Gáire in Éag, atá suite i dtuaisceart na hÉireann i rith tréimhse na dTrioblóidí. Ainmníodh an leabhar seo do Ghrada...2022-04-2135 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaEagrán 3Bronnadh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2021, Ficsean do Dhaoine Óga ar an saothar Scian Ghéar. D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht an leabhar le déanaí faoin teideal Fóir Orm!   Is file, scríbhneoir próis, taighdeoir, iar-mhúinteoir meánscoile agus iar-chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta í Áine Uí Fhoghlú, arb as Gaeltacht na Rinne di.  Tá an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais buaite ag a cuid leabhar do dhéagóirí, ina measc Pincí sa Ghaeltacht, a bhain duais in 2011 agus LabhairAmach.com, a bhain duais in 20...2022-03-2313 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaEagrán 2Bhain Lúba le Alan Titley Buaic-Saothar Próis na Bliana i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2018.D’fhoilsigh An Gúm é sa bhliain 2020.Is scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley a bhfuil naoi n-scríofa aige agus an deichiú ceann idir lámha aige faoi láthair. Ar a bharr seo, tá ceithre chnuasach gearrscéalta dá chuid foilsithe agus an cúigiú ceann ar an mbealach. Fairis sin, léiríodh drámaí stáitse agus raidió a scríobh sé in Amharclann na Mainistreach, ar RTÉ agus ar an BBC. Tá dhá chnuasach filíochta l...2022-02-2835 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaEagrán 1Bronnadh an chéad duais i gcomórtas Saothar don Léitheoir Fásta ar Phluid i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2021. Cuimhní cinn ar thréimhse chorraitheach sna príosúin An Cheis Fhada agus Ard Mhacha atá ann, faoi bhlianta na hagóide pluide idir 1976 agus 1981. D'fhoilsigh Coiscéim é i Mí na Nollag 2021.Sa phodchraoladh seo, léann Eoghan Mac Cormaic na caibidlí: Turas chuig an Cheis Fhada; Stair an Cheis Fhada; agus Gearradh Gruaige.  Bhuaigh Eoghan Mac Cormaic Duais Dhonncha Uí Chéilleachair i gComórtas Liteartha an Oireachtais sa bhliain 1992 dá shaothar Cai...2022-02-1419 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaEagrán 10 Cuid 2Buaiteoirí na gComórtas Liteartha don Scríbhneoir Óg 2021 a bheidh le cloisteáil san eagrán seo den phodchraoladh, Seoda ón Taisce Liteartha. Ar dtús, tá réamhrá againn ó Uachtarán an Oireachtais, An tOllamh Gearóid Denvir, agus ansin beidh scoth na scríbhneoirí ó mheánscoileanna agus ó institiúidí tríú leibhéal éagsúla ag léamh a gcuid saothair bhuacacha. Is léir go bhfuil féith na cruthaíochta acu go léir agus is cinnte go mbeidh tuilleadh dá gcuid saothar á léamh againn amach anseo má gcloíonn siad leis an gceir...2021-12-1027 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaEagrán 10 Cuid 1Buaiteoirí na gComórtas Liteartha don Scríbhneoir Óg 2021 a bheidh le cloisteáil san eagrán seo den phodchraoladh, Seoda ón Taisce Liteartha. Ar dtús, tá réamhrá againn ó Uachtarán an Oireachtais, An tOllamh Gearóid Denvir, agus ansin beidh scoth na scríbhneoirí ó mheánscoileanna agus ó institiúidí tríú leibhéal éagsúla ag léamh a gcuid saothair bhuacacha. Is léir go bhfuil féith na cruthaíochta acu go léir agus is cinnte go mbeidh tuilleadh dá gcuid saothar á léamh againn amach anseo má gcloíonn siad leis an gceir...2021-12-1037 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaEagrán 9Teideal an Leabhair: Cuisle an ChóstaÚdar: Catherine FoleyFoilsithe ag LeabhairCOMHAR Bronnadh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2016 ar an mbailiúchán seo. Dialann bliana ar shaol Gaeltachta atá sa leabhar seo a d'fhoilsigh LeabhairCOMHAR i mí Aibreán 2020. Ceann de buanna suaithinseacha an leabhair seo ná an réimse grianghraf atá glactha ag RoseAnn Foley, an deirfiúr is óige ag CatherineSeo Catherine ag léamh caibidlí 1-3 ón mbailiúchán. Is scríbhneoir cruthaitheach, craoltóir raidió, scríb...2021-06-2318 minSeal le Seán ar Raidió Rí-RáSeal le Seán ar Raidió Rí-RáKevin JohnstonLabhraíonn Kevin Johnston le Seán faoi Chluiche Snatch trí Ghaeilge atá le bheith ar siúl ar an 26ú Meitheamh. Tá an ócáid a reáchtáil ag Aerach Aiteach Gaelach ar Youtube. Beidh seachtar aíonna ag déanamh aithris ar réalta móra trí Ghaeilge agus beidh urraíocht ó Fhoras na Gaeilge agus an tOireachtas. Labhraíonn Kevin faoina chuid oibre i saol na Gaeilge agus faoina chuid aisteoireachta chomh maith.2021-06-1115 minFNI Wrap ChatFNI Wrap Chat#145 | Martina Durac | Director/ProducerOn this Episode of Fni Wrapchat is Director and Producer Martina Durac. But... First some FNI RELATED NEWS. We're bringing you closer to Filmmakers than ever before. With our membership programme on www.WeAreFni.com/mentors. One on one, online chats, and a free networking event for members in the Autumn of this year.  Sooooooooo excited. #WeAreFni #YouAreFni  Martina Durac is an award-winning director and producer of documentary and factual programming. With Julian Behal, one of Ireland’s leading photographers, she set up Phoenix Films to develop a range of projects in different genres. Recent documentary work includes Death of a So...2021-05-2840 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaEagrán 8An dara háit sa chomórtas Ghearrscéal (Duais an Mhaolánaigh) 2015 ‘Súile Éisc’ le Michelle Nic Pháidín.Rugadh Michelle Nic Pháidín in Albain ach bhog a teaghlach go Gaeltacht Ghaoth Dobhair agus gan í ach ina tachrán. Fuair sí a cuid oideachais uilig trí mheán na Gaeilge agus thug sí aghaidh ar an iriseoireacht ag an tríú leibhéal.Scríobh Michelle le Foinse agus Lá nuair a thosaigh sí ag obair mar iriseoir. Chaith sí tréimhsí ag obair don Irish Daily Mirror agus don Star on Sunday agus tá obair mar shaorisi...2021-04-2615 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaEagrán 7Bronnadh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2015 ar an úrscéal bleachtaireachta seo atá suite i gceantar cáiliúil Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht é an bhliain chéanna. Seo Anna ag léamh caibidlí 1 agus 2 den úrscéal. Scríbhneoir: Anna HeussaffTá an-aitheantas bainte amach ag Anna as a cuid úrscéalta do léitheoirí fásta, don aos óg agus d’fhoghlaimeoirí fásta. Trí úrscéal go dtí seo atá ina sraith bleachtaireachta do léitheoirí líofa: Bás Tobann (Cois Life 2004), Buille M...2021-03-1823 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaEagrán 6Buaiteoir Cnuasach Filíochta 2014 'Dambatheanga' le Mícheál Ó Ruairc.Is as Bréanainn sa Leitriúch i gContae Chiarraí do Mhícheál Ó Ruairc ach tá cónaí air i mBaile Átha Cliath ó 1980. Go dtí seo tá cúig leabhar do pháistí foilsithe aige agus leabhar amháin do mhic léinn ollscoile. Chomh maith leis sin tá trí úrscéal do dhaoine fásta, sé chnuasach filíochta agus bailiúchán amháin gearrscéalta maraon le sraith leabhar don Fhoghlaimeoir Fásta. Tá iliomad duaiseanna buaite aige as a shaothar próis agus filíochta thar na bli...2021-02-1518 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaEagrán 5Teideal an Leabhair: TairngreachtFoilsithe ag LeabhairCOMHAR Bronnadh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2018 ar an úrscéal seo agus bhain an leabhar gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin amach sa bhliain 2019.Rinneadh cur síos ar Phroinsias Mac a’ Bhaird mar ‘Dan Brown na Gaeilge’ nuair a foilsíodh Rún an Bhonnáin (LeabhairCOMHAR, 2010) agus is cinnte go bhfuil an bheocht, an mhistéir agus an phlotaireacht bhríomhar chéanna, a choinneodh i do shuí mall san oíche thú, san úrscéal seo uaidh. Seo P...2021-01-1426 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaEagrán 4Buaiteoir Buaic-Shaothar Próis na Bliana de chuid Chomórtas Liteartha an Oireachtais 2019 agus Buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin 2020, Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta, 'Máchail' le Ré Ó Laighléis, foilsithe ag Móinín.Faoin LeabharÚrscéal comhaimseartha, ina gcuireann muid aithne ar Chormac Mac Guidhir, ógfhear atá ag tráth ina shaol a bhfuil sé gafa le fearg, le fuath agus le fonn díoltais! Chonaic sé an crá croí a d’fhulaing a athair de bharr, mar a fheiceann Cormac é, spídiúlacht agus fheannadóireacht chleas an airgid, lucht na mb...2020-11-1023 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaEagrán 3Buaiteoir Úrscéal Fiscean do Dhaoine Óga (9-12) de chuid Chomórtas Liteartha an Oireachtais 2017 agus Buaiteoir Ghradam Réics Carló 2019 'Boscadán' le hÁine Ní Ghlinn.Faoin ÚdarFile, scríbhneoir agus léachtóir is ea Áine Ní Ghlinn. Tá sí ina Laureate na nÓg don tréimhse 2020 – 2022.Tá 31 leabhar foilsithe aici - 5 chnuasach filíochta do dhaoine fásta, 2 chnuasach filíochta do dhaoine óga, cnuasach miotaseolaíochta d'fhoghlaimeoirí fásta, drámaí, scéalta agus úrscéalta do dhaoine óga (idir dhéagóirí agus pháistí).Bronnadh Patrick K...2020-09-2423 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaEagrán 2Buaiteoir Cnuasach Filíochta 2019 'Obair Bhaile' le Louis de Paor.File, múinteoir agus eagarthóir is ea é Louis de Paor. As Corcaigh ó dhúchas, tá sé anois ina chónaí i nGaillimh - áit atá sé ina Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.2020-07-1019 minSeoda ón Taisce LitearthaSeoda ón Taisce LitearthaEagrán 1Buaiteoir Ghearrscéal 2019 (Duais an Mhaolánaigh) ‘Aonaráin’ le Joe Steve Ó Neachtain, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. Is é Páid Ó Neachtain, mac an údair, atá ag léamh an tsaothair.  Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.2020-06-0818 min