podcast
details
.com
Print
Share
Look for any podcast host, guest or anyone
Search
Showing episodes and shows of
Gaeilge Anois!
Shows
Nuacht Mhall
19 Iúil 2025 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá déag de mhí Iúil. Is mise Oisín Mac Conamhna.Tuairiscíodh sa Wall Street Journal gur scríobh Donald Trump litir bhreithlae ghraosta leath-thagairteach chuig Jeffrey Epstein, an t-airgeadaí agus péidifileach a chuir lámh ina bhás féin in 2019. Tá an tuairisc séanta ag Trump. Tá an-tacaíocht ag teoiricí comhcheilge faoi choireanna Epstein i measc lucht QAnon agus MAGA, dílseoirí Trump de ghnáth, agus anois tá an chonspóid ag éiri ina fhadhb pholaitiú...
2025-07-19
06 min
Nuacht Mhall
5 Iúil 2025 (Luimneach)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá de mhí Iúil. Is mise Sibéal Dempsey.Bhí féile Glastonbury ar siúl an deireadh seachtaine seo caite agus bhí conspóid ann don BBC dá bharr. Cé gur shocraigh an BBC roimh ré gan leagan beo de sheó Kneecap, an grúparapcheoil Éireannach, a thaispeáint, bhí conspóid ann faoi ghrúpa eile, Bob Vylan. Chan amhránaí na beirte “bás don IDF” agus é ar an stáitse, agus cé gur cuireadh stiúrthóirginearálta...
2025-07-05
06 min
Nuacht Mhall
24 Bealtaine 2025 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá fichead de mhí na Bealtaine. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tá gorta faoi lán seoil in Gaza. Tá sé fógartha ag ceannaire gnóthaí daonnúla na Náisiún Aontaithe, Stephen Fletcher, go bhféadfadh 14,000 páiste bás a fháil mura gcuirtear bia ar fáil dóibh láithreach. In ainneoin cáineadh forleathan ón bpobal idirnáisiúnta, níor cheadaigh Iosrael ach naoi leoraí cúnaimh isteach i nGaza, cé go bhfuil níos mó ná 2.3 milliún du...
2025-05-24
04 min
Nuacht Mhall
19 Aibreán 2025 (Tír Eoghain)
Inniu an naoú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá sé ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin inniu go mbeidh sos cogaidh ann go dtí deireadh Dhomhnach na Cásca, agus go bhfuil sé ag súil go ndéanfaidh an Úcráin an rud céanna. Bhí muintir na hÚcráine amhrasach faoin fhógairt, áfach, ós rud é go bhfuil a lán sos cogaidh briste ag na Rúisigh ó bhí 2014 ann. Tá an scéal amuigh go bhfuil na Stáit Aontaithe sásta leithinis na Crimé a ligean don Rúis chun so...
2025-04-19
04 min
Nuacht Mhall
12 Aibreán 2025 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Bhí an stocmhargadh ina chíor thuathail an tseachtain seo tar éis fhógra Donald Trump go mbeadh taraifí á ngearradh ag na Stáit Aontaithe ar earraí ó thíortha ar fud na cruinne. Bhí eagla ag infheisteoirí go gcuirfeadh na taraifí tús le cogadh trádála agus, dá bharr san, le cúlú eacnamaíochta chomh maith. Bhí an chuma orthu go raibh an ceart acu Dé Céadaoin nuair a chuir...
2025-04-12
07 min
Nuacht Mhall
5 Aibreán 2025 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. De réir fianaise nua a tháinig chun solais le linn na seachtaine, is dócha gur mharaigh fórsaí Iosraelacha 15 oibrí leighis agus oibrí daonnúil le piléair a bhí scaoilte i neasraon, seachas ó raon fada. Chuaigh na hoibrithe cabhracha ar iarraidh ar 23 Márta agus iad i mbun misean tarrthála i gceantar Tal as-Sultan in Rafah, nuair a rinne na fórsaí Iosraelacha ionsaí orthu...
2025-04-05
06 min
Nuacht Mhall
29 Márta 2025 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tá staid éígeandála i bhfeidhm i Maenmar tar éís crith talún a tharla Dé hAoine. Ceaptar go bhfuil na céadta daoine básaithe ach níl uimhir chruinn ar fáíl is a leanann oibríocht tarrtháile. Tharla dhá chrith tar éis a chéile agus tá eagla ar dhaoine go mbeadh iarchreathanna le teacht. Bhí eipealár an chreatha talún i ngar do na cathra...
2025-03-29
06 min
Nuacht Mhall
15 Márta 2025 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, ag a chruinniú leis an Taoiseach, Micheál Martin, sa Teach Bán tráthnóna Dé Máirt go bhfuil “grá mór” ag muintir na hÉireann dó. Dúirt sé freisin, áfach, go bhfuil “ár gcomhlachtaí pharma ag Éirinn”. Ba mhaith leis an Uachtarán iad a thabhairt ar ais chuig na Stáit Aontaithe, cé gur mhol sé na hÉireann...
2025-03-15
04 min
Nuacht Mhall
11 Eanáir 2025 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí Eanáir. is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Dhiúltaigh an tAire Oideachais ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann Paul Givan iarratas ón scoil is mó sna Sé Chontae le bheith ina scoil imeasctha. Thacaigh tromlach soiléir thuismitheoirí na ndaltaí leis an athrú in Acadamh Bheannchair, a bhfuil timpeall 1,850 dalta ann. Ach tá cinneadh déanta anois ag Paul Givan nár cheart dul ar aghaidh leis na pleananna. Diúltíodh togra ó scoil eile i mBeannchar fosta, Bunscoil an Rátha Mhóir...
2025-01-11
05 min
Nuacht Mhall
4 Eanáir 2025 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí Eanáir. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tá an FBI ag fiosrú mar eachtra sceimhlitheoireachta ionsaí a tharla i gcathair New Orleans, nuair a thiomáin fear trucail isteach trí shlua a bhí ag ceiliúradh na hAthbhliana ar shráideanna na cathrach, agus ansin thosaigh sé ag scaoileadh urchar leo. Maraíodh ar a laghad cúig dhuine dhéag, agus gortaíodh breis is tríocha a cúig duine eile. Ag a ceathrú tar éis a trí ar maidin a thar...
2025-01-04
05 min
Nuacht Mhall
28 Nollaig 2024 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail. Cailleadh tríocha a hocht duine Lá Nollag nuair a thuirling eitleán ón Asarbaiseáin de thuairt sa Chasacstáin. Bhí beagnach seachtó duine ar bord an eitleáin, a d’fhág Baku, príomhchathair na hAsarbaiseáine, go luath maidin Dé Céadaoin. Bhí an t-eitleán ag iarraidh tuirlingt in Grozny sa tSeisnia nuair a mhothaigh na paisinéirí trí phléasc agus cuireadh an t-eitleán ar...
2024-12-28
06 min
Nuacht Mhall
7 Nollaig 2024 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 7ú lá de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá torthaí olltoghchán na hÉireann go léir istigh anois agus is cosúil go mbeidh Fianna Fáil agus Fine Gael thar n-ais sa rialtas san athbhliain. Bhí toghchán rathúil ag Fianna Fáil go háirithe; tá 48 suíochán acu anois, méadú suntasach ón olltoghchán in 2020. Bhuaigh Fine Gael 38 suíochán agus mar sin tá 86 suíochán idir an dá pháirtí. Toisc go bhfuil 88 suí...
2024-12-07
07 min
Nuacht Mhall
30 Samhain 2024 (Ard Mhacha)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí na Samhna. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tá muintir na hÉireann fós ag fanacht ar thorthaí an olltoghcháin a reáchtáladh Dé hAoine, inné. De réir na bpobalbhreitheanna, bhí an rás gob ar ghob idir na príomhpháirtithe polaitiúla, Sinn Féin, Fianna Fáil, agus Fine Gael. Tá súil ghéar ag an phobal agus ag lucht anailíse ar an chéad chomhaireamh, a chuirfear ar fáil i r...
2024-11-30
06 min
Gaeilge Anois
Is réalta thú (le hAisling Ní Dhonnabháin)
San eagrán seo beidh mé ag caint le hAisling ní Dhonnabháin. Is láithreoir í le Raidió Rí-Rá ach níos mó ná sin is í ceann dos na cairde is fearr atá agam, crann taca dom i gcónaí agus níos mó ná sin is í Réalta Óg na Bliana 2024 dar le Oireachtas na Samhna!!! Beimid ag plé ár n-áit sna meáin Ghaeilge, ceisteanna móra an saol, tábhacht na tacaíochta agus i bhfad níos mó. Ná chaill é!
2024-11-21
55 min
Nuacht Mhall
2 Samhain 2024 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Cailleadh níos mó ná dhá chéad duine sa Spáinn an tseachtain seo nuair a bhuail tuilte lár, oirthear agus deisceart na tíre, go háirithe sa réigiún València. Tharla na tuilte i ndiaidh fearthainn an-trom ar fad, agus scriosadh feithiclí, droichid agus soilsí sráide le linn na tubaiste. Ní fios cé mhéad duine atá fós ar iarraidh ach is léir gurb iad seo na tuilt...
2024-11-02
06 min
Gaeilge Anois
Mo Chairde ‘Gael’ (Le Róisín Ní Mhaoláin, Sinéad Ní Scolaí agus Dúlra Ní Áinle ó na Gael Gals)
San eagrán seo labhraím le 3 as an 8 de na GaelGals. Roinnt dos na cairde is fearr atá agamsa agus grúpa craoltóirí den scoth atá théis a bpodchraoladh fhéin a bheith acu le fada an lá. Beimid ag caint faoi phobail a chruthú, an chraoltóireacht mar shuíomh oibre, nascanna idir dhaoine agus i bhfad níos mó!!
2024-10-23
1h 03
Nuacht Mhall
19 Deireadh Fómhair 2024 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tá sé ráite ag an Leifteanantchoirnéal Tom Fox, atá i gceannas ar choimeádaithe síochána na hÉireann i ndeisceart na Liobáine, go bhfuil na trúpaí slán sábháilte, in ainneoin coinníollacha an-dúshlánach agus teannas ag ardú sa Mheánoirthear. Tá níos mó ná 300 saighdiúir Éireannach lonnaithe in Camp Shamrock sa Liobáin Theas agus gar don teorainn idir Iosrael a...
2024-10-19
04 min
Gaeilge Anois
Aon nuacht? (Le Joseph Mac Aoidh, Katelyn Hayes agus Laura Pakenham)
San eagrán seo beidh mé ag suí síos le foireann Nuacht Cúla ag plé ár n-aistir chun na pointe seo agus cé chomh tábhachtach is atá sé go bhfuil seó nuachta ann do dhaoine óga. Bhí go leor craic againn ag cur an eagrán speisialta seo le chéile agus mar sin, ná chaill é!!!!
2024-10-09
56 min
Gaeilge Anois
Cá raibh mé? (Thuas Seal, Thíos Seal)
San eagrán seo beidh mé ag dul tríd an méad gur tharla idir anois augs an uair dheireanach a chuir mé eagrán amach...Mí an Mharta 2023. Tharla GO LEOR idir an dá linn idir poist nua, bogadh tí, a bheith ar grá ar an trá, dul 'freelance' don chéad uair riamh...go leor rud. Más rud é gur fhoghlaim mé rud amháin le linn na tréimhse sin ná go bhfuil fírinne sa ráiteas: Níl in aon rud ach seal ach bíonn thuas seal agus thíos seal...
2024-09-25
57 min
Nuacht Mhall
14 Meán Fómhair 2024 (Ard Mhacha)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Bhí an chéad díospóireacht uachtaránachta agus b'fhéidir an t-aon díospóireacht amháin idir an Leas-Uachtarán Daonlathach Kamala Harris agus an t-iarrthóir Poblachtánach Donald Trump ar siúl tráthnóna Dé Máirt. Bhí Trump faoi bhrú le hionsaithe géara ar ghinmhilleadh, a oiriúnacht don oifig, agus a thrioblóidí dlíthiúla. Chuir Harris i leith Trump n...
2024-09-14
05 min
Nuacht Mhall
7 Meán Fómhair 2024 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tar éis seacht mbliana de fhiosrúcháin, foilsíodh tuarascáil Dé Céadaoin faoin dtine thubaisteach i dTúr Grenfell in iarthar Londan. Dúirt an tuarascáil go raibh an locht ar an rialtas agus ar an earnáil tógála mar gheall ar bhlianta fada d'fhaillí. Chomh maith leis sin, cháin antuarascáil na comhlachtaí tógála a chuir cumhdach inlasta ar éada...
2024-09-07
07 min
Nuacht Mhall
27 Iúil 2024 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá fichead de mhí Iúil. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. D'fhógair Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden nach mbeidh sé ag seasamh i gcoinne Donald Trump i dToghchán Uachtaránachta Mheiriceá i mí na Samhna. Tháinig an fógra tar éis seachtainí tuairimíochta faoina shláinte agus éileamh méadaitheach air óna pháirtí féin éirí as. Tá a bheannacht tugtha aige anois don Leas-Uachtarán Kamala Harris chun dul san iomaíocht don Teach Bán. Is é Joe Biden a...
2024-07-27
04 min
Nuacht Mhall
6 Iúil 2024 (Luimneach)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí Iúil. Is mise Sibéal Dempsey.Rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe níos luaithe an tseachtain seo go bhfuil méid áirithe díolúine ag uachtaráin ó ionchúiseamh coiriúil. Rinneadh roinnt líomhaintí i gcoinne Trump lena n-áirítear gur scaip sé éilimh bhréagacha ar chalaois toghcháin, gur chuir sé brú ar oifigigh cheartais imscrúduithe bréige a oscailt ar chalaois toghcháin agus gur chuir sé brú ar Mike Pence, a LeasUacht...
2024-07-06
06 min
Nuacht Mhall
1 Meitheamh 2024 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí an Mheithimh. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Fuarthas iarUachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ciontach i ngach cúiseamh ag deireadh a thrialach i Nua Eabhrac Déardaoin. Bhí ceithre chúiseamh is tríocha ann, a bhain le cuntais ghnó a fhalsú le linn fheachtas na huachtaránachta sa bhliain 2016, nuair a tugadh airgead tosta don aisteoir Stormy Daniels. Gearrfar an pionós ar Trump ar an chéad lá déag de mhí...
2024-06-01
04 min
Nuacht Mhall
25 Bealtaine 2024 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Dúirt an Taoiseach Simon Harris maidin Dé Céadaoin go mbeidh Éire ag tabhairt aitheantas don bPalaistín go foirmiúil ón 28ú lá de mhí na Bealtaine. D’fhógair an Iorua agus an Spáinn go mbeidh siadsan ag tabhairt aitheantas don stát chomh maith. Luaigh an Taoiseach stair na hÉireann agus a heispéireas leis an gcoilíneachas agus dúirt sé go bhfuil sé dóchasach...
2024-05-25
06 min
Nuacht Mhall
9 Márta 2024 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 9ú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Ní raibh an Mháirt Mhór chomh mór sin i réamhthoghcháin Stáit Aontaithe Mheiriceá an tseachtain seo. Bhí buanna móra ag Donald Trump i mbeagnach gach stát seachas Vermont, an t-aon stát a bhuaigh a chéile comhraic Nikki Haley. D’fhógair Nikki Haley go bhfuil sí ag éirí as an rás tar éis na torthaí tubaisteacha dá feachtas. Is cosúil nach mbeidh de...
2024-03-09
05 min
Nuacht Mhall
2 Márta 2024 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tharla tubaiste nua i nGaza an tseachtain seo ar Shráid Haroun Al Rasheed cois fharraige i gCathair Gaza. Phlódaigh slua mór daoine timpeall ar thionlacan cabhrach, ag lorg bia. Bhí Fórsaí Cosanta Iosrael freagrach as slándáil an tionlacain, acht nuair a bhrúigh an slua isteach róghar, thosaigh siad ag scaoileadh urchar. Idir sin agus an táinrith a lean go díreach, d’éag ar...
2024-03-02
04 min
Nuacht Mhall
24 Feabhra 2024 (Baile Átha Cliath)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh D’fhógair na Stáit Aontaithe smachtbhannaí móra an tseachtain seo atá dírithe ar an Rúis mar gheall ar bhás cheannaire an fhreasúra sa tír, Alexei Navalny, agus an cogadh leanúnach san Úcráin. Fógraíodh bás Navalny sa phríosún ar an 16ú de mhí Feabhra. Dúirt na húdaráis san áitreabh pionóis sa tSibéir ina raibh sé á choinneáil nár thá...
2024-02-24
04 min
Nuacht Mhall
9 Nollaig 2023 (Luimneach)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí na Nollag. Is mise Sibéal Dempsey. Labhair Boris Johnson ag fiosrúchán Covid na Ríochta Aontaithe Dé Céadaoin. Dúirt sé go raibh brón mór air as an bpian agus as an bhfulaingt a tharla le linn na paindéime. Dúirt sé nach raibh sé cinnte an de thoradh chinntí an rialtais a bhí an líon básanna Covid níos airde ná mar is gá ach go mb’fhéidir gur bhrúigh an rialt...
2023-12-09
06 min
Nuacht Mhall
18 Samhain 2023 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Tharla comhdháil i nGána an tseachtain seo inar tháinig comhaltaí le chéile ón Aontas Afracach agus Cómhargadh Mhuir Chairib, 75 tír san iomlán. Tá sé ar intinn acu seasamh gualainn ar ghualainn chun áitiú ar thíortha Eorpacha cúiteamh a dhíol as coireanna stairiúla, lena n-áirítear an trádáil thrasatlantach sclábhaíochta. Foilseofar Forógra Accra, ina leagfar amach conas a...
2023-11-18
05 min
Nuacht Mhall
11 Samhain 2023 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tá an choimhlint sa Mheánoirthear ar siúl le níos mó ná mí anois. Thosaigh an cogadh ar an seachtú lá de mhí Dheireadh Fómhair nuair a rinne Hamas ionsaí ag féile cheoil in Iosrael, inar thóg siad timpeall 200 giall. Chuir Iosrael tús le buamáil in Gaza mar fhreagra. Maraíodh thart ar 1400 Iosraelach agus níos mó ná 10,000 saoránach Palaistíneach ó tosaíodh na hi...
2023-11-11
04 min
Nuacht Mhall
4 Samhain 2023 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí na Samhna. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tugann reachtaíocht nua a tháinig i bhfeidhm Dé Máirt cosaint dhlíthiúil don síneadh fada in ainmneacha daoine agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí i bPoblacht na hÉireann. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021, beidh an síneadh fada faoi chosaint dhlíthiúil anois in ainmneacha daoine agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí ar nós Feidhmeannacht na Seirb...
2023-11-04
05 min
Nuacht Mhall
28 Deireadh Fómhair 2023 (Ciarraí)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 28 Deireadh Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.Beidh cluiche ceannais Chorn an Domhain sa Rugbaí ar siúl Dé Sathairn i Stade de France i bPáras, agus an Afraic Theas ag imirt i gcoinne na Nua-Shéalainne. Thug an Afraic Theas na cosa leo agus iad ag buachan ar Shasana le pointe amháin ag an gcluiche ceathrú ceannais agus bhuaigh an Nua-Shéalainn go bog ar an Airgintín. Beidh an dhá fhoireann ag iarraidh Corn Webb Ellis a bhuachan don cheat...
2023-10-28
06 min
Nuacht Mhall
23 Meán Fómhair 2023 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Craoladh clár teilifíse ar Channel 4 an tseachtain seo ina líomhnaíodh go leor cúiseanna i gcoinne an fhuirseora Russell Brand, éigniú, íonsaí gnéis agus mí-úsáid mhothúchánach sanáireamh. Maíodh gur tharla na heachtraí idir 2006 agus 2013 nuair a bhí Brand in ard a réime. Baineann na heachtraí le ceathrar ban, agus bhí ceann acu sé bliana déag d’aois ag an am. Séana...
2023-09-23
05 min
Nuacht Mhall
16 Meán Fómhair 2023 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail. Tharla dhá thubaiste nádúrtha uafásacha i dtuaisceart na hAfraice an tseachtain seo caite. Tharla crith talún ar mhéid 6.9, ar a dtugtar 'foréigneach' ar scála déine Mercalli, i Maracó, 70 ciliméadar siar ó dheas ó Marrakesh, agus cailleadh 3,000 duine. Ba é an crith talún ba láidre a taifeadadh sa tír ó bhí 1960 ann. Ansin, taifeadadh an cioclón ba mharfaí riamh sa Mheánmhuir, Stoirm Dani...
2023-09-16
05 min
Nuacht Mhall
26 Lúnasa 2023 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an séú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Is í an India an chéad tír chun spásárthach a thabhairt i dtír go rathúil ar phol theas na gealaí. Theip ar iarrachtaí na hIndia roimhe seo, agus mar gheall ar thír-raon garbh an phoil theas bhí sé deacair teacht i dtír. Bhí sé mar aidhm ag Chandrayaan-3 a bheith ar an chéad spásárthach chun teagmháil a dhéanamh i réigiún de dhro...
2023-08-26
06 min
Nuacht Mhall
19 Lúnasa 2023 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an naoú lá déag de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. D’fhoilsigh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta tuarascáil maidir le tithíocht san Eoraip. Léirítear sa tuarascáil go bhfuil bearna ollmhór in úinéireacht tí idir daoine óga agus daoine aosta in Éirinn. Tá 80% de dhaoine níos sine ná 40 ina n-úinéir tí ach níl ach timpeall 30% de dhaoine faoi 40 ina n-úinéir tí. Mhéadaigh an bhearna sin...
2023-08-21
04 min
Nuacht Mhall
5 Lúnasa 2023 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí Lúnasa. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tá Donald Trump tar éis a bheith cúisithe ar a iarrachtaí an daonlathas a threascairt i ndiaidh thoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe in 2020. Phléadáil sé Déardaoin go raibh sé neamhchiontach maidir le ceithre chúis feileonachta fheidearálacha, a bhí sa díotáil a chum an t-abhcóide speisialta Jack Smith. Is iad na cúiseanna ná comhcheilg chun calaois a dhéanamh ar na Stáit Aonta...
2023-08-05
04 min
Nuacht Mhall
8 Iúil 2023 (Ard Mhacha)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí Iúil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Bhí meadú ar an fhoréigean i ndiaidh ionradh Arm Iosrael ar bhaile Jenin ar an Bhruach Thiar. Dúirt an Taoiseach sa Dáil go raibh an-imní ar an rialtas faoin ionradh seo. Tá dháréag Palaistíneach maraithe ag na hIosraelaigh in Jenin go dtí seo agus i bhfad níos mó gortaithe. Tá imní ann go mbeidh éirí amach go forleathan ag na Palaistínigh agus níos mó básanna. ...
2023-07-08
04 min
Nuacht Mhall
1 Iúil 2023 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Nochtadh an tseachtain seo caite gur íoc RTÉ €354,000 sa bhreis le Ryan Tubridy ó 2017 go 2022, méid nach raibh fógartha acu go poiblí. Dúirt Tubridy féin nach raibh sé ar an eolas faoi na híocaíochtaí. D’éirigh ardstiúrthóir RTÉ, Dee Forbes, as a post de bharr na conspóide agus, de réir RTÉ, ba ise an t-aon duine a bhí ar an eolas faoi na híocaíochtaí. Ach, le...
2023-07-01
06 min
Nuacht Mhall
6 Bealtaine 2023 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá an Ríocht Aontaithe ag ullmhú don Chorónú an tseachtain seo. Maidin Dé Sathairn, ag a 11 a chlog, rachaidh Séarlas III go Mainistir Westminster don searmanas. Is searmanas reiligiúnach é agus beidh cúig chéim san imeacht. Ar dtús, cuirfear ola ungtha agus coróin ar Shéarlas agus ansin suífidh sé ar an ríchathaoir. Déanfar banríon de Camilla ag an ócáid chéanna. Beidh Michell...
2023-05-06
06 min
Nuacht Mhall
Cothrom an Lae - 17 Márta (Baile Átha Cliath)
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an 17ú lá de mhí an Mhárta – Lá Fhéile Pádraig. Is mise Liam Ó Brádaigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1601, tharla an chéad pharáid a bhfuil tuairisc againn uirthi in onóir na Féile Pádraig san áit ar a dtugtar “Naomh Agaistín” anois in Florida. Léirítear sna tuarascálacha gur shocraigh biocáire Éireannach, Ricardo Artur, an mórshiúl san iarchoilíneacht de chuid na Spáinne. Breis agus céad bliain ina dhiaidh sin, d’eagraigh saighdi...
2023-03-17
02 min
Gaeilge Anois
Seacht lá déag na Gaeilge #SnaG23 (Le Aileen Fleming, Rachel Ní Cheallaigh agus Charlie Ní Mhainín)
Tá Seachtain na Gaeilge linn a chairde agus i mbliana is é 'féidearthachtaí' téama na féile. San eagrán seo déanaim plé ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an Ghaeilge i mo shaol agus an slí ina thugann sí níos mó féidearthachtaí don an t-am ar fad. Bhí deis agam labhairt le triúír a bhfuil ag obair chun SnaG a chur chun cinn anseo in Áras na nGael i nGaillimh agus phléamar an tslí ina bhfuil éifeacht ag an nGaeilge ar a saoil agus tábhacht na teanga!
2023-03-15
1h 02
Nuacht Mhall
18 Feabhra 2023 (Ciarraí)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tháinig Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Rishi Sunak go Béal Feirste chun bualadh le ceannairí na bpáirtithe polaitiúla in Stormont. Dúirt Ceannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh Jeffrey Donaldson go raibh dul chun cinn déanta leis an idirbheartaíocht idir Londain agus an Bhruiséal ach caithfidh níos mó obair a bheith déanta chun teacht ar mhargadh. Ceaptar go mbeidh réiteach...
2023-02-18
06 min
Gaeilge Anois
(Ná) rún na hAthbhliana
San eagrán níos giorra seo, déanaim plé ar rúin na hathbhliana agus an bhrú a chuirimid orainn fhéin ag an am seo den bhliain. Labhraím ar cén fáth a bhfuil sé tábhachtach bheith deas dhuit fhéin théis an Nollaig agus cén fáth gur cheart é sos a thógáil comh maith. Bain taitneamh as!!
2022-12-29
37 min
Nuacht Mhall
24 Nollaig 2022 (Luimneach)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an ceathrú lá is fiche de mhí na Nollag, oíche Nollag. Is mise Sibéal Dempsey. Chaill an Fhrainc i gcoinne na hAirgintíne i gcluiche ceannais chorn an domhain dhá mhíle is fiche a dó a imríodh i gCatar Dé Domhnaigh seo caite. Tháinig deireadh leis an gcluiche le ciceanna pionóis agus fuair an Airgintín ceithre phionós ar dhá phionós na Fraince. Bhí comhscór 3-3 idir an dá fhoireann tar éis am breise. Bhain stair leis a...
2022-12-24
05 min
Gaeilge Anois
Tóg seans orm (le Áine Mhaoir agus James Ó Flathartha
San eagrán seo déánaim pléa ar an slí is fearr liomsa seansanna a thógáil i mo shaol agus conas a théim thar aon imní a thagann leis sin. Comh maith leis sin bhí chat iontach agam le Áine agus James ó na Seansálaithe sa fíorshaol i stuideó Raidio Rí-Rá in Áras na nGael!!
2022-12-21
1h 11
Gaeilge Anois
Ar scáth a chéile le (Seán Ó Dubhchon)
San eagrán úr nua seo, labhraím faoi cé comh tacúil is a bhfuil saol na Gaeilge mar phobal agus tábhacht tacaíocht inár saoil. Comh maith leis sin, labhair mé leis an laoch craotóireachta Seán Ó Dubhchon ó Raidio Rí-Rá, Radio na Life agus eile faoina shaothar go dtí seo is a saol comh maith!
2022-12-07
1h 21
Nuacht Mhall
3 Nollaig 2022 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá de mhí na Nollag. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tá níos mó daoine ag teacht slán ó ailse ionrach anois ná riamh de bharr an fheabhais atá tagtha ar chúrsaí cóireála leighis agus mar go n-aimsítear an galar níos luaithe fosta. Is é ailse ionrach an cineál ailse a d'fhéadfadh leathadh ón áit ar aimsíodh é i dtosach go dtí codanna eile den chorp. De réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Chlárlann Náisiúnt...
2022-12-03
05 min
Gaeilge Anois
Oireachtas na Samhna 2022 aka. the Megamix (le...gach duine)
San eagrán seo déanaim plé ar mo thaithí ag Oireachtas na Samhna 2022. Labhraím faoi tábhacht bailiú le chéile na nGael agus mar sin cheap sé go mbeadh sé go deas roinnt do na réalta óga saol na Gaeilge a thabhairt lena chéile i gcomhair píosa caint craic agus...caoineadh? Bainigí taitneamh as an eagrán aisteach fhiáin seo!
2022-11-16
1h 07
Gaeilge Anois
An Ghaeilge, Ár náire
Tá Gaeilge anois thar n-ais faoi dheireadh. San eagrán nua seo, déanaim plé ar meon muintir na hÉireann i leith an Ghaeilge agus na cúiseanna taobh thiar do na deachreachtaí a bhfuil ag daoine leis an teanga. Is deep dive é an eagrán seo ar stair na hÉireann, stair na Gaeilge agus tráma idirghluine (intergenerational trauma). Ceann an-fhada ag is dócha go bhfuil sé suimiúil agus go spreagann sé smaoineamh ionat. Bain taitneamh as!!!
2022-11-02
1h 12
Nuacht Mhall
8 Deireadh Fómhair 2022 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail. Bhí níos mó ná cúig mhíle duine i láthair ag imeacht plé maidir le todhchaí na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite. D'eagraigh grúpa neamhbhrabúis darb ainm Ireland's Future an t-imeacht, a tharla sa 3arena i mBaile Átha Cliath agus bhí neart aoichainteoirí ann, idir pholaiteoirí agus daoine eile mór le rá. De réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, is féidir le Rúnaí Stáit do Thua...
2022-10-08
04 min
Nuacht Mhall
10 Meán Fómhair 2022 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna. D’éag Elizabeth, banríon na Ríochta Aontaithe, an tseachtain seo. Bhí sí ar an chathaoir ríoga ar feadh seachtó bliain. Le linn a réimis, bhí cúigear phríomh-airí déag aici, an chéad duine acu ná Winston Churchill. Anois, mar gheall ar Acht an tSocraithe, tá a mac Charles ina rí. Fágann sí ceathrar páistí, ochtar garpháistí, agus dháréag páistí garpháistí ina diaidh. N...
2022-09-10
04 min
Nuacht Mhall
6 Lúnasa 2022 (Luimneach)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí Lúnasa. Is mise Sibéal Dempsey. Bhí bean chéile Uachtarán na hÉireann, Sabina Higgins, páirteach i gconspóid an tseachtain seo mar thoradh ar litir a scríobh sí chuig an Irish Times maidir lena thráchtaireacht ar an gcogadh san Úcráin. Sa litir, atá bainte de shuíomh idirlín an Árais anois, scríobh Sabina go raibh díomá uirthi nár spreag an nuachtán aon idirbheartaíocht ar son sos cogaidh a d’fhéad...
2022-08-06
05 min
Nuacht Mhall
23 Iúil 2022 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Dé Domhnaigh, bhain Contae Luimnigh an tríú bua as a chéile i gclúiche iontach in aghaidh Chontae Chill Chainnigh. Thug siad greadadh do Phort Láirge agus do Chorcaigh in 2020 agus 2021, agus i ndiaidh dhá uair a chaitheamh i mbun cluiche te i bPáirc an Chrócaigh, ar cheann de na laethantha is teo i mbliana, bronnadh Corn Mhic Cárthaigh ar an fhoireann tráthnóna...
2022-07-23
04 min
Nuacht Mhall
16 Iúil 2022 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Cuileagáin. D’fhoilsigh NASA na chéad íomhanna ón spásteileascóp James Webb an tseachtain seo. Is é an teileascóp is láidre a bhí ann riamh, agus chosain sé 10 mbilliún dollar chun é a thógáil. De réir réalteolaithe, cuireann na híomhanna tús le ré nua spáseolaíochta. Bhí ríméad agus faoiseamh ar na heolaithe nuair a chonaic siad an méid mionsonra a bhí sna híomh...
2022-07-16
04 min
Nuacht Mhall
2 Iúil 2022 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí Iúil. Is mise Oisín Mac Conamhna. I Stáit Aontaithe Mheiriceá, thug Cassidy Hutchinson, iar-sainchabhróir an riaracháin le Donald Trump, fianaise do choiste fiosrúcháin na n-imeachtaí ar an séú Eanair 2021. Tugann a fianaise léargas ar iompar agus meoin Trump sna laethanta thart ar an ionsaí ar an Capitol. Dúirt sí gur chaith Trump a phláta lón i gcoinne an fhalla agus é ar buile, nuair a dúirt an t-Ard-Aighne William Barr...
2022-07-02
04 min
Nuacht Mhall
25 Meitheamh 2022 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Siadhail. Bhí bua stairiúil ag iarrthóir den eite chlé i dtoghchán uachtaránachta na Colóime Dé Domhnaigh. Bhuaigh Gustavo Petro, a bhí ina Mhéara in Bogotá, príomhchathair na tíre, roimhe seo, agus a chomhiarrthóir, bean Afra-Cholómach, an toghchán réitigh, agus beidh Petro ina chéad Uachtarán ar an eite chlé sa tír. Ó thuaidh i Stáit Aontaithe Mheiriceá, rinne a...
2022-06-25
04 min
Léargas: A Podcast by Gerry Adams
A referendum on the Future | Acht na Gaeilge Anois | Defending journalists
A referendum on the FutureSunday marked 24 years from the historic referendum in May 1998 that saw almost three quarters of people in the North vote in support of the Good Friday Agreement. Despite the twists and turns in the years since then the Agreement has proved resilient in maintaining peace and in plotting a course for constitutional, political and economic change in the North and across these islands.Acht na Gaeilge – AnoisThe echo of thousands of cheerful, excited voices raised in defiance reverberated off the buildings along Royal Avenue and into Donegall Pla...
2022-05-29
18 min
Nuacht Mhall
21 Bealtaine 2022 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Dheimhnigh rialtas na Fionlainne agus rialtas na Sualainne an tseachtain seo go ndéanfaidís iarratas ar bhallraíocht NATO. Cé go raibh na tíortha sásta fanacht taobh amuigh den chomhghuaillíocht go dtí seo, tá ceannairí polaitiúla go mór i bhfabhar ballraíochta anois, mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin. Dúirt Uachtarán na Rúise Vladimir Putin le hUach...
2022-05-21
05 min
Nuacht Mhall
14 Bealtaine 2022 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí Bealtaine. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tá Sinn Féin ina pháirtí is mó i gComhthionól Chnoc an Anfa, agus seacht suíochán is fiche buaite sa toghchán acu, an chéad uair riamh a bhain páirtí náisiúnach an toradh sin amach. Bhí toradh maith ag Páirtí an Chomhaontais freisin, atá lárnach maidir le cúrsaí bunreachtúla de, le seacht gcinn déag. Bhí droch-thoradh ag an bPáirtí Aont...
2022-05-15
05 min
Nuacht Mhall
16 Aibreán 2022 (Baile Átha Cliath)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an 16ú de mhí Aibreáin. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá tairisicint déanta ag an bhfiontraí agus billiúnaí, Elon Musk, an suíomh meáin shóisialta Twitter a cheannach ar shuim os cionn daichead a trí billiún dollar. Is é Musk an scairshealbhóir is mó ar Twitter cheana féin tar éis dó sciar naoi faoin gcéad a cheannach sa chuideachta níos luaithe an tseachtain seo. Dúirt an príomhoifigeach feidhmiúcháin conspóideach ar Tesla agus Spacex go nd...
2022-04-16
04 min
Nuacht Mhall
9 Aibreán 2022 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Déardaoin, ceapadh an chéad bhean dhubh ina breitheamh de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe. Is é an chéad uair nach mbeidh fir gheala ina dtromlach sa Chúirt le 233 bliain anuas. Chaith an Bhreitheamh Jackson, atá 51 bliain d'aois, níos mó ná 20 uair ag freagairt fiosrúchán ó Sheanadóirí, dírithe ar a taifead pianbhreithe, a seanráitis, agus a dearcthaí polaitiúla. Amhail an triúr breithiúna a...
2022-04-09
06 min
Nuacht Mhall
Cothrom an Lae - 17 Márta (Baile Átha Cliath)
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an 17ú lá de mhí an Mhárta – Lá Fhéile Pádraig. Is mise Liam Ó Brádaigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1601, tharla an chéad pharáid a bhfuil tuairisc againn uirthi in onóir na Féile Pádraig san áit ar a dtugtar “Naomh Agaistín” anois in Florida. Léirítear sna tuarascálacha gur shocraigh biocáire Éireannach, Ricardo Artur, an mórshiúl san iarchoilíneacht de chuid na Spáinne. Breis agus céad bliain ina dhiaidh sin, d’eagraigh saighdi...
2022-03-17
02 min
Nuacht Mhall
5 Márta 2022 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tá ionradh na Rúise ar an Úcráin ar siúl, go mall agus go tubaisteach, in aghaidh frithbheartaíocht dhian mhuintir na hÚcráine. Thosaigh Uachtarán na Rúise Vladimir Putin an t-ionradh orthu chun, mar a dúirt sé, dínaitsíú a dhéanamh ar an Úcráin, cé nach bhfuair páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis acht 1.6% den vóta i dtoghchán na huacht...
2022-03-05
05 min
Nuacht Mhall
12 Feabhra 2022 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Siadhail. Deirtear go bhfuil Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Joe Biden, chun ordú forghníomhaithe a shíniú a scaoilfidh seacht mbilliún dollar de chúlchiste Afganastánach. D’fhág rialtas daonlathach deireanach na hAfganastáine an t-airgead i mbanc an Chúlchiste Fheidearálaigh i Nua-Eabhrac agus tá sé calctha ó shin i leith mar ní raibh sé soiléir cé leis an t-airgead. Anois, ceaptar go roinnfear an t-airgead idir ío...
2022-02-12
04 min
Nuacht Mhall
29 Eanáir 2022 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 29 de Mhí Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Eisíodh fógra sábháilteachta muirí ag Roinn Iompair na hÉireann do lucht farraige ar fud na tíre, chun daoine a chur ar an eolas faoi dhruileanna míleata na Rúise ar an chósta thiar theas. Tuigtear go scaoilfidh cabhlach na Rúise airtléire mara agus roicéid le linn na gcleachtaí, a bheidh ag tarlú 240 ciliméadar ó chósta na hÉireann ar feadh cúig lá ón 3 Feab...
2022-01-29
05 min
Nuacht Mhall
18 Nollaig 2021 (Ciarraí)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta naseachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Ritheadh an Bille Teanga i dTithe an Oireachtais Dé Céadaoin. Mar gheall ar an mBille, beidh ar 20 faoin gcéad d'earcaigh nua sa Státseirbhís a bheith ábalta an Ghaeilge a labhairt faoin mbliain 2030. Beidh ar an Stát ainmeacha Gaeilge a chlarú agus a litriú i gceart leis an síneadh fada agus caithfidh an Státseirbhís seirbhisí i nGaeilge a chur ar fáil do Mhuintir na Gaei...
2021-12-18
04 min
Nuacht Mhall
6 Samhain 2021 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí na Samhna. Is mise Ella Hassett. Thosaigh an Chomhdháil um Athrú Aeráide nó COP26, atá ar siúl i nGlaschú in Albain, an tseachtain seo. Is tionól é COP26 ina dtagann tíortha, ceannairí cultúrtha, gníomhaithe agus grúpaí eile le chéile chun na Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach agus beart a dhéanamh chun athrú aeráide a stopadh. Thug an Taoiseach Micheál Martin a aitheasc i nGlaschú tráthnóna Dé Máirt agus bh...
2021-11-06
05 min
Gaeilge Anois
Ag Crochadh Thart (Le Ruairí Egan)
San eagrán (fhada) seo labhraím faoi craoltóireacht na Gaeilge na linne seo. An tábhacht a bhaineann leis agus conas is feidir leis cabhair a thabhairt do todhcahí na Gaeilge. Comh maith leith sin, labhráím le Ruairí Egan, láirthreoir an podchraoladh Léim Thart, craoltóir le Raidio na Life agus Raidio Rí-Rá, cuid don Ghaeltokt agus duine den chéad scoth. Ná chaill é.
2021-11-03
1h 02
Gaeilge Anois
Dar leí féin (le Áine Ní Dhonnaile)
Táim thar n-ais Gaeilge Gang. Théis sos beag tá Gaeilge Anois ar ais ar an 'air' arís. San eagrán seo thug mé léargas ar na rudaí a bhí ar siúl agam i rith an samhraidh nuair a thóg mé sos ón pod. Comh maith leis sin, bhi Áine Ní Dhonnaile liom mar an chéad aoi speisialta BHEO riamh!! Ná chail é
2021-10-20
36 min
Gaeilge Anois
Tréiléar Séasúr 2
Beidh séasúr 2 do Ghaeilge Anois ag teacht go luath agus seo 'teaser' beag don sort ábhair a bheidh á phlé agam. Bhain mé an méid sin taitneamh as séasúr 1 agus tá súil agam go bhfuil sibhse mar an gcéanna. Beidh mé ag caint libh go luath mo chairde!! Le grá, Seán.
2021-10-06
00 min
Nuacht Mhall
2 Deireadh Fómhair 2021 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail. Táthar ag súil go dtiocfadh le druga trialach nua ráta cur in ospidéal nó fiú ráta báis mar gheall ar Covid-19 a laghdú faoina leath. Tugadh an táibléad d'othair a raibh an víreas orthu dhá uair sa lá agus bhí na torthaí chomh dearfach gur stop siad an triail go luath. Anois tá an comhlacht cogaisíochta ag iarraidh cead an druga a úsáid i gcás é...
2021-10-02
04 min
Nuacht Mhall
4 Meán Fómhair 2021 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Fuair ceithre dhuine dhéag ar a laghad bás i Nua-Eabhrac oíche Dé Céadaoin tar éis tulcaí mar gheall ar an stoirm thrópaiceach Ida. Bhí níos mó báistí ná mar a bhí riamh ann agus dá bharr sin dúnadh na stáisiúin traenach faoi thalamh. Fógraíodh staid éigeandála sa chathair agus dúirt an Méara Bill de Blasio go raibh “teagmhas aimsi...
2021-09-04
05 min
Nuacht Mhall
28 Lúnasa 2021 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh Bhuaigh Luimneach Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann ar an Domhnach don dara bliain as a chéile. Bhain siad bua amach i gcoinne Corcaí le trí cúl agus tríocha a dó cúilín, an scór b’airde a baineadh amach i gcluiche ceannais na hEireann riamh. D’fhreastail slua daichead míle ar an gcluiche i bPáirc an Chrócaigh, rud a tharrai...
2021-08-28
04 min
Nuacht Mhall
21 Lúnasa 2021 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail. Beagnach fiche bliain tar éis do na Stáit Aontaithe agus a gComhghuaillithe ionradh a dhéanamh ar an Afganastáin, tá an Talaban i réim an athuair. Thit Cabúl gan frithbheartaíocht an deireadh seachtaine seo caite, agus tá eagla go dtabharfaidh an réimeas nua isteach córas dian a chuireann cosc ar shaoirse mhná na tíre. Chomh maith leis sin, tá os cionn 300,000 duine a...
2021-08-21
05 min
Gaeilge Anois
Slán tamaill (Le Séaghan Ó Súilleabháin - The Kerry Cowboy)
Seo an eagrán deireanach do seasúr a haon mo chairde. San eagrán seo éirím an mushy faoi na héisteoirí agus fágaim slán daoibh ar feadh tamaill bheag. Comh maith leis sin bhíos ag caint leis The Kerry Cowboy é fhéin Séaghan Ó Súilleabháin maidir leis an obair a bhfuil déanta aige leis an Ghaeilge ar líne, an Ghaeilge ina shaol agus gan amhras a caidreamh leis an madra is fearr ar domhan, Braindí álainn, ná é!!!
2021-07-07
41 min
Nuacht Mhall
12 Meitheamh 2021 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tá ceannairí polaitiúla thíortha daonlathacha saibhre an domhain, an G7, ag teacht le chéile an tseachtain seo le haghaidh cruinniú mullaigh eatarthu. Tá siad ag plé ceisteanna móra geopholaitiúla, go háirithe an phaindéim. Tá Joe Biden ar a chéad turas taobh amuigh dá thír mar Uachtarán, agus tá cúig chéad milliún dáileog Pfizer geallta aige do na tíortha atá i m...
2021-06-12
05 min
Nuacht Mhall
29 Bealtaine 2021 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 29ú lá de mhí Bealtaine. Is mise Niall Ó Cuileagáin. D’ordaigh Uachtarán na Bealarúise Alexander Lukashenko do eitilt de chuid Ryanair tuirlingt i Mionsc Dé Domhnaigh. Bhí an t-eitleán ar a shlí ón nGréig go dtí an Liotuáin nuair a fuair an píolóta an t-ordú. Bhí an gníomhaí de chuid an fhreasúra Roman Protasevich ar an eitilt agus tá sé féin agus a chéile á gcoimeád ag na húdaráis sa Bhealarúis anois. Mhaígh Pr...
2021-05-29
05 min
Gaeilge Anois
Cad is Gaeilgeoir ann? (Le Leah Ní Mhurchú)
San eagrán seo rinne mé plé ar ceard is brí le bheith i do Ghaeilgeoir. Labhair mé faoi mo thaithí leis an teideal sin agus an t-am ian cheap mé nach raibh mo Ghaeilge maith a dhóthain chun 'Gaeilgeoir' a chur orm féin. Bhí réalt TikTok Leah Ní Mhurchú liom comh maith chun plé a dhéanamh ar an obair a bhfuil déanta aici chun an teanga a chur chun cinn ar líne agus níos mó ná sin a taithí a roinnt faoi feachtais Acht na Gaeilge ó thuaidh. Na chail é!!!
2021-05-26
40 min
Gaeilge Anois
An Ardteist!!! (Le Cian Mac Coisteala)
San eagrán seo beidh mé ag caint ar an rud is scanrúla ar domhan, an Ardteist. Leabhair mé faoi mo thaithi féin leis agus an bhrú a chuireann na scrúdaithe ar dhaoine óga. Bhí mé ag caint comh maith le Cian Mac Coisteala, dalta ardteiste mar gheall ar an obair a bhfuil déanta aige chun fadhbanna daltaí na hardteiste a chur chun cinn ar leibhéíl tíre le déanaí.
2021-05-12
44 min
Nuacht Mhall
8 Bealtaine 2021 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Ella Hassett. Tá an tOllamh Regina Uí Chollatáin ceaptha ina Cathaoirleach ar Bhord Fhoras na Gaeilge. Faoi láthair, tá sí ag obair mar Chathaoir agus Ollamh na Nua-Ghaeilge agus Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Chomh maith leis sin, is iarbhall de Bhord Stiúrtha TG4 í. Is as Leitir Ceanainn i nDún na nGall í ó dhúchas agus tá suim aici in a...
2021-05-08
04 min
Gaeilge Anois
Féiniúlacht
Ok a chairde táim thar n-ais. So in eagrán 7 beidh mé ag rantáíl (tuigim nach focail ceart é sin ach just go with it) faoin bhféiniúlacht agus ceard is brí leis sin domsa. Labhraím faoi tábhacht mo chathair (Cathair Luimnigh) domsa agus ceard is brí le bheith i do dhuine Éireannach faoi láthair. Ná chaill amach air!!!
2021-04-28
32 min
Gaeilge Anois
An Scrúdú Béil
San eagrán seo, thóg me sos ón gnáth rud don pod agus rinne mé plé ar an scrúdú béil don ardtesit. Tá cúpla moltaí agam do dhaltaí tríd an pod agus comh maith leis sin, bhí mo dheartháir Cian liom agus rinneamar scrúdú béil samplach daoibh don craic!! Bainaigí taitneamh as!!
2021-03-30
40 min
Gaeilge Anois
TG4 - Sin é, sin an teideal (Le Hugh Carr)
San eagrán seo beidh mé ag caint mar gheall ar TG4 an stáisiún teilifíse Ghaelaigh is fearr ar domhain...nó an t-aon stáisiún teilifíse ghaelaigh ar domhain...Féachaim ar an réimse leathan ábhair a bhfuil ar siúl acu ar an teilifís agus ar líne comh maith ar a tsuíomh BLOC TG4 agus beidh mé ag caint le Hugh Carr comh maith. Bainigí taitneamh as!
2021-03-17
41 min
Gaeilge Anois
Seachtain na Gaeilge Shona Daoibh
Seachtain na Gaeilge shona daoibh go léir ó Ghaeilge Anois!! In eagrán 4 anseo beidh mé ag caint mar gheall ar seachtain na Gaeilge, mo turaimí faoi, mo cuimhní do Seachtsain na Gaeilge is mé ag fás aníos agus conais is feidir leat níos mó Ghaeilge a fháil i do shaol i rith an féile seo.
2021-03-03
25 min
Nuacht Mhall
27 Feabhra 2021 (Ciarraí)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Thug an Chuirt Eaglasta i gCanterbury cead do chlann Margaret Keane ráiteas Gaelainn a chur ar a leac cuimhneacháin i gCoventry, Sasana. Fuair Margaret Keane bás dhá bhliain ó shin. Ní raibh cead ag a clann ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar a leac mar cheap an breitheamh Stephen Eyre QC go raibh an ráiteas ‘inár gcroíthe go deo’ polaitúil gan aist...
2021-02-27
05 min
Nuacht Mhall
20 Feabhra 2021 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí Feabhra. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Beidh rogha ag daltaí na hardteiste i mbliana idir grád measta nó scrúdú traidisiúnta a dhéanamh le haghaidh gach ábhair. Is féidir leis na daltaí grád measta a roghnú, na scrúduithe a dhéanamh le haghaidh gach ábhair nó meascán idir na hábhair a roghnú. Gheobhaidh gach dálta a ngráid i ngrúpa amháin ag an am céanna le foilsiú thorthaí...
2021-02-20
04 min
Gaeilge Anois
An Ghaeilge san ollscoil (Le Emma Ní Bhroin)
San eagrán seo beidh mé ag caint mar gheall ar an Ghaeilge san ollscoil. Ní beidh mé ag caint faoi an Ghaeilge mar ábhar acadúla amháin ach mar chuid do saol na hOllscoile comh maith. Comh maith leis sin, beidh aoi speisialta agam, Emma Ní Bhroin, reachtaire Chumann Gaelach Ollscoil Luimnigh liom chun caint faoi an Chumann agus ceard atá ar siúl acu faoi láthair, bainigí taitneamh as!
2021-02-17
30 min
Nuacht Mhall
6 Feabhra 2021 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá an t-arm i Maenmar tar éis coup míleata a thosú agus tá an ceannaire polaitiúil, Aung San Suu Kyi, gafa acu. De réir an t-arm, bhí an toghchán is déanaí sa tír lochtach. Tá an ceannasaí airm, Min Aung Hlaing, ag reáchtáil na tíre anois. Bhuaigh Aung San Suu Kyi an Duais Síochána Nobel in 1991 ach rinneadh go leor cáinte uirthi le déanaí...
2021-02-06
04 min
Gaeilge Anois
Pobal na Gaeilge ar líne (Le Síomha Ní Ruairc)
San eagrán seo, beidh mé ag caint faoi na daoine agus na grúpaí a bhfuil ag obair ar líne trí mheáin na Gaeilge agus conas a thugann an obair seo deis forbartha don teanga. Comh maith leis sin, beidh mé ag caint le aoi speisialta, Síomha Ní Ruairc faoin obair a dhéanann sí leis an Ghaeilge ar líne agus an tábhacht a mbaineann leis an obair sin.
2021-02-03
30 min
Gaeilge Anois
Mise agus mo phodcraoladh
Sa chéad eagrán seo, ba mhaith liom mé féin a chur in úil daoibh agus an phodcraoladh a mhíniú. Bain taitneamh as!
2021-01-19
17 min
Nuacht Mhall
19 Nollaig 2020 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá dhéag de mhí na Nollag. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tháinig níos mó ná trí chéad buachaill abhaile go sábhailte inné, seachtain tar éis dóibh a bheith fuadaithe óna scoil sa Nigéir. Tháinig na buachaillí ar bus go Katsina, áit ina bhuail siad le hUachtarán na Nigéire Muhammadu Bahari. Tharla an fuadach ar an aonú lá déag de mhí na Nollag, i rith ionsaí ar a scoil sa bhaile Kankara. B...
2020-12-19
05 min
Nuacht Mhall
12 Nollaig 2020 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá dhéag de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Chuir an Ríocht Aontaithe tús ar a plean vacsaínithe Covid-19 an tseachtain seo caite. Maidin Dé Máirt fuair an chéad duine an vacsaín, bean darb ainm Margaret Keenan atá nócha bliain d’aois. Rugadh í in Inis Ceithleann i gContae Fhear Manach agus bhog sí go Coventry i Sasana níos mó ná seasca bliain ó shin. Tugadh an vacsaín, atá táirgthe ag Pfizer-BioNTech...
2020-12-12
04 min
Gaeilge Anois
Gaeilge Anois (Trailer)
2020-11-07
00 min
Nuacht Mhall
10 Deireadh Fómhair 2020 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. An tseachtain seo caite, agus gan ach mí roimh thoghchán na huachtaránachta, nocht Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, go bhfuair sé toradh dearfach ar thástáil don choróinvíreas. Ó shin amach, bhí torthaí dearfacha ag níos mó ná fiche duine sa Teach Bán. Tá gach cosúlacht go raibh siad ionfhabhtaithe leis an víreas ag imeacht sa Teach Bán chun an breitheamh Amy Con...
2020-10-10
04 min
Nuacht Mhall
26 Meán Fómhair 2020 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá srianta nua i gcoinne Covid-19 i ndiaidh teacht isteach in Éirinn agus sa Bhreatain, agus an líon cásanna ag ardú arís. Anois tá Dún na nGall ar Leibhéal 3 le Baile Átha Cliath, gan cead ag muintir na gceantar sin an contae a fhágáil nó bualadh le grúpa mór daoine. Sa Ríocht Aontaithe tá ar thithe tábhairne druidim uair an c...
2020-09-26
03 min
Nuacht Mhall
22 Lúnasa 2020 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. Inniu an dara lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá na céadta míle duine ar stailc ar shráideanna na Bealarúise le hagóid a dhéanamh in aghaidh atoghcháin an Uachtaráin Lukashenko. Goineadh na céadta agóideoirí, fuair beirt bás, agus cuirtear 6,700 duine faoi ghlas, le tuairiscí ar chrá ó na poilíní. Dé Luain, rinne an lucht oibre trasnaíl ar an Uachtarán Lukashenko nuair a thug sé cuairt ar mhonarcha...
2020-08-22
04 min
Nuacht Mhall
1 Lúnasa 2020 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. Inniu an chéad lá de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail. Tháinig níos mó na dhá chéad daoine le chéile ag Páirc an Chrócaigh inné chun ceiliúradh a dhéanamh ar an fhéile Mhoslamach Eid. Cuireadh Páirc an Chrócaigh ar fáil ionas go mbeadh scaradh sóisialta i bhfeidhm le linn na seirbhíse urnaí. I mbliana tagann Eid ag aimsir seanfhéile Gaelaí, Lúnasa. In ómós na hocáide sin, tá Camino Mha...
2020-08-01
03 min
Nuacht Mhall
Réamhbhlaiseadh/Trailer
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. Beidh an chéad eagrán de Nuacht Mhall ar fáil Dé Sathairn bheag seo. Is sraith nua í atá dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge mar chleachtadh cluastuisceana. Cloisfidh tú meascán guthanna agus canúintí ag léamh phríomhscéalta na seachtaine go mall. Chomh maith leis sin, beidh an script iomlán ar fáil sa chur síos i d’aip phodchraolta. Cláraigh leis an fhotha ar d’aip phodchraolta anois. Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.
2020-07-28
01 min