podcast
details
.com
Print
Share
Look for any podcast host, guest or anyone
Search
Showing episodes and shows of
Kathryn Ni Mhaolain
Shows
Iris Aniar
Kathryn Ní Mhaoláin, colúnaí.
Kathryn Ní Mhaoláin, colúnaí as Carn Tóchair a bhí ag freastal ar ar chúrsa iriseoireachta anseo i gConamara le gairid.
2025-07-08
09 min
30 S.O.S.
30 S.O.S. - Féinmhuinín
Caidé mar is féidir liom a chinntiú go mbeidh mé níos socra agus níos muiníní ná riamh ionam féin i mo chuid triochaidí?How can I be more content and confident than ever in my thirties?An tseachtain seo, tá an cóitseálaí saoil Marian Ní Chonghaile liom agus sa Choirneál Comhrá, tá Doireann Ní Ghlacáin agus Kathryn Ní Mhaoláin.Is léiriú é 30 S.O.S de chuid Dearcán Media, taifeadta i Stiúideo Feirste agus maoinithe ag an Chiste Craoltóireachta
2024-04-24
40 min
Sílim that...
#30 Tomaí Ó Congaile: An Bás agus an Bheatha
Tá aithne ag na Gaeil ar Thomaí mar bhunaitheoir NÓS, mar aistritheoir agus mar scríbhneoir. Labhraím le Tomaí inniu mar dhuine: faoin bhás, faoin bheatha, faoin bhrón, faoi chreidimh dhifriúla agus faoi leigheas na bplandaí. Is duine ar leith é Tomaí agus bhain mé an-sult as an chomhrá seo! Léigh NÓS ar nós.ie (Comhairle Carad go háirithe!) Lean @silimthatpod ar Instagram agus ar TikTok! Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comh...
2024-01-24
1h 14
Sílim that...
#29 Máire Ní Churraoin: Is breá liom mo shaol
Labhraím leis an amhránaí, láithreoir agus cruthaitheoir ábhair galánta, Máire Ní Churraoin as Ráth Chairn, faoin áthas, faoin tábhacht a bhaineann le mná ag ceiliúradh ban, faoina bród dá ceantar dúchais agus go leor leor eile. Lean @maire_nichurraoin @ancheadghluineile agus coinnigh súil amach don albam! Lean muid ar Instagram & TikTok @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that..."...
2024-01-17
51 min
Sílim that...
#28 Idir an dá linn...
Labhraím faoin tábhacht a bhaineann le "tréimhsí feithimh" inár saolta, gan glacadh leis an bhrú bogadh chuig an chéad "stad saoil" eile, cad é atá "amuigh agus istigh" domhsa in 2024, agus leideanna le sult a bhaint as mí Eanáir. Lean muid ar Instagram & TikTok @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh trí Ghaeilge, ach ní faoin Ghaeilge.
2024-01-03
39 min
Sílim that...
#27 Rebecca James: Teorainn agus Sonas
Labhraím le Rebecca James, coitseáil agus seachránaí, faoi theorainn, féinchúram chrua, an cinneadh ar ghlac sí gan a bheith ag ól, agus níos mó. Lean @sonascoaching @rebeccajames__ le níos mó eolais a fháil faoina cuid oibre! https://www.eventbrite.com/e/deireadh-seachtaine-follaine-tickets-748517575217?aff=ebdsshcopyurl&utm-campaign=social&utm-content=attendeeshare&utm-medium=discovery&utm-source=&utm-term=organizer-profile&utm-share-source=organizer-profile le ticéad a fháil don deireadh seachtaine folláine! Lean muid ar Instagram & TikTok @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna...
2023-12-20
51 min
Sílim that...
#26 Cian Mac Coisteala: Éad
Comhrá álainn le cara mór de chuid Sílim that, a bhfuil a phodchraoladh féin aige, Nóisin ar Raidió RíRá. Labhraíonn Cian faoin chinneadh deacair a chúrsa ollscoile a fhágáil, faoin phointe is ísle ina shaol, faoin ardteist le linn na pandéime, faoin éad agus faoin dóchas. Tá comhairle iontach aige maidir leis an éad a úsáid ar bhealach dhearfach, le fás a spreagadh. *Rabhadh ábhair* Tá caint san agallamh seo ar an dúlagar agus ar chúrsaí meabhairshláinte.
2023-12-14
1h 10
Sílim that...
#25 Mark Harte: Gabh sa tseans
Suím síos leis an fhear uasal, Mark Harte, le labhairt faoina shaol agus faoina shaothar. D'fhág Mark an post buan a bhí aige mar mhúinteoir le triail a bhaint as gairm iomlán nua agus tá sé anois ag obair mar Oifigeach Gaeilge in Ollscoil na Banríona, agus tá a chomhlacht féin aige chomh maith ina chuireann sé cóitseáil saoil ar fáil do dhaoine, Harte 2 Harte Coaching, gan trácht (pun intended!) ar an obair a dhéanann sé le TG4. Labhraíonn sé liom faoi na cinntí a rinne sé leis an stad seo a...
2023-12-06
1h 00
Sílim that...
#24 Somhairle Mag Uidhir: Dlúthpháirtíocht & An Phalaistín
Déanann Somhairle Mag Uidhir plé liom ar an dlúthpháirtíocht agus an Phalaistín. @irish.artists.for.palestine @cairdepalestinebf @dreamdearg
2023-11-22
1h 00
Sílim that...
#23 Dr. Abigail Walsh: Intleacht Shaorga & An Duine Daonna Seachtain na hEolaíochta 2023
Bhí an t-ádh orm agallamh a chur ar an Dr Abigail Walsh, atá i mbun taighde ar an Phróiseáil Nadúrtha Teanga (NLP*), faoin Intleacht Shaorga (AI*) fá choinne Seachtain na hEolaíochta 2023. Téama na bliana seo le linn Seachtain na hEolaíochta ná an duine daonna, agus chuige sin, bhí mé ag iarraidh a fhiosrú: cén tionchar a bhéas ag an Intleacht Shaorga ar eispéireas an duine daonna amach anseo? *Muna dtuigeann tú na téarmaí seo, ná bí buartha! Níor thuig mise ach oiread - pléann muid sin ar fa...
2023-11-15
56 min
Sílim that...
#22 Cuir suim i suimeanna do phairtnéir
An tábhacht a bhaineann le suim gníomhach a chur i suimeanna do phairtnéir, agus aird a thabhairt ar na rudaí beaga. Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh lán-Ghaeilge.
2023-10-12
28 min
Nóisin
#11 'Sílim that...' le Kathryn Ní Mhaoláin
Bhuel a chairde, aon scéal? Táimid ar ais le heagrán úr daoibh le haoi fíor-inspioráideach, an laoch agus ceannródaí í féin Kathryn Ní Mhaoláin. Go dtí seo, tá cáil bainte amach aici leis an bpodcraoladh uathúil, 'Sílim that...' ach anuas ar sin, tá Kathryn i mbun oibre ar an bpodcraoladh úrnua, Giob Geab Gaelbhratach! Ní féidir a shéanadh gur spreag 'Sílim that...' muidne chun ár bpodcraoladh féin a chruthú! Mar sin, bhí gliondar orainn fáilte Uí Cheallaigh a chur roimpi don eagrán seo. D'inis sí dúi...
2023-10-04
54 min
Sílim that...
#21 Plean féinchúraim i rith tréimhse aistrithe
Mo chuid smaointe ar thréimhse aistrithe saoil agus plean féinchúram le dul i ngleic leo. Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh lán-Ghaeilge. Le tacaíocht ó Gael Linn
2023-10-04
34 min
Sílim that...
#20 Moya Doogan: Environmental Éadaí
Comhrá GALÁNTA le Moya Doogan, atá ar dhuine de cheannródaithe móra an fhaisin inbhuanaithe, go háirithe i saol na Gaeilge. Labhraíonn muid faoina taithí teilifíse, na contúirtí a bhaineann le hathrú aeráide, a himeachtaí "Switch", agus impleachtaí an fhaisin ghasta - agus moltaí deasa le bheith níos inbhuanaithe! Is réalt í Moya, thaitin an comhrá liom an oiread sin agus tá súil agam go mbainfidh sibhse! Lean @environmentaleadai le níos mó eolais a fháil faoin fhaisean inbhuanaithe agus a cuid imeachtaí Switch! Lean muid ar Instagr...
2023-09-27
53 min
Sílim that...
#19 Seán Ó Dubhchon: Tábhacht na Scéalta
Bhí mé ar bís deis a fháil labhairt le cara liom Seán Ó Dubhchon: scríbhneoir, file, craoltóir, múinteoir agus go leor leor eile. Labhair muid faoin tábhacht a bhaineann le scéaltaí, sna cláracha a dhéanann sé, san fheachtasaíocht, agus roinneann Seán a scéal cumhachtach féin. *Rabhadh ábhair: tá caint ar neamhoird itheacháin agus cúrsaí meabhairshláinte ó thart fá 35 bhomaite istigh san agallamh seo* Lean @seantodubhchon le níos mó eolais a fháil faoina chuid cláracha iontacha!
2023-09-06
1h 08
Gaeilge Weekly
#17: Kathryn Ní Mhaoláin
Éist le 'Sílim that...' anseo. Agus is féidir leat leathanach Kathryn a leanúint ar Instagram anseo: https://www.instagram.com/silimthatpod/ Buíochas le Kathryn as a bheith ar an bpodchraoladh, beidh níos mó aíonna ar an seó go luath! --- Le haghaidh tuilleadh acmhainní eile (físeáin, podchraoltaí, cúrsaí, PDFs...), téigh go www.learnirishonline.com - agus chun a bheith i dteagmháil linn, seol ríomhphost chugainn ar liam.learnirishonline@gmail.com Agus chun a bhei...
2023-08-30
31 min
Sílim that...
#18 Cad é mar atá do chuid codlata? #7Lá3Nós
Labhraím faoin tábhacht a bhaineann le codladh agus dóigheanna le do chuid codlata a fheabhsú. Míním #7Lá3Nós agus an dóigh gur féidir leatsa páirt a ghlacadh ann! Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a n-aíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh lán-Ghaeilge. Le tacaíocht ó Gael Linn
2023-08-23
30 min
Sílim that...
#17 Michael Gerard Doherty: Creid
Tá mé ag iarraidh Michael Gerard a chur faoi agallamh ón bhomaite gur chinn mé go gcuirfinn tús leis an phodchraoladh seo. Bhuail mé leis agus mé ar chleachtadh teagaisc lena rang bunscoile aus chuaigh an dearcadh agus an díograis a bhí aige go mór i bhfeidhm orm. Ó shin, tá Michael Gerard éirithe as an teagasc agus labhraím leis agus é ar tí tus a chur le ré nua ina shaol: MGD Coaching. Is coitseáil saoil agus feidhmíochta (life & performance coaching) atá i gceist agus beidh sé á seoladh ar an seachtain seo chugainn. Pléann muid neart rudaí ei...
2023-08-17
1h 23
Sílim that...
#16 Clabhsúr, deireadh ré & tús caibidil nua
Ceann pearsanta agus measartha mothúchánach, agus ceann atá ar intinn agam le tamall! An tábhacht a bhaineann le clabhsúr i dtréimhse áirithe, mo thaithí féin leis & cén dóigh lena bhaint amach i do shaol féin. Deireadh scoile nó ollscoile, fágáil phoist, bogadh tíre nó eile - tá clabhsúr mar chuid dó ar fad. Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a n-aíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...
2023-07-06
22 min
Sílim that...
#15 Lisa Nic an Bhreithimh: Easpa eolais vs Aineolas
Is craoltóir raidió agus gníomhaí pobail í Lisa a oibríonn le ShoutOut, comhlacht a chuireann ceardlanna oideachais ar fáil faoin phobal LADTA+, agus le Equality for Children, a oibríonn ar son cearta páistí i dteaghlaigh le tuismitheoirí LADTA+. Le linn mí an Bhróid, is tábhachtach é na cúrsaí seo a phlé ach tá sé tábhachtach i rith na bliana chomh maith. Phléigh muid an eite fíor-dheis (far-right), cearta LADTA agus mná, an clár atá aici ar Raidió na Life, Fada is Fairsing, agus neart eile leis. D'fhoghlaim mé cuid mhór ón bhean ilghnéith...
2023-06-21
1h 03
Fada is Fairsing
Clár 389 - 2023 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair Kathryn Ní Mhaoláin linn faoina podchraoladh nua 'Sílim That...', a saol i mBarcelona na Spáinne go dtí le gairid, an 'Sunrise Social', imirt leis an gCumann Luthchleas Gael thar sáile agus go leor eile! Chomh maith leis sin bhí Melissa Murray Figueroa ag labhairt linn ó Connecticut na Stát Aontaithe faoina cuid ceoil agus faoin turas a dhéanfaidh sí go hÉirinn chun na Gaeltachta go luath!.
2023-06-06
29 min
Sílim that...
#14 Gaylgeoirí (Cian Ó Gríofa): CLG, LADTA+ agus a bheith gafa leat féin
Bhí lúcháir orm san eagrán seo agallamh a chur ar Chian Ó Gríofa aka Gaylgeoirí, faoin phobal LADTA+, an t-eispéireas de theacht amach, faoin CLG, faoina phróiseas cruthaitheach, faoi fhuatheoirí, faoi fhéiníomhá coirp agus neart eile. Thaitin an comhrá seo liom an oiread sin, tá súil agam go mbainfidh sibh sult as. -Kathryn Lean Cian ar Instagram, Tiktok agus Twitter @gaylgeoiri Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a n-aíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus co...
2023-05-17
54 min
Sílim that...
#13 Alcol & Cultúr an Ólacháin in Éirinn agus Thar Lear
San eagrán seo déanaimse plé ar chultúr an ólacháin, na difríochtaí idir meonta Éireannaigh sa bhaile, Éireannaigh thar lear agus daoine as tíortha eile, agus mo chaidreamh féin leis an alcol. Tá súil agam go mbainfidh sibh tairbhe as an eagrán seo. -Kathryn Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a n-aíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh nua Gaeilge. Le tacaíocht ó Gael Linn
2023-04-26
27 min
Sílim that...
#12 Cáit san Áit: Taisteal, díoma agus aithne a chur ort féin
Labhair mé le Cáit Ní Éalaithe, nó "Cáit san Áit" mar a ghlaoitear uirthi ar a cainéal YouTube agus a leathanach Instagram. Is vlagálaí taistil í Cáit atá i ndiaidh taisteal go dtí níos mó ná 40 tír, agus ba mhaith léi cuairt a thabhairt ar níos mó ná 100! Déanann sí a cuid vlagála ar fad trí Ghaeilge, a léiríonn an grá atá ag Cáit dá tír dúcháis chomh maith. Phléigh muid a mianta taistil, a mianta saoil, briseadh amach as an ghnáththraidisiún do mhná óga, deileáil l...
2023-04-19
55 min
Sílim that...
#11 Cairde i do 20í & 30í
Tá muid ar ais! San eagrán seo déanaimse plé ar cén fáth a bhfuil sé níos deacra cairde a dhéanamh agus a choinneáil agus tú ag éirí níos sine, i mbun staideanna saoil difriúla ó do chuid cairde. Tugaim nodanna ar dhóigheanna le cairdeas a chothú le do sheanchairde, agus cairde nua a dhéanamh, bíodh sin i gcathair nua, tír nua, post nua nó díreach san áit a bhfuil tú. Tá súil agam go mbainfidh sibh tairbhe as an eagrán seo. -Kathryn ...
2023-04-12
41 min
Sílim that...
#10 Jonathan Harkin: Cuid 2 Sárú Intinne
Sa dara cuid den agallamh seo le Jonathan Harkin, cóitseálaí meoin, déanann muid plé ar nósanna a láidriú, chomh maith le clárú néaraitheangeolaíoch [neuro-liguistic programming/NLP]. Lean Jonathan ar Instagram @jonathan_harkin Lean muid ar Instagram, Tiktok & Twitter @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a n-aíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh nua Gaeilge. Le tacaíocht ó Gael Linn
2023-02-03
35 min
Sílim that...
#9 Jonathan Harkin: Cuid 1 Brisphointe
Rabhadh: tagairt déanta san eagrán seo ar an dúlagar agus ar an fhéinmharú [depression & suicide]. Sa chéad cuid den agallamh a rinne mé le Jonathan, labhair sé liom faoin dóigh ar bhog sé go Dubai ar son an ghrá (agus tá sé anois idir gheall agus pósadh leis an bhean chéanna, Katherine), faoina aistear leis an mheabharshláinte, agus faoin oíche ar bhuail sé tóin poill agus gur bheartaigh sé ar rudaí a thiontú thart. Is cóitseálaí meoin anois é Jonathan, chomh maith le múinteoir bunscoile. Lean Jona...
2023-01-28
58 min
Sílim that...
#8 7 gCineál Scíste
Ní leor codladh amháin chun do chorp a athchóiriú má tá tú scriosta... Déanaimse plé san eagrán seo ar an 7 gcineál scíste atá de dhíth orainn, cén dóigh le haimsiú má bhíonn siad de dhíth ort, agus cad é a thig leatsa a dhéanamh go praicticiúil le níos mó fuinnimh a bheith agat sa 7 ngné seo. Mar achoimre, is iad an 7 gcineál scíste ná: scíste fhisiceach (gníomhach agus éighníomhach), scíste mheabhrach, scíste chéadfach, scíste chruthaitheach, scíste mhothúchánach, scíste shóisial...
2023-01-20
35 min
Sílim that...
#7 Ciana Ní Churraoin: Ní féidir liom...fós
Cuirimse agallamh ar Chiana, comhairleoir feidhmiúcháin intinne a mbíonn ag plé le siceolaíocht spóirt go háirithe san earnáil CLG. Oibríonn sí le The Space In Between, comhlacht a chuireann sláinte an imreora chun tosaigh, go háirithe sa phobal LADTA+. Pléann muid sin ar fad, chomh maith le rúin na hathbhliana agus cothú nósanna. D’fhoghlaim mé cuid mhór ón chomhrá seo agus tá súil agam go bhfoghlaimeoidh sibhse chomh maith. Lean The Space In Between ar Instagram @thespaceinbetweenmpc @thespaceinbetweenasgaeilge Lean muid ar Instagram @silim...
2023-01-12
42 min
Sílim that...
#6 Grá don gheimhreadh
Solo-eagrán eile liom faoi na dóigheanna a théimse i ngleic le dorchadas an gheimhridh, agus gur cheart dúinn grá a bheith againn dó agus glacadh leis, seach as maireachtáil fríd amháin. Uasdhátú beag saoil fosta ar na turais a bhí agam ar na mallaibh, agus cad é atá le teacht ar an phodchraoladh amach anseo. Lean muid ar Instagram agus Twitter @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a n-aíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh nua Gaeilge. Le tacaíocht
2022-12-14
27 min
Sílim that...
#5 Foirfeacht
Eagrán liom féin ina ndéanaimse plé ar an fhoirfeacht: an dóigh a chuireann sé isteach ar ár saolta, a chuireann sé barraíocht brú orainn, a chuireann sé bac orainn rudaí a chur i gcrích agus a chuireann sé stop nó moill orainn cinntí a ghlacadh - beag nó mór. Labhraím faoi na dóigheanna a théimse féin i ngleic leis seo ar fad, go háirithe le cinntí agus an baint atá aige sin lenár néarchóras agus "fight or flight". Lean muid ar Instagram agus Twitter @silimthatpod
2022-11-30
35 min
Sílim that...
#4 Seán Ó Maoilchiaráin: De réir a chéile
Hola agus fáilte ar ais chuig "Sílim that..."! San eagrán seo cuirim agallamh ar Sheán Ó Maoilchiaráin, podchraoltóir le Gaeilge Anois agus ambasadóir meabharshláinte na bhfear. Labhraíonn muid faoin aistear a bhí aige féin leis an Ghaeilge, agus an aistear a bhí aige lena mheabharshláinte féin. Tá Seán ag glacadh páirte i Movember arís i mbliana agus insíonn sé dom faoin charthanacht, a cheangail féin leis agus an cásadh atá seisean ag cur ar an fheachtas i mbliana. Bhí sé ionraic agus oscailte agus bhain mé an...
2022-11-16
46 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Kathryn Ní Mhaoláin
Labhraíonn Kathryn Ní Mhaoláin le Seán faoina podchraoladh nua 'Sílim That...', a EP 'Glas', a saol i gCarn Tóchair, Machaire Rabhartaigh agus Béal Feirste, agus an méid atá idir lámha aici i mBarcelona, saothar le Sunrise Social ina measc.
2022-11-11
23 min
Sílim that...
#3 Cumha
Seo é an tríú eagrán de "Sílim that..." ina ndéanaim plé ar an chumha: cumha baile, cumha an Oireachtais agus cumha i ndiaidh daoine eile atá thar lear. Tá conaí orm in Barcelona anois agus bhuail an cumha mé ar mo thuras (fhada) ar ais anseo ón Oireachtas. Tá saol iontach cruthaithe agam dom féin, agus ag neart daoine eile atá thar lear, ach ní hionann sin is a rá nach gcrónaíonn muid an baile, go háirithe nuair atá ócáid mhór nó speisialta ann a bhaineann le cairde nó teaghlach. Lean muid ar Instagram...
2022-11-09
25 min
Sílim that...
#1 Nósanna a d'athraigh mo shaol
Fáilte chuig an chéad eagrán de "Sílim that..." ina ndéanaim plé ar na nósanna beaga a d'athraigh mo shaol. Rudaí simplí ach nuair a dhéantar go rialta agus go leanúnach iad, déanfaidh siad difear do d'intinn, do chorp agus d'anam. Seo é an podchraoladh a dhéanaim tagairt dó san eagrán: shorturl.at/gpQR5 Lean muid ar Instagram @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a n-aíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podc...
2022-11-02
27 min
Sílim that...
#2 Aileen McAlister: Tá cúis le achan rud
Fáilte chuig an dara eagrán de "Sílim that..." ina labhraím leis an bhean uasal, Aileen McAlister. Is í Aileen Rós Dubai faoi láthair, is múinteoir bunscoile í agus múinteoir damhsa fosta le Reelrobics Dubai agus Reelrobics Causeway. San eagrán seo pléann muid an aistear a bhí ag Aileen le Rós Thrá Lí, imirce agus an saol thar lear, Reelrobics agus an tábhacht a bhaineann le pobal thar lear agus sa bhaile - agus neart eile! Bhain mé sult mór as an chomhrá le hAileen, tá fuinneamh ar leith aici agus dearcadh io...
2022-11-02
42 min