Look for any podcast host, guest or anyone
Showing episodes and shows of

Concubhar O Liathain

Shows

Tús ÁiteTús ÁiteTús Áite: 26 Meitheamh 2025Donnacha Ó Murchú (Comhfhreagraí Polaitíochta le Nuacht RTÉ/TG4); Cynthia Ní Mhurchú (Feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil Éire Theas); Michéal Ó hUanacháin (Údar agus Iar-Iriseoir le RTÉ); Anna Huessaff; Concubhar Ó Liatháin2025-06-2643 minAistí ón AerAistí ón AerConcubhar Ó LiatháinCé hiad ár Laochra?2024-07-3005 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - an phingin ag titim maidir le Breatimeacht agus na meáin scríofa GaeilgeDá mba rud é go mbeinn ag tosnú amach le ceachtar den dhá cheist seo - an Bhreatimeacht nó na meáin scríofa Ghaeilge - ní bheinn ar shon bheith ag tosnú san áit seo.   Tá an phingin - nó an cent - ag titim le Tóraithe go mbeidh deireadh le hAontas amháin má leanann an phlean ar son Breatimeacht crua, agus ní h-é Aontas na hEorpa a bheidh deireadh leis.     Maidir leis an gcomhairliúcháin ar na meáin scríofa Gaeilge atá tionscnaithe ag Foras na Gaeilge.  Tá moltaí déanta acu a thabharfaidh breis airgid do...2019-07-0934 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge203 - Iarnród Éireann, Google Translate agus RTÉAr maidin inniu agus mé á cheistiú ar chlár Breakfast Newstalk, dúirt Barry Kenny, úrlabhraí Iarnród Éireann, go mbeadh réiteach ann gan mhoill, an mhí seo chughainn, mí Iúil, nó Mí Mheán Fómhair ar a mhoille, ar an fhadhb a fhag go mbíodh cacstaí déanta d'ainmneacha Gaeilge le sínte fada ar chomharthaí leictreonacha ar shuíocháin traenach a bheadh curtha in áirithe.  Tá Google Translate á léiriú anois mar aistritheoir meaisín nach bhfuil ionchurtha le mór theangacha na hEorpa, Fraincís is Gearmáinis, a aistriú go cruinn.   Agus tá tuarascáil 2018 é...2019-06-2626 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge202 - Corn an Domhain Sacar na mBan, Comharthaíocht Dhá Theangach ó Thuaidh agus eileTá mí caite, beagnach, ó bhíos ar na podthonnta go deireannach.  Bím ag podchraoladh le Litriocht de ghnath na laethannta seo nó tá post nua faighte agam le Litriocht.com. Ar an eagrán seo táim ag caint faoin páirc éagothrom imeartha atá ann do thrachtaireacht Ghaeilge sa chraoltóireacht atá á dhéanamh ag TG4 agus RTÉ, comharthaíocht dhá theangach uaidh...agus eile....bígí ag éisteacht.2019-06-2021 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - An Comhaireamh Is Faide, Litríocht trí Ghaeilge agus míreanna eileBhí mé i mo thost ar feadh seal ach táim ar ais!  Chomh calannach is eigiallmhar is a bhí mé riamh.... Beagáinín níos eadroime, áfach, ná mar a bhíos le tamall!2019-05-2919 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Mo Chéad Fhaoistin, Liam Mac Con Iomaire agus na CainteannaSan eagrán seo déanaim cur síos ar an gcéad fhaoistin a rinneas le mo chomhairleoir maidir le cailliúint meachan, Liam Mac Con Iomaire a calleadh le déanaí agus tús na gcainteanna ó thuaidh....2019-05-0817 miniGaeilgeiGaeilgeIGaeilge. 22 chloch naoi bpúntMeascán d'abhair inniu ach tús á fhógairt agam lem' fheachtas folláíne nua anseo.  Is é mo mheachan ná 22'9" agus táim tosnaithe ar fheachtas 12 sheachtain deag chun sin a thabhairt síos faoi 20 cloch.  Clochmhle mór é sin i dtreo a thabharfaidh mé níos faide ó dheas arís!   Tuilleadh ábhair sa chlár faoi toghcháin, Jade Pepper agus eile. 2019-05-0310 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Lá Mór na Filíochta agus Sciorradh Teanga Mhícheál MartinInniu Lá Náisiúnta na Filíochta agus tá cúpla dán á aithris san eagrán seo de iGaeilge.   Dánta le Risteárd de HIndeberg, 'Gael Mise', agus Liam Ó Muirthille ( a aistriúchán ar dhán le Rimbaud).   Chomh maith tá trácht ann ar theanga mhíchúramach Mhicheál Martin a mhaígh go raibh SF ag déanamh úirlis cogaidh den Ghaeilge.  Ní gá aontú le seasamh SF ar an nGaeilge le h-aithint gur caint gan chiall é seo, caint seanachaite a bhionn in úsáid ag phairtithe aondachtacha.  Tá gach páirtí an DUP, TUV agus UUP ar son Acht Ghaeil...2019-05-0218 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - An Báidín Teanga, Glúin na Gaelscoilise agus Ard TeistTá sé á thuairisciú ag Tuairisc.ie ar maidin nach mbeidh aon marcanna/pointí bónais ann do dhaltai Ard Teiste a thugann fé ábhar nua Ghaeilge a bheidh dírithe ar aos na Gaeltachta is na nGaelscoileanna nuair a thabharfar isteach an bhliain seo chughainn é.  Ar ndóigh tá an iomarca béime ar scruduithe sa leagan amach atá againn ar ár gcóras oideachais.  Ar cheart níos mó béime a bheith ar fhoghlaim na Gaeilge, seachas ar mharcanna arda ann?  An bhfuil ár gcóras oideachais ag cur ár bpáistí sa treo mícheart?  Ceisteanna den chineál seo a bheidh á phl...2019-04-3021 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Cad a tharlóidh anois?Tar éis an méid a bhí le rá ag an Athair Martin McGill inné ag sochraid an iriseora dúnmharuithe, Lyra McKee, agus é ag diriú a mhéar, de réir cosúlachta ar na polaiteoirí nár sheas le chéile go dtí a h-anbhás, cad a tharlóidh anois?  Ceist casta í sin le ríomh agus ceist atá ag spreagadh go leor ceisteanna, cuid acu ciallmhar.    Cíoraim an cheist sin agus ceisteanna eile sa chaint seo.....2019-04-2522 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - 'Saighdiúirí na Spéaclaí Gréine' agus eileBhaineas ana thaithneamh as an Cháisc i mbliana idir searmanaisí, uibheacha cásca agus,go h-áirithe, bheith sa bhaile le mo mhuintir.  Bhaineas taithneamh ar leith as Ionramh an Chamino a craoladh ar TG4 oíche Luan Cásca.   Ach rud amháin a chur olc orm, an 'máirseáil' a thug Saighdiúirí na Spéaclaí Gréine, baill de 'Saoradh', ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, dhá lá tar éis dhúnmharú an iriseora óg, Lyra McKee.  Is iomaí duine ar maraíodh le linn an Chogaidh ó thuaidh ach goileann an marú s...2019-04-2315 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Dúnmharú Lyra McKee agus Gile Mo ChroíInniu Aoine an Chéasta.  Bliain is fiche ó shin mhúscail mé i mBéal Feirste ar Aoine an Chéasta agus bhí dóchas san aer mar go raibh Comhaontú Aoine an Chéasta á aontú agus bhí ré nua ag breacadh, shamhlaíomar.  I mbliana mhúscail mé agus an scéal a raibh ar an raidío bhain sé bean óg,iriseoir cumasach, a maraíodh agus í i láthair ag ciréib i nDoire Cholmcille.  Is amhlaidh go raibh Lyra McKee ag seasamh ar chúl poilíní nuair a scaoil gunnadóir leis na poilíní.  Bhuail piléar Lyra agus mara...2019-04-1917 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge -Corn Domhanda Sacar na mBan agus imeachtaí spóirt eile, Bréag Nuacht agus eileAn mbeidh rogha trachtaireachta Gaeilge ar fáíl le h-aghaidh na cluichí ón gCorn Domhanda do Pheil na mBan a bheidh á chraoladh ar RTÉ an Samhradh seo (comhthogra atá ann idir RTE agus TG4)?  Agus beidh mé ag caint ar an ndiospóireacht faoi Bhréag Nuacht a bhí ar 7 Lá an oíche dheireannach - agus cad é a cheapaim faoin gconspóid?2019-04-1722 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Notre Dame, Corn Domhanda Sacar na mBan agus an GhaeilgeRith roinnt smaointe liom agus mé ag éisteacht leis an gcaint ar fad faoi Notre Dame Pharas, a loisceadh i dtine aréir, agus an scéal go mbeidh craoladh beo ar chluichí ó Chorn Domhanda Sacar na mBan ar TG4 agus RTÉ 1 an Samhradh seo.   Maidir le Notre Dame, is uafásach an scéal é ach ar a laghad nior nior maraíodh éinne. Rith sé liom go bhfuil sé ait go bhfuil an oiread san imní ar roinnt trachtairí faoin ardeaglais seo, siombal de Chultúr na hEorpa agus cuid tabhachtach den oidhreacht sin, ach gur mailís is droch intinn atá...2019-04-1617 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Kneecap, Cluiche na gCorónach agus Pleanáil TeangaIs maith liom Kneecap agus tá áthas an domhain orm go bhfuil siad ag saothrú clú agus cáil - agus cúpla púnt - ón gceol aisteach a bhionn ar siúl acu.  Ní fhásann na 'baggies ar an talamh' ar na crainn.    Is maith liom Game of Thrones.  Ní maith liom go bhfuil ciníochas á cheangal in aon slí le pleanáil teanga sa Ghaeltacht....2019-04-1512 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Diospóireacht faoi Phleanáil Teanga ar 7 LáIs duine 'gloine leath lán' mise.  Ní thagaim leis an smaoineamh atá coitianta go bhfuil an Ghaeltacht ar leaba a báis.  Feictear dom go bhfuil dóchas agam as an nglúin atá le teacht agus an tasc atá romhamsa ná an oiread agus is féidir a dhéanamh chun feabhas ar chúrsaí san idirlinn.   Tá an eagrán seo de iGaeilge ag féachaint ar phlé a bhí idir Ronán Mac an Iomaire, Stiurthóir Phleanála Teanga an Údaráis, agus an teangeolaí, Brian Ó Curnáin ar an eagrán is déanaí de 7 Lá, a chuir Máirín Ní G...2019-04-1121 miniGaeilgeiGaeilgeIGaeilge - an leithscéal sin ar 7 Lá agus cad a deir sé faoi sláinte an dhioschúrsa phoiblí i saol na Gaeilge - agus síntí fada arís!San eagrán seo cuirim ceist faoin leithscéal sin ar 7 Lá aréir - cén fath ar gabhadh leithscéal?  Cá bhfuil an clár ar a raibh an t-abhar a spreag an leithscéal?  Tá 7 Lá, 26 Márta, imithe den seinnteoir.  Dá mba rud é go raibh mise ar ais ar Bhórd TG4 bheinn ag  cur go leor ceisteanna faoin eachtra áirithe seo mar go bhfagann sé TG4 faoi scamall. 2019-04-1022 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Tír Gan Teanga, Tír gan Ainm!Tir gan teanga, tír gan ainm.    Chuala mé an plé ar maidin idir Ciarán Ó Cofaigh agus Seán Ó Rourke faoi chonspóid na sínte fada.   Seo mo thuairim faoi....2019-04-0909 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Is Breá Liom Gaeilge ach...sínte fada, postaeir toghcháinDea smaoineamh an lae:  Cuir ceist ar do choiste bailte shlachtmhara áitiúil iarraidh ar pholaiteoirí gan ach postaeir i nGaeilge nó dhá theangach leis an Ghaeilge in uachtar a chrochadh in airde sa Ghaeltacht.    Cuir ceist ar do pholaiteoir áitiúil nuair a thagann siad chuig do dhoras....má tá sé iontu teacht go dtí do dhoras ag lorg do vóta.... Aon litríocht a thagann ó aon iarrthóir atá i mBéarla amháin a thagann chughamsa, ní bhfaighidh sé nó sí aon vóta d'aon uimhir uaimse..... Abhair eile atá faoi chaibidil san eagrán seo feachtas Uí Chofaigh i le...2019-04-0827 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Tuarascáil an Choimisinéara Teanga, Gaelú shuíomh idirlín Chorcaí, Gaelú RTÉ agus síneadh fada na BreatimeachtaDireach mar a deir sé ar an gcanna stáin....2019-04-0418 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Dráma na Breatimeachta, Frankie Boyle, an IRA agus Theresa May, Leasú Acht na dTeangacha Oifigiúla, Acht Gaeilge ó Thuaidh agus Conchúr Ó GiollagáinDíreach mar a deir sé ó thuaidh le cúpla tagairt freisin do leabhar nua Chaoimhín de Barra, 'Gaeilge - A Radical Revolution' (beidh agallamh leis go luath ar an bpodchraoladh seo) agus don bhlag nua, saolcorrach.wordpress.com.  2019-04-0323 miniGaeilgeiGaeilgeIGaeilge - Deireadh Seachtaine lán d'ealaíon is de chultúr, Nóta Stóta, Iomramh an Chamino agus leabhar nua Chaoimhín de BarraDíreach mar a deir sé thuas agus corr smaoineamh fánach eile san áireamh...2019-04-0223 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Lá Mór na Breatimeachta (Ní go fóill), Harry Perkins, Ó Riada sa Gaiety ar an Saol ó Dheas, Tony McMahon agus KneecapSeo mise arís le tuilleadh tuairimí agus ramhaillí - bain taithneamh as - nó ná bain - agus as an deireadh seachtaine.  Beidh mé ar 'Tús Áite' inniu freisin ag 5.20in ag caint faoin mBreatimeacht agus "Cinsireacht ar TG4".   2019-03-2927 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Bí Cúramach Cad é a Ghuíonn Tú ar a Shon!Fáilte romhaibh isteach - seo roinnt tuairimí uaim faoi na castaí is déanaí i gcás na Breatimeachta....2019-03-2817 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge, 'Cinsireacht' ar TG4 agus conspóidí Laochra Gael/Mná an IRA.Fáilte go dtí an eagrán is déanaí de iGaeilge.  Ní raibh aon eagrán inné - 26 Márta - agus b'fhéidir gur ceapadh go raibh mé i mo thost.  Ach níl - seo mé ar ais chomh glórach is a bhí mé riamh.....2019-03-2724 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Baile Mhúirne/Baile Bhuirne agus Gaeltacht MhúscraíFáilte rómhaibh go dtí an eagrán is déanaí de mo phodchraoladh.   Seo iGaeilge ar an Luan, 25 Márta, 2019.  Tá an podchraoladh seo á thaifeadadh agus ó chraoladh ó Chúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí.    Ag caint aréir i mBaile Mhúirne mhol Cormac Ó hAodha go n-úsáidfeadh daoine sa cheantar 'Gaeltacht Mhúscraí' ina seoltaí poist le tabhairt le fios do na h-údaráis gur ann don Ghaeltacht i gContae Chorcai agus gan ligint don tuiscint sin imeacht as radharc. 2019-03-2521 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Sceimhlitheoirí ChultúrthaFáilte romhaibh a chomh Sceimhlitheoirí Chultúrtha, sinne atá ag iarraidh inár slí beag féin bheith ag obair ar son na Gaeilge agus rud éigean a dhéanamh chun í a thabhairt slán agus beo beathach don ghlúin a thagann inár ndiaidh. Inné thug an Choimisiún um Ghearáin Craolacháin breith i leith ghearán a rinne Julian de Spáinn faoi théarma maslach, Cultural Terrorists, a thug Ivan Yates ar dhaoine a bhíonn ag plé leis an nGaeilge.  Diultaíodh don ghearán ar an ábhar gur diospóireacht poiblí a bhí ann agus nach...2019-03-2217 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Oibiachtúlacht agus cás na Gaeilge/na GaeltachtaFáilte romhaibh chuig an eagrán seo de iGaeilge.  Inniu an 21ú Márta, comhnocht an Earraigh.  Tá síneadh breá sna trathnóntaí.    Ábhar a fhéadfadh bheith conspóideach atá á phlé inniu - oibiachtúlacht na h-iriseoireachta, an bhfuil feidhm leis i ré an idirlín?  Agus conas mar a bhaineann sin le cás na Gaeilge/na Gaeltachta? 2019-03-2125 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - 7LáTG4 agus Gluaiseacht Cearta Sibhíalta na GaeltachtaFáilte romhaibh chuig an eagrán is déanaí de iGaeilge.  Cothrom an ama seo, ar an 18ú Márta 1969, a cuireadh tús le Gluaiseacht Cearta Sibhíalta na Gaeltachta.  Eagrán suimiúil agus ba mhór is fiú an leath uair breise.  Ba bhreá a thuilleadh eagráin mar seo.   Ag an am chéanna bhí an fócas ró mhór ar an aimsir atá caite agus an méid a baineadh amach i 1969 agus ó shin - gan a dhothain béime ar na ceachtanna atá le foghlaim ag an nglúin seo chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá...2019-03-2024 miniGaeilgeiGaeilgeGaeilge105 - Corp/Éadaí/Bia/Dathanna/Cruthanna (Body/Clothes/Food/Colours/Shapes)Fáilte romhaibh go dtí an podchraoladh seo ina bhfuilimíd ag díriú ar thuismitheoirí le páistí atá ag freastal ar scoileanna lán Ghaeilge nó Gaeltachta.  Díríonn an eagrán seo ar an gcorp, éadaí, bia agus deoch, dáthanna agus cruthanna.  Bain taithneamh as.  Welcome to this podcast which is focused on supporting parents whose children are attending Irish medium and/or Gaeltacht schools.  This edition focuses on terminology to do with the body, clothes, food and drink, shapes and colours.  Enjoy. 2019-03-1908 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Gluaiseacht Cearta Shibhíalta na Gaeltachta 1969-2019 agus Mise Éire le Tura AraturaSeo chughaibh an eagrán is déanaí de iGaeilge agus inniu táim ag plé Gluaiseacht Cearta Shibhialta na Gaeltachta, gluaiseacht a tháinig ar an bhfód leath chéad bliain ó shin agus a bhain go leor amach lena linn. An bhfuil gá lena leithéid arís?   Cad é a bheadh á éileamh againn? Cad é atá de dhith chun sin a bhaint amach? In eagrán an lae inniu, den chéad uair, tá píosa ceoil againn ó Tura Aratura, an ceoltóír is an ealaíontóir a tháinig chughainn ón Aifric agus atá anois níos Gaelaí ná na Gaeil f...2019-03-1925 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Lá Fhéıle Phádraig i Múscraí/Éire Aontaithe/Breatimeacht agus Gaeilge ar Today with Seán O'RourkeBhí ana cheiliúradh againn inné ar an bhféile náisiúnta i Múscraí agus paráid ana shiamsúil i mBéal Átha'n Ghaorthaidh.  Inniu, táimíd ag smaoineamh ar an ghnath shaol, Éire Aontaithe agus an 'brat úd' i Nua Eabharc, an Bhreatimeacht agus casadh eile arís ar an mbóthar agus rudaí deasa Gaelacha a thárla inniu cheana féin.2019-03-1822 miniGaeilgeiGaeilgeIGaeilge - Spreagadh Ráidió Fáilte, An Trácht i gCúil Aodha agus Naomh AbánInniu, 15 Márta 2019, tá ceannaras nua Ráidío Fáilte ag oscailt i mBéal Feirste.  Is mór an spreagadh a scéal, thosnaigh siad ag craoladh gan cheadúnas.  Taca an ama seo anuraidh a bronnadh an gradam 'Staisiún Ráidió na Bliana' ar Ráídió Fáilte ag Féile na Meán Cheilteach.    Is fada an bóthar é sin!   Spreagann sé mé le tabhairt faoin bpodchraoladh seo - agus podchraoladh a bheidh á sheoladh agam go luath le díriú ar Chúil Aodha, m'áit dhúchais anseo i nGaeltacht Mhúscraí.  In éagmais irischlár dár gcuid féin ar scei...2019-03-1509 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Domhnach na Fola agus BreatimeachtSeo é an eagrán is déanaí de iGaeilge ina dtugaim m'fhreagra ar an chorr is déanaí i gcás theaghlaigh Dhomhnach na Fola ar son na cora agus an chasadh is déanaí ar bhóthar chasta na Breataine i dtreo na Breatimeachta.  Domhnach na Fola   Eanair 1972 Le Dónal  Ó Liatháín Mar  a shníonn an Fheabhail go leathan, go ngéilleann sí don ghlas-mhuir, Thárla slad-mharú an Eanáir san bhliain a seachtó dó Nuair a ghluais an slua gan airm ar mhór-shiúl d’éileamh cearta Is...2019-03-1420 miniGaeilgeiGaeilgeGaeilge - Scoil(School) 2Tá an podchraoladh seo dírithe ar thuismitheoirí le daltaí ar scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga teagaisc ann - scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna, tuismitheoirí ar mhaith leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú.  Tá an podchraoladh ag díriú ar chúrsaí scoile, ag scríobh nóta chuig an Priomhoide/Múinteoir, ag cabhrú le do pháiste obair bhaile a dhéanamh.  This podcast is aimed at parents whose children are attending Irish medium schools and who want to improve their Irish.  This particular episode focuses on school and homework, writing a note to your child's...2019-03-1411 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Físeán Fáil, Lá le PádraigSan eagrán seo de iGaeilge, tugaim faoi fhíseán atá éisithe ag Fianna Fáil ag déanamh ionsaí ar an Rialtas faoin slad atá á dhéanamh ag an nGaeltacht. Cé go bhfuil go leor den fhírinne sa bhfíseán, tá slad déanta ar an nGaeltacht le tamall de bhlianta anuas, deich mbliana a luaitear san fhíseán, bhí FF i gcumhacht nuair a thosnaigh an slad seo.  Go deimhin i 2002/3, bhí Éamon Ó Cuív ina Aire nuair a gearradh go substaintiúil buiséad an Údaráis (agus buiséad an Fhorais).  Agus FF i gcumhacht i 2010/11...2019-03-1317 miniGaeilgeiGaeilgeGaeilge103 - Ar Scoil/At School (Cuid 1)Seo áis do thuismitheoirí atá páistí leo ag freastal ar Scoil Gaeltachta nó Gaelscoil nó scoil ar bith ina bhfuil an Ghaeilge á múineadh ann agus iarracht á dhéanamh ar an tumoideachas.   This is a resource for parents/guardians whose children are attending Irish medium schools.  Díríonn an eagrán seo ar an scoil.  This edition focuses on the school.   Beidh páirteanna eile ar an ábhar seo.  There will be follow up editions on this subject. 2019-03-1305 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Cúrsaí Reatha, Éire agus an Eoraifís, Seosamh Ó Cuaig agus a alt faoi SF i gComhrialtas, na Sínte Fada agus eileTá éagsúlacht ábhar faoi chaibidil ar phodchraoladh an lae inniu agam.  An údar íoróín a bhainim ó bhuairt Rialtas na Breataine go ndéanfaidh Aontas na hEorpa feall orthu maidir leis an gCúl Stad, ar cheart d'Éirinn dul go dtí an Eoraifís, an bhfuil an cheart ag Seosamh Ó Cuaig go bhfuil daoine buartha faoi SF i gcomhrialtas agus an chorr is déanaí is sobal fada na sínte fada......2019-03-1223 miniGaeilgeiGaeilgeGaeilge 102 - An clann ar lean(family, continued)Seo an dara mhír den rang Ghaeilge seo.  Tá sé dírithe ach go h-áirithe ar thuismitheoirí atá páistí ag freastal ar scoileanna Gaeltachta nó Gaelscoileanna.   This is the second installment of my Irish class. It's aimed specifically at parents/guardians whose children are attending Gaeltacht schools or Irish medium schools.  2019-03-1102 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Pop Up Gaeltacht Uibh Ráthach, Kia agus eileRoinnt tuairimí fánacha uaim faoin bpop up Gaeltacht i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh, fograí Gaeilge ar an raidió agus na meáin soisialta agus go leor eile.  Cúpla fógra freisin. 2019-03-1122 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge Gaeilge 101Seo podchraoladh speisialta do dhaltaí atá ag freastal ar ranganna atá á múineadh agam faoi láthair. Tá na ranganna seo dírithe ar thuismitheoirí go bhfuil a bpáistí ag freastal ar Ghaelscoileanna/Scoileanna Ghaeltachta.  Sna scoileanna seo is í an Ghaeilge teanga na scoile.   Tá fáilte romhaibh an podchraoladh seo a scaipeadh ar bhúr gcáirde atá ag foghlaim más maith libh.  Gaeilge/Gaoluinn Mhúscraí isea an chanúint atá agam. 2019-03-0805 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Bígí ag Fáire ar TG4Fáilte go dtí an eagrán is déanaí de mo phodchraoladh, iGaeilge.   Seo mise ag caint faoin gconspóid is déanaí maidir le méid an Bhéarla ar TG4.  Dar liom tá an cainéal idir dhá thine Bhealtaine.  Ní féidir leis an croí phobal a shásamh gan níos mó Gaeilge a chraoladh ach ní féidir leis an staisiún maireachtain san aeráid pholatúil (na déine) atá ann gan an mór phobal a thabhairt lei.  Tá gá dár liom le cainéal nua ar líne ar nós Molscéal agus Bloc chun riar a...2019-03-0801 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Fuaim na hAbhannBhíos ar mo shuaimhneas glan ar maidin agus mé ag siúl le mo dhá ghadhar.  Chuas suas i dtreo Barr d'Ínse agus stopamar ag an droichead thar an tSuláin in aice leis an scoil.  Chuala mé fuaim na h-abhann ansan.  Agus d'áírigh mé na grastaí ó Dhia - grastaí an tsaoil más fearr leat - agus ansan d'fhilleas agus briseadh isteach ar mo shuaimhneas le smaointe faoin mhéid a bhí le rá ag Karen Bradley i leith na daoine ar mharaigh Arm na Breataine agus Póilíní ó thuaidh le linn na coimhlinte.  Dar lei, nach coireanna a...2019-03-0728 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge-#LNMS19Mo fhreagra ar Lá na Meán Soisialta 2019, ceann de mhór laethannta Seachtain na Gaeilge na bliana seo.  An tabhacht atá leis an Ghaeilge a úsáid ar líne agus gan beag a dhéanamh den mhéid Gaeilge a labhartar/a úsáidtear ar na meáin soisialta.   Deir daoine nach ionann é agus an fíor chomhrá a bhionn agatsa agus agamsa nuair a chastar ar an sráid sinn.  Ní aontaim.  Tá luach leis agus ní beag é, ní beag é in aon chorr.  Tagraim freisin don nós atá ag Gaeil bheith ró bhreithiúnach i leith Gaeilge dhaoine eile agus...2019-03-0618 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Ní Chaithfear ÉisteachtA cháirde, seo léargas níos pearsanta b'fhéidir ar mo shaol inniu, tar éis dom filleadh ar m'áit dhúchais ó bheith ó thuaidh, mo shaol i Múscraí, thar nais le mo chlann agus mo mhuintir, Cór Chúil Aodha, múineadh na Gaeilge/Gaoluinne, cén fath go bhfuilim ag déanamh an podchraoladh seo in aon chorr.  Maireann sé timpeall leath uair a chloig. Ná h-ábair ná bhfuair tú foláireamh.  2019-03-0529 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Craoltóirí, Ainmneacha i nGaeilge agus Taithí Gan TeorainnSeachtain na Gaeilge atá ann agus ba cheart go mbeimís ag ceiliuradh na Gaeilge - agus tá - ach ar dtúis roinnt nótaí do chraoltóirí ar nós an BBC a chreideann gur deá smaoineamh é bheith ag déanamh cocstaí d'ainmneacha Gaeilge a fhoghrú - rud nach ndéanfadh siad le teangacha eile de réir mo thaithí.  Tá an BBC agus craoltóiri seirbhíse poiblí eile - táim ag caint fúibh, RTÉ - in ainm is a bheith neodrach.    Tá rud éigean le rá agam faoi éileamh iar imreoirí aitheanta an CLG ó thuaidh go mbeadh an chumann...2019-03-0424 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - VictorPodchraoladh ina gcuirtear fáilte roimh cheapachán Victor Bayda ó Mhoscó ina Oifigeach Pleanála Teanga in Uibh Ráthach agus ina ghuítear rath ar a chuid oibre. Is mór an spreagadh atá tugtha ag Victor dúinn cheana féin lena chaint ar na meáin.   Ba cheart freisin bheith chomh cúramach faoi bheith ag fógairt bhás na Gaeilge sa Ghaeltacht agus atá Met Éireann ag moladh dá faisnéiseoirí aimsire bheith i dtaobh 'Téamh Domhanda'.   Agus tuilleadh....2019-02-2619 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - 'Zombaí Theanga' - Idir Dhá Thuar DhóchaisNí ghlacaim leis an dtuar a rinne Seán Ó Cuirreáin, iar choimisinéir teanga, agus é ag tagairt don mbaol go n-iompófaí an Ghaeilge ina 'zombaí theanga' de bharr go bhfuil an Rialtas tar éis a hata a chaitheamh leis an dteanga.   Fúinn féin atá slánú na Gaeilge sa Ghaeltacht.  Nach bhfuil an ceacht sin foghlamtha againn go fóill! Is tá go leor tuair dóchais ann ach iad a thabhairt faoi ndeara.2019-02-1823 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Velvet Buzzsaw agus Glór na nGaelSan eagrán seo tugaim mo léargas ar scannán nua Netflix, Velvet Buzzsaw, scannán atá lonnaithe i saol ealaín Los Angeles agus atá gné scanrúil ósnadúrtha ag baint leis.   Tá suim agam san ábhar ós rud é go rabhas mé féin ag obair i nDánlann go dtí le déanaí.   Agus tugaim gairdeas freisin do mo sheancháirde, Seamus agus Seán Mac Seáin atá ag fáil Gradam Ghlór na nGael ag an deireadh seachtaine nuair a bronnfar na gradaim ar fad ag ocáid in  Óstán Ghlasáin, Co. na hIarmhí.2019-02-0716 miniGaeilgeiGaeilgeiGaeilge - Resistance agus Trasna na dTonntaPodchraoladh i nGaeilge, iontas na n-iontas.  Beidh míreanna éagsúla sa phodchraoladh - rachtanna feirge, tuairiscí nuachta, agallaimh, léamhanna, ranganna is eile.  2019-02-0618 min