podcast
details
.com
Print
Share
Look for any podcast host, guest or anyone
Search
Showing episodes and shows of
Conradh Na Gaeilge I Londain
Shows
Nuacht Mhall
26 Iúil 2025 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá is fiche de mhí iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Fuair an t-amhránaí rac-cheoil Ozzy Osbourne bás Dé Máirt an tseachtain seo, agus é 76 bhliain d'aois. As Birmingham ó dhúchas, tá sé curtha síos dá bhanna ceoil Black Sabbath gurb iadsan a chruthaigh an seánra miotal trom, a bhuíochas le hamhráin ar nós Iron Man agus Paranoid. Níos lú ná trí seachtaine ó shin, rinne Osbourne, a thug an t-ainm “Prince of Darkness” air féin, ceolchoirm dheireana...
2025-07-26
05 min
Nuacht Mhall
21 Meitheamh 2025 (Ard Mhacha)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Leanann an cogadh idir Iosrael agus an Iaráin ar aghaidh an tseachtain seo. Rinne fórsaí Iosrael tuilleadh ionsaithe aeir ar phríomhchathair na hIaráine, Tehran, dírithe ar oirthear na cathrach. Mhol Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, do mhuintir Tehran imeacht roimh an ionsaí, amhail is go raibh a fhios aige roimh ré. Tháinig cáineadh ó rialtas na Síne, agus iad ag rá go ra...
2025-06-21
07 min
Nuacht Mhall
12 Aibreán 2025 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Bhí an stocmhargadh ina chíor thuathail an tseachtain seo tar éis fhógra Donald Trump go mbeadh taraifí á ngearradh ag na Stáit Aontaithe ar earraí ó thíortha ar fud na cruinne. Bhí eagla ag infheisteoirí go gcuirfeadh na taraifí tús le cogadh trádála agus, dá bharr san, le cúlú eacnamaíochta chomh maith. Bhí an chuma orthu go raibh an ceart acu Dé Céadaoin nuair a chuir...
2025-04-12
07 min
Nuacht Mhall
29 Márta 2025 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tá staid éígeandála i bhfeidhm i Maenmar tar éís crith talún a tharla Dé hAoine. Ceaptar go bhfuil na céadta daoine básaithe ach níl uimhir chruinn ar fáíl is a leanann oibríocht tarrtháile. Tharla dhá chrith tar éis a chéile agus tá eagla ar dhaoine go mbeadh iarchreathanna le teacht. Bhí eipealár an chreatha talún i ngar do na cathra...
2025-03-29
06 min
Nuacht Mhall
22 Márta 2025 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Ainmníodh an Fhionlainn mar an tír is sona ar domhan den ochtú bliain as a chéile sa Tuarascáil Dhomhanda ar Shonas, agus thug muintir na háite agus saineolaithe creidiúint dá lochanna móra agus dá córas leasa shóisialaigh láidir mar chúiseanna leis an dea-ghiúmar. Ainmníodh Éire sa 15ú háit, ag bogadh suas ón 17ú háit in 2023. Tá an Afganastái...
2025-03-22
06 min
Nuacht Mhall
8 Márta 2025 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá sé ráite ag na húdaráis in Sante Fe, New Mexico, go bhfuair an t-aisteoir mór le rá Gene Hackman agus a bhean chéile Betsy Arakawa bás nádúrtha an mhí seo caite. Thángthas ar an bheirt agus iad marbh ina dteach ag deireadh mhí Feabhra, agus i ndiaidh fiosrúcháin is léir go bhfuair Arakawa bás mar gheall ar shiondróm scamhó...
2025-03-08
04 min
Nuacht Mhall
1 Márta 2025 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an chéad lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.Dé hAoine, bhí argóint mhór phoiblí idir Volodymyr Zelenskyy, Uachtarán na hÚcráine, ar thaobh amháin, agus Donald Trump agus J.D. Vance, Uachtarán agus Leas-Uachtaráin Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar an taobh eile, san Oifig Ubhchruthach sa Teach Bán in Washington. Bhí Zelenskyy ann chun comhaontú a shíniú le Trump chun bealach isteach ar acmhainní mianra na hÚcráine a thabhairt do n...
2025-03-01
07 min
Nuacht Mhall
8 Feabhra 2025 (Ard Mhacha)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Rinne Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, ráiteas neamhghnáth maidir le "togáil" Gaza, nuair a bhuail sé le Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, le labhairt faoi chúrsaí síochána le Hamas. Dúirt Trump go dtógfadh Meiriceá smacht ar Gaza agus go gcabhrófaí leis an limistéar le fostaíocht agus tithíocht a chruthú. Mhínigh sé freisin gur chóir do na Palaistínigh imeacht go...
2025-02-08
06 min
Nuacht Mhall
11 Eanáir 2025 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí Eanáir. is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Dhiúltaigh an tAire Oideachais ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann Paul Givan iarratas ón scoil is mó sna Sé Chontae le bheith ina scoil imeasctha. Thacaigh tromlach soiléir thuismitheoirí na ndaltaí leis an athrú in Acadamh Bheannchair, a bhfuil timpeall 1,850 dalta ann. Ach tá cinneadh déanta anois ag Paul Givan nár cheart dul ar aghaidh leis na pleananna. Diúltíodh togra ó scoil eile i mBeannchar fosta, Bunscoil an Rátha Mhóir...
2025-01-11
05 min
Nuacht Mhall
21 Nollaig 2024 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna. In Éirinn, tá an idirbheartaíocht idir Fianna Fáil, Fine Gael agus an Grúpa Réigiúnach Neamhspleách chun rialtas nua a bhunú fós ar siúl. Toghadh Verona Murphy ina Ceann Comhairle Dé Céadaoin, an chéad bhean tofa san oifig údaí i stair an stáit. Is Teachta Dála neamhspléach ó Loch Garman í, agus dúirt sí gur mór an onóir di an ról a ghlacadh...
2024-12-21
06 min
Nuacht Mhall
26 Deireadh Fómhair 2024 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Dúirt MLA de chuid Pháirtí na Comhghuaillíochta, Kellie Armstrong, gur léir gur éadóchas ar son Fheidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann a bhí ann nuair a cuireadh daoine i gcochall taobh amuigh de Bhéal Feirste. Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann go n-úsáidfear ceithre chochall ag saoráid óstáin in aice le Béal Feirste “ó am go chéile agus mar ro...
2024-10-26
06 min
Nuacht Mhall
12 Deireadh Fómhair 2024 (Ciarraí)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.Bhailigh na mílte daoine le chéile chun comóradh a dhéanamh ar lá cuimhneacháin ar an 7ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair, an lá a dhein Hamas ionsaí ar dhaoine in Iosrael a bhí ag freastal ar cheolchoirm Nova a bhí ar siúl i bhfásach Negev agus i gceantair eile. Maraíodh míle dhá chéad duine agus fuadaíodh os cionn dhá chéad agus a caog...
2024-10-12
05 min
Nuacht Mhall
7 Meán Fómhair 2024 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tar éis seacht mbliana de fhiosrúcháin, foilsíodh tuarascáil Dé Céadaoin faoin dtine thubaisteach i dTúr Grenfell in iarthar Londan. Dúirt an tuarascáil go raibh an locht ar an rialtas agus ar an earnáil tógála mar gheall ar bhlianta fada d'fhaillí. Chomh maith leis sin, cháin antuarascáil na comhlachtaí tógála a chuir cumhdach inlasta ar éada...
2024-09-07
07 min
Nuacht Mhall
24 Lúnasa 2024 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá ionchúisitheoirí san Iodáil ag smaointiú ar chúisimh dúnorgana maidir le bás seachtair nuair a chuaigh an t-oll-luamh Bayesian go tóin poill amach ó chósta na Sicile Dé Luain. I measc na marbh tá Mike Lynch, Sasanach de bhunús Éireannach a bhunaigh an comhlacht idirnáisiúnta teicneolaíochta Autonomy. Bhí Lynch ag ceiliúradh go bhfuarthas neamhchiontach é i gcúisimh calaoise sna Stáit Aontaithe...
2024-08-24
04 min
Nuacht Mhall
3 Lúnasa 2024 (Ciarraí)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá de mhí Lúnasa. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tá na Cluichí Oilimpeacha ar siúl faoi láthair i bPárás na Fraince. Bhuaigh an snámhaí as Contae Shligigh Mona McSharry an chéad bhonn ag snámh sna cluichí le tríocha bliain. Bhain sí bonn cré-umha amach sa snámh brollaigh 100 méadar. Bhain an snámhaí ó Ard Mhacha Daniel Wiffen curiarracht le bonn óir a bhuachtaint. Sa snámh ocht céad méadair saorstíle, ba é an c...
2024-08-03
05 min
Nuacht Mhall
2 Márta 2024 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tharla tubaiste nua i nGaza an tseachtain seo ar Shráid Haroun Al Rasheed cois fharraige i gCathair Gaza. Phlódaigh slua mór daoine timpeall ar thionlacan cabhrach, ag lorg bia. Bhí Fórsaí Cosanta Iosrael freagrach as slándáil an tionlacain, acht nuair a bhrúigh an slua isteach róghar, thosaigh siad ag scaoileadh urchar. Idir sin agus an táinrith a lean go díreach, d’éag ar...
2024-03-02
04 min
Nuacht Mhall
20 Eanáir 2024 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Thóg an Aifric Theas cás roimh an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta ag líomhain gur cinedhíothú atá ar siúl ag Iosrael i nGaza. Chualathas an cás i gcúirt sa Háig an tseachtain seo caite. Sa tuarascáil, atá 84 leathanach i bhfad, mhaígh an Aifric Theas go bhfuil an Iosrael ciontach “d’iarracht grúpa náisiúnta, eitneach nó reiligiúnach a sc...
2024-01-20
07 min
Nuacht Mhall
13 Eanáir 2024 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Bhí an bhliain seo caite ar an bhliain ba theo ar an taifead, a deir seirbhís athraithe aeráide an Aontais Eorpaigh. Nochtaigh figiúirí nua go raibh an teas domhanda gar do 1.5°C os cionn an leibhéil a bhí ann sa saol réamhthionsclaíoch de dheasca athrú aeráide. Deir lucht eolaíochta Sheirbhís Athraithe Aeráide Copernicus gur dócha go sárófar an 1.5 Celsius sa bhlia...
2024-01-13
06 min
Nuacht Mhall
11 Samhain 2023 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tá an choimhlint sa Mheánoirthear ar siúl le níos mó ná mí anois. Thosaigh an cogadh ar an seachtú lá de mhí Dheireadh Fómhair nuair a rinne Hamas ionsaí ag féile cheoil in Iosrael, inar thóg siad timpeall 200 giall. Chuir Iosrael tús le buamáil in Gaza mar fhreagra. Maraíodh thart ar 1400 Iosraelach agus níos mó ná 10,000 saoránach Palaistíneach ó tosaíodh na hi...
2023-11-11
04 min
Nuacht Mhall
23 Meán Fómhair 2023 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Craoladh clár teilifíse ar Channel 4 an tseachtain seo ina líomhnaíodh go leor cúiseanna i gcoinne an fhuirseora Russell Brand, éigniú, íonsaí gnéis agus mí-úsáid mhothúchánach sanáireamh. Maíodh gur tharla na heachtraí idir 2006 agus 2013 nuair a bhí Brand in ard a réime. Baineann na heachtraí le ceathrar ban, agus bhí ceann acu sé bliana déag d’aois ag an am. Séana...
2023-09-23
05 min
Nuacht Mhall
26 Lúnasa 2023 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an séú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Is í an India an chéad tír chun spásárthach a thabhairt i dtír go rathúil ar phol theas na gealaí. Theip ar iarrachtaí na hIndia roimhe seo, agus mar gheall ar thír-raon garbh an phoil theas bhí sé deacair teacht i dtír. Bhí sé mar aidhm ag Chandrayaan-3 a bheith ar an chéad spásárthach chun teagmháil a dhéanamh i réigiún de dhro...
2023-08-26
06 min
Nuacht Mhall
17 Meitheamh 2023 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Fuair Christy Dignam, príomhamhránaí Aslan, bás ag aois 63 Dé Máirt, tar éis tinneas fada. D’fhás Dignam aníos i bhFionnghlas agus thosaigh sé ag seinm ceoil sna seachtóidí, leis an ngrúpa ceoltóirí a bhunaigh an banna Aslan ag tús na n-ochtóidí. Bhí rath mór orthu lena gcéad singil “This Is” agus shínigh an grúpa con...
2023-06-17
04 min
Nuacht Mhall
10 Meitheamh 2023 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Bhí leibhéil arda truailliú aeir i Meiriceá Thuaidh an tseachtain seo de bharr falscaithe i gCeanada. I Nua-Eabhrac, tugadh amach milliún masc agus moladh do dhaoine fanacht taobh istigh. Bhí aer tocsaineach le brath trasna na mór-ranna ó Philadelphia ar an chósta thoir go Detroit agus Chicago san iarthar láir. Meastar gurb é seo an truailliú aeir is measa ar taifead sna Stáit Aontaithe. Cu...
2023-06-10
03 min
Nuacht Mhall
27 Bealtaine 2023 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Oisín Mac Conamhna. Thosaigh céim na ngrúpaí i gcraobh peile na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite. D’éirigh go han-mhaith leis na foirne Connachtacha. Bhí Maigh Eo i bhfad róláidir do Chiarraí i gCill Áirne, nuair a chuir siad deireadh leis an tsraith cluichí gan chailleadh sa bhaile is faide i stair Chumann Lúthchleas Gael. Níor buaileadh Ciarraí sa chraobh i gCill Áirne le...
2023-05-27
04 min
Nuacht Mhall
8 Aibreán 2023 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Bhí imeachtaí ar siúl ar fud Thuaisceart Éireann Dé hAoine chun comóradh a dhéanamh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Síníodh an Comhaontú cúig bliana is fiche ó shin chun deireadh a chur leis na Trioblóidí, inar maraíodh trí mhíle go leith duine, agus ghlac an pobal leis an chomhaontú trí reifreann i mí na Bealtaine sa bhliain chéanna. Ba iad an DUP an páirtí mór amháin a s...
2023-04-08
05 min
Nuacht Mhall
1 Aibreán 2023 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá de mhí Aibreáin. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Bhuaigh rialtas na hÉireann vóta muiníne, tar éis do Pháirtí an Lucht Oibre rún mímhuiníne a ardú, i bhfreagracht don díospóireacht maidir leis an gcosc díshealbhaithe. Bhí an díospóireacht bunaithe ar chinneadh an rialtais chun an cosc díshealbhaithe a chur i leataobh, i gcoinne rún ó Sinn Féin chun é a shíneadh go dtí mí Eanáir 2024. Le...
2023-04-01
04 min
Nuacht Mhall
4 Márta 2023 (Luimneach)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an ceathrú lá de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Ar an seachtú lá is fiche de mhí Feabhra d’fhógair Rishi Sunak “Creatlach Windsor” – leagan nua de phrótacal Thuaisceart Éireann a comhaontaíodh tar éis ceithre mhí d’idirbheartaíocht leis an Aontas Eorpach. Tugann an comhaontú “coscán éigeandála” do rialtas na Ríochta Aontaithe ar dhlíthe nua an Aontais Eorpaigh a chuirfear i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann má chuireann polaiteoirí sa chúige ina gcoinne. Cruthaíonn sé lána glas...
2023-03-04
06 min
Nuacht Mhall
18 Feabhra 2023 (Ciarraí)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tháinig Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Rishi Sunak go Béal Feirste chun bualadh le ceannairí na bpáirtithe polaitiúla in Stormont. Dúirt Ceannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh Jeffrey Donaldson go raibh dul chun cinn déanta leis an idirbheartaíocht idir Londain agus an Bhruiséal ach caithfidh níos mó obair a bheith déanta chun teacht ar mhargadh. Ceaptar go mbeidh réiteach...
2023-02-18
06 min
Nuacht Mhall
11 Feabhra 2023 (Ard Mhacha)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá deag de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. De réir tuairiscí tá breis agus 20,000 duine maraithe i ndeisceart na Tuirce agus i dtuaisceart na Siria i ndiaidh an chreatha talún Dé Luain, agus is dócha go n-ardóidh na figiúirí sna leathanta amach romhainn. Ó thaobh na Tuirce de, deir na húdaráis go bhfuil 13.5 milliún daoine atá buailte ag an tubaiste. Tá na hoibrithe tarrthála ag déanamh a ndícheall chun an oirea...
2023-02-11
05 min
Nuacht Mhall
21 Eanáir 2023 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Agus an Dáil ag filleadh le linn na seachtaine, dúirt Aire Stáit úr na Gaeltachta go mbeadh an phleanáil teanga, an tAcht Teanga agus pobal na hUltaise i measc na dtosaíochtaí aige sa chéad cúpla mí ina ról úr. Dúirt Patrick O'Donovan, an tAire Stáit nua, a ceapadh sa ról díreach mí ó shín, go gcuirfeadh sé tús le hat...
2023-01-21
05 min
Nuacht Mhall
7 Eanáir 2023 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí Eanair. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tharla sochraid an iar-Phápa Benedict XVI i mBaisleac Pheadair i gCathair na Vatacáine an tseachtain seo. Bhí sé cúig bliana is nócha d’aois. Rugadh sa Ghearmáin é mar Joseph Ratzinger, agus nuair a bhí sé ina ghasúr, coinscríobhadh é in Ógra Hitler ar dtús agus in airm na Naitsithe ina dhiaidh. Cuireadh col ceathrar dá chuid chun báis le linn an Dara Cogadh Domhanda, mar bhí siondr...
2023-01-07
05 min
Nuacht Mhall
17 Meán Fómhair (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 17ú de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. D’fhógair Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, gur éirigh lena chuid fórsaí frithionsaí a dhéanamh i gcoinne na Rúise in oirthuaisceart na hÚcráine Dé Luain. Dúirt arm na hÚcráine go bhfuil níos mó ná fiche baile athghafa acu, Izium ina measc, cathair thábhachtach agus straitéiseach sa chogadh. D’admhaigh Moscó go bhfuil go leor talún caillte acu agus d’fhreagair sia...
2022-09-17
05 min
Nuacht Mhall
27 Lúnasa 2022 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail. Ceiliúradh Lá Náisiúnta na hÚcráine Dé Céadaoin, comóradh ar neamhspleáchas na tíre sin ón Aontas Sóivéadach sa bhliain 1991. Níor tharla imeacht mór ceiliúrtha san Úcráin féin, ar mhaithe le sábháilteacht an phobail, ach rinneadh léirsithe agus agóidí in áiteanna eile ar fud an domhain, Baile Átha Cliath, Londain agus Nua Eabhrac san áireamh. Tháin...
2022-08-27
05 min
Nuacht Mhall
23 Iúil 2022 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Dé Domhnaigh, bhain Contae Luimnigh an tríú bua as a chéile i gclúiche iontach in aghaidh Chontae Chill Chainnigh. Thug siad greadadh do Phort Láirge agus do Chorcaigh in 2020 agus 2021, agus i ndiaidh dhá uair a chaitheamh i mbun cluiche te i bPáirc an Chrócaigh, ar cheann de na laethantha is teo i mbliana, bronnadh Corn Mhic Cárthaigh ar an fhoireann tráthnóna...
2022-07-23
04 min
Nuacht Mhall
9 Iúil 2022 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí Iúil. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Bhí seachtain mhíshuaimhneach in Uimhir 10 Sráid Downing i Sasana, nuair a sheol níos mó ná 50 aire parlaiminte litreacha isteach ag rá go raibh siad ag éirí as a bpost. Thosaigh an tuile oíche Dé Máirt leis an Seansailéir Rishi Sunak agus an Rúnaí Sláinte Sajid Javid, tar éis leithscéal á ghabháil ag Boris Johnson faoi phost rialtais a thabhairt do Chris Pincher, fear ar cui...
2022-07-09
05 min
Nuacht Mhall
18 Meitheamh 2022 (Baile Átha Cliath)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 18ú de mhí an Mheithimh. Is mise Liam Ó Brádaigh. Cuireadh bac ar phleananna rialtas na Breataine lucht iarrtha tearmainn a dhíbirt go Ruanda. Bhíothas ag súil go ndíbreofaí seachtar teifeach Dé Máirt. Ach, thug cinneadh ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine ar cheann de na cásanna deis do dhlíodóirí achomharc a dhéanamh do na sé cinn eile ag an nóiméad deiridh. Déanfaidh an chúirt cinneadh ar dhlíthiúlacht bheartas...
2022-06-18
04 min
Nuacht Mhall
28 Bealtaine 2022 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine léite go mall. * Inniu an t-ochtó lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tháinig na mílte daoine amach ar shráideanna Bhéal Feirste Dé Sathrain seo cáite in agóid ar son cearta teanga ó thuaidh. Tugadh an t-ainm "An Lá Dearg" ar an lá stairiúil seo, nuair a shiúil 17,000 duine ó Chultúrlann McAdam ó Fiaich go dtí Halla na Cathrach i mBéal Feirste, gléasta in éadaí dearga chun reachtaíocht Ghaeilge a éileamh. Tá fearg ar na daoine...
2022-05-28
04 min
Nuacht Mhall
30 Aibreán 2022 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá Emmanuel Macron i ndiaidh an lámh in uachtar a fháil ar Marine Le Pen i dToghchán Uachtaránachta na Fraince. Níor bhain Uachtarán reatha na Fraince an dara téarma amach ó rinne Jacques Chirac é fiche bliain ó shin. Chuir ceannairí éagsúla ar fud na hEorpa fáilte roimh bhua Macron, atá go mór i bhfabhar an Aontais Eorpaigh, cé go bhfuair Le Pen, atá i bhfad amach ar a...
2022-04-30
04 min
Nuacht Mhall
9 Aibreán 2022 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Déardaoin, ceapadh an chéad bhean dhubh ina breitheamh de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe. Is é an chéad uair nach mbeidh fir gheala ina dtromlach sa Chúirt le 233 bliain anuas. Chaith an Bhreitheamh Jackson, atá 51 bliain d'aois, níos mó ná 20 uair ag freagairt fiosrúchán ó Sheanadóirí, dírithe ar a taifead pianbhreithe, a seanráitis, agus a dearcthaí polaitiúla. Amhail an triúr breithiúna a...
2022-04-09
06 min
Nuacht Mhall
19 Márta 2022 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Shroich an líon dídeanaithe atá ag teitheadh as an Úcráin ó thús an chogaidh leis an Rúis 3 mhilliún an tseachtain seo, de réir fícirí ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce. Dúirt UNICEF gur páistí iad leath acu. Ghlac Rialtas na hÉireann 6,600 isteach sa tír, agus chuir 20,000 daoine Éireannacha fáilte roimh dhaoine atá ag teitheadh ón chogadh iste...
2022-03-19
03 min
Nuacht Mhall
Cothrom an Lae - 17 Márta (Baile Átha Cliath)
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an 17ú lá de mhí an Mhárta – Lá Fhéile Pádraig. Is mise Liam Ó Brádaigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1601, tharla an chéad pharáid a bhfuil tuairisc againn uirthi in onóir na Féile Pádraig san áit ar a dtugtar “Naomh Agaistín” anois in Florida. Léirítear sna tuarascálacha gur shocraigh biocáire Éireannach, Ricardo Artur, an mórshiúl san iarchoilíneacht de chuid na Spáinne. Breis agus céad bliain ina dhiaidh sin, d’eagraigh saighdi...
2022-03-17
02 min
Nuacht Mhall
Cothrom an Lae - 16 Márta (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an séú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Cothrom an lae seo sa bhliain 1872, imríodh an chéad chluiche ceannais sa Chorn FA i Sasana. Bunaíodh an FA féin siar in 1863 ach cuireadh tús leis an chéad Chorn FA i mí na Samhna 1871 agus tharla an cluiche ceannais ar 16 Márta 1872. Ba iad Wanderers FC ó Leytonstone in oirthear Londan a fuair an ceann is fearr ar a n-iomaitheoirí na Royal Engineers. Scóráil Morton Be...
2022-03-16
02 min
Nuacht Mhall
Cothrom an Lae - 15 Márta (Gaillimh)
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Ella Hassett. Cothrom an lae seo sa bhliain 1852, rugadh Lady Augusta Gregory i gCreig an Róistigh, Co. na Gaillimhe, duine cáiliúil le linn Athbheochan Liteartha na hÉireann. Bhí sí ina scríbhneoir, drámadóir, aistritheoir agus béaloideasaí agus cé go raibh sí mar chuid den uasaicme Angla-Éireannach, d'aithin sí tábhacht na teanga agus an chultúir agus sa deireadh, thug sí tacaíocht don chúis náisi...
2022-03-15
02 min
Nuacht Mhall
Cothrom an Lae - 14 Márta (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an ceathrú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1879 rugadh an fisiceoir Albert Einstein. Tá cáil ar Einstein as forbairt a dhéanamh ar Theoiric na Coibhneasachta. Chomh maith leis sin rinne sé obair thábhachtach ar theoiric na meicnice candamaí. Le chéile tá an dá réimse sin ina ndá philéar den fhisic nua-aimseartha. Tugtar ‘an cothromóid is cáiliúla ar domhan’ ar fhoirmle Einstein E = mc 2, a b...
2022-03-14
02 min
Nuacht Mhall
Cothrom an Lae - 13 Márta (An Dún)
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an tríú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1781, thángthas ar an phláinéad Úránas, an chéad phláinéad a thángthas air ón chianaois. Agus é ag tabhairt faoi shuirbhéireacht ar na réaltaí, thug an réalteolaí Sasanach, William Herschel, faoi deara go raibh rud ag bogadh os comhair na réaltaí. Ar dtús, shíl sé gur cóiméad a bhí ann. Ach níos moille, agu...
2022-03-13
01 min
Nuacht Mhall
Cothrom an Lae - 12 Márta (Maigh Eo)
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an dara lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Cothrom an lae seo sa bhliain 1689, tháinig James Stuart i dtír in Éirinn i gCionn tSáile. Ag an am bhí sé ina iar-rí ar Alban, ar Shasana agus ar Éirinn, agus dár leis, ar an bhFrainc chomh maith. Bhí sé ag iarraidh an choróin a bhaint ar ais ó William Oráiste, le taca mhuintir Chaitliceach na hÉireann. Gheall sé saoirse reiligiúin dóibh, agus aisíoc talún a gabha...
2022-03-12
04 min
Nuacht Mhall
Cothrom an Lae - 11 Márta (Luimneach)
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Cothrom an lae seo sa bhliain ocht déag ocht déag, foilsíodh an leabhar Frankenstein. Is úrscéal gotach agus ficsean eolaíochta é Frankenstein. Ba í an t-údar Mary Shelley, iníon an fheiminigh Mary Wollstonecraft a scríobh é, nuair nach raibh sí ach naoi mbliana déag d'aois. Insíonn sé scéal eolaí a chruthaíonn créatúr mothaitheach i dturgnamh eolaíochta. Nuair a dhiúltaíonn an t-eola...
2022-03-11
01 min
Nuacht Mhall
Cothrom an Lae - 10 Márta (Dún na nGall)
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Cothrom an lae seo sa bhliain 1876, rinne Alexander Graham Bell an chéad scairt teileafóin ar domhan, nuair a d’éirigh leis ceangal intuigthe a bhunú lena chúntóir a bhí i seomra teorantach. Ghair sé ar a chúntóir saotharlainne, Thomas Watson, leis na focail, “A Watson–tar anseo–ba mhaith liom tú a fheiceáil,” de réir nótaí saotharlainne a scríobh Bell. Mac d’eolaí agus de phi...
2022-03-10
02 min
Nuacht Mhall
Cothrom an Lae - 9 Márta (Baile Átha Cliath)
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an naoú lá de mhí an Mhárta. Is mise Liam Ó Brádaigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1959, tharraing seoladh an chéad bhábóg Barbie go leor poiblíochta ag Aonach Bréagán Idirnáisiúnta Mheiriceá Thuaidh i Nua Eabhrach. Chruthaigh an bhean ghnó, Ruth Handler, an bhábóg íocónach don chomhlacht bréagán, Mattel, agus margaíodh Barbie do chailíní óga mar mhainicín faisin sna déaga. De réir an lucht cáinte, cuireann dearad...
2022-03-09
02 min
Nuacht Mhall
Cothrom an Lae - 8 Márta (Ciarraí)
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Cothrom an lae seo sa bhliain 1910, ba í Raymonde de Laroche an chéad bhean a fuair ceadúnas píolóta. Rugadh i bPáras na Fraince í sa bhliain 1882. Bean spórtúil ab ea í agus thaithin gluaisrothair agus cartacha go mór lei. Bhí cáil uirthi leis mar aisteoir roimhe. Spreagadh í san eitlíocht nuair a chur sí aithne ar eitleoirí eile. Chuaigh turas na ndeartháireacha Wright sa...
2022-03-08
04 min
Nuacht Mhall
Cothrom an Lae - 7 Márta (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an seachtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Cothrom an lae seo sa bhliain 1917, eisíodh an chéad cheirnín ar a tugadh “snagcheol”, nó “jazz” sa Bhéarla. Ba é an Dixieland Original Jass Band a chum agus a sheinn “Dixieland Jass Band One-Step”. Ceaptar gur in New Orleans a cruthaíodh an seánra ceoil seo, nuair a bhíodh Afra-Mheiriceánaigh ag ceol agus ag damhsa i gCearnóg an Chongó sa chathair. Cuireadh gnéithe de chultúr na hAfraice, g...
2022-03-07
02 min
Nuacht Mhall
Cothrom an Lae - 6 Márta (Gaillimh)
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an séú lá de mhí an Mhárta. Is mise Ella Hassett. Cothrom an lae seo sa bhliain 1972, rugadh Shaquille Rashaun O'Neal, nó 'Shaq', iar-imreoir cispheile Meiriceánach gairmiúil agus duine de na himreoirí cispheile is fearr agus is cáiliúla ar domhain. Chaith sé naoi mbliana déag ag imirt cispheile sna Stáit Aontaithe, ar fhoirne ar nós na Los Angeles Lakers, agus bhuaigh sé Ceannchluiche an Chumainn Náisiúnta Cispheile ceithre uaire i rith a ghairme. Tá sé 7 dt...
2022-03-06
02 min
Nuacht Mhall
5 Márta 2022 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tá ionradh na Rúise ar an Úcráin ar siúl, go mall agus go tubaisteach, in aghaidh frithbheartaíocht dhian mhuintir na hÚcráine. Thosaigh Uachtarán na Rúise Vladimir Putin an t-ionradh orthu chun, mar a dúirt sé, dínaitsíú a dhéanamh ar an Úcráin, cé nach bhfuair páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis acht 1.6% den vóta i dtoghchán na huacht...
2022-03-05
05 min
Nuacht Mhall
Cothrom an Lae - 5 Márta (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an cúigiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1960 tógadh ‘an griangraf is cáiliúla ar domhan’. Thóg Alberto Korda an grianghraf Guerillero Heroico, portráid de réabhlóidí Marxach Che Guevara in Havana, Cúba, ag cuimhneachán ar son íospartaigh phléasc La Coubre. Bhí Che Guevara tríocha a haon bliain d’aois nuair a tógadh an grianghraf agus cuireadh é chun bás seacht mbliana ina dhiaidh, in 1967. D...
2022-03-05
02 min
Nuacht Mhall
Cothrom an Lae - 4 Márta (An Dún)
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an ceathrú lá de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1678, tháinig ceoltoir agus cumadóir Antonio Vivaldi ar an saol i Venice, san Iodáil. Tríd a shaol, chum Vivaldi go leor píosaí tábhachtacha agus aitheanta de cheol barócach, agus is fearr aithne air mar chumadóir an choinséartó “Na Ceithre Shéasúr”. I ndiaidh dó bualadh leis an Impire Naofa Rómhánach Séarlas VI, bog Vivaldi go Ví...
2022-03-04
01 min
Nuacht Mhall
Cothrom an Lae - 3 Márta (Maigh Eo)
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an tríú lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Cothrom an lae seo sa bhliain 1861, cuireadh saoradh sheirfigh na Rúise i bhfeidhm trí fhorógra an tSáir Alastar a Dó. Fuair thart ar 23 milliún duine, 38% de dhaonra na Rúise ag an am, a gcuid saoirse. Roimhe sin, díoladh agus ceannaíodh na seirfigh thalún leis an talamh a bhaineadar leis, gan ceart pósta gan cead a dtiarna talún, gan ceart taistil, gan ceart a réadmhaoin nó comhl...
2022-03-03
03 min
Nuacht Mhall
Cothrom an Lae - 2 Márta (Luimneach)
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an dara lá de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Cothrom an lae seo sa bhliain ocht déag, tríocha a sé, d’fhógair Texas a neamhspleáchas ó Mheicsiceo go foirmiúil, tar éis cogadh a mhair timpeall sé mhí. Ansin cruthaíodh Poblacht Texas. Deirtear gur tharla an cogadh de bharr roinnt cúinsí, difríochtaí idir muintir Mheicsiceo agus muintir Texas ó thaobh cultúir de san áireamh, chomh maith le dearcaí i leith na sclábhaíochta agus an rialtais. Bhí Poblacht...
2022-03-02
01 min
Nuacht Mhall
Cothrom an Lae - 1 Márta (Dún na nGall)
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Cothrom an lae seo sa bhliain 1896, tháinig an fisiceoir Henri Becquerel ar fhionnachtain cheannródaíoch de thimpiste, agus é i measc tástáil ag lorg fianaise ar son a theoiric mhícheart go n-ionsúnn salainn úráiniam atá tineghealánach solas na gréine agus go n-astaítear é mar x-gha. An rud a bhfaca sé ná gur astaigh an t-úráiniam radaíocht gan spreagadh ar bith ón ghrian...
2022-03-01
02 min
Nuacht Mhall
19 Feabhra 2022 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Ella Hassett. Vótáil comhairleoirí Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun lána rothaíochta sealadach a chur ar ceal nuair a léirigh lucht gnó, áitritheoirí agus seirbhísí éigeandála na cathrach a n-imní faoi. I mí Mheán Fómhair 2021, mhol an comhairleoir Colette Connolly lána deighilte débhealaigh ar bhonn sealadach a chur ar thaobh an chósta de phromanáid Bhóthar na Trá i nGaillimh. Tháinig an vóta sin...
2022-02-19
05 min
Nuacht Mhall
12 Feabhra 2022 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Siadhail. Deirtear go bhfuil Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Joe Biden, chun ordú forghníomhaithe a shíniú a scaoilfidh seacht mbilliún dollar de chúlchiste Afganastánach. D’fhág rialtas daonlathach deireanach na hAfganastáine an t-airgead i mbanc an Chúlchiste Fheidearálaigh i Nua-Eabhrac agus tá sé calctha ó shin i leith mar ní raibh sé soiléir cé leis an t-airgead. Anois, ceaptar go roinnfear an t-airgead idir ío...
2022-02-12
04 min
Nuacht Mhall
29 Eanáir 2022 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 29 de Mhí Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Eisíodh fógra sábháilteachta muirí ag Roinn Iompair na hÉireann do lucht farraige ar fud na tíre, chun daoine a chur ar an eolas faoi dhruileanna míleata na Rúise ar an chósta thiar theas. Tuigtear go scaoilfidh cabhlach na Rúise airtléire mara agus roicéid le linn na gcleachtaí, a bheidh ag tarlú 240 ciliméadar ó chósta na hÉireann ar feadh cúig lá ón 3 Feab...
2022-01-29
05 min
Nuacht Mhall
8 Eanáir 2022 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtó lá de mhí Eanáir. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Ar Lá na Bliana Úire, i ndiaidh feachtas fada, tugadh lánstádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Ba mheán oíche ar an 31ú Nollaig an uair a chríochnaigh maolú a bhí ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Cuireann an t-athrú seo an teanga ar comhchéim le teangacha bhunaitheoirí an Aontais, agus ghlac Gaeilgeoirí na hÉireann an t-éacht seo mar éacht suntasach. Síltea...
2022-01-08
03 min
Nuacht Mhall
1 Eanáir 2022 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu Lá Caille. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Bhris nuacht de bhás an Ardeaspaig Desmond Tutu, gníomhaí frith-Apartheid, ar an 29ú lá de mhí na Nollag. Fuair sé bás ag aois nócha, tar éis beagnach fiche cúig bliain ag troid in éadan ailse phróstataigh. Oirníodh Tutu ag aois tríocha agus ceapadh ina Ardeaspag é i 1986. D’úsáid sé a phost chun tacú idirnáisiúnta a threisiú ar son na gluaiseachta Frith-Apartheid san Aifric Theas. Anuas air sin, t...
2022-01-01
03 min
Nuacht Mhall
18 Nollaig 2021 (Ciarraí)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta naseachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Ritheadh an Bille Teanga i dTithe an Oireachtais Dé Céadaoin. Mar gheall ar an mBille, beidh ar 20 faoin gcéad d'earcaigh nua sa Státseirbhís a bheith ábalta an Ghaeilge a labhairt faoin mbliain 2030. Beidh ar an Stát ainmeacha Gaeilge a chlarú agus a litriú i gceart leis an síneadh fada agus caithfidh an Státseirbhís seirbhisí i nGaeilge a chur ar fáil do Mhuintir na Gaei...
2021-12-18
04 min
Nuacht Mhall
27 Samhain 2021 (Baile Átha Cliath)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an 27ú de mhí na Samhna. Is mise Liam Ó Brádaigh. Bhuaigh Tadhg Mac Dhonnagáin, scríbhneoir as Maigh Eo atá ina chónaí ar an Spidéal, an gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag na ‘An Post Irish Book Awards’ ar son a leabhair, Madame Lazare. Roghnaíodh leabhar Mhic Dhonnagáin don ghradam as gearrliosta de chúig theideal. Baineann plota an úrscéil le bean óg a dhéanann iarracht tuiscint a fháil ar rúndiamhair shaol a seanmháthar, a theith ón...
2021-11-27
04 min
Nuacht Mhall
20 Samhain 2021 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí na Samhna. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. D’fhógair ceannaire Bhiúró Cibearchoireachta an Gharda Síochána go bhfuil roinnt oibríochtaí beartaithe acu sna míonna amach romhainn, atá ceangailte leis an fhiosrúchán maidir leis an ionsaí bogearraí éirice in aghaidh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i mbliana. Bailíodh fianaise ó naoi ndlínse timpeall an domhain, agus gardaí agus a gcomhpháirtithe ag déanamh ionsaithe mhóra chun chur isteach ar na haiceálai...
2021-11-20
04 min
Nuacht Mhall
13 Samhain 2021 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá an t-iarpholaiteoir agus iarghníomhaí cearta sibhialta sa Tuaisceart Austin Currie ar shlí na fírinne agus é ochtó a dó bliain d'aois. Rugadh Currie i dTír Eoghain agus chuir sé tús lena shaol gníomhaíoch i 1968 nuair a throid sé in aghaidh an tseicteachais sa mhargadh tithíochta. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, bhunaigh sé an SDLP in éindí le cúpla polaiteoir eile, John Hume ina measc. Bhí sé...
2021-11-13
05 min
Nuacht Mhall
6 Samhain 2021 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí na Samhna. Is mise Ella Hassett. Thosaigh an Chomhdháil um Athrú Aeráide nó COP26, atá ar siúl i nGlaschú in Albain, an tseachtain seo. Is tionól é COP26 ina dtagann tíortha, ceannairí cultúrtha, gníomhaithe agus grúpaí eile le chéile chun na Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach agus beart a dhéanamh chun athrú aeráide a stopadh. Thug an Taoiseach Micheál Martin a aitheasc i nGlaschú tráthnóna Dé Máirt agus bh...
2021-11-06
05 min
Nuacht Mhall
30 Deireadh Fómhair 2021 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tháinig scaifte eagsúil de roinnt páirtithe polaitíochta le chéile Dé Máirt ar son cearta teanga i dTuaisceart Éireann. Gealladh Acht Teanga sa Tuaisceart i mí an Mheithimh, i ndiaidh ceithre bliana déag de mhoilleadóireacht. Duirt Brandon Lewis (státrúnaí an Tuaiscirt) go gcomhlíonfadh siad an reachtaíocht Ghaeilge a bhí geallta i gclár Stormont "New Decade New Approach" roimh...
2021-10-30
03 min
Nuacht Mhall
9 Deireadh Fómhair 2021 (Ciarraí)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Ag Coiste Oireachtais na Gaeilge, dúirt Ardstiúrthóir RTÉ Dee Forbes nár comhlíonadh dualgais reachtúla an chraoltóra náisiúnta le haghaidh freastal ar phobal na Gaeilge. Léirigh an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ceithre bliana ó shin nach raibh ach 0.7% de chláracha á gcraoladh ag RTÉ as Gaeilge. Ach dúirt an tArdstiúrthóir gur craoladh 700 uair a chloig anuraidh, timpeall 3...
2021-10-09
04 min
Nuacht Mhall
2 Deireadh Fómhair 2021 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail. Táthar ag súil go dtiocfadh le druga trialach nua ráta cur in ospidéal nó fiú ráta báis mar gheall ar Covid-19 a laghdú faoina leath. Tugadh an táibléad d'othair a raibh an víreas orthu dhá uair sa lá agus bhí na torthaí chomh dearfach gur stop siad an triail go luath. Anois tá an comhlacht cogaisíochta ag iarraidh cead an druga a úsáid i gcás é...
2021-10-02
04 min
Nuacht Mhall
18 Meán Fómhair 2021 (Baile Átha Cliath)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an 18ú de mhí Mheán Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh. Rinne gníomhaithe den ghrúpa comhshaoil ‘Insulate Britain’ agóidí ar feadh an M25 i Londain ar an gCéadaoin, ag cruthú moilleanna tráchta i rith an lae. Gabhadh breis agus seachtó agóideoir as ucht an mótarbhealach gnóthach a bhlocáil. Tá an grúpa ag éileamh go ngeallfaidh an rialtas tithíocht shóisialta a insliú roimh 2025 agus deir siad go leanfaidh siad ar aghaidh leis an ngníomh dírea...
2021-09-18
04 min
Nuacht Mhall
21 Lúnasa 2021 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail. Beagnach fiche bliain tar éis do na Stáit Aontaithe agus a gComhghuaillithe ionradh a dhéanamh ar an Afganastáin, tá an Talaban i réim an athuair. Thit Cabúl gan frithbheartaíocht an deireadh seachtaine seo caite, agus tá eagla go dtabharfaidh an réimeas nua isteach córas dian a chuireann cosc ar shaoirse mhná na tíre. Chomh maith leis sin, tá os cionn 300,000 duine a...
2021-08-21
05 min
Nuacht Mhall
14 Lúnasa 2021 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 14 Lúnasa. Is mise Ella Hassett. Tá bonn óir Oilimpeach buaite ag Kellie Harrington na hÉireann i gcró na dornálaíochta sna cluichí Oilimpeacha. Fuair Harrington an ceann is fearr ar Beatriz Ferreira as an mBrasaíl sa gcomhrac ceannais 60kg i dTóiceó Dé Domhnaigh. Tá Harrington ar an tríú dornálaí as Éirinn a chroch bonn óir abhaile ó na Cluichí Oilimpeacha, chomh maith le Katie Taylor i 2012 agus Michael Carruth i 1992. Is as Baile Átha Cliath í Harrington agus oibríonn s...
2021-08-14
04 min
Nuacht Mhall
31 Iúil 2021 (Luimneach)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí Iúil. Is mise Sibéal Dempsey. Thosaigh na Cluichí Oilimpeacha Dé hAoine seo caite leis an searmanas oscailte i dTóiceo. Tá roinnt comórtais nua curtha leis na Cluichí i mbliana; karate, clárscátáil agus surfáil san áireamh. Bhí tús neamhghnách ag na Cluichí mar briseadh stiúrthóir an tsearmanais oscailte as a phost de bharr mí-iompair. Fuarthas píosaí scannáin ina raibh sé ag magadh faoin Uileloscadh...
2021-07-31
04 min
Nuacht Mhall
17 Iúil 2021 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 17ú lá déag de mhí Iúil, 2021. Is mise Ella Hassett. Tar éis ceithre bliana agus beagnach céad is ochtó eagrán, críochnóidh an podchraoladh cáiliúil Motherfoclóir ag deireadh an tsamhraidh seo. Fógraíodh an nuacht ar Twitter oíche Dé Luain an tseachtain seo. Dúirt bunaitheoir an phodchraolta Darach Ó Séaghdha go bhfuil an grúpa fós ina gcairde ach go mbeadh siad ag obair ar thionscnaimh nua as seo amach. Go bunúsach, is é t...
2021-07-17
04 min
Nuacht Mhall
3 Iúil 2021 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá de mhí Iúil. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá tonn teasa ag dul ar aghaidh i dTuaisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i gCeanada. Faoi Dhéardaoin, fuair 486 duine bás anabaí i gCeanada, mar gheall ar teas thar meán. Bhain an teocht 49.2 céim Celsius amach, teocht níos airde ná mar a bhí riamh ann, i gcúige British Colombia. I dTuaisceart na Stát Aontaithe, d’ardaigh an teocht go 46.1 céim in Portland agus 42.2 in Se...
2021-07-03
04 min
Nuacht Mhall
12 Meitheamh 2021 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tá ceannairí polaitiúla thíortha daonlathacha saibhre an domhain, an G7, ag teacht le chéile an tseachtain seo le haghaidh cruinniú mullaigh eatarthu. Tá siad ag plé ceisteanna móra geopholaitiúla, go háirithe an phaindéim. Tá Joe Biden ar a chéad turas taobh amuigh dá thír mar Uachtarán, agus tá cúig chéad milliún dáileog Pfizer geallta aige do na tíortha atá i m...
2021-06-12
05 min
Nuacht Mhall
22 Bealtaine 2021 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Ghlac Comh-Aireacht Slándála Iosrael le sos comhraic chun deireadh a chur le coimhlint idir Iosrael agus míleataigh as Gaza. Dhaingnigh grúpaí armtha na Pailistíne an sos comhraic. Dúradh go dtiocfaidh sé i bhfeidhm ón Aoine ag 2 a.m. Mhair an choimhlint aon lá déag go dtí seo, le 232 duine maraithe in Gaza agus dhá duine déag maraithe in Iosrael. Dé réir cheannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, fuair sí gealltanais ó cheannaire nuathofa an DUP, Edwin Poots, go bhf...
2021-05-22
04 min
Nuacht Mhall
8 Bealtaine 2021 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Ella Hassett. Tá an tOllamh Regina Uí Chollatáin ceaptha ina Cathaoirleach ar Bhord Fhoras na Gaeilge. Faoi láthair, tá sí ag obair mar Chathaoir agus Ollamh na Nua-Ghaeilge agus Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Chomh maith leis sin, is iarbhall de Bhord Stiúrtha TG4 í. Is as Leitir Ceanainn i nDún na nGall í ó dhúchas agus tá suim aici in a...
2021-05-08
04 min
Nuacht Mhall
10 Aibreán 2021 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Aibreáin. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Foilsíodh ‘treochlár’ an Chumainn Lúthchleas Gael Déardaoin a bhaineann le gníomhaíocht na heagraíochta i mbliana faoi shrianta Covid-19. Léiríonn an treochlár plean le haghaidh filleadh na gcomórtas idirchontae, ag tosú ar an ochtú lá de mhí na Bealtaine leis an chéad bhabhta den tSraith Náisiúnta Iomána. Cuirfear tús leis an tSraith Náisiúnta Peile an tseach...
2021-04-10
05 min
Nuacht Mhall
27 Márta 2021 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. D’fhógraigh an Coimisiún Eorpach go n-éireofar na rialacha a bhaineann le heaspórtáil vacsaíní Covid-19 ón Aontas Eorpach níos daingne agus na ballstáit ag iarraidh a bheith cinnte go bhfuil a ndótháin soláthairtí acu. Dé Céadaoin, afách, foilsíodh ráiteas oifigiúil i gcomhpháirtíocht ag an Choimisiún Eorpach agus an Rialtas Briotanach, a deir...
2021-03-27
05 min
Nuacht Mhall
20 Márta 2021 (Baile Átha Cliath)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an fichiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Liam Ó Brádaigh Tá rialtas na Ríochta Aontaithe ag iarraidh bille nua conspóideach a chur i bhfeidhm a chuirfeadh srian ar cheart saoránach agóid a dhéanamh. Clúdaíonn an Bille Póilíní, Coireachta, Pianbhreithe, agus Cúirteanna 2021 réimse leathan saincheisteanna a bhaineann le hathchóiriú ceartais agus póilíneachta. Ceann de na bearta a mholtar ná nár cheart d’agóidí a bheith ina núis phoiblí. D’arda...
2021-03-20
04 min
Nuacht Mhall
13 Márta 2021 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Tá an pictiúrleabhar Gaeilge MÍP ainmnithe ar ghearrliosta ‘KPMG Children’s Books Ireland Awards 2021’, na mórghradaim náisiúnta litríochta do leabhair do pháistí. Is í Máire Zepf a scríobh MÍP agus is é Paddy Donnelly a mhaisigh an leabhar. Tá MÍP foilsithe ag Futa Fata. Bhuaigh Máire an gradam anuraidh dá húrscéal d'aosaigh óga Nóinín. Is róbat cliste í MÍP agus í ag dul ar eachtra go Mars. Tá an leabhar MÍP ar cheann d’ocht leabhar a roghnaíodh...
2021-03-13
04 min
Nuacht Mhall
27 Feabhra 2021 (Ciarraí)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Thug an Chuirt Eaglasta i gCanterbury cead do chlann Margaret Keane ráiteas Gaelainn a chur ar a leac cuimhneacháin i gCoventry, Sasana. Fuair Margaret Keane bás dhá bhliain ó shin. Ní raibh cead ag a clann ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar a leac mar cheap an breitheamh Stephen Eyre QC go raibh an ráiteas ‘inár gcroíthe go deo’ polaitúil gan aist...
2021-02-27
05 min
Nuacht Mhall
20 Feabhra 2021 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí Feabhra. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Beidh rogha ag daltaí na hardteiste i mbliana idir grád measta nó scrúdú traidisiúnta a dhéanamh le haghaidh gach ábhair. Is féidir leis na daltaí grád measta a roghnú, na scrúduithe a dhéanamh le haghaidh gach ábhair nó meascán idir na hábhair a roghnú. Gheobhaidh gach dálta a ngráid i ngrúpa amháin ag an am céanna le foilsiú thorthaí...
2021-02-20
04 min
Nuacht Mhall
12 Feabhra 2021 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Feabhra. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tar éis imeacht tobann téamh strataisféarach, tá cuid mhaith de thuaisceart an domhain faoi bhrat sneachta. Thit an teocht go lúide fiche trí in Albain, an teocht is ísle ó 1995; agus i Londain, bhí deis ag go leor naíonán an chéad fhear sneachta dá saol a dhéanamh. Agus sa Rúis, tá Moscó ag fáil réidh le síobadh mór sneachta, le baol ann go m...
2021-02-13
04 min
Nuacht Mhall
30 Eanáir 2021 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 30 Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. D’fhéadfadh sé go bhfuil suas le 1,000 páiste i gcruachás le gréasán coiriúil, de réir stáidéar a d’fhoilsigh Ollscoil Luimnigh, a bhí faoi bhun acu ar feadh cúig bliana. Léiríonn an taighde an tslí ina mheallann agus a bheireann na gréasáin choiriúla ar pháistí atá chomh óg le hocht mbliana d’aois insteach i ndronga ar fud na tíre. Deir taighdeoirí g...
2021-01-30
04 min
Nuacht Mhall
16 Eanáir 2021 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Ella Hassett. Tá peileadóir óg ó Chorca Dhuibhne ar a shlí chun na hAstráile inniu, le dul ag imirt peil na hAstráile ar feadh dhá bhliain ar a laghad. Is as an Liotuáin é Deividas Uosis ó dhúchais, ach d’aistrigh a chlann go hÉirinn nuair a bhí sé ceithre bliana d’aois. Tá cáil bainte amach ag Deividas mar bháireoir le Cumann Peile an Daingin, agus is Gaeilgoir é cho...
2021-01-16
04 min
Nuacht Mhall
9 Eanáir 2021 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá géarchéim an chorónvíris dulta in olcas arís in Éirinn agus sa Bhreatain agus na huimhreacha is airde feicthe ó bhí tús na paindéime ann, in ainneoin srianta nua curtha i bhfeidhm sa dá thír. Tá eagla ar na húdaráis nach mbeidh leapacha ospidéil ar fáil roimh i bhfad, agus d’fhógair Méara Londan, Sadiq Khan, go bhfuil príomhchathair...
2021-01-09
03 min
Nuacht Mhall
26 Nollaig 2020 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu Lá Fhéile Stiofáin. Is mise Oisín Mac Conamhna. Breis agus ceithre bliana tar éis reifreann an Bhreatimeachta, agus na blianta ag idirbheartú, tá comhaontú trádála bainte amach ag an Aontas Eorpach leis an Ríocht Aontaithe. D’fhoilsíodh an téacs inniu ar maidin. Tá an tAontas Eorpach sásta go bhfuil cosaint oiriúnach ann don Chomhmhargadh, agus tá rialtas na Riochta Aontaithe á mholadh, a deireann siad mar gheall ar an bhflaithiúnas a thugann sé dóibh thar a ndlí...
2020-12-26
05 min
Nuacht Mhall
28 Samhain 2020 (Baile Átha Cliath)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Liam Ó Brádaigh. Beidh scannán Gaeilge ag dul chun cinn mar iarrthóir don scannán idirnáisiúnta is fearr ag gradaim na nOscar an bhliain seo chugainn. Roghnaíodh an scannán, ‘Arracht’, atá suite i gConamara i rith an Ghorta Mhóir ag Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann. Baineann an scéal le hiascaire (an t-aisteoir Dónall Ó hÉalaí) a aontaíonn foscadh a thabhairt do iar...
2020-11-28
05 min
Nuacht Mhall
7 Samhain 2020 (Ciarraí)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Sheol Conradh na Gaeilge polasaí nua le haghaidh pleanála sa Ghaeltacht. Moltar gurb é Udarás na Gaeltachta a bheadh ag stiúradh pleanála sa Ghaeltacht. Deir siad go bhfuil gá le polasaí náisiúnta chun go mbeadh sé níos éasca do mhuintir na Gaeltachta tithe a thógaint. Beidh tastálacha nua don víreas Covid 19 ar fáil go luath in Éirinn. Tabharfaidh na tastálacha torthaí taobh istigh de chúig nóiméad déag. Beidh siad ar fáil sa phoit...
2020-11-07
03 min
Nuacht Mhall
31 Deireadh Fómhair 2020 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu Oíche Shamhna. Is mise Oisín Mac Conamhna. Drochscéal ón gcosmos an tseachtain seo, mar tá sé faighte amach ag na réalteolaithe David Vokrouhlický agus a chomhoibrithe go bhfuil seans amháin i thart ar céad agus caoga míle go mbuailfidh an t-astaróideach Apophis anuas ar an domhan i 2068, rud a bheadh tubaisteach go h-iomlán dá dtárlódh sé. Tiocfaidh Apophis an-ghar don domhan i 2029 agus arís i 2036, agus cé nach bhfuil baol ar bith d’imbhualad...
2020-10-31
04 min
Nuacht Mhall
17 Deireadh Fómhair 2020 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 17ú (seachtú lá déag) de mhí Dheireadh Fómhar. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Dé Máirt, fógraíodh Buiséad 2021 in Éirinn, an buiséad is mó a chonaic an tír riamh. Tá €17.75 billiún le caitheamh ag an rialtas agus leath den iomlán ar chursaí a bhaineann le tacaíochtaí coróinvíris. Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe gurb é an t-am ceart le léibhéal mullaigh de thacaíocht an Bhuiséid. Tá €14 mhilliún sa bhreis (ardú...
2020-10-17
04 min
Nuacht Mhall
26 Meán Fómhair 2020 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá srianta nua i gcoinne Covid-19 i ndiaidh teacht isteach in Éirinn agus sa Bhreatain, agus an líon cásanna ag ardú arís. Anois tá Dún na nGall ar Leibhéal 3 le Baile Átha Cliath, gan cead ag muintir na gceantar sin an contae a fhágáil nó bualadh le grúpa mór daoine. Sa Ríocht Aontaithe tá ar thithe tábhairne druidim uair an c...
2020-09-26
03 min
Nuacht Mhall
12 Meán Fómhair (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna. I Londain, d’fhoilsigh rialtas na Ríochta Aontaithe bille, atá siad chun cur ós cómhair na parlaiminte Westminster, a sháródh cuid thábhachtach de phrótacal Thuaisceart na hÉireann sa Chomhaontú Aisthairraingthe, a shínigh an Ríocht Aontaithe leis an Aontas Eorpach i mbliana; cé gur mhol siad an Comhaontú mar shár-mharg...
2020-09-12
07 min
Nuacht Mhall
5 Meán Fómhair 2020 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Ar an gCéadaoin, sheol Cumann Lúthchleas Gael sraith chuimhneacháin d’íospartaigh Dhomhnach na Fola 1920. Beidh comórtha céad bliain na tragóide, ina maraíodh ceithre dhuine dhéag ag cluiche peile i bPáirc an Chrócaigh, ar an gcéad lá is fiche de mhí na Samhna. Roimh an lá beidh réimse ábhar á foilsiú ag díriú ar an scéal agus saoil na n-í...
2020-09-05
03 min
Nuacht Mhall
8 Lúnasa 2020 (Ciarraí)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. Inniu an 8ú lá de mhí Lúnasa. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tá an gníomhaí Cearta Sibhialta agus iar-Cheannaire an SDLP John Hume tar éis bháis. Dúirt Uachtarán na hÉireann ba chóir go mbeadh muid buíoch do John Hume a thug dóchas do dhaoine in am an ghéibhinn. Bronnadh Duais Nobel na Síochána air sa bhliain 1998. Tá ardú ar cásanna den víreas corónach i Melbourne san Astráil. Mar...
2020-08-08
03 min
Nuacht Mhall
Réamhbhlaiseadh/Trailer
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. Beidh an chéad eagrán de Nuacht Mhall ar fáil Dé Sathairn bheag seo. Is sraith nua í atá dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge mar chleachtadh cluastuisceana. Cloisfidh tú meascán guthanna agus canúintí ag léamh phríomhscéalta na seachtaine go mall. Chomh maith leis sin, beidh an script iomlán ar fáil sa chur síos i d’aip phodchraolta. Cláraigh leis an fhotha ar d’aip phodchraolta anois. Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.
2020-07-28
01 min