Look for any podcast host, guest or anyone
Showing episodes and shows of

Niall O Siadhail

Shows

Nuacht MhallNuacht Mhall19 Aibreán 2025 (Tír Eoghain)Inniu an naoú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá sé ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin inniu go mbeidh sos cogaidh ann go dtí deireadh Dhomhnach na Cásca, agus go bhfuil sé ag súil go ndéanfaidh an Úcráin an rud céanna. Bhí muintir na hÚcráine amhrasach faoin fhógairt, áfach, ós rud é go bhfuil a lán sos cogaidh briste ag na Rúisigh ó bhí 2014 ann. Tá an scéal amuigh go bhfuil na Stáit Aontaithe sásta leithinis na Crimé a ligean don Rúis chun so...2025-04-1904 minNuacht MhallNuacht Mhall8 Márta 2025 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá sé ráite ag na húdaráis in Sante Fe, New Mexico, go bhfuair an t-aisteoir mór le rá Gene Hackman agus a bhean chéile Betsy Arakawa bás nádúrtha an mhí seo caite. Thángthas ar an bheirt agus iad marbh ina dteach ag deireadh mhí Feabhra, agus i ndiaidh fiosrúcháin is léir go bhfuair Arakawa bás mar gheall ar shiondróm scamhó...2025-03-0804 minNuacht MhallNuacht Mhall28 Nollaig 2024 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail. Cailleadh tríocha a hocht duine Lá Nollag nuair a thuirling eitleán ón Asarbaiseáin de thuairt sa Chasacstáin. Bhí beagnach seachtó duine ar bord an eitleáin, a d’fhág Baku, príomhchathair na hAsarbaiseáine, go luath maidin Dé Céadaoin. Bhí an t-eitleán ag iarraidh tuirlingt in Grozny sa tSeisnia nuair a mhothaigh na paisinéirí trí phléasc agus cuireadh an t-eitleán ar...2024-12-2806 minNuacht MhallNuacht Mhall2 Samhain 2024 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Cailleadh níos mó ná dhá chéad duine sa Spáinn an tseachtain seo nuair a bhuail tuilte lár, oirthear agus deisceart na tíre, go háirithe sa réigiún València. Tharla na tuilte i ndiaidh fearthainn an-trom ar fad, agus scriosadh feithiclí, droichid agus soilsí sráide le linn na tubaiste. Ní fios cé mhéad duine atá fós ar iarraidh ach is léir gurb iad seo na tuilt...2024-11-0206 minNuacht MhallNuacht Mhall24 Lúnasa 2024 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá ionchúisitheoirí san Iodáil ag smaointiú ar chúisimh dúnorgana maidir le bás seachtair nuair a chuaigh an t-oll-luamh Bayesian go tóin poill amach ó chósta na Sicile Dé Luain. I measc na marbh tá Mike Lynch, Sasanach de bhunús Éireannach a bhunaigh an comhlacht idirnáisiúnta teicneolaíochta Autonomy. Bhí Lynch ag ceiliúradh go bhfuarthas neamhchiontach é i gcúisimh calaoise sna Stáit Aontaithe...2024-08-2404 minNuacht MhallNuacht Mhall15 Meitheamh 2024 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Siadhail. In Éirinn, thángthas ar thorthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach an deireadh seachtaine seo caite. Choinnigh na páirtithe móra Fianna Fáil agus Fine Gael a líon vótaí agus d'éirigh go maith le roinnt mhaith iarrthóirí neamhspleácha ach theip ar Shinn Féin a líon vótaí a mhéadú. Teip mhór a bhí ann do pháirtí a raibh tacaíocht mhór...2024-06-1505 minNuacht MhallNuacht Mhall6 Aibreán 2024 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Beidh Simon Harris ina Thaoiseach Dé Máirt nuair a fhillfidh Teachtaí Dála ar an Dáil i ndiaidh shos na Cásca. Ós rud é nach raibh aon iarrthóir eile do cheannaireacht Fhine Gael tar éis do Leo Varadkar éirí as an ról, tá Harris ina cheannaire gan toghchán ach beidh vóta de dhíth sa Dáil chun é a dheimhniú mar Thaoiseach, an Taoiseach is óige i stair an stáit ag s...2024-04-0604 minNuacht MhallNuacht Mhall27 Eanáir 2024 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Niall Ó Siadhail. Dé hAoine, d’fhógair an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta go gcaithfidh Iosrael cinntiú nach bhfuil cinedhíothú ar siúl i Stráice Gaza. De réir an rialaithe, a tugadh sa Háig inné, tá ar Iosrael a dhícheall a dhéanamh gan cinedhíothú a ligean, agus gan fianaise gur tharla cinedhíothú a scriosadh. Cé nár iarradh sos cogaidh orthu sa bhreithiúnas idirlinne s...2024-01-2705 minNuacht MhallNuacht Mhall18 Samhain 2023 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Tharla comhdháil i nGána an tseachtain seo inar tháinig comhaltaí le chéile ón Aontas Afracach agus Cómhargadh Mhuir Chairib, 75 tír san iomlán. Tá sé ar intinn acu seasamh gualainn ar ghualainn chun áitiú ar thíortha Eorpacha cúiteamh a dhíol as coireanna stairiúla, lena n-áirítear an trádáil thrasatlantach sclábhaíochta. Foilseofar Forógra Accra, ina leagfar amach conas a...2023-11-1805 minNuacht MhallNuacht Mhall16 Meán Fómhair 2023 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail. Tharla dhá thubaiste nádúrtha uafásacha i dtuaisceart na hAfraice an tseachtain seo caite. Tharla crith talún ar mhéid 6.9, ar a dtugtar 'foréigneach' ar scála déine Mercalli, i Maracó, 70 ciliméadar siar ó dheas ó Marrakesh, agus cailleadh 3,000 duine. Ba é an crith talún ba láidre a taifeadadh sa tír ó bhí 1960 ann. Ansin, taifeadadh an cioclón ba mharfaí riamh sa Mheánmhuir, Stoirm Dani...2023-09-1605 minNuacht MhallNuacht Mhall15 Iúil 2023 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Siadhail.   Tá sé maíte ag ginearál de chuid Arm na Rúise gur tugadh bata agus bóthar dó mar gur inis sé an fhírinne do na ceannairí míleata i Moscó. Deir an Maorghinearál Ivan Popov gur thug sé solas ar fhadhbanna lena n-áirítear easpa airtléire agus saighdiúirí a bheith gortaithe nó maraithe in ionsaithe ón Úcráin. Is cosúil gur chuir Popov na t...2023-07-1704 minNuacht MhallNuacht Mhall8 Aibreán 2023 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Bhí imeachtaí ar siúl ar fud Thuaisceart Éireann Dé hAoine chun comóradh a dhéanamh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Síníodh an Comhaontú cúig bliana is fiche ó shin chun deireadh a chur leis na Trioblóidí, inar maraíodh trí mhíle go leith duine, agus ghlac an pobal leis an chomhaontú trí reifreann i mí na Bealtaine sa bhliain chéanna. Ba iad an DUP an páirtí mór amháin a s...2023-04-0805 minNuacht MhallNuacht MhallCothrom an Lae - 16 Márta (Tír Eoghain)Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an séú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Cothrom an lae seo sa bhliain 1872, imríodh an chéad chluiche ceannais sa Chorn FA i Sasana. Bunaíodh an FA féin siar in 1863 ach cuireadh tús leis an chéad Chorn FA i mí na Samhna 1871 agus tharla an cluiche ceannais ar 16 Márta 1872. Ba iad Wanderers FC ó Leytonstone in oirthear Londan a fuair an ceann is fearr ar a n-iomaitheoirí na Royal Engineers. Scóráil Morton Be...2023-03-1602 minNuacht MhallNuacht MhallCothrom an Lae - 7 Márta (Tír Eoghain)Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an seachtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Cothrom an lae seo sa bhliain 1917, eisíodh an chéad cheirnín ar a tugadh “snagcheol”, nó “jazz” sa Bhéarla. Ba é an Dixieland Original Jass Band a chum agus a sheinn “Dixieland Jass Band One-Step”. Ceaptar gur in New Orleans a cruthaíodh an seánra ceoil seo, nuair a bhíodh Afra-Mheiriceánaigh ag ceol agus ag damhsa i gCearnóg an Chongó sa chathair. Cuireadh gnéithe de chultúr na hAfraice, g...2023-03-0702 minNuacht MhallNuacht Mhall25 Feabhra 2023 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá vótáil ar siúl sa Nigéir inniu sa toghchán uachtaránachta is iomaíche a tharla le blianta fada. De ghnáth, bíonn dhá pháirtí mhóra san iomaíocht - Comhdháil na bhForasaithe Uile (APC) agus Páirtí Daonlathach an Phobail (PDP) - ach i mbliana tá ag éirí go maith le Páirtí an Lucht Oibre. Síltear go bhfuil daoine óga atá ag vótá...2023-02-2505 minNuacht MhallNuacht Mhall17 Nollaig 2022 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail. Maraíodh saighdiúir Éireannach agus gortaíodh go dona saighdiúir eile sa Liobáin an tseachtain seo nuair a rinneadh ionsaí ar an chonbhua ina raibh siad. Bhí na coimeádaithe síochana ag taisteal go Béiriút nuair a tosaíodh ag lámhach orthu le mionairm. Rugadh Seán Rooney, an saighdiúir a bhásaigh, i gContae Lú agus bhí sé ag cur faoi sa Bhaile Nua i dtu...2022-12-1704 minNuacht MhallNuacht Mhall8 Deireadh Fómhair 2022 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail. Bhí níos mó ná cúig mhíle duine i láthair ag imeacht plé maidir le todhchaí na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite. D'eagraigh grúpa neamhbhrabúis darb ainm Ireland's Future an t-imeacht, a tharla sa 3arena i mBaile Átha Cliath agus bhí neart aoichainteoirí ann, idir pholaiteoirí agus daoine eile mór le rá. De réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, is féidir le Rúnaí Stáit do Thua...2022-10-0804 minNuacht MhallNuacht Mhall27 Lúnasa 2022 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail. Ceiliúradh Lá Náisiúnta na hÚcráine Dé Céadaoin, comóradh ar neamhspleáchas na tíre sin ón Aontas Sóivéadach sa bhliain 1991. Níor tharla imeacht mór ceiliúrtha san Úcráin féin, ar mhaithe le sábháilteacht an phobail, ach rinneadh léirsithe agus agóidí in áiteanna eile ar fud an domhain, Baile Átha Cliath, Londain agus Nua Eabhrac san áireamh. Tháin...2022-08-2705 minNuacht MhallNuacht Mhall25 Meitheamh 2022 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Siadhail. Bhí bua stairiúil ag iarrthóir den eite chlé i dtoghchán uachtaránachta na Colóime Dé Domhnaigh. Bhuaigh Gustavo Petro, a bhí ina Mhéara in Bogotá, príomhchathair na tíre, roimhe seo, agus a chomhiarrthóir, bean Afra-Cholómach, an toghchán réitigh, agus beidh Petro ina chéad Uachtarán ar an eite chlé sa tír. Ó thuaidh i Stáit Aontaithe Mheiriceá, rinne a...2022-06-2504 minScéalta agus BéilteScéalta agus BéilteNiall Ó SiadhailLabhraíonn Doireann san eagrán seo leis an aistritheoir, múinteoir agus léiritheoir podchraolta Niall Ó Siadhail faoi na béilte is fearr leis agus na cuimhní cinn atá fite fuaite leo.2022-05-0724 minNuacht MhallNuacht Mhall30 Aibreán 2022 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá Emmanuel Macron i ndiaidh an lámh in uachtar a fháil ar Marine Le Pen i dToghchán Uachtaránachta na Fraince. Níor bhain Uachtarán reatha na Fraince an dara téarma amach ó rinne Jacques Chirac é fiche bliain ó shin. Chuir ceannairí éagsúla ar fud na hEorpa fáilte roimh bhua Macron, atá go mór i bhfabhar an Aontais Eorpaigh, cé go bhfuair Le Pen, atá i bhfad amach ar a...2022-04-3004 minNuacht MhallNuacht MhallCothrom an Lae - 16 Márta (Tír Eoghain)Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an séú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Cothrom an lae seo sa bhliain 1872, imríodh an chéad chluiche ceannais sa Chorn FA i Sasana. Bunaíodh an FA féin siar in 1863 ach cuireadh tús leis an chéad Chorn FA i mí na Samhna 1871 agus tharla an cluiche ceannais ar 16 Márta 1872. Ba iad Wanderers FC ó Leytonstone in oirthear Londan a fuair an ceann is fearr ar a n-iomaitheoirí na Royal Engineers. Scóráil Morton Be...2022-03-1602 minBitesize Irish PodcastBitesize Irish PodcastPodcast 138: What is Aistear, with NiallBitesize Irish is starting a new Journey. Aistear. What is Aistear, and our new foundational course Tús Maith featured on it? It launched Monday 14th March 2022. Eoin interviews Niall Ó Siadhail, our Learning Content Developer at Bitesize Irish about what is Aistear and Tús maith, and how it will help you! The podcast exclusive … Podcast 138: What is Aistear, with Niall Read More »The post Podcast 138: What is Aistear, with Niall first appeared on Bitesize Irish.2022-03-091h 01Bitesize Irish PodcastBitesize Irish PodcastPodcast 138: What is Aistear, with NiallBitesize Irish is starting a new Journey. Aistear. What is Aistear, and our new foundational course Tús Maith featured on it? It launched Monday 14th March 2022. Eoin interviews Niall Ó Siadhail, our Learning Content Developer at Bitesize Irish about what is Aistear and Tús maith, and how it will help you! The podcast exclusive … Podcast 138: What is Aistear, with Niall Read More »The post Podcast 138: What is Aistear, with Niall first appeared on Bitesize Irish.Support the showGo to www.bitesize.irish/links to find out more about courses and membership #Gaeilg...2022-03-091h 01Nuacht MhallNuacht MhallCothrom an Lae - 7 Márta (Tír Eoghain)Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an seachtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Cothrom an lae seo sa bhliain 1917, eisíodh an chéad cheirnín ar a tugadh “snagcheol”, nó “jazz” sa Bhéarla. Ba é an Dixieland Original Jass Band a chum agus a sheinn “Dixieland Jass Band One-Step”. Ceaptar gur in New Orleans a cruthaíodh an seánra ceoil seo, nuair a bhíodh Afra-Mheiriceánaigh ag ceol agus ag damhsa i gCearnóg an Chongó sa chathair. Cuireadh gnéithe de chultúr na hAfraice, g...2022-03-0702 minNuacht MhallNuacht MhallCothrom an Lae: Sraith speisialta ar son Sheachtain na GaeilgeDia daoibh, is mise Niall Ó Siadhail, eagarthóir Nuacht Mhall. Amárach cuirfear tús le Seachtain na Gaeilge, féile bhliantúil na Gaeilge, agus chun í sin a cheiliúradh, beidh sraith speisialta ar siúl againn i rith na féile. Ón chéad lá de mhí an Mhárta go dtí Lá Fhéile Pádraig, cuirfear eagrán ar fáil gach lá. Mioneagráin a bheidh iontu, a dhéanann cur síos ar eachtra stairiúil a tharla cothrom an lae sin san am atá thart, agus beidh na gnátheagráin a bhaineann le nuacht na seacht...2022-02-2801 minNuacht MhallNuacht Mhall12 Feabhra 2022 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Siadhail. Deirtear go bhfuil Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Joe Biden, chun ordú forghníomhaithe a shíniú a scaoilfidh seacht mbilliún dollar de chúlchiste Afganastánach. D’fhág rialtas daonlathach deireanach na hAfganastáine an t-airgead i mbanc an Chúlchiste Fheidearálaigh i Nua-Eabhrac agus tá sé calctha ó shin i leith mar ní raibh sé soiléir cé leis an t-airgead. Anois, ceaptar go roinnfear an t-airgead idir ío...2022-02-1204 minNuacht MhallNuacht Mhall25 Nollaig 2021 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu Lá Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail. Cuireadh ceal ar níos mó ná dhá mhíle eitilt ar fud an domhain Oíche Nollag mar gheall ar ghanntanas foirne i ndiaidh ardú tobann i líon casanna Omicron. D'éirigh leis na mílte Éireannach dul abhaile ón Bhreatain agus ón Mhór-roinn ach tá an-chuid eile sáinnithe ar leithlis i ndiaidh dóibh toradh dearfach a fháil i dtástáil Covid-19. Tá eolaithe dóchasach go bhfuil an t-athraitheach seo den v...2021-12-2504 minFada is FairsingFada is FairsingClár 318 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Lisa Nic Grianra linn le labhairt faoi na físeáin ar an aireachas agus cleachtadh análaithe a roinn sí ar líne le déanaí do Lá Domhanda na Meabhairshláinte. Chomh maith leis sin bhí Niall Ó Siadhail ó Chonradh na Gaeilge i Londain ag caint linn faoin imeacht a bhí ag an gcraobh le gairid dár teideal 'Béal Beo: An Ghaeilge sa 21ú hAois'.2021-10-2622 minNuacht MhallNuacht Mhall2 Deireadh Fómhair 2021 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail. Táthar ag súil go dtiocfadh le druga trialach nua ráta cur in ospidéal nó fiú ráta báis mar gheall ar Covid-19 a laghdú faoina leath. Tugadh an táibléad d'othair a raibh an víreas orthu dhá uair sa lá agus bhí na torthaí chomh dearfach gur stop siad an triail go luath. Anois tá an comhlacht cogaisíochta ag iarraidh cead an druga a úsáid i gcás é...2021-10-0204 minNuacht MhallNuacht Mhall21 Lúnasa 2021 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail. Beagnach fiche bliain tar éis do na Stáit Aontaithe agus a gComhghuaillithe ionradh a dhéanamh ar an Afganastáin, tá an Talaban i réim an athuair. Thit Cabúl gan frithbheartaíocht an deireadh seachtaine seo caite, agus tá eagla go dtabharfaidh an réimeas nua isteach córas dian a chuireann cosc ar shaoirse mhná na tíre. Chomh maith leis sin, tá os cionn 300,000 duine a...2021-08-2105 minSeal le Seán ar Raidió Rí-RáSeal le Seán ar Raidió Rí-RáNiall Ó SiadhailLabhraíonn an múinteoir, podchraoltóir, gníomhaí teanga agus ceoltóir Niall Ó Siadhail le Seán, agus é ar ais in Oileán an Ghuail i gContae Thír Eoghain, tar éis seal fada i Londain. Insíonn Niall dúinn faoina shuim sa Ghaeilge - béaloideas agus sean-Ghaeilge ach go háirithe - agus an saol múinteoireachta i Londain. Cloisimid faoin podchraoladh iontach Nuacht Mhall agus a chuid ceoil - tá ceol cumtha, canta agus eisithe ag Niall mar Low Flying Orchestra. Faighimid léargas ar an méid a dhéanann Niall i saol an Ghaeilge, le Conra...2021-07-3019 minNuacht MhallNuacht Mhall26 Meitheamh 2021 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá imní go bhfuil tríú tonn de phaindéim Covid-19 ar siúl agus líon cásanna an athraithigh Delta ag dul in airde sa Bhreatain. Meastar gurb iad ionfhabhtaithe i measc aosaigh óga a spreag an méadú seo, agus mar sin, moltar go nglacfaidh gach duine os cionn ocht mbliana déag d’aois leis an vacsaín chomh luath agus is féidir. In Éirinn, tá bialanna agus ti...2021-06-2604 minNuacht MhallNuacht Mhall15 Bealtaine 2021 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Siadhail. Fógraíodh i dtuarascáil chróinéara Dé Máirt go raibh deichniúir íospartach sléachta i mBaile Uí Mhurchú i mBéal Feirste in 1971 go hiomlán neamhchiontach agus níorbh iad aon bhagairt ar na saighdiúirí a dhúnmharaigh iad. Tháinig an breithiúnas seo i ndiaidh feachtas fada chun ainmneacha na n-íospartach a ghlanadh. Cáineadh príomh-aire na Ríochta Aontaithe Boris Johns...2021-05-1503 minFada is FairsingFada is FairsingClár 293 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Rónán Ó Dálaigh linn faoina tionscnamh Thriftify atá ag dul ó neart go neart le déanaí le custaiméirí in Éirinn agus ar fud na cruinne. Chomh maith leis sin labhair Niall Ó Siadhail ó Chonradh na Gaeilge i Londain faoina aistriú ó Londain go hÉirinn le gairid, Comhdháil na Breataine ar líne ar an 19 Meitheamh agus faoina ról nua ar choiste gnó Chonradh na Gaeilge.2021-04-2729 minNuacht MhallNuacht Mhall6 Márta 2021 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá Pontins tar éis gealladh a gcleachtais oibre maidir le háirithintí a athrú. Cuireadh in iúl an tseachtáin seo go bhfuil liosta sloinnte “neamh-inmhianaithe” ag an chuideachta, a reáchtálann páirceanna saoire i Sasana agus sa Bhreatain Bheag. Cé gurb iad sloinnte Éireannacha an-choitianta a bhí ar an liosta, is léir gur i gcoinne an lucht siúil a bhí an polasaí. Chuir sceithire an scéal chuig An Ch...2021-03-0603 minNuacht MhallNuacht Mhall9 Eanáir 2021 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá géarchéim an chorónvíris dulta in olcas arís in Éirinn agus sa Bhreatain agus na huimhreacha is airde feicthe ó bhí tús na paindéime ann, in ainneoin srianta nua curtha i bhfeidhm sa dá thír. Tá eagla ar na húdaráis nach mbeidh leapacha ospidéil ar fáil roimh i bhfad, agus d’fhógair Méara Londan, Sadiq Khan, go bhfuil príomhchathair...2021-01-0903 minNuacht MhallNuacht Mhall14 Samhain 2020 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Seoladh fondúireacht trasphobail nua in ómós John agus Pat Hume an tseachtain seo. Beidh sé mar aidhm ag an fhondúireacht oidhreacht síochánta na Humes a chur chun cinn, chun an chéad ghlúin eile de síochánaithe a spreagadh. Deir cathaoirleach na fondúireachta, An tOllamh Seán Farren, go bhfuil luachanna Hume de dhíth go mór sa lá atá inniu ann. An chéad...2020-11-1404 minFada is FairsingFada is FairsingClár 270 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Niall Ó Siadhail ó Chonradh na Gaeilge i Londain ag linn faoina gcuid imeachtaí i rith na paindéime, a bpodchraoladh nua 'Nuacht Mhall' agus conas mar atá cúrsaí sa Ríocht Aontaithe faoi láthair. Chomh maith leis sin labhair Laura Gaynor linn faoin bhféile scannáin Her International a d'eagraigh grúpa déagóirí ar líne.2020-10-1326 minNuacht MhallNuacht Mhall26 Meán Fómhair 2020 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá srianta nua i gcoinne Covid-19 i ndiaidh teacht isteach in Éirinn agus sa Bhreatain, agus an líon cásanna ag ardú arís. Anois tá Dún na nGall ar Leibhéal 3 le Baile Átha Cliath, gan cead ag muintir na gceantar sin an contae a fhágáil nó bualadh le grúpa mór daoine. Sa Ríocht Aontaithe tá ar thithe tábhairne druidim uair an c...2020-09-2603 minNuacht MhallNuacht Mhall1 Lúnasa 2020 (Tír Eoghain)Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. Inniu an chéad lá de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail. Tháinig níos mó na dhá chéad daoine le chéile ag Páirc an Chrócaigh inné chun ceiliúradh a dhéanamh ar an fhéile Mhoslamach Eid. Cuireadh Páirc an Chrócaigh ar fáil ionas go mbeadh scaradh sóisialta i bhfeidhm le linn na seirbhíse urnaí. I mbliana tagann Eid ag aimsir seanfhéile Gaelaí, Lúnasa. In ómós na hocáide sin, tá Camino Mha...2020-08-0103 minYarn | A Story PodcastYarn | A Story PodcastEp2: How Not to be a Spy[Two part Docu-drama]  Episode 2 of 2 This is the true story of Hermann Goertz. The Nazi spy who landed in neutral Ireland during the Second World War, on a mission to meet the IRA and organise a German-led invasion of Northern Ireland. Goertz’s time in Ireland has become something of a legend. This story is based on his own written accounts and recently declassified British and Irish secret service files. The story is full of ridiculous plans, double crosses and colourful characters. Through Goertz’s eyes we learn about the attitudes of normal people towards the new I...2020-06-0336 minYarn | A Story PodcastYarn | A Story PodcastEp1: How Not to be a Spy[Two part Docu-drama]  Episode 1 of 2 This is the true story of Hermann Goertz. The Nazi spy who landed in neutral Ireland during the Second World War, on a mission to meet the IRA and organise a German-led invasion of Northern Ireland. Goertz’s time in Ireland has become something of a legend. This story is based on his own written accounts and recently declassified British and Irish secret service files. The story is full of ridiculous plans, double crosses and colourful characters. Through Goertz’s eyes we learn about the attitudes of normal people towards the new Irish...2020-06-0339 minFada is FairsingFada is FairsingClár 236 - 2019 - Raidió na LifeAr an gclár seo, bhí Cuan Ó Seireadáin ag caint faoina leabhar nuafhoilsithe 'Douglas Hyde: The American Journey' agus na seoltaí a bhí ar siúl sna Stáit Aontaithe agus a bheidh ar siúl in Éirinn. Chomh maith leis sin chulamar pacáiste agallamh a rinne mé le Niall Ó Siadhail, Pól Batley agus Alannah Ní Ghallchobair ó Chonradh na Gaeilge i Londain ag Oideas Gael le déanaí faoi chúrsaí Gaeilge i Londain na laethanta seo agus a dturas go hÉirinn, agus le Jann as an mBriotáin ag labhairt linn i mBriotáinis.2019-11-1232 minFada is FairsingFada is FairsingClár 201 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo rinneamar ceiliúradh ar 200 clár de #FadaisFairsing! Ar an gclár, bhí scoláire iontach Fulbright John Prendergast ag labhairt linn faoin gcéad chlub iomána agus caide a bunaíodh in Ollscoil Notre Dame in Indiana na Stát Aontaithe an tseachtain seo caite. Chomh maith leis bhí Niall Ó Siadhail ag labhairt linn faoi dheireadh seachtaine Gaeilge Chonradh na Gaeilge i Londain ag deireadh na míosa!2018-11-1326 min