Look for any podcast host, guest or anyone
Showing episodes and shows of

Nuall Na NOg

Shows

Nuall na nÓgNuall na nÓgBreith Suas Linn: An scannal is déanaí is saol na polaitíochta & an chultúirSa chlár seo, pléimid tionchar an chultúir nua-aimseartha ar mheon na mac léinn maidir leis an Ghaeilge, ach an bhfuil an córas oideachais fós ag teip orthu? Ansin, caithfimid trácht a dhéanamh ar pholaitíocht chonspóideach Mheiriceá agus ar phleananna Trump, atá idir aisteach agus dáinséarach. Níos cóngaraí dúinn féin, bhí athrú stairiúil ann i gcúirteanna an Tuaisceart ó aimsir na Péindlíthe, chomh maith leis an cheist mhór i dTithe an Oireachtais faoi easpa Gaeilge an Cheann Comhairle. Bígí linn!2025-03-0645 minNuall na nÓgNuall na nÓgPod Chinn Bhliana 2024 - Ar Bealach na RéabhlóideSa chlár seo dár bpodchraoladh, caithimid súil siar ar na scéalta móra ó 2024. Ón bhfuacht go dtí an teas, is cosúil go bhfuil an domhan faoi uisce agus trí thine ag aon am amháin. Éist linn agus muid ag déanamh athbhreithniú ar an bhliain seo caite, ag déanamh anailíse ar chúrsaí reatha, ar ealaín, scannáin agus go leor eile. Ach agus muid ag smaoineamh ar fhéidearthachtaí fiáine 2025, is í an cheist ná:Cad atá romhainn? An mbeidh sé ina réabhlóid, nó an tríú Cogadh Domhanda? Tá rud amháin cinnte—...2025-02-081h 11Nuall na nÓgNuall na nÓgBród: Stair agus Todhcaí an GníomhaíochaisToisc gur deireadh seachtaine ceiliúrtha bród a bhí ann, chaith Anna & Kathleen súil siar ar bhunús Pride, ó círéibeacha Stonewall go dtí an lá inniu. Le cloisteáil anois ar Spotify, Apple Podcasts srl.2024-07-0134 minNuall na nÓgNuall na nÓgOidhreacht Chultúrtha a Chaomhnú Trí Cheol: Comhrá le Catríona Ní GhribínSa phodchraoladh seo, labhair Anna le Catríona Ní Ghribín fána obair a rinne sí don mháistreacht ag caomhnú amhráin a bhí i mbaol caillte in iarthuaisceart Tír Chonaill, agus an tábhacht idir an béaloideas agus an ceol. Fosta, insíonn sí dúinn faoina bhanna úr Huartán, agus an dóigh a meascann siad gnéithe nua-aimseartha leis an cheol traidisiúnta. Is féidir éisteacht leis an eagrán seo ar spotify nó cibé áit a héisteann sibh le bhur bpodchraoltaí. Chomh maith le sin, déanaigí cinnte éisteacht le Huartán ar Spotify...2024-04-0941 minNuall na nÓgNuall na nÓgComhghuaillíocht leis an PhalaistínSa phodchraoladh seo, pléimid stair bhréige de bhunú an Iosrael, chomh maith leis an easpa tacaíochta a léirigh rialtas na hÉireann don chás sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta agus tíortha ag baint a gcuid maoiniú ón UNWRA. Ar a bharr sin, bíonn muid ag caint ar cinneadh Sinn Féin chun taisteal go Meiriceá agus buaileadh le Genocide Joe, ról an Éimin ag saoradh na Palaistíne agus níos mó…  Ná déanaigí dearmad chun bhur dtacaíochta a thabhairt d’eagraíochta áitiúla ag obair ar son na Palaistíne...2024-02-1232 minNuall na nÓgNuall na nÓgAn Ghaeilge agus an Eite Chlé | Scoil Chois Claí 2023Phléigh an painéal seo go leor gnéithe den Ghaeilge agus a nasc leis an eite chlé, ó obair óige agus tumoideachas go díchoilíniú agus meabhairshláinte. Tá Orla Nig Oirc, Ben Ó Ceallaigh, Andrias Ó Cathasaigh agus Kerron Ó Luain le cloisteáil ann. Bígí cinnte éisteacht leis an eipeasóid seo, tá sé suimiúil ar fad! 2024-01-1254 minNuall na nÓgNuall na nÓgDúshlán Uí Chonghaile le hAndrias Ó Cathasaigh | Scoil Chois Claí 2023Is staraí, scríbhneoir agus gníomhaí as Baile Átha Cliath é Andrias a bhfuil roinnt leabhair scríofa aige ar Karl Marx, Séamus Ó Conghaile, réabhlóid na Rúise, agus scríbhneoirí radacacha Gaeilge cosúil le Pádraic Ó Conaire. Labhair sé ag Scoil Chois Claí faoina chuid oibre ar Uí Chonghaile agus an dúshlán a thugann smaointe agus obair Uí Chonghaile don éite chlé inniu. 2023-12-2428 minNuall na nÓgNuall na nÓgComhráite Oileánacha: le Fionnan Ó ConaolaAn tseachtain seo, téann muid go hInis Oírr, áit ar bhuail Anna le Fionnan tráthnóna breá grianmhar. Labhraíonn Fionann fán tsaol san oileán, veigeánachas & biafhlaitheas, agus an tábhacht a bhaineann le caomhnú shaibhreas na teanga san oileán, agus a gcuid iarrachtaí sin a dhéanamh. Labhraíonn siad ar na dúshláin atá ag teacht le géarchéim na haeráide, agus cuireann siad béim ar na buntáistí a bhaineann le stíl mhaireachtála phlanda-bhunaithe in oileán beag cosúil le hInis Oírr. Déanaigí cinnte éisteacht...2023-09-3040 minNuall na nÓgNuall na nÓgAthbheochan na scannánaíochta, an Ghaeilge ar an scáileán, agus stailceanna stairiúla in Hollywood.Bígí le hAnna agus le Kathleen agus iad ag déanamh anailíse ar saol aoibhinn na pictiúrlainne le déanaí. An ceacht é Barbie ar smaointe Feimineacha? An ndéanann Oppenheimer tionscadal Manhattan a ghlóiriú? Nó nach bhfuil iontu ach scannáin iontacha? Pléann siad an tallann atá ag teacht chun cinn in Éirinn agus aon díol bíse atá fós le teacht. Ar ndóigh, cloisimid roinnt anailísí láidre ó Andrew fosta. Beir leat do ghrán rósta! 2023-08-2449 minNuall na nÓgNuall na nÓgBreith Suas Linn! Mí an MheithimhThugamar féin an samhradh linn leis an phod seo a chomrádaícunts. Ar ndóigh bhí an submarine (fomhuireán) sin ina cheap magaidh againn; ní éistfear le haon duine eile a deir go ndáiltear saibhreas an domhain ar mhaithe leis an tsaol fán chaipitleachas - go háirithe nuair is féidir le biliúnaithe 250k a íoc chun lámh a chur ina mbás féin... Agus muid ag trácht ar rudaí ar cheart iad a chur go bun na meara, is féidir slíomadóir an tsamhraidh a thabhairt ar Robbie Keane - atá...2023-07-1439 minNuall na nÓgNuall na nÓgBreith Suas Linn! Mí AibreáinComhrá den scoth idir Anna agus Andrew ag amharc siar dóibh ar aistear s’aige go Hong Cong. Ba chaoin na cuimhní a bhí le cíoradh acu seal pléite na saoire. Tá rudaí maithe ar na bacáin d’Anna agus í ag pilleadh ar Éirinn go luath. Buille fá thuairim cé acu a chaill fidil sa tSín ? Tuilleadh fán chlann ríoga agus slíomadóirín eile…2023-05-171h 05Nuall na nÓgNuall na nÓgI gcroílár Ghaeltacht Bhéal Feirste le Darán Ó DochartaighIs beag rud níos deise ná suí cois tine le pionta Guinness i gcroílár Gaeltacht Bhéal Feirste, is cinnte é sin! Bhuail Anna isteach go Cumann Chluain Ard cúpla mhí ó shin chun caint le Darán ó Dochartaigh - aistritheoir agus gníomhaí teanga, fá stair agus todhchaí cumann cluain ard, láidreacht an teanga i mBF agus a aistear féin leis an Ghaeilge & an obair go dtí seo. Bainigí sult as! 2023-04-1839 minNuall na nÓgNuall na nÓgBreith Suas Linn! Machnamh ar Mhí Feabhra...Is mó an rud a tharla le mí anuas, agus tá Anna & Andrew níos faide óna chéile na mar a bhí siad ariamh, ach bíonn am acu i gcónaí fá choinne dreas chomhrá agus giota scannal;)2023-03-2358 minNuall na nÓgNuall na nÓgMachnamh, le Síomha SÍOMHA, sea SÍOMHA sa chathaoir the a chomhrádaithe. Ba ardú croí é an eipeasóid seo. Agus é ag druidim le comóradh bliana a halbaim ‘infinite space’, bí sé de phribhléid ag Anna a bheith ag labhairt le Síomha faoi na gnéithe éagsúla a bhaineann le halbam a chruthú, faoi bheith ainmninithe do na RTÉ Folk Awards, faoina cuid oibre le hAclaí Palestine, agus a podchraoladh nua ‘exploring infinite space and beyond’. Caithis mhillteanach Is féidir libh tacú le obair Aclaí Palestine anseo: https://www.gofundme.com/f/acla-palestine-project  agus tá nascanna chuig Patreon Síomha ar leathanac2023-03-0436 minNuall na nÓgNuall na nÓgAg foghlaim mar dhuine fásta: idir theanga agus cheol, le Miadhachlughain O'DonnellShuigh Anna le Miadhachlughain O’Donnell ag amharc siar ar an am a chaith siad lena chéile i rith na paindéime ag labhairt Gaeilge, ag canadh agus dar ndóigh, ag ól. Pléifidh Miadhach an dóigh ar bailíodh agus ar taifdeadadh na hamhráin dá EP úr, atá á sheoladh Dé hAoine beag seo (27ú Eanáir) sa Chultúrlann i mBéal Feirste agus tá ticéid ar fáil saor in aisce ó shuíomh idirlín na Cultúrlainne - tá an nasc in san bio.  Bainigí sult a chairde!2023-01-2521 minSeal le Seán ar Raidió Rí-RáSeal le Seán ar Raidió Rí-RáAnna Ní NualláinLabhraíonn Anna Ní Nualláin le Seán faoina taithí ar Céim Chun Cinn, sraith nua ar TG4, agus an méid atá ar siúl aici sa cheol traidisiúnta, leis na feachtais Mise Fosta agus Fair Plé, an podchraoladh Nuall na nÓg agus go leor eile. 2023-01-2020 minNuall na nÓgNuall na nÓgPod Cinn Bhliana 2022Bhuel féach a bhfuil anseo againn, pod úr cinn bhliana a chomrádaithe agus é i bhfad thar am. Éistigí le Andrew agus le Anna an uair seo. Beidh slíomadóirí na bliana 2022 á ndíchonstráidiú acu leis an deisbhéal, an giúmar agus an aiféis is dual daofa. Déanfar buaicphointí cultúir na bliana a chéiliúradh agus sceithfear sonraí samhnasacha Spotify Wrapped ó dhuine amháin acu. N’fheadar cé a bhí ann?! Bhí vadhbs gan smál ann seal taifeadta an phod agus táimid ag súil go mór libh a bheith ar ais inár gcuideachta ar2023-01-1756 minNuall na nÓgNuall na nÓgScéim Cónaithe Gaeilge QUB le Kathleen Ní Nualláin & Ciara Ní GhadhraLabhraíonn Anna le Kathleen Ní Nualláin & le Ciara Ní Ghadhra fán chéad scéim cónaithe Gaeilge in Ollscoil na Ríonna, fiafraítear daofa má tá siad ina mbaill de Chumann na bhfear buí agus fiosraítear cé na háiteanna is fearr fá choinne oíche drabhláis mBéal Féirste (glac a gcuid moltaí ar do phriacal féin - beirt culchies sa chéad bhliain iad ar ndóigh)2022-11-0834 minNuall na nÓgNuall na nÓgGadaíocht Aitheantais & Gabhar ar Bhus | Scéalta ó Vítneam cuid a haonTá Anna agus a deirfiúr Kathleen ag caitheamh súil siar ar a gcuid ama i Vítneam agus na heachtraí craiceáilte a tharla inti cosúil le gadaíocht aitheantais ar theorainn Laos, meaisín níocháin strapáilte ar chúl gluaisrothair, agus daoine Sasanacha nach raibh a fhios acu go bhfuil ár dteanga féin againn in Éirinn. Bainigí sult!  Le fáil ar Spotify, Anchor, Apple Podcasts srl.   www.patreon.com/leftbloc2022-09-2727 minNuall na nÓgNuall na nÓgEachtraí Mhí Aibreáin - Aistir Féinaithne i gCéin is i gCóngairD'admhaigh an gang d'aon ghlór go raibh sé thar am againn pilleadh ar an chraoltóireacht. Agus BLD char tháinig meirg ar ár gcaint. Sceitheann Andrew fá dtaobh d'eachtraí s'aige sa Téalainn agus tá scéal grá NÓ DHÓ le cíoradh fosta. Nach méanar do chuid de na daoine? 2022-04-2845 minNuall na nÓgNuall na nÓgPod Chinn Bhliana 2021: Gameshow Gaeilge - Ó ó ochómicronÁr gcuid den bhliain nua oraibh a chairde agus a chomrádaithe! Cuirfidh sé ola ar an chroí a chluinstean go raibh muid in éineacht a chéile le linn na Nollag. Ach, tholg beirt den triúr againn an víreas úd. Meas sibh cé a sheachain é?  Ar aon nós, seo ócáid le buaiceannaí na bliana groí a d'imigh tharainn a chomóradh agus na híosphointí a olagón. Seans go bhfuil cur amach agaibh ar an leagan amach ó phod chinn bhliana 2020. Aithneoidh sibh, mar sin, an iarracht a dhéanann muid idir ealaíontóirí ildánacha,is cheoltói...2022-01-0737 minThe Week at WorkThe Week at Work84. Mise Fosta (#MeToo), NPHET gagging & SIPTU staff concernsThis week Michelle is joined by Anna Ní Nualláin from the Nuall na nÓg podcast and activist with Mise Fosta (#MeToo) & Glenn Fitzpatrick, Left Bloc supporter and Unite the Union member.2021-12-051h 05Nuall na nÓgNuall na nÓgMúinteoir le linn an Lae, Striapach le linn na Sheets - Sraith II Eip 1 Cuid 1Tá muid ag dúil go mór mór leis an cheann seo a chur in bhur gcluasa a chomrádaithe. Tá muid ar ais aríst le sraith úrnua agus lógó diamhar ón Diabhal é féin @_diabhal666_ .  Labhraíonn muid go mion ach go gealgháireach fá gach rud fán spéir a bhaineann leis an tús nua, bíodh sé ina phost nó ollscoil nua etc. agus bhí aoichainteoir seoigh linn @ItsTurlough  le hé seo uilig a chur fá chaibidil.2021-11-1143 minNuall na nÓgNuall na nÓgMúinteoir le linn an Lae, Striapach le linn na Sheets - Sraith II Eip 1 Cuid 1Tá muid ag dúil go mór mór leis an cheann seo a chur in bhur gcluasa a chomrádaithe. Tá muid ar ais aríst le sraith úrnua agus lógó diamhar ón Diabhal é féin @_diabhal666_ .  Labhraíonn muid go mion ach go gealgháireach fá gach rud fán spéir a bhaineann leis an tús nua, bíodh sé ina phost nó ollscoil nua etc. agus bhí aoichainteoir seoigh linn @ItsTurlough  le hé seo uilig a chur fá chaibidil.2021-11-1052 minNuall na nÓgNuall na nÓgBliain ar an Aer |#15Catchup mór de dhíth agus Andrew ar ais ó Abu Dhabi. Giota spraoi agus muid uilig le chéile arís. Níor thuig muid a mhéad a chrónaigh muid an chraic!  2021-08-0515 minNuall na nÓgNuall na nÓgComhrá fán Phalaistín le hEoghan Ó Ceannabháin | #14An tseachtain seo bhí deis ag Cillian agus Andrew giota cainte a dhéanamh le hEoghan O’Ceannabháin ó Phobal Seachas Brabús. Labhair siad fán éagóir leanúnach atá ag dul ar aghaidh sa Phailistín agus fuaireadar amhrán uaidh fosta.2021-06-0235 minTalk With ToraTalk With ToraBusiness: Lily Stoner’sTX resident and owner of “Lily Stoner’s” Jelisa Nuall blessed the “TWT” podcast to discuss her business. She explained the unique way she came up with the name of her business, obtaining her degree in Fashion Management, the first products she dropped, and the sage farm where she purchases her products. Jelisa also mentioned how sage benefited her life, helping others in need, and Monday’s when she comes through with new merch. IG: @lilystoners Facebook: Lily Stoner’s Twitter: @LilyStoners TikTok: @lilystoners Website: www.lilystoners.com --- Support this podcast: https://podcasters.spotify.com/pod/show/talkwithtora/support2021-05-1849 minNuall na nÓgNuall na nÓgAn tSárshraith Eorpach - Scannal Saolta Sacair | #13An tseachtain seo bhí an gang ag plé peil sacair. Bhí Andrew ar seachrán ar feadh tamaill ach buíochas le dia tá sé ar ais agus níos rancásaí ná riamh! Dar ndóigh, bhí muid ag olagón fán chaipitileachas agus fán tSárshraith Eorpach ba ábhar mór conspóide le linn na seachtaine.    2021-04-2338 minSeal le Seán ar Raidió Rí-RáSeal le Seán ar Raidió Rí-RáAndrew JacksonLabhraíonn Andrew Jackson le Seán faoina shaol in Abu Dhabi faoi láthair, an bhliain mar atá sé caite aige ó bhí Márta 2020 ann, an ceol thraidisiúnta agus máistreacht atá déanta aige ar an ábhar. Insíonn sé dúinn faoin phodchraoladh Nuall na nÓg a dhéanann sé lena chairde Anna Ní Nualláin agus Cillian Mac Cába, agus faighimid léargas ar an bhfeachtas Mise Fosta agus laochra móra atá ag Andrew.2021-04-1636 minNuall na nÓgNuall na nÓgCealchultúr: Ar Ceal nó Ar Athlá? | #12An bhfuil an chumhacht agat duine eile a chealú nó ar chóir duit sochar an amhrais a thabhairt dóibh?   Agus cealchultúr go mór i mbéal an phobail ar líne fá láthair, rinne Anna agus Cillian mionscrúdú ar an ábhar le fáil amach.   Fosta beidh neart craice, cúpla cluiche agus roghnóidh an dísreach slíomadóir na seachtaine (prick of the week)! 2021-03-2527 minNuall na nÓgNuall na nÓgRéaltchomharthaí an Stoidiaca Cuid a hAon - An tIasc an tUisceadóir Agus an Leon | #11Tá an saol gann ar chreidimh a thugann léiriú macánta ar chastachtaí an nuashaoil  Téann Anna agus Andrew i ngleic le ceist na spioradáltachta agus déanann siad scagadh ar na réaltchomharthaí (Sea léigh sibh mar is ceart é). Fuasclaíonn siad an cheist: An leigheas nua - aimseartha ar an aindiachas iad nó an é nach bhfuil iontu ach cur i gcéill agus ábhar magaidh? Ó agus tá braon polaitíochta ann fosta ar ndóigh ;)2021-02-2033 minNuall na nÓgNuall na nÓgSraith Agallamh Cuid a 2: Gafa le Gaylgeoirí | #10Bhriseamar fríd dromchla ardghlórach, álainn, aerach, mar is fearr aithne atá air, agus bhuaileamar le Cian Ó Gríofa, file, eiseamláir, agus gnáthfhear galánta.   Labhair sé faoina shaoldearcadh i dtaobh na Gaeilge, faoina chúlra teanga agus faoin dóigh ar chuir sé aithne air féin agus ar ar a ghnéasúlacht i neadóg na Gaeilge.  D’imríomar cúpla cluiche leis an scúp a fháil sula ndeachaigh Aindriú a luí .  Filíocht agus leabhar nua dá chuid, Foclóir nó Teanglann? agus an réaltchomhartha s’aige uilig...2021-01-2645 minNuall na nÓgNuall na nÓgPod Chinn Bhliana 2020: Gameshow Gaeilge - An Gol is An Gáire | #9Seo seó i bhfoirm Reeling in the Years. Triaileann muid idir an mhaith is an t-olc a phlé den raic ar fad ón bhliain úd atá imithe tharainn (buíochas le focain dia). Cuireann muid sraith le chéile de na buaicphointí nuachta, ceoil, cultúrtha agus tallainne a chuir go mór mór le saibhreas an tsaoil Éireannaigh i mbliana. Luafar na daoine galánta thíos.   Bhí dúshláin mhóra le sarú ag an triúr againn i mbliana, mar a bhí ag achan duine. Ach, bhí an-bhliain againn i rith an ama. In ainneoin Covid...2021-01-0554 minNuall na nÓgNuall na nÓgScannal Scaipthe na Nocht-Íomhánna (Nudes Leak Scandal): Comhfhreagracht, Cearta agus Coireanna | #8GNÉAS-FHORÉIGEAN ÍOMHÁBHUNAITHE (image-based sexual violence) .i. leagan níos cirte den díoltas phornagrafach (revenge porn): Foréigean gnéasach a imirt ar dhuine trí mheán íomhánna graosta nó gáirsiúla a chur ar taispeáint sa timpeallacht. NÓ Díoltas a bhaint amach ar dhuine trí íomhánna príobháideacha de nó di a sceitheadh os comhair an tsaoil mar a bheadh pornagafaíocht ann   MILLEANÚ AN ÍOSPHARTAIGH: An locht a chur ar an duine atá thíos leis an choir.   ”GÁS-SOILSIÚ” (gaslighting): Mearbhall intinne a chu...2020-12-0547 minNuall na nÓgNuall na nÓgCuir Síoda ar Biden ach is Nua-Liobrálach i gcónaí é | #7Cinnte dearfa, is díol céiliúrtha í treascairt Donald Trump. Ach, an dtráfaidh borradh seo an dóchais fá riail Biden agus Kamala?  Seo comhrá gairid idir Anna agus Andrew a phléann ár dtuairimí ar thoghchán Uachtarán SAM.  (Cuirtear béim ar na gnéithe dearfacha in amantaí)2020-11-1232 minNuall na nÓgNuall na nÓgAnna i nGaillimh: Meabhairshláinte, Murica & rúinne beag Marxachais | #6Cuireann fuaimrian galánta leis an phianódóir @ellamcgrory ola ar chroí is ar intleacht na mbuachaillí sa chlár seo. Déanann siad domhantuiscintí pearsanta ar chúrsaí meabhairshláinte a chíoradh le chéile agus triaileann siad an teoireann idir mórcheisteanna eacnamaíocha agus cúinsí saoil an lae inniu a réabadh ó bhun. Ar a bharr sin, bíonn deis cainte ag @cillianmaccaba fá dheireadh 😩 (in éagmais Anna?!) Tá súil againn go mbeidh an comhrá ina údar faoisimh is inspioráide agaibh mar a bhí sé againn féin 💚2020-10-3051 minTrademark BelfastTrademark Belfast44. This is Left Bloc!Talking with Dave Gibney, Emma Clancy, Professor John Barry, Clare O'Connor about 'Left Bloc Ireland' an exciting new media & political education project in Ireland.  Alongside the Trademark Belfast podcast you can listen to the Week at Work, Nuall na nÓg, Offshore and The ABC's of Green Politics https://anchor.fm/the-week-at-work - Reviewing the weekly news in Ireland and beyond from a left perspective, breaking through the overton window of what is 'acceptable' and challenging the establishments control of  'common sense'  https://anchor.fm/nuall-na-nog - Tabharfaidh an gang aghaidh ar mhórcheisteanna sóisialta agus polaitiúla a bhainea...2020-10-1044 minThe Week at WorkThe Week at Work26. Launch of Left Bloc - a left wing media and political education projectOn this special episode, our hosts David Gibney and Clare O'Connor talk to Stiofán Ó Nualláin, Emma Clancy and John Barry about #LeftBloc, an exciting new media and political education project in Ireland. Included in the media hub is A Worker's Guide to Everything; The Week at Work; Nuall Na NÓg; Offshore; A news based website; and a Climate Justice podcast currently in production.  If you want to support the project you can do so at www.patreon.com/leftbloc. And don't forget to subscribe and share. Up the workers! 2020-10-1044 minNuall na nÓgNuall na nÓgCleamhnas, Cardi B agus ag Cronú Cairde le hEmma Ní Fhíoruisce | #5An tseachtain seo labhair muid le hEmma Ní Fhíoruisce fá gach rud óna cúlra sa cheol go dtí an próiseas scríbhneoireachta s’aici, chomh maith le go leor craice agus cúpla amhrán. An rud amháin a bhí in easnamh ná cúpla jagerbomb agus suíochán in Hiúdaí Beags. Tá súil againn go mbeidh muid uilig ‘Ar Ais go Gaoth Dobhair’ gan mhoill!2020-10-0943 minNuall na nÓgNuall na nÓgNa hEalaíona - Earnáil in Éag? | #4Bígí linn más suim libh ainm gaelach funky-áilte a chur ar bhur mbaibí nó má ba mhaith leat co-op de cheoltóirí a thoiseacht. 2020-09-1446 minNuall na nÓgNuall na nÓg#MiseFosta | #3Labhair Anna inniu le Pauline Scanlon (FairPlé) agus Deirbhle Nic an Aoire faoin ghluaiseacht a tháinig chun solais i saol an cheoil thraidisiúnta le déanaí - #MiseFosta2020-08-1442 minNuall na nÓgNuall na nÓgCOVID, Caipitleachas agus Caife ó Chúba | #2Labhair muid inniu faoi na himpleachtaí fadtéarmacha a bheidh ag COVID ar dhaoine óga - i dtéarmaí eisimirce, fostaíochta, oideachais agus tithíochta - uilig agus póit an diabhail orainn...2020-07-3130 minNuall na nÓgNuall na nÓgAn bhfuil an teanga ag fáil bháis? | #1Labhraíonn muid ar ár dtaithí féin leis an teanga, béarlachas, agus neart eile le linn an chéad phodchraoladh seo- bainigí sult!2020-07-1728 minStory ArchaeologyStory ArchaeologyFer Fio’s Cry: A Poem for Long LifeIn exploring the Dindshenchas of Inber Ailbine, we looked at the poem Nuall Fer Fio, "Fer Fio's Cry", to gain some understanding of the nine daughters of the sea in their bronze boats.  In the episode, I incorrectly attributed the translation to Dr. John Carey.  This is because I first read about the poem in his excellent article, ‘Téacsanna draíochta in Éirinn sa mheánaois luath’ [‘Magical texts in early medieval Ireland’] (translated into Irish by Pádraig Ó Fiannachta), Léachtaí Cholm Cille 30 (2000) 98-117; presented at Léachtaí Cholm Cille, Dingle, 10 April 1999.  It is also in this article that I read about the...2014-02-0902 min