Look for any podcast host, guest or anyone
Showing episodes and shows of

Parlaimint Na HEorpa

Shows

Blúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 19/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: reáchtálfaidh an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta an tríú idirphlé airgeadaíochta le hUachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh Christine Lagarde; pléifidh an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta na himpleachtaí do fhrithbhearta trádála an Aontais arna nglacadh mar fhreagra ar tharaifí na Stáit Aontaithe ar tháirgí an Aontais; vótálfaidh an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta chomh maith ar dhá thogra chun cúnamh macra-airgeadais a sholáthar in iasachtaí don Éigipt agus don Iordáin.2025-03-1901 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 18/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Magnus Brunner, an Coimisinéir um Ghnóthaí Inmheánacha agus Imirce, ag caint leis an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, Ceartas agus Gnóthaí Baile; tugann an Breitheamh Tomoko Akane, Uachtarán na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, aitheasc don Fhochoiste um Chearta an Duine agus don Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla; freastalaíonn toscaireacht ó Choiste um Chearta Ban agus um Chomhionannas Inscne na Parlaiminte ar an 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe ar Stádas na mBan i Nua-Eabhrac.2025-03-1801 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 17/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: pléifidh an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh na forbairtí is deireanaí sa bheartas fuinnimh; pléifidh an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta rialacha nua d’oiliúnaithe; agus pléifidh an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht cearta paisinéirí do dhaoine a úsáideanna modhanna iompair éagsúla dá dturais.2025-03-1701 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 14/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: chríochnaigh an suí iomlánach inné. In Strasbourg, d’athdhearbhaigh an Pharlaimint gur gá don Aontas rannchuidiú le ráthaíochtaí slándála don Úcráin; ghríosaigh na Feisirí an tAontas agus na Ballstáit chun tacú le fórsaí idirthréimhseacha na Siria; d’fhormheas an Pharlaimint comhaontú freisin faoi shonraí as taifead ainmneacha paisinéirí aeir a aistriú ón Aontas go Ceanada.2025-03-1402 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 13/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tá an suí iomlánach faoi lánseol; in Strasbourg, vótálann Feisirí ar thogra chun cosaint na hEorpa a neartú; glacann an Pharlaimint dhá rún maidir le tosaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta; agus sa seomra díospóireachta, nocht an Coimisiúin an Gníomh nua um Chógais Chriticiúla.2025-03-1301 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 12/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tá seisiún iomlánach nua fós ar siúl. In Strasbourg, leag na Feisirí amach a dtosaíochtaí don chéad chruinniú mullaigh eile den Chomhairle Eorpach; rinne an Pharlaimint Lá Idirnáisiúnta na mBan a chomóradh; agus labhair an tUachtarán Metsola faoi chomóradh 35 bliana ó dhearbhaigh an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin leanúnachas stáit.2025-03-1203 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 11/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tá seisiún iomlánach nua ar siúl; in Strasbourg, athdhearbhóidh an Pharlaimint a tacaíocht bhuanseasmhach don Úcráin; tá na Feisirí chun a iarraidh ar AE sócmhainní reoite na Rúise a úsáid chun tacú leis an Úcráin agus chun deireadh a chur de réir a chéile le gás na Rúise; leagfaidh an Pharlaimint straitéis eacnamaíoch, shóisialta agus fostaíochta an Aontais amach do 2025.2025-03-1101 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 10/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tá suí iomlánach nua faoi lán seoil. In Strasbourg pléifidh na Feisirí cúrsaí slándála agus cosanta an Aontais tar éis Cruinniú Speisialta na Comhairle, agus an ghéarchéim dhaonnúil in Gaza atá ag dul in olcas; meastar go gcuirfidh an Coimisiún creat dlíthiúil nua i láthair maidir le daoine nach bhfuil ceart dlíthiúil acu a bheith san Aontas Eorpach a sheoladh ar ais.2025-03-1001 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 07/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, éilíonn Coiste na Parlaiminte um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne ról níos láidre do mhná i gcúrsaí síochána agus slándála; beidh vóta ag an bParlaimint ag an suí iomlánach in Strasbourg Dé Luain ar an bPlean Tacaíochta do lánpháirtiú na Moldóive san Aontas, ar fiú 1.9 billiún euro é; beidh plé ag na Feisirí ar iomaíochas an Aontais chomh maith, agus ar an tslí is fearr leis an mbearna scileanna a laghdú.2025-03-0703 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 06/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Tá na feisirí ag ullmhú don chéad suí iomlánach eile in Strasbourg, áit a ndíreoidh siad ar chearta na mban agus ar chosaint na hEorpa; rachaidh an Pharlaimint i ngleic freisin le deireadh a chur de réir a chéile le gás na Rúise agus deimhneoidh sí tacaíocht AE don Úcráin; ar an gclár oibre freisin, tá conas slabhraí soláthair cógas leighis criticiúil san Aontas a neartú.2025-03-0601 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 05/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Tiocfaidh an Chomhairle Eorpach le chéile sa Bhruiséil do chruinniú mullaigh urghnách maidir leis an Úcráin agus maidir le cosaint; roimh chruinniú mullaigh an Aontias Eorpaigh, bhuail Uachtarán na Parlaiminte, Roberta Metsola, le hArd-Rúnaí ECAT, Mark Rutte, agus leag sí béim ar an tiomantas don tslándáil agus don tsíocháin mharthanach san Úcráin; roimh Lá Idirnáisiúnta na mBan, pléifidh an Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne slándáil agus cothú na síochána.2025-03-0501 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 04/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: neartaíonn na Feisirí bearta cosanta i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí; buann an scannán Laitviach ‘Flow’ - ceann de na scannáin atá ainmnithe do Ghradam Lucht Féachana LUX - gradam Oscar don Phríomhscannán Beochana Is Fearr; seolann Parlaimint na hEorpa comhairliúchán poiblí faoi ghalair neamhchoitianta.2025-03-0402 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 03/03/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: pléifidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, dúshláin gheopholaitiúla ag Comhdháil Ambasadóirí an Aontais 2025; pléifidh an Fochoiste um Chúrsaí Cánach athchóirithe cánach do chomhtháthú agus digitiú earnáil airgeadais an Aontais; agus cruinniú ag Feisirí le Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin, Henna Virkkunen, maidir le ceannasacht dhigiteach agus cibearshlándáil.2025-03-0301 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 28/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Déanfaidh na Feisirí iniúchadh ar straitéisí chun cur le tithíocht inbhuanaithe ar fud an Aontais; pléifidh an Coiste um um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh beartais an Aontais atá le teacht ar chosaint agus spás leis an gCoimisinéir Kubilius; agus is é Dé Luain Lá Domhanda an Fhiadhúlra.2025-02-2801 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 27/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Vótálfaidh Coiste um Chearta na mBan Pharlaimint na hEorpa ar bhearta níos láidre chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac; pléifidh na Feisirí ganntanas cógas agus straitéis cúram sláinte; tabharfaidh ceannaire údaráis ghéarchéime bhainc an Aontais aghaidh ar cheisteanna na bhFeisirí.2025-02-2701 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 26/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: ar chomóradh tríú bliain ionradh na Rúise, athdhearbhaíonn ceannairí AE a dtiomantas don Úcráin le cúnamh airgeadais, daonnúil agus míleata; an tseachtain seo chugainn, tiocfaidh ceannairí AE le chéile sa Bhruiséil chun smachtbhannaí a phlé, agus cosaint na hEorpa a neartú mar fhreagra ar ionsaí na Rúise; tabharfaidh na Feisirí cuairt ar Éirinn chun measúnú a dhéanamh ar thionscadail an chiste chomhtháthaithe agus ar fhorbairt réigiúnach.2025-02-2602 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 25/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Tá Feisirí an Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint Tomhaltóirí in Washington DC chun comhar AE-SAM maidir le beartais dhigiteacha agus tomhaltóirí a neartú; tá toscaireacht ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta i Londain chun seirbhísí airgeadais, smachtbhannaí ar an Rúis agus atógáil na hÚcráine a phlé; tabharfaidh Feisirí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha cuairt ar an Moldóiv chun aontachas AE agus tacaíocht airgeadais a phlé.2025-02-2501 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 24/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: ar chomóradh 3 bliana chogadh foghach na Rúise, seasann Parlaimint na hEorpa i ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin; tabharfaidh toscaireacht ón bhFochoiste um Chúrsaí Cánach cuairt ar an bhFionlainn agus ar an Eastóin le haghaidh cainteanna maidir le beartas cánach agus iomaíochas; agus tá an Coiste um Shláinte Phoiblí ag seoladh comhairliúcháin phoiblí maidir le galair neamhchoitianta agus sláinte na mban.2025-02-2402 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 21/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Tháinig na Feisirí agus Ballstáit an Aontais ar chomhaontú maidir le mórphlean tacaíochta chun dlús a chur le hathchóirithe na Moldóive, chun a hathléimneacht a neartú agus chun a bealach i dtreo lánpháirtiú san Aontas a chur chun cinn; tabharfaidh Feisirí ón gCoiste um Fhorbairt cuairt ar an Tansáin chun measúnú a dhéanamh ar thionscnaimh Global Gateway; agus Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha.2025-02-2102 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 20/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: le linn na Seachtaine Parlaimintí Eorpaí, iarrann iarUachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Mario Draghi, go ndéanfaí gníomhaíocht phráinneach chun iomaíochas na hEorpa a neartú; margadh déanta ag an Aontas chun cur amú bia agus teicstíle a laghdú faoi 2030; agus cuirfidh an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha tús lena théarma nua le cainteanna maidir le beartas domhanda.2025-02-2002 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 19/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Tháinig Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus Feisirí Parlaiminte ó na Ballstáit le chéile chun dul i ngleic le dúshláin eacnamaíocha, bhuiséadacha agus shóisialta na hEorpa; pléann na Feisirí teannas trádála idir AE agus na Stáit Aontaithe i bhfianaise tharaifí nua na Stát Aontaithe ar shrianta Eorpacha ar onnmhairiú cruach agus IS; agus Aire Sláinte na Polainne chun tosaíochtaí sláinte poiblí a leagan amach faoi Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.2025-02-1902 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 18/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: an tseachtain seo, leanfaidh an Pholainn ar aghaidh ag cur a dtosaíochtaí i láthair na gcoistí parlaiminteacha; beidh an chéad idirphlé eacnamaíoch ag an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta le hUachtarán an Ghrúpa Euro; dar leis an suirbhé Eorabharaiméadair is déanaí, is iad an costas maireachtála agus an t-athrú aeráide na cúiseanna imní is mó atá ag Eorpaigh óga agus bíonn siad ag brath ar na meáin shóisialta chun nuacht a fháil.2025-02-1802 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 17/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Thug Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola cuairt ar Iosrael, Gaza agus an Bruach Thiar chun tiomantas na hEorpa don tsíocháin réigiúnach a athdhearbhú; pléifidh Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine, Michael O’Flaherty, príomh-shaincheisteanna lena n-áirítear an Úcráin agus an imirce le Feisirí; pléifidh Leas-Uachtaráin BEI, Robert De Groot, ról an bhainc i gcosaint na hEorpa a neartú, leis an gCoiste um Shlándáil agus um Chosaint.2025-02-1702 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 14/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: cheadaigh an Pharlaimint athchóiriú CBL chun cánachas cothrom a chinntiú agus calaois a chomhrac; rinne na Feisirí agus an Coimisiún athbhreithniú ar chomhaontú trádála AE-Mercosur i measc ábhair imní talmhaíochta; déanfaidh an Choiste um Rialú Buiséadach measúnú ar bhuiséad fadtéarmach athchóirithe an Aontais.2025-02-1402 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 13/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: clár oibre 2025 an Choimisiúin agus stráitéis nua iomaíochais an Aontais; labhair Cathaoirleach Verkhovna Rada, nó Parlaimint na hÚcráine, leis na Feisirí in Strasbourg; áitíonn an Pharlaimint ar an mBanc Ceannais Eorpach aghaidh a thabhairt ar rioscaí geopholaitiúla do chobhsaíocht praghsanna.2025-02-1303 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 12/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Geallann an tAontas freagairt dhaingean ar tharaifí nua na Stát Aontaithe ar chruach agus ar alúmanam; athdhearbhaíonn na Feisirí tacaíocht láidir AE don Úcráin le linn cogadh leanúnach; nóiméad ciúnais ag Parlaimint na hEorpa d’íospartaigh lámhaigh Örebro.2025-02-1202 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 11/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Le linn sheisiúin iomlánach na seachtaine seo, foilseoidh Uachtarán an Choimisiúin Ursula Von der Leyen clár oibre 2025 an Choimisiúin; pléifidh na Feisirí brú faoi chois sa Rúis bliain amháin tar éis dhúnmharú Navalny; chomh maith leis sin, pléifidh na Feisirí imeacht na Stát Aontaithe ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus ó Chomhaontú Pháras.2025-02-1101 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 10/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Ag an suí iomlánach pléifear: trí bliana de chogadh na Rúise san Úcráin, straitéis an Aontais don chaidreamh leis an Meán Oirthear, agus bagairtí ó na Stáit Aontaithe go gcuirfear dleachtanna ar tháirgí an Aontais.2025-02-1001 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 07/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: plé sa suí iomlánach maidir leis an tacaíocht don Úcráin agus cur faoi chois an fhreasúra dhaonlathaigh sa Rúis; cruinniú ag na Feisirí le saineolaithe ar chúrsaí aeráide agus bithéagsúlachta; agus tacaíocht an Aontais do dheireadh chur le ciorrú ball giniúna ban.2025-02-0701 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 06/02/2025 – GaeilgePe scurt: grupurile politice din Parlamentul European se pregătesc pentru următoarea sesiune plenară; eurodeputații dezbat săptămâna viitoare sprijinul acordat de Uniunea Europeană Ucrainei, programul de lucru al Comisiei pentru 2025 și consecințele retragerii Statelor Unite din Acordul de la Paris și din OMS.2025-02-0601 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 05/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: iarrann Metsola tuilleadh infheistíochta agus aontachta sa chosaint Eorpach; leagann airí na Polainne a spriocanna don cheartas agus do ghnóthaí baile amach; déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún tríú Siompóisiam Cánach an Aontais a óstáil.2025-02-0501 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 04/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tá toscaireacht ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra i bParlaimint na hEorpa le cuairt a thabhairt ar na Stáit Aontaithe chun an comhar digiteach trasatlantach a neartú; pléití beartais tábhachtacha idir Fochoiste na Parlaiminte um Chúrsaí Cánach agus an Coimisinéir Wopke Hoekstra; an Lá Domhanda in aghaidh Ailse: treisíonn Plean Sáraithe Ailse na hEorpa tiomantas an Aontais i leith chomhrac na hailse.2025-02-0401 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 03/02/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: pléifidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, dúshláin gheopholaitiúla ag Comhdháil Ambasadóirí an Aontais 2025; pléifidh an Fochoiste um Chúrsaí Cánach athchóirithe cánach do chomhtháthú agus digitiú earnáil airgeadais an Aontais; agus cruinniú ag Feisirí le Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin, Henna Virkkunen, maidir le ceannasacht dhigiteach agus cibearshlándáil.2025-02-0301 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 31/01/2025 – Gaeilgeinconnu2025-01-3102 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 30/01/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: leagann an Pholainn amach a tosaíochtaí dá huachtaránacht ar Chomhairle an Aontais, agus ‘Slándáil, an Eoraip!’ mar a mana; pléann na Feisirí straitéis athléimneachta uisce agus beart gorm an Aontais in éisteacht phoiblí; scrúdaíonn an Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne tionchar na meán sóisialta ar mheabhairshláinte cailíní óga.2025-01-3001 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 29/01/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: vótálfaidh an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha ar bheartais slándála agus cosanta an Aontais, ag díriú ar an Úcráin, an Rúis, an tSín, agus méadú; vótálfaidh na Coistí um Ghnóthaí Eachtracha agus um Buiséid ar an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis 1.8 billiún euro chun tacú le hathchóirithe bhallraíocht na Moldóive chun an Aontais; tionólfaidh coiste parlaiminteach nua a chéad chruinniú i dtaobh ghéarchéim tithíochta an Aontais.2025-01-2901 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 28/01/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: seisiún iomlánach speisialta chun Lá Idirnáisiúnta Cuimhneacháin an Uileloiscthe a chomóradh; d'fhreastail Uachtarán na Parlaiminte Metsola ar shearmanas 80ú cothrom lae Shaoradh Auschwitz a chomóradh; malartú tuairimí ar aosú sláintiúil agus an gá práinneach le dul i ngleic le ganntanas lucht saothair sláinte ar fud na hEorpa.2025-01-2801 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 27/01/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: beidh plé ag an bhFochoiste um Chearta an Duine faoin bhfírinne agus faoin gceartas sa tSiria le híospartaigh agus saineolaithe idirnáisiúnta; déanfaidh na Feisirí measúnú ar ghéarchéim dhaonnúil na Siria agus fiosróidh siad slite chun feabhas a chur ar sheachadadh cabhrach; cháin Parlaimint na hEorpa réimeas Nicolás Maduro agus d’éiligh sí smachtbhannaí méadaithe do Veiniséala.2025-01-2702 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 24/01/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: leag Príomh-Aire na Polainne, Donald Tusk, tosaíochtaí na Polainne dá hUachtaránacht ar an gComhairle amach, ag díriú ar aontacht agus slándáil; tá Parlaimint na hEorpa tar éis bréagaisnéis ón Rúis a cháineadh agus tá sí ag éileamh smachtbhannaí níos déine ar sholáthraithe bolscaireachta; cháin na Feisirí toghchán uachtaránachta na Bealarúise, ag rá gur cur i gcéill atá ann agus d’éiligh siad smachtbhannaí níos láidre.2025-01-2403 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 23/01/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: rinne na Feisirí athbhreithniú ar thorthaí na Comhairle Eorpaí le António Costa agus phléigh siad spriocanna forbartha inbhuanaithe; tá tosaíochtaí na Polainne dá hUachtaránacht ar an gComhairle leagtha amach ag Príomh-Aire na tíre sin, Donald Tusk, leis an mana ‘An tSlándáil, a Eoraip!’; plé ag an gCoiste um an gComhshaol le hAire Comhshaoil na Polainne, Paulina Hennig-Kloska, ar bheartais aeráide agus talmhaíochta.2025-01-2302 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 22/01/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: ag an suí iomlánach, d’fháiltigh an tUachtarán Metsola roimh an sos cogaidh in Gaza; phléigh na Feisirí an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha chun trasnaíocht eachtrach a chomhrac agus an daonlathas a chosaint; beidh vóta sa Pharlaimint ar rún a cháineann bréagaisnéis na Rúise i gcoinne na hÚcráine.2025-01-2202 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 21/01/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: ag an suí iomlánach, cuirfidh Príomh-Aire na Polainne, Donald Tusk, an clár ‘An tSlándáil, a Eoraip!’ i láthair le linn phlé na Parlaiminte ar thosaíochtaí na Polainne dá hUachtaránacht ar an gComhairle; déanfaidh na Feisirí measúnú ar thorthaí chruinniú mullaigh an Aontais a tharla i mí na Nollag 2024, inar díríodh ar an Úcráin, an Meánoirthear agus freagairt straitéiseach an Aontais; rachaidh an Pharlaimint i ngleic leis an ngéarchéim dhomhanda a bhaineann le truailliú plaisteach tar éis don chaibidlíocht ar chonradh de chuid na Náisiún Aontai2025-01-2101 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 20/01/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: rialacha digiteacha a fhorfheidhmiú chun an daonlathas a chosaint; pléann na Feisirí dara téarma Donald Trump agus na naisc idir AE agus na Stáit Aontaithe; agus roghnaíodh Bruno Gencarelli mar an t-iarrthóir is fearr ar ról an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.2025-01-2002 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 17/01/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Is díol sásaimh d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, an sos comhraic in Gaza mar chor cinniúnach; tá AE ag dul i dtreo todhchaí níos glaise le bearta maidir leis an ngeilleagar ciorclach; agus príomhchathracha barr feabhais na hEorpa do 2025.2025-01-1702 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 16/01/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Déanann an Coimisinéir Marta Kos méadú an Aontais a phlé leis na Feisirí; déanann an Coiste um Shaoirsí Sibhialta sa Pharlaimint athbhreithniú ar thuarascáil Europol maidir le bagairtí sceimhlitheoireachta; is féidir iarratas a dhéanamh anois ar Dhuais Charlemagne don Óige 2025.2025-01-1601 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 15/01/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Tá na Feisirí ag ullmhú do phlé iomlánach ar Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ar Straitéis an Mheánoirthir; in Strasbourg, díreoidh an Pharlaimint freisin ar smuigleáil imirceach agus ar bhréagaisnéis na Rúise; pléifidh an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta comhaontú AE-Mercosur leis an gCoimisinéir Šefčovič.2025-01-1501 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 14/01/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Tagann Ard-Rúnaí ECAT, Mark Rutte, agus ceannairí AE le chéile chun dul i ngleic le dúshláin slándála; bhuail Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, le Seansailéir na hOstaire agus le hArd-Rúnaí ECAT; phléigh an Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe buiséid 2026, beartas fíona agus faireachán ar fhoraoisí.2025-01-1401 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 13/01/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: de réir Shuirbhé is déanaí Eorabharaiméadair tá méadú ag teacht ar thacaíocht do Chomhbheartas Talmhaíochta an Aontais; iniúchann éisteacht phoiblí conas a théann beartais chánach i bhfeidhm ar chomhionannas inscne; labhróidh an Coimisinéir Méadaithe nua leis na Feisirí.2025-01-1302 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 10/01/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: buaileann príomhfheidhmeannach ECAT Mark Rutte le coistí AE chun comhar ECAT-AE, an Úcráin, agus bagairtí slándála domhanda a phlé; thug Uachtarán na Parlaiminte Metsola cuairt ar an Éigipt le haghaidh idirphlé réigiúnach; tá AE dírithe ar neodracht aeráide faoi 2050.2025-01-1001 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 09/01/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tá an Pholainn i gceannas ar Uachtaránacht Chomhairle an Aontais; Ceiliúrann Chemnitz na Gearmáine agus Nova Gorica na Slóivéine oidhreacht chultúrtha agus éagsúlacht na hEorpa mar Phríomhchathracha Cultúir; 30 Bliain Ó tháinig an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn isteach san Aontas.2025-01-0902 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 08/01/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Tugann na Feisirí cuairt ar an India chun naisc dhigiteacha agus tomhaltóirí a threisiú; beartais chánach agus comhionannas inscne faoi ghrinnscrúdú; forfheidhmiú dhlíthe an Aontais a fheabhsú ar mhaithe le saoránaigh.2025-01-0801 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 07/01/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: ghlac an Pholainn Uachtaránacht Chomhairle an Aontais; Feisirí Eorpacha san India chun naisc dhigiteacha agus tomhaltóirí a threisiú; molann an Pharlaimint ceannaireacht ar chearta na mban.2025-01-0701 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 20/12/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: an tUachtarán Metsola ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar; coistí nua bunaithe ag an bParlaimint a bheidh ag plé le cosaint, sláinte, daonlathas agus tithíocht; ón gcéad lá de mhí Eanáir, tógfaidh an Pholainn ceannas ar Uachtaránacht na Comhairle.2024-12-2001 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 19/12/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: rabhadh ó Uachtarán na Seoirse Salomé Zourabichvili faoi na contúirtí d’AE má thiteann an tSeoirse faoi thionchar na Rúise; dlíthe nua glactha ag an bParlaimint chun dlús a chur le maoiniú an Aontais do théarnamh tar éis tubaiste; Teresa Anjinho ón bPortaingéil tofa mar an tOmbudsman Eorpach ag na Feisirí.2024-12-1902 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 18/12/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: tiocfaidh an Rómáin agus an Bhulgáir isteach i limistéar saorghluaiseachta Schengen an 1 Eanáir 2025; an tionchar geopholaitiúil a bheidh ag díbirt an Uachtaráin Assad as an tSiria; Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta bronnta ag Parlaimint na hEorpa ar María Corina Machado agus Edmundo González Urrutia as Veiniséala.2024-12-1804 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 17/12/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: in Strasbourg amárach, leagfaidh na Feisirí amach na tosaíochtaí atá acu don chéad chruinniú mullaigh eile, a dhíreoidh ar na coimhlintí san Úcráin agus sa Mheán Oirthear; pléifidh siad an chómhargáil agus cleachtais éagóracha maidir le fochonraitheoireacht; bunóidh an Pharlaimint coistí nua a bheidh ag plé le cosaint, sláinte, daonlathas agus tithíocht.2024-12-1702 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 16/12/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: Duais Sakharov le bronnadh ar cheannairí daonlathacha as Veiniséala; Feisirí chun díbirt Assad as an tSiria a phlé; an Pharlaimint chun an chéad Ombudsman Eorpach eile a thoghadh.2024-12-1601 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 13/12/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: Críochnaíonn an tSeachtain um Chomhionannas Inscne le fócas digiteach; leagtar béim in Innéacs Comhionannais Inscne 2024 ar dhul chun cinn mall ar fud an Aontais; pléann na Feisirí todhchaí bheartas comhtháthaithe an Aontais tar éis 2027.2024-12-1301 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 12/12/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: An tseachtain seo, tá na Feisirí ag ullmhú don chéad suí iomlánach eile; in Strasbourg, bronnfaidh an Pharlaimint Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2024 ar María Corina Machado agus Edmundo González Urrutia; pléifidh na Feisirí mífhaisnéis agus bréagaisnéis ar na meáin shóisialta agus vótálfaidh siad ar chúnamh AE do Bhallstáit a dtéann tubaistí nádúrtha i bhfeidhm orthu.2024-12-1201 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 11/12/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: tabharfaidh an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta aghaidh ar ‘urlár greamaitheach’ i margadh an tsaothair; an Coimisinéir Eorpach um Chomhionannas chun inscne agus sláinte a phlé leis na Feisirí; reáchtálfaidh an Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe plé faoi chomhionannas inscne san fheirmeoireacht.2024-12-1101 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 10/12/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: Díríonn Parlaimint na hEorpa aird ar shábháilteacht na mban i spásanna digiteacha le linn na Seachtaine Eorpaí um Chomhionannas Inscne; déanann an Fochoiste um Chearta an Duine Lá Chosantóirí Chearta an Duine a chomóradh le comhdháil ardleibhéil; agus Uachtarán na Parlaiminte, Roberta Metsola, chun bualadh le hUachtarán Phoblacht na Moldóive, Maia Sandu.2024-12-1001 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 09/12/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoiste um Rialú Buiséadach ar an tSaoráid Athchóirithe don Mholdóiv; an tSeachtain Eorpach um Chomhionannas Inscne, príomhshruthú inscne agus an bhearna phá idir na hinscní.2024-12-0901 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 06/12/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: Tá éisteacht á reáchtáil ag an gCoiste um Rialú Buiséadach sa Pharlaimint le hArdionadaí AE do Ghnóthaí Eachtracha, Kaja Kallas, faoi chaiteachas taidhleoireachta; éisteacht deiridh maidir leis an athbhreithniú ar an mbuiséad le reáchtáil leis an gCoimisinéir Serafin; tagann an tSeachtain um Chearta Daoine faoi Mhíchumas chun críche i bParlaimint na hEorpa agus éilíonn an Pharlaimint cuimsiú.2024-12-0601 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 05/12/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: Cuireadh moill ar dhlí dífhoraoisithe AE go dtí deireadh 2025; díríonn na Feisirí aird ar na céimeanna ar gcúl ar fud an domhain maidir le cearta na mban; agus scrúdaíonn an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta seirbhísí airgeadais do mhná.2024-12-0501 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 04/12/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: Téann Ceannairí an Aontais go Vársá chun Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais a ullmhú; buailfidh an Fochoiste um Shlándáil agus Cosaint le céad-Choimisinéir Cosanta an Aontais agus suirbhé suaithinseach ón Aontas ar fhoréigean in aghaidh na mban.2024-12-0401 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 03/12/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Christine Lagarde, chun a dara hidirphlé airgeadaíochta den 10ú téarma reachtach a reáchtáil; na Feisirí chun athbhreithniú a dhéanamh ar chearta leanaí ar chomóradh 35 bliain an Choinbhinsiúin um Chearta an Linbh; agus an Coiste Forbartha chun neamhshlándáil bia a phlé le saineolaithe.2024-12-0301 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 02/12/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: Tionólfaidh an Pharlaimint an chéad Idirphlé faoi Shaoráid na hÚcráine ar chlár tacaíochta 50 billiún euro de chuid an Aontais; ról bheartas trádála an Aontais maidir le spleáchais a laghdú agus borradh a chur faoin inbhuanaitheacht; agus an tSeachtain um Chearta Daoine faoi Mhíchumas.2024-12-0201 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 29/11/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: Lamháil an Pharlaimint breis is EUR 116 milliún i gcabhair d’athshlánú tuilte sa Ghearmáin agus san Iodáil agus d’iarr sí go ndéanfaí ciste dlúthpháirtíochta méadaithe; Éilíonn na Feisirí cuntasacht as neamhrialtachtaí i dtoghcháin chonspóideacha sa tSeoirsia; Pléann na Feisirí agus an Coimisiún cearta leanaí a neartú ar chomóradh 35 bliain de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe.2024-11-2902 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 28/11/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: lamháil Parlaimint na hEorpa Coláiste na gCoimisinéirí; Vótáil na Feisirí ar son bhuiséad AE 2025 agus phléigh siad an spriocdhíriú ar bhonneagar ríthábhachtach Mhuir Bhailt.2024-11-2802 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 27/11/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: Iarann an tUachtarán Metsola go ndéanfadh an Aontas gníomhaíocht níos láidre i gcoinne an fhoréigin ar mhná; athdhearbhaíonn Parlaimint na hEorpa tacaíocht bhuanseasmhach don Úcráin le linn ionsaí leanúnach na Rúise; pléifidh na Feisirí neartú chearta an linbh tráth chomóradh 35 bliana Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe.2024-11-2703 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 26/11/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: an Pharlaimint le vótáil ar an gCoimisiún Eorpach nua amárach; Vótálfaidh na Feisirí ar bhuiséad AE 2025 agus pléifidh siad torthaí chomhdháil aeráide COP292024-11-2601 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 25/11/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: tá tús á chur le suí iomlánach nua de Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg inniu. Pléifear an ghéarchéim sa Mheánoirthear; tá na Feisirí leis an tsabaitéireacht ar bhonneagar Mhuir Bhailt a phlé, mar aon le hiarrachtaí chun dul i ngleic le foréigean i gcoinne na mban.2024-11-2502 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 22/11/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: cuirfear tús le suí iomlánach nua de Pharlaimint na hEorpa an tseachtain seo chugainn in Strasbourg; tá Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola i Málta inniu.2024-11-2201 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 21/11/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: Tá na Feisirí ag ullmhú don chéad seisiún iomlánach eile a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn in Strasbourg; Is í an tseachtain seo an tSeachtain Eorpach faoi choinne Laghdú Dramhaíola.2024-11-2101 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 20/11/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: rinne Parlaimint na hEorpa 1,000 lá de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chomóradh; tá na Feisirí ag ullmhú don chéad seisiún iomlánach eile a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn in Strasbourg.2024-11-2002 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 19/11/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: tá na Feisirí ag lorg maoiniú domhanda do chúrsaí aeráide ag COP29; tá an Fochoiste um Shláinte Phoiblí sa Pharlaimint le dul i ngleic le dúshláin a bhaineann le sláinte leanaí agus cruinnithe an Uachtaráin Metsola le hArd-Rúnaithe pharlaimintí na mBallstát, Príomh-Aire na Rómáine agus Uachtarán Pharlaimint na Macadóine Thuaidh.2024-11-1901 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 18/11/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: Tionólfaidh an Pharlaimint seisiún iomlánach speisialta sa Bhruiséil chun 1,000 lá de chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine a chomóradh; socraíonn Parlaimint na hEorpa éilimh ar spriocanna do ghníomhú ar son na haeráide COP29; lamháil na Feisirí moill bliana do chomhlíonadh dlí an dífhoraoisithe.2024-11-1801 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 15/11/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: tugann an Pharlaimint ómós d'íospartaigh na dtuilte le déanaí sa Spáinn; cuireann iar-Uachtarán na Fionlainne Sauli Niinistö a thuarascáil i láthair ar cur chuige níos réamhghníomhaí i leith ullmhacht an Aontais; agus Vótálann an Pharlaimint ar a héilimh ar Chomhdháil 2024 na NA maidir leis an Athrú Aeráide, COP29.2024-11-1502 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 14/11/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: chuir an Spáinn Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta i ngníomh; Reáchtálfaidh Parlaimint na hEorpa seisiún urghnách ar 1000 lá de chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus tacaíonn Parlaimint na hEorpa le tionscnamh na hÚcráine “Tabhair na Páistí Thar nAis” chun páistí a tógadh go héigeantach a tharrtháil.2024-11-1401 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 13/11/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: chuir Coistí na Parlaiminte deireadh le héisteachtaí na gCoimisinéirí ainmnithe; i seisiún iomlánach sa Bhruiséil, pléifidh na Feisirí ullmhacht na cosanta agus vótálfaidh siad ar chur chun feidhme Rialachán an Aontais maidir le Dífhoraoisiú a mhoilliú.2024-11-1301 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 12/11/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: pléifidh Parlaimint na hEorpa na nithe seo a leanas ag an suí iomlánach sa Bhruiséil: an caidreamh leis na Stáit Aontaithe, ullmhacht chosanta, rialacha maidir le dífhoraoisiú, bearta chun sciúradh airgid a chomhrac, agus smachtbhannaí nua i gcoinne na Rúise; ansin pléifidh na Feisirí seasamh na Parlaiminte do chruinniú mullaigh aeráide COP29 in Baku.2024-11-1201 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 11/11/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: reáchtálfaidh coistí na Parlaiminte na héisteachtaí deimhnithe deiridh de chuid na gCoimisinéirí ainmnithe; críochnóidh na héisteachtaí amárach; ansin, cuirtear litreacha meastóireachta chuig Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí, agus ansin chuig Comhdháil na nUachtarán.2024-11-1101 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 08/11/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: tá éisteachtaí deimhniúcháin á reáchtáil ag coistí Pharlaimint na hEorpa do na hiarrthóirí ar phoist sa Choimisiún nua, leanfaidh na héisteachtaí ar aghaidh go dtí an 12 Samhain; reáchtáladh ceardlann ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais tar éis 2027.2024-11-0801 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 07/11/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: Rinne Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, comhghairdeas le hUachtarán nuathofa na Stát Aontaithe, Donald Trump; tá éisteachtaí deimhnithe á reáchtáil ag coistí Pharlaimint na hEorpa d’iarrthóirí an Choimisiúin nua, tiocfaidh deireadh leis na héisteachtaí an 12 Samhain.2024-11-0701 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 06/11/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: tá éisteachtaí deimhniúcháin á reáchtáil ag coistí Pharlaimint na hEorpa do na hiarrthóirí ar phoist sa Choimisiún nua. Leanfaidh na héisteachtaí ar aghaidh go dtí an 12 Samhain.2024-11-0601 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 05/11/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: éisteachtaí na n-iarrthóirí ar phoist mar Choimisinéirí i gCoimisiún an Uachtaráin von der Leyen agus comhghairdeas gafa ag an Uachtarán Metsola le Maia Sandu as a hatoghadh mar Uachtarán na Moldóive don dara téarma.2024-11-0501 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 04/11/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: An Coimisinéir Eorpach chun tuarascáil bhliantúil Frith-Chalaoise a chur faoi bhráid an Choiste um Rialú Buiséadach; éisteachtaí na Parlaiminte ar siúl d’iarrthóirí molta don Choimisiún nua; tagann saineolaithe le chéile sa Bhruiséil chun tosaíochtaí do bhuiséad an Aontais tar éis 2027 a mhúnlú.2024-11-0401 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 31/10/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: Tá Parlaimint na hEorpa ar tí tús a chur le héisteachtaí deimhnithe d’iarrthóirí Choimisiún Ursula von der Leyen; chríochnaigh Feisirí de chuid an Fhochoiste um Shláinte Phoiblí a gcuairt ar Lárionad an Aontais um Ghalair a Chosc; agus d’fhreastail toscaireacht de chuid an Aontais ar COP16 sa Cholóim.2024-10-3101 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 30/10/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: tar éis thoghcháin na Seoirsia, iarrann na Feisirí go ndéanfaí imscrúduithe ar chúbláil vótála líomhnaithe; iarrann na Feisirí go dtabharfaí níos mó tacaíochta don Úcráin; agus buaileann toscaireacht Pharlaimint na hEorpa le hionadaithe ó chomhlachtaí dlí idirnáisiúnta sa Háig.2024-10-3001 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 29/10/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: Feisirí ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia ar misean sa Cholóim, chun freastal ar Chomhdháil na Náisiún Aontaithe faoin mBithéagsúlacht; toscaireacht ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht ar cuairt ar an bhFrainc chun breathnú ar mhórthionscadail iompair atá á maoiniú ag an Aontas Eorpach; agus toscaireacht ón gCoiste um Fhorbairt ar cuairt ar Ghuatamala chun féachaint ar an dul chun cinn atá á dhéanamh sa tír.2024-10-2901 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 28/10/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: Tá Feisirí an Choiste Fostaíochta agus Gnóthaí Sóisialacha ar cuairt sa Pholainn; tá toscaireacht den Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta sa Ríocht Aontaithe; Cháin an Pharlaimint sáruithe ar chearta an duine agus ar an dlí idirnáisiúnta ag an Asarbaiseáin.2024-10-2801 minGA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos FearrGA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos FearrAn tslí a dtacaíonn an tAontas leis an turasóireacht ar fud na hEorpaTá an turasóireacht ar na tionscail is beomhaire san Aontas Eorpach: tugann sí daoine le chéile, cuireann sí an tuiscint chultúrtha chun cinn agus cothaíonn sí fás eacnamaíoch. Conas a thacaíonn an tAontas leis an turasóireacht, conas a fheabhsaíonn sé í agus conas a chinntíonn sé go mbíonn taisteal níos inbhuanaithe, níos inrochtana agus níos tairbhiúla do chách?2024-10-2506 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 25/10/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: le linn an tseisiúin iomlánaigh, mhol an Pharlaimint buiséad foriomlán do 2025; bhuaigh María Corina Machado agus Edmundo González Urrutia Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2024; agus chuir na Feisirí a ndlúthpháirtíocht le Taiwan in iúl.2024-10-2501 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 24/10/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: pléann na Feisirí athruithe féideartha an gCoimisiún ar reachtaíocht an Aontais chun náisiúnaigh nach ón Aontas a chur ar ais leis; bronntar Duais Daphne Caruana Galizia don Iriseoireacht 2024 ar ‘Lost in Europe’, tionscadal neamhbhrabúis iriseoireachta trasteorann; ceadaíonn an Pharlaimint aerspás atá níos éifeachtaí agus níos glaise san Aontas.2024-10-2402 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 21/10/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: spreagfaidh Parlaimint na hEorpa sos comhraic sa Liobáin; an Pacáiste cúnaimh 35 bhilliún euro don Úcráin mar chuid de thionscnamh an G7 agus tá na Feisirí athchóirithe aerspáis a cheadú chun moilleanna eitilte a laghdú agus chun éifeachtúlacht comhshaoil a threisiú.2024-10-2102 minBlúiríní NuachtaBlúiríní NuachtaBlúiríní Nuachta – 15/10/2024 – GaeilgeSracfhéachaint: tá grúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa ag ullmhú don chéad seisiún iomlánach eile; Tugann Roberta Metsola cuairt ar Vín agus Lá Domhanda an Bhia.2024-10-1501 minGA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos FearrGA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos FearrCad é an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna, nó ECTS?Is uirlis é an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna, nó ECTS, a úsáidtear i Limistéar Eorpach an Ardoideachais chun cúrsaí staidéir agus oideachais a dhéanamh níos trédhearcaí. Le ECTS, bíonn sé níos fusa cáilíochtaí a aithint ar fud na hEorpa agus bíonn mic léinn in ann gluaiseacht idir tíortha.2024-08-3005 minGA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos FearrGA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos FearrNaoú téarma reachtach Pharlaimint na hEorpaBhí tionchar suntasach ag paindéim dhomhanda COVID-19 agus cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar chlár oibre Pharlaimint na hEorpa sa naoú téarma parlaiminteach dá cuid. Agus í ag dul i ngleic le géarchéim shláinte agus dúshláin gheopholaitiúla le linn a naoú téarma parlaiminteach, dhírigh an Pharlaimint ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach chun athléimneacht an Aontais a fheabhsú agus chun luachanna daonlathacha a neartú ag an am céanna.2024-05-1707 minGA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos FearrGA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos FearrPlean Sáraithe Ailse na hEorpaIs í an ailse an dara cúis bháis is mó san Aontas tar éis galair chardashoithíocha. Gach bliain, faightear amach go bhfuil an galar sin ar nach mór 3 mhilliún duine, agus cailltear 1.2 milliún duine dá bharr. Cé gurb iad Ballstáit an Aontais atá freagrach go príomha as beartais sláinte, tá an comhrac i gcoinne na hailse ar cheann de thosaíochtaí an Aontais Eorpaigh.2024-02-0205 minGA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos FearrGA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos FearrConas a thacaíonn an tAontas leis an gcultúrCabhraíonn Parlaimint na hEorpa leis na hearnálacha cultúrtha agus closamhairc tré chlár Eoraip na Cruthaitheachta. Le buiséad EUR 2.5 billiún do 2021-2027, infheistíonn an tAontas Eorpach i gceol beo, i leabhair, in ailtireacht, i scannáin agus in asraonta nuachta. Cuidíonn an clár leis chun an éagothroime inscne a chomhrac sna tionscail chultúrtha agus cuireann sé luachanna agus oidhreacht Eorpach chun cinn. Tá sé roinnte i dtrí shraith: Cultúr, na Meáin agus Trasearnáil, chun díriú níos fearr ar ghnéithe gach earnála.2024-01-1006 min