Look for any podcast host, guest or anyone
Showing episodes and shows of

Giob Geab Gaelbhratach

Shows

Giob Geab GaelbhratachGiob Geab GaelbhratachCiara Ní Ghadhra: Forbair leis an Ghaeilge, agus cuidigh leis an Ghaeilge a fhorbairtFáilte chuig an eagrán deireanach den tsraith seo de Giob Geab Gaelbhratach, podchraoladh a thugann léargas ar an scéim seo do scoileanna ar fud na tíre a chuireann an Ghaeilge chun cinn, ó pheirspictíochtaí difriúla. Seo chugaibh comhrá álainn le hiardhalta Gaelbhratach, Ciara Ní Ghadhra, a d'fhreastail ar Scoil Iosaef, Domhnach Mór. Tá Ciara ag déanamh staidéar ar an Mhicribhitheolaíocht ar Ollscoil na Banríona - áit a bhfuil sí mar chuid de scéim chónaitheach na hollscoile. Labhraíonn sí faoin chinneadh le staidéar a dhéanamh a...2023-10-3026 minGiob Geab GaelbhratachGiob Geab GaelbhratachCóilín Ó Coigligh: Bain úsáid as an nGaeilge atá agatSeo chugaibh an dara heagrán deiridh de Giob Geab Gaelbhratach, a thugann léargas ar an scéim seo do scoileanna ar fud na tíre a chuireann an Ghaeilge chun cinn, ó pheirspictíochtaí difriúla. Míle buíochas as éisteacht go dtí seo! San eagrán seo labhraíonn Kathryn agus Ella le Cóilín Ó Coigligh, príomhoide a bhfuil baint fhada aige le Gaelbhratach, a bhí ar an gcoiste stiúrtha don chéad cúig bliana den scéim. Labhraíonn sé faoin tábhacht a bhaineann leis an scoil iomlán a bheith p...2023-10-2331 minGiob Geab GaelbhratachGiob Geab GaelbhratachRonan Barrett: Tacaíocht do ThuismitheoiríLabhraíonn Kathryn agus Ella le Ronan Barrett san eagrán seo: múinteoir bunscoile atá ag stiúradh Gaelbhratach ina scoil féin. Cuireann Ronan an-bhéim ar thacú le tuismitheoirí agus ar dhaltaí a bheith lárnach sa scéim. Pléann sé na buntáistí a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta, tugann sé moltaí teicneolaíochta don seomra ranga agus tá go leor moltaí aige fosta ar conas an saol a éascú do mhúinteoirí atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn. Cloiseann muid san eagrán seo freisin guth an phobail ar an gceist...2023-10-1632 minGiob Geab GaelbhratachGiob Geab GaelbhratachMairidh Nic Cormaic: Beidh an Ghaeilge i mo shaol go deoBhur gcéad fáilte chuig eagrán 4 de Giob Geab Gaelbhratach, podchraoladh a thugann léargas ar an scéim seo do scoileanna ar fud na tíre a chuireann an Ghaeilge chun cinn, ó pheirspictíochtaí difriúla. Inniu labhraíonn Kathryn agus Ella le Mairidh Nic Cormaic, iardhalta Gaelbhratach le Gaelcholáiste an Eachréidh a bhfuil a comhlacht féin aici, Sew It Seams. Pléann Mairidh an cinneadh le héirí as an gcúrsa ollscoile Gaeilge, le dul i dtreo an fhaisin ina áit. Insíonn sí dúinn fosta faoin taithí a b...2023-10-0929 minNóisinNóisin#11 'Sílim that...' le Kathryn Ní MhaoláinBhuel a chairde, aon scéal? Táimid ar ais le heagrán úr daoibh le haoi fíor-inspioráideach, an laoch agus ceannródaí í féin Kathryn Ní Mhaoláin. Go dtí seo, tá cáil bainte amach aici leis an bpodcraoladh uathúil, 'Sílim that...' ach anuas ar sin, tá Kathryn i mbun oibre ar an bpodcraoladh úrnua, Giob Geab Gaelbhratach! Ní féidir a shéanadh gur spreag 'Sílim that...' muidne chun ár bpodcraoladh féin a chruthú! Mar sin, bhí gliondar orainn fáilte Uí Cheallaigh a chur roimpi don eagrán seo. D'inis sí dúi...2023-10-0454 minGiob Geab GaelbhratachGiob Geab GaelbhratachEdel Ní Bhraonáin: Tá deis i ngach dúshlánAn tseachtain seo, labhraíonn Kathryn agus Ella le hEdel Ní Bhraonain, atá ag obair ar an scéim Gaelbhratach leis na hiar-bhunscoileanna ó bhí 2018 ann. Pléann sí an tábhacht a bhaineann le bheith réalaíoch ach samhlaíoch, le pobal a chruthú ar ollscoil, agus le tacaíocht. Luann Edel fosta na deiseanna a bhí aici de bharr na Gaeilge: turas go Hong Kong, Teach na Gaeilge, a cuid oibre le Conradh na Gaeilge, agus na Gaeil Óga. Tá manna ag Edel, go bhfuil deis i ngach dúshlán, agus tá sin soiléir ón gcomhrá seo. 2023-10-0229 minGiob Geab GaelbhratachGiob Geab GaelbhratachLíosa Breathnach: Daltaí a chumasúSeo chugaibh an dara eagrán de Giob Geab Gaelbhratach, a thugann léargas ar an scéim seo do scoileanna ar fud na tíre a chuireann an Ghaeilge chun cinn, ó pheirspictíochtaí difriúla. San eagrán seo labhraíonn Kathryn agus Ella le Líosa Breathnach, múinteoir iar-bhunleibhéal Gaeilge agus Gearmáinise, atá páirteach sa scéim Gaelbhratach le 10 mbliana. Labhraíonn Líosa faoin tábhacht a bhaineann le cumhacht na ndaltaí agus iad a chumasú, faoin tábhacht a bhaineann le comhoibriú le daltaí agus le múinteoirí eile, agus ar...2023-09-1828 minGiob Geab GaelbhratachGiob Geab GaelbhratachBarry Ó Síochrú: Tacaíocht agus saol na Gaeilge i ndiaidh na scoileTá Gaelbhratach 10 mbliana ar an bhfód! Fáilte chuig an chéad eagrán de Giob Geab Gaelbhratach, a thugann léargas ar an scéim seo do scoileanna ar fud na tíre a chuireann an Ghaeilge chun cinn, ó pheirspictíochtaí difriúla. San eagrán seo labhraíonn Kathryn agus Ella le Barry Ó Síochrú, iardhalta Gaelbhratach agus an chéad oifigeach lán-aimseartha don Ghaeilge sa tír, in Ollscoil na Gaillimhe. Tugann Barry léargas ar an spreagadh a thug an scéim Gaelbhratach dó ar thús a aistir leis an Ghaeilge...2023-09-1132 minGiob Geab GaelbhratachGiob Geab GaelbhratachRéamhbhlaiseadh Giob Geab GaelbhratachSeo podchraoladh ina labhróidh Ella agus Kathryn le baill de phobal Gaelbhratach: múinteoirí, iardhaltaí agus baill foirne. Pléann siad téamaí atá lárnach sa scéim agus i saolta na n-aíonna féin, na dúshláin agus deiseanna a bhaineann leis an scéim, agus an tionchar a bhí ag an scéim ar a saolta. Bígí linn gach Luan! Lean Gaelbhratach ar Instagram @gaelbhratach TikTok @gaelbhratach agus Twitter @Gaelbhratach10 Tá Gaelbhratach á reáchtáil ag Gael Linn le maoiniú ó: Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An R...2023-09-0501 min