podcast
details
.com
Print
Share
Look for any podcast host, guest or anyone
Search
Showing episodes and shows of
Sean O Dubhchon
Shows
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Monaghan
Labhraíonn Seán Monaghan le Seán faoina shaothar ceoil agus cumadóireachta.
2025-06-06
30 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Brian 'Danny Minnie' Ó Dómhnaill
Labhraíonn Brian 'Danny Minnie' Ó Dómhnaill le Seán faoin amhránaíocht ar an sean-nós, faoi chócaireacht agus cúrsaí bialanna, a shraith raidió nua agus go leor eile.
2025-03-28
24 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Hilary Bow
Labhraíonn Hilary Bow le Seán faoina saothar ceoil agus a albam Sean Nova, atá 20 bliain i mbliana.
2025-03-14
17 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Mac Ruairí
Labhraíonn Seán Mac Ruairí le Seán faoin albam nua atá eisithe ag Clann Mhic Ruairí, agus faoina haistear ceoil go dtí seo.
2025-02-08
24 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Ó Riain
Labhraíonn Seán Ó Riain le Seán faoin méid atá bainte amach aige mar thaidhleoir, le teangacha, taighde agus go leor eile.
2025-01-17
22 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Mac Corraidh
Labhraíonn Seán Mac Corraidh le Seán faoin méid atá bainte amach aige le cur le hoideachas trí mheán na Gaeilge, faoina chuid oibre mar léachtóir agus comhordaitheoir cúrsaí, tábhacht an cheoil ina shaol agus go leor eile.
2025-01-10
24 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Mór Ó Daimhín
Labhraíonn Seán Mór Ó Daimhín le Seán faoina shaothar saoil go dtí seo, agus an méid a bheidh ar siúl aige agus é imithe ar luathscór óna ról mar Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall.
2024-12-13
43 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Ó hÉanaigh
Labhraíonn Seán Ó hÉanaigh le Seán faoina shaothar sa raidió, ceol, léiritheoireacht; agus faoina shaol go dtí seo.
2024-08-31
22 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Naoise Mac Cathmhaoil
Labhraíonn Naoise Mac Cathmhaoil le Seán faoin méid atá bainte amach aige mar amhránaí ar an sean nós, le cúrsaí léann agus taighde, agus mar aisteoir.
2024-05-04
31 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Gearóid Ó Droighneáin
Labhraíonn Gearóid Ó Droighneáin le Seán faoin damhsa ar an sean nós, iriseoireacht agus dlí, na meáin agus go leor eile.
2024-02-09
16 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Mac an tSíthigh
Labhraíonn Seán Mac an tSíthigh le Seán faoina shaothar leathan iriseoireachta, físiriseoireacht, béaloideas agus an méid iontach atá atá bainte amach aige.
2023-11-17
35 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Mac Dhonnagáin
Labhraíonn Seán Mac Dhonnagáin le Seán faoina dhráma nua 'An Chos Eile', a shaothar drámaíochta, filíocht agus a shaothar leathan.
2023-11-17
25 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Aisling Ní Ghribín
Labhraíonn Aisling Ní Ghribín le Seán faoin amhránaíocht ar an sean nós, lúibíní, a cuid múinteoireachta, Gaelphobal Ard Mhaca Theas, agus go leor eile.
2023-11-17
18 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Aaron Ó Súilleabháin / Vúdú
Labhraíonn Aaron Ó Súilleabháin le Seán faoina shaothar ceoil faoin ainm Vúdú; an méid a dhéanann sé mar cheoltóir, cumadóir agus léiritheoir; agus an scannán Sean-Nós a d'oibrigh sé ar.
2023-07-29
12 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Dris-Óg
Labhraíonn Katie agus Seán ón mbanna Dris-Óg le Seán faoina EP nua 'Garbh', buaicphointí móra ceoil go dtí seo agus gigeanna atá ag teacht aníos acu.
2023-06-03
21 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Breathnach
Labhraíonn Seán Breathnach le Seán faoin tsraith nua 'Men's Sheds' le Macha Media ar TG4, agus faoin seid na bhfear atá a reachtáil i gCorr na Móna.
2023-05-27
14 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán McComb
Labhraíonn Seán McComb le Seán faoina chlár faisnéise nua Ciotóg agus faoin méid atá bainte amach aige sa dornálaíocht.
2023-04-26
19 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán McDonagh
Labhraíonn Seán McDonagh le Seán faoin tsraith nua 'Saol Ella', an méid a dhéanann sé lena chomhlacht drámaíochta High Rock Productions agus a shaothar leathan drámaíochta.
2023-04-22
33 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Pádraig Ó Liatháin
Labhraíonn Pádraig Ó Liatháin le Seán faoina shaothar leathan, agus faoina leabhar nua ‘Seán Ó Ríordáin: Na Dialanna 1 & 2: 1940’.
2023-03-04
22 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Fahy
Labhraíonn Seán Fahy le Seán faoin tsraith Glór Tíre a bhuachaint, a chuid ceoil agus an méid atá ag teacht aníos i mbliana.
2023-03-04
10 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán T. Ó Meallaigh
Labhraíonn Seán T. Ó Meallaigh le Seán faoin dráma Minimal Human Contact, camchuairt a bheidh ar siúl i mí Márta, ainmniúchán atá faighte aige ag na Irish Times Theatre Awards agus go leor eile.
2023-02-17
25 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Ó Muiris
Labhraíonn Seán Ó Muiris le Seán faoin oíche Karaoke na Gaeilge a bheidh a reachtáil i gClub Chonradh na Gaeilge ar an 17ú Nollaig. Insíonn Seán dúinn faoina leathanach Youtube agus na hamhráin ar fad atá ar fáil ansin.
2022-12-17
12 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Lillis Ó Laoire
Labhraíonn Lillis Ó Laoire le Seán faoin leabhar nua 'Dhá Leagan Déag' - cnuasach d'aistí faoin amhránaíocht ar an sean nós atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.
2022-11-18
52 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Feilimí O'Connor
Labhraíonn Feilimí O'Connor le Seán faoin tsraith nua 'Ceol Ón Chlann', na cláir 'An Cósta Thiar', 'RnaG ag 50' agus 'Seán Ó Riada: Mo Sheanathair', agus an méid atá ar siúl aige agus bainte amach aige le Táin Media.
2022-09-23
25 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Naoise Ó Cairealláin
Labhraíonn Naoise Ó Cairealláin le Seán faoina dhráma nua 'Minimal Human Contact' a scríobh sé, agus atá a léiriú ag Aisling Ghéar, le Seán T. Ó Meallaigh sa phríomhról. Beidh Minimal Human Contact a chur i láthair ag an Dublin Fringe Festival agus sa Chultúrlann i mBéal Feirste.
2022-09-16
10 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Clíona Ní Ghallachóir
Labhraíonn Clíona Ní Ghallachóir le Seán faoin amhránaíocht ar an sean nós, Craobh na hÉireann a bhaint ag Fleadh Ceoil na hÉireann, na coirn atá bainte aici le gairid, cúrsaí aistriúcháin, aisteoireacht agus go leor eile.
2022-09-02
27 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Begley
Labhraíonn Seán Begley le Seán faoina chuid fuirseoireachta, na seónna ‘Tragic’ agus ‘Faux Pa’, na fuirseoirí is mó a bhí ina thionchar air, agus na gigeanna atá déanta aige agus atá ag teacht aníos.
2022-09-02
22 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Mac Corraidh
Labhraíonn Seán Mac Corraidh le Seán faoina chuid ceoil le Clann Mhic Corraidh agus na Hot Whiskeys, tiomsaitheoir airgid a rinne a theaghlach d'Ospís Bhéal Feirste, ceolchoirmeacha móra, cúrsaí CLG le clubanna Naomh Póil agus Laochra Loch Lao, agus a chuid oibre mar mhúinteoir bunscoile.
2022-08-19
16 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Seoighe
Labhraíonn Seán Seoighe faoi na himeachtaí ar fad a bheidh ar siúl in Áras na nGael i rith an tsamhraidh, ina measc an fhéile Ar Imeall, Sesh an tSamhraidh agus Cóisir Lá Bróid.
2022-06-17
09 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Gavin Ó Fearraigh
Labhraíonn Gavin Ó Fearraigh le Seán faoi na rudaí ar fad atá bainte amach aige go dtí seo mar aisteoir, láithreoir, mainicín agus rinceoir. Insíonn Gavin dúinn faoina shaol i Meiriceá agus an méid iontach atá ar siúl aige le Encore Dance. Is é Gavin an 300ú aoi ar Seal le Seán.
2022-06-03
24 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Óg Ó Duinnín
Labhraíonn Seán Óg Ó Duinnín le Seán faoin bhfeasacht agus forbairt atá déanta aige, faoina chuid oibre mar oide saoil agus príomhoide iar-bhunscoile, a phodchraoladh agus blag ‘Spreagadh Saoil’ agus dráma nua – Shame the Devil – a bheidh a dhéanamh aige go luath.
2022-05-06
27 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Caitlín Ní Chualáin
Labhraíonn Caitlín Ní Chualáin le Seán faoin amhránaíocht ar an sean nós, Corn na mBan agus Corn Uí Riada a bhaint ag Oireachtas na Samhna, na daoine a bhí ina thionchar mhór ar a cuid amhránaíochta, agus na bealaí a dhéanann sí an sean nós a chur chun cinn ina cuid amhránaíochta agus ar an stáitse. Insíonn Caitlín dúinn faoi Raidió na Gaeltachta, atá ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód, agus an tábhacht a bhaineann leis an stáisiún.
2022-04-08
29 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Dónal O'Connor
Labhraíonn Dónal O’Connor le Seán faoina shaothar leathan ceoil agus scannánaíochta. Insíonn sé dúinn faoina chúlra saibhir ceoil, saothar le bannaí ar nós Ulaid agus At First Light agus na rudaí a spreag é mar léiritheoir ceoil, agus a stiúideo féin RedBox Recording aige. Faighimid amach faoi Táin Media, na cláracha teilifíse atá léirithe aige (Seán Ó Riada: Mo Sheanathair agus Sruth, ina measc) agus albam nua de chuid Muireann Nic Amhlaoibh, Róisín Reimagined atá léirithe aige. Insíonn sé dúinn faoi ceolchoirm mhór atá...
2022-04-01
32 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Diarmuid Ó Meachair
Labhraíonn Diarmuid Ó Meachair le Seán faoin duais mhór atá bainte aige mar Cheoltóir Óg na Bliana ag Gradaim Ceoil TG4. Faighimid amach faoin aistear ceoil atá déanta aige sa cheol traidisiúnta agus le hamhránaíocht ar an sean nós, agus an dóigh a dhéanann sé iad a spreagadh sa chéad ghlúin eile.
2022-04-01
17 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Ó Muireagáin
Labhraíonn Seán Ó Muireagáin le Seán faoina shaothar scríbhneoireachta, idir filíocht, a chnuasach gearrscéalta Gáire In Éag agus a húrscéal nua. Faighimid amach faoin méid iontach atá bainte amach ag Seán le Gaelscoileanna ó thuaidh a chur chun cinn, a chuid craoltóireachta le Raidió Fáilte agus pobal na Gaeilge i mBéal Feirste.
2022-03-25
27 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Breathnach
Labhraíonn an stiúrthóir agus scríbhneoir Seán Breathnach le Seán faoina scannán nua Foscadh atá sna pictiúrlanna faoi láthair agus aitheantas iontach faighte aige. Faighimid amach faoin scannán agus an aistear scannánaíochta atá déanta ag Seán go dtí seo.
2022-03-18
16 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Inni-K
Labhraíonn Inni-K le Seán faoin albam nua Iníon atá díreach eisithe aici, chomh maith le camchuairt a bheidh a dhéanamh aici, ag tosú i mí Márta. Insíonn sí dúinn faoin chumadóireacht, amhránaíocht ar an sean nós agus go leor eile.
2022-02-25
23 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Seoighe
Labhraionn Seán Seoighe le Seán faoi na himeachtaí ar fad atá eagraithe ag Áras na nGael do Sheachtain na Gaeilge: Ceolchoirm ar an 5ú Márta, Oíche na mBanríon ar an 11ú Márta, Guerilla Gaeilge ar an 12ú Márta agus Cóisir Lá Fhéile Phádraig ar an 17ú Márta. Insíonn sé dúinn faoin méid iontach a bhí ar siúl ag Áras na nGael le cúpla mí anuas.
2022-02-25
10 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Róisín Chambers
Labhraíonn Róisín Chambers le Seán faoin bhféile cheoil Féile Nasc a bheidh ar siúl i mí na Bealtaine - féile ceoil traidisiúnta agus ceol tíre do gach aoisghrúpa i bPáirc Marlay i mBaile Átha Cliath. Faighimid amach faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl, an bhéim a chuirtear in inbhuanaitheacht agus an spreagadh taobh thiar den fhéile. Insíonn Róisín dúinn chomh maith faoina cuid ceoil féin agus an méid iontach atá bainte amach aici mar amhránaí ar an sean nós agus mar fhidlé
2022-02-11
19 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Isla Callister
Labhraíonn Isla Callister le Seán faoin albam nua 'A Drop for Neptune' atá curtha amach ag a banna TRIP. Cloistear Isla ag labhairt i Manainnis agus Seán ag labhairt i nGaeilge. Insíonn Isla dúinn faoi na rudaí a spreag í mar cheoltóir, na cuimhní is fearr atá aici ó bheith ag seinm, an phróiseas a bhí i gceist le 'A Drop for Neptune' a thaifead agus go leor eile.
2022-02-04
13 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Eoghan Ó Ceannabháin
Labhraíonn Eoghan Ó Ceannabháin le Seán faoina chuid ceoil agus a shaothar aonair, le hUltan O’Brien agus le Skipper’s Alley. Insíonn Eoghan dúinn faoin albam Solas an Lae a bhain gradam d’Albam na Bliana agus na RTÉ Folk Awards. Déanann Eoghan cur síos ar an tábhacht a bhaineann leis an sean nós ina shaol agus insíonn sé dúinn faoi thograí atá idir lámha aige faoi láthair. Faighimid amach chomh maith faoin méid atá déanta sa pholaitíocht ag Eoghan agus na rudaí a spreag an tsuim sin.
2022-01-21
15 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Sarah Ghriallais
Labhraíonn Sarah Ghriallais le Seán faoina albam nua – Idir Dhá Sháile 2 – a bhí i dtaisce sna cartlanna ó taifeadadh é na 1980í agus atá eisithe faoi dheireadh ag Gael Linn. Insíonn Sarah do Sheáin faoi na hamhránaithe ar an sean nós a spreag í, an tábhacht a bhaineann leis an sean nós don chéad ghlúin eile agus an oíche speisialta a bhí ann nuair a bhuaigh sí Corn Uí Riada i 1984.
2022-01-14
26 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Colm Seoighe
Labhraíonn Colm Seoighe le Seán faoina chuid amhránaíocht, cumadóireacht agus saothar aisteoireachta. Insíonn sé dúinn faoin cheol ar an sean nós agus na hamhráin a chruthaíonn sé féin, saothar atá cruthaithe aige don leathanach Gaeltacht X agus róil aisteoireachta atá déanta aige, Joe sa scannán Song Of Granite san áireamh.
2022-01-07
15 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Mícheál Ó Meallaigh
Labhraíonn Mícheál Ó Meallaigh le Seán faoi 25 bliain de TG4, mar a thosaigh rudaí amach i 1995 agus na héachtaí atá bainte amach ag an stáisiún ó shin. Faighimid amach chomh maith faoi na rudaí a mhúscail an tsuim agus a chothaigh an bua atá ag Seán sa drámaíocht agus sa tionscal teilifíse.
2021-12-17
31 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Máire Pheitir Uí Dhroighneáin
Labhraíonn Máire Pheitir Uí Dhroighneáin le Seán faoin 25 bliain atá caite aici i Ros na Rún ar TG4. Insíonn Máire do Shéain faoina taithí iontach ar Baile An Droichid ar Raidió na Gaeltachta agus faoin méid iontach atá bainte amach aici le amhránaíocht ar an sean nós agus tionchar iontach aici ar an chéad ghlúin eile d'amhránaithe.
2021-10-29
22 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Aodán Ó Ceallaigh
Labhraíonn Aodán Ó Ceallaigh le Seán faoin amhránaíocht ar an sean nós, Corn na bhFear (atá buaite trí uaire aige) agus na lúibíní ag Oireachtas na Samhna. Insíonn sé do Sheáin faoina chéim mháistreachta sa Ghnó agus IT trí Ghaeilge agus an suim atá aige i ngairmeacha éagsúla, a shraith raidió iontach Beatha na Gairme (gur féidir éisteacht siar leis ar SoundCloud anois) agus saothar aisteoireachta le hAisteoirí Bulfin agus Guthanna Binne Síoraí, agus tograí éagsúla le guthú agus ar an raidió.
2021-08-27
27 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Niall Ó Siadhail
Labhraíonn an múinteoir, podchraoltóir, gníomhaí teanga agus ceoltóir Niall Ó Siadhail le Seán, agus é ar ais in Oileán an Ghuail i gContae Thír Eoghain, tar éis seal fada i Londain. Insíonn Niall dúinn faoina shuim sa Ghaeilge - béaloideas agus sean-Ghaeilge ach go háirithe - agus an saol múinteoireachta i Londain. Cloisimid faoin podchraoladh iontach Nuacht Mhall agus a chuid ceoil - tá ceol cumtha, canta agus eisithe ag Niall mar Low Flying Orchestra. Faighimid léargas ar an méid a dhéanann Niall i saol an Ghaeilge, le Conra...
2021-07-30
19 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Athair Seán Ó Gallchóir
Labhraíonn an tAthair Seán Ó Gallchóir le Seán faoin gcaoga bliain atá caite aige mar shagart agus é ag ceiliúradh a Iubhaile Órga. Tugann sé súil siar ar a óige, na rudaí a spreag sé le bheith ina shagart, a thaithí agus é ag ullmhú le bheith ina shagart i Má Nuad agus a shaol oibre (i gColáiste na Croise Naofa agus Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola ar an Fhál Charrach, i mBun a’ Leaca agus i nGort a Choirce) ó ornaíodh é i 1971. Faighimid léargas iontach ar a shuim sa stair agus Gaeilge, an saothar atá foilsithe aige...
2021-07-09
26 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Ó Maolchiaráin
Labhraíonn Seán Ó Maolchiaráin le Seán faoi na tograí móra atá idir lámha aige faoi láthair – a phodchraoladh Gaeilge Anois, a chuid oibre le Gaeltacht X agus a ról mar Uachtarán Tánaisteach Oifigeach Leasa in Ollscoil Luimnigh. Insíonn sé dúinn faoin gcéim a rinne sé sa choláiste, an Erasmus a rinne sé sa Bhreatain Bhig agus an méid atá déanta aige le meabhairshláinte agus meabhairshláinte na bhfear a chur chun cinn le hobair fheachtasaíochta agus tiomsaitheoir airgid mór do Movember.
2021-07-02
27 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Mac Risteaird
Labhraíonn Seán Mac Risteaird le Seán faoi Dána, seimineár ar líne a bheidh ar siúl ar an 18ú agus 25ú de Mheitheamh, le Fiontar agus Scoil na Gaeilge DCU. Insíonn Seán dúinn faoina chuid oibre mar ollamh cúnta le DCU, an taighde agus na foilseacháin atá déanta aige, a PhD ar shaothar liteartha Mhichíl Uí Chonghaile agus Cathal Uí Shearcaigh, an méid atá ar siúl aige le Sealbhú agus go leor leor eile.
2021-06-11
40 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Ó Baoill
Labhraíonn Seán Ó Baoill le Seán faoin tsraith nua de An Focal Scoir atá ag dul amach gach oíche Luan ag 10in ar BBC2 Thuaisceart Éireann, faoi shraith nua de I Lár An Aonaigh atá ar an bhealach, obair le Meon Eile agus Ros na Rún, a shraith An Teach Seo Againne (RTÉ) agus togra úr atá ag teacht aníos sna míonna amach romhainn.
2021-05-14
25 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Padraic Ó Griallais
Labhraíonn Padraic Ó Griallais le Seán faoi Micil Distillery, an chéad drioglann dhleathach i nGaillimh le breis agus céad bliain anuas. Insíonn sé faoi na rudaí iontacha atá bainte amach acu agus ar siúl acu faoi láthair. Déanann sé cur síos ar na táirgí iontacha atá ar fáil acu, gin agus poitín lámhdhéanta i gConamara, chomh maith le fuisce agus uachtar Gaelach atá a chruthú acu i mbliana, agus faighimid léargas iontach ar an stair taobh thiar den drioglann.
2021-03-26
22 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Gráinne Holland
Labhraíonn an ceoltóir, cumadóir agus léiritheoir Gráinne Holland le Seán faoina thogra nua Ceol na Sióg, albam nua le hamhráin do pháistí a chum agus a thaifead sí, agus leabhar a théann leis le léaráidí déanta ag Andrew Whitson, foilsithe ag An tSnáthaid Mhór. Déanann Gráinne cur síos ar na rudaí a spreag an togra seo, na hamhráin a bhí ina inspioráid aici agus í ag fás aníos agus scéalta taobh thiar de na hamhráin.
2021-03-26
27 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
James Riordan
Labhraíonn James Riordan le Seán faoina ról nua mar Dan ar Ros na Rún, an dráma Selvage a scríobh sé agus a raibh an phríomhpháirt aige ann anuraidh, a chuid oibre mar stiúrthóir ealaíne le hAmharclann Bhrú i nGaillimh agus tograí móra drámaíochta idir lámha aige faoi láthair.
2021-03-26
27 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán T. Ó Meallaigh
Labhraíonn an t-aisteoir, scríbhneoir agus stiúrthóir Seán T. Ó Meallaigh le Seán faoina shaol sna scannáin, ar an teilifís, ar an stáitse agus ar an raidió, ag tabhairt siar ar bhuaicphointí agus cuimhní móra agus ag labhairt faoin méid iontach atá ar siúl aige faoi láthair. Pléitear na scannáin A Better You, I Am Patrick agus Arracht, na sraitheanna theilifíse Vikings, An Klondike agus Seachtar na Cásca, a shaothar scríofa agus stiúrtha, a bhua mar ghrianghrafadóir agus go leor leor eile.
2021-03-19
42 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Sinéad Ní Uallacháin
Labhraíonn Sinéad Ní Uallacháin le Seán faoi chlár faisnéise den chéad scoth atá déanta aici le Waddell Media agus craolta ar TG4, faoin cháil a bhain Peig Sayers amach mar gheall ar a leabhar Peig, a chaith breis agus scór go leith de bhlianta ar shiollabas na hardteiste. Insíonn Sinéad dúinn faoin aistear a chuaigh sí ar le níos mó a fháil amach faoi bhean a bhí i bPeig í féin, na scéalta nach bhfuil cloiste againn fúithi agus an t-athrú dearfach atá tagtha ar an méid atá...
2021-03-19
25 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Jamie Ó Flannúra
Labhraíonn Jamie Ó Flannúra le Seán faoina chuid oibre le Camara Education Ireland ar TechSpace agus ar TechFéile 2021, atá ar siúl idir Eanáir agus Márta 2021. Insíonn Jamie dúinn faoi na himeachtaí atá beartaithe do dheireadh TechFéile agus an tábhacht a bhaineann le hábhair STEAM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, na healaíona agus mata) san oideachas, agus faoina thaithí mar mheantóir le Gaeltacht UCD.
2021-03-19
23 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Tadhg
Labhraíonn Tadhg le Seán faoin méid a bhí ar siúl aige le bliain anuas - seit iontach le Féile na Gealaí ar líne, amhráin agus físeáin úra a chruthú, agus Global Pride lena hamhrán nua Space Love. Insíonn sé do Sheáin faoin gceolchoirm mhór a bheidh ar siúl ag Aerach Aiteach Gaelach beo ar Youtube (Aoine 12 Márta) agus na hamhráin a bheidh aige ann.
2021-03-12
18 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Caroline Seoighe
Labhraíonn Caroline Seoighe le Seán faoina cuid oibre mar stíleálaí agus mar phearsa fhaisin agus tionchaire ar Instagram. Insíonn sí dúinn faoin seimineár Paisean Don Fhaisean a bheidh ar siúl ar Youtube Áras na nGael (Aoine 12 Márta) do Sheachtain na Gaeilge, le Jessica Diskin, Áine Donnelly, Mollaí agus Anna Campbell.
2021-03-12
08 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Seoighe agus Róisín Seoighe
Labhraíonn Seán Seoighe, Oifigeach Forbartha le Gael-Fhorbairt na Gaillimhe in Áras na nGael, agus Róisín Seoighe le Seán faoin méid atá ar siúl ag Áras na nGael do Sheachtain na Gaeilge 2021 (Instagram takeovers, seimineáir, cainteanna, ceolchoirm agus go leor eile). Insíonn Seán dúinn faoin obair a bhíonn ar siúl i rith na bliana agus na bealaí a bhíonn siad ag freastal ar an bpobal, agus insíonn Róisín dúinn faoina cuid ceoil agus an méid atá beartaithe aici do Cheolchoirm Mhór Áras na nGael ar Youtub
2021-03-12
14 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Declan Hannon
Labhraíonn Declan Hannon, ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge le Energia 2021 agus captaen ar fhoireann iománaíochta Luimnigh a bhain Corn Liam Mhic Cárthaigh faoi dhó (2018 agus 2020), le Seán faoina thaithí mar ambasadóir, a haistear féin le Gaeilge, Gaeilge sa Chumann Lúthchleas Gael agus moltaí do fhoghlaimeoirí le cur lena gcuid Gaeilge.
2021-03-12
09 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Orlaith Nic Ghearailt
Labhraíonn Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge agus Feachtais Feasachta le Conradh na Gaeilge, le Seán faoi Sheachtain na Gaeilge le Energia 2021, na himeachtaí agus na hathruithe a bhí i gceist le SnaG a chur ar líne in aimsir Chovid. Insíonn sí dúinn faoi na hambasadóirí iontacha atá acu i mbliana agus a cuimhní is fearr ó Sheachtain na Gaeilge go dtí seo.
2021-03-12
23 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Michaela Ní Labhraí
Labhraíonn Michaela Ní Labhraí le Seán faoina cuid oibre mar chef taosráin, a leathanach Instagram @mamafoxcakes agus Instagram takeover atá a dhéanamh aici d'Áras na nGael mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge. Insíonn Michaela dúinn faoi na rudaí is mó a spreag í dul I mbun bácála, faoi bheith ag obair in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha, an tábhacht a bhaineann le páistí a spreagadh a bheith ag bácáil agus ag cócaireacht, agus go leor leor eile.
2021-03-05
15 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Máire Eilis Ní Fhlaithearta
Labhraíonn Máire Eilis Ní Fhlaithearta le Seán faoin méid atá ar siúl i Ros na Rún lena carachtar Caitríona i Sraith 25 agus insíonn sí dúinn faoin bhfíseán iontach a rinne foireann Ros na Rún bunaithe ar Jerusalema. Tugann sí léargas dúinn faoin bhliain eisceachtúil a bhí acu ag taifead an tsraith is déanaí in aimsir Chovid agus insíonn sí dúinn faoi na cuimhní is fearr ón 25 bliain i Ros na Rún go dtí seo.
2021-03-05
13 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Marion Ní Loinsigh
Labhraíonn Marion Ní Loinsigh, léiritheoir sraithe Ros na Rún le Seán faoin éacht atá déanta acu cláir den scoth a chur amach le linn aimsir Chovid. Insíonn sí dúinn faoi na dúshláin, na srianta a cuireadh i bhfeidhm, athruithe a bhí le déanamh agus na bealaigh a chuaigh foireann Ros na Rún i ngleic leis na modhanna taifeadta nua. Tugann sí súil siar ar na scéalta móra ó Shraith 25 go dtí seo agus buaicphointí ó bhreithlá mór Ros na Rún.
2021-03-05
14 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Múinteoir Meg
Labhraíonn Múinteoir Meg le Seán faoin obair iontach atá a dhéanamh aici ag cur na Gaeilge chun cinn lena Instagram agus lena cuid oibre mar mhúinteoir meánscoile. Insíonn sí dúinn faoina sraith téacsleabhair nua Croí na Gaeilge, foilsithe ag Edco do mhic léinn an teastais shóisearaigh, agus faoin méid atá ar siúl aici le Gaelchultúr, i measc go leor leor eile.
2021-03-05
20 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Claire Marie Dunne
Labhraíonn an Dr. Claire Marie Dunne le Seán faoina lámhleabhar nua Sceitimíní: Gníomhaíochtaí Spraíúla don Seomra Ranga (foilsithe le COGG), a cuid oibre in Institiúid Oideachais Marino, litríocht do pháistí i nGaeilge agus ionadaíocht i leabhair do pháistí. Déantar comhrá faoi straitéisí leis an Ghaeilge a spreagadh sa seomra ranga, na leabhair do pháistí is fearr agus foilseacháin iontacha atá scríofa ag Claire Marie le moltaí léitheoireachta den scoth.
2021-02-26
28 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Conall Ó Céidigh
Labhraíonn Conall Ó Céidigh le Seán faoina chuid aisteoireachta – mar Rory i Ros na Rún agus mar Dan sa scannán Arracht – a chuid oibre le Clubforce agus a bhulladóir Collins, atá leathanach Instagram aige @collinsthebulldog. Tugann Conall súil siar ar na buaicphointí óna chuid ama i Ros na Rún go dtí seo agus an méid a bhí ar siúl aige le bliain anuas agus insíonn sé dúinn faoin méid atá ag teacht aníos.
2021-02-26
13 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Louise Cantillon
Labhraíonn Louise Cantillon le Seán faoina saothar raidió agus iriseoireachta – na cláir Spin ar Scoil, Spin Now agus Hit 30 na hÉireann ar Spin, agus an colún Louise Loves sa Limerick Leader. Déantar comhrá chomh maith faoi na buaicphointí is mó ag Louise go dtí seo, a cuid taithí mar mhúinteoir meánscoile, na rudaí is mó a thaitníonn léi agus go leor eile.
2021-02-26
23 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Róisín Ní Mhaoláin
Labhraíonn Róisín Ní Mhaoláin le Seán faoin méid iontach atá ar siúl aici leis na Gaelgals le cúpla mí anuas, podchraoladh ar Raidió Rí-Rá agus ócáid mhór do Sheachtain na Gaeilge san áireamh. Déanann sí cur síos ar mhíreanna atá déanta aici ar StadAir ar RTÉ 2FM le gairid agus comórtas a bhí sí ag reáchtáil ar a leathanach Instagram. Insíonn sí do Sheáin faoina clár An Meangadh Mór ar Raidió na Life agus a cuid oibre mar Fheidhmeannach Chumarsáide í le...
2021-02-19
20 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Pól Penrose
Labhraíonn an t-aisteoir agus léiritheoir Pól Penrose le Seán faoin méid atá ar siúl lena charachtar Colm i Ros na Rún ar TG4 faoi láthair, na hathruithe is mó atá tagtha ar a charachtar ó tháinig sé go Ros na Rún agus an méid atá ar siúl le Mo, Charlie agus go leor carachtair eile faoi láthair. Insíonn sé do Sheáin faoi na scéalta is dúshlánaí atá déanta agus buaicphointí an tsaoil ag aisteoireacht ar an chlár.
2021-02-19
19 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Séamus Ó Flatharta
Labhraíonn Séamus Ó Flatharta – amhránaí agus damhsóir ar an sean nós a sheinneann an chláirseach, an fheadóg agus an bodhrán chomh maith - le Seán faoin méid atá bainte amach aige i saol an cheoil go dtí seo, na buaicphointí agus na cuimhní is fearr atá aige, faoi bheith ag ceol lena mhuintir agus na rudaí is mó a spreag a ghrá don cheol. Insíonn Séamus do Sheáin faoin gceolchoirm atá ar siúl aige agus a dheirfiúr Caoimhe d’Fhéile IMBOLC agus tiomsaitheoir airgid atá ar siúl aige faoi láthair d...
2021-02-19
16 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Paul McCloskey
Labhraíonn Paul McCloskey le Seán faoina shaothar leathan aisteoireachta ar Ros na Rún mar Vince De Búrca ó thosaigh sé ansin sa bhliain 2000. Déanann sé cur síos ar na cuimhní is fearr agus na scéalta móra is dúshlánaí atá déanta aige ar an sobalchlár, agus tugann sé léargas dúinn faoi na scéalta móra atá idir lámha aige i láthair na huaire. Insíonn sé do Sheáin faoina chuid oibre i saol an cheoil leis an mbanna iontach Pyramid.
2021-02-12
16 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Oisín Mistéil
Labhraíonn Oisín Mistéil le Seán faoina shaothar leathan iontach agus an bhliain iontach a bhí aige, le cláir ar nós ‘Ar Thóir na Crown Jewels’ agus ‘Finné’ ar TG4, agus Le Ceangal ar Bloc TG4. Insíonn sé do Sheáin faoina chuid oibre mar scríbhneoir, stiúrthóir, eagarthóir, láithreoir agus léiritheoir; an taithí iontach a bhí aige ag déanamh ‘Ar Thóir na Crown Jewels’ lena seanmháthair agus na rudaí a bhíonn ina spreagadh aige agus na buaicphointí is mó ina shaol oibre go dtí seo.
2021-02-12
25 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Ainle Ó Cairalláin
Labhraíonn Ainle Ó Cairalláin le Seán faoin méid iontach atá ar siúl aige faoi láthair – a hionad aclaíochta Aclaí i gCorcaigh a bhunaigh sé i 2013 (ionad a chuireann béim ar an bpobal agus comhoibriú idir na baill). Insíonn sé do Sheán faoin togra iontach atá ar siúl aige le Aclaí sa Phalaistín le cúpla bliain anuas agus a phodchraoladh iontach Rebel Matters, ar a mbíonn comhráite spreagúla géarchúiseacha acu. Déanann Ainle cur síos ar na laochra is réabhlóidí is mó atá aige féin chomh maith.
2021-02-12
30 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Séaghan Ó Suilleabháin
Labhraíonn Séaghan Ó Suilleabháin, an Kerry Cowboy, le Seán faoin méid iontach atá ar siúl aige faoi láthair, idir feirmeoireacht, staidéar agus a chuid leathanaigh iontacha ar TikTok agus Instagram mar an Kerry Cowboy. Insíonn Séaghan do Sheáin faoina mhadra caorach cliste Braindí agus na bealaí dearfacha atá na cuntais ar na meáin shóisialta i ndiaidh tacú le daoine anseo in Éirinn agus i bhfad i gcéin. Tá neart craic agus comhrá faoi shaol na tuaithe, madraí caorach a thraenáil agus go leor leor eile.
2021-02-12
21 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Cillian Ó Donnachadha
Labhraíonn Cillian Ó Donnachadha le Seán faoina shaothar leathan mar scríbhneoir, léiritheoir, aisteoir, stiúrthóir agus mar phuipéadóir, lena compántas drámaíochta Biscuits For Breakfast agus le déanaí le Fíbín agus ar Cúla 4. Tugann sé súil siar ar a dráma ‘Somewhere Under The Rainbow’, a thosaigh amach mar ghearrdráma agus a d’fhorbair go dtí gur cuireadh I láthair é os comhair teach lán san Olympia, agus ag Féile Fringe Dún Éideann agus i Londain. Labhraíonn Cillian faoina shaothar eile, ar nós Aul Divina and Me a ghnóthai...
2021-02-05
38 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Tessa Fleming
Labhraíonn Tessa Fleming le Seán faoina sraith nua – Peataí – le BBC Gaeilge, ina bhfeicimid í ag cur aithne ar réimse leathan peataí agus a gcuid úinéirí. Insíonn sí dom faoi na rudaí spéisiúla a d’fhoghlaim an lucht féachana faoi na hainmhithe agus an spraoi a bhí aici ag déanamh an clár. Labhraíonn Tessa fosta faoina saothar iontach sna meáin, na cláir raidió Blas 5x5 agus Litreacha san áireamh, agus go leor leor eile.
2021-02-05
22 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seosamh Mac Seoin
Labhraíonn Seosamh Mac Seoin (Joseph Jones) le Seán faoina shaothar mar aisteoir (fógraí theilifíse, dráma ar stáitse agus físeáin cheoil) agus mar mhainicín i Nua Eabhrac. Tugann sé súil siar ar sheachtainí faisin atá déanta aige i Nua Eabhrac, Londain agus Páras agus saothar irisleabhair i leithéidí Vogue. Insíonn sé do Sheáin faoin obair a dhéanann sé le Strength to Strength, carthanacht a chabhraíonn le daoine a d'fhulaing mar gheall ar sceimhlitheoireacht.
2021-01-29
13 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Danny Mac Eachmharcaigh
Labhraíonn Danny Mac Eachmharcaigh le Seán faoi na scéalta móra is déanaí lena charachtar Niall ar Ros na Rún. Insíonn sé do Sheáin faoin méid atá idir lámha aige faoi láthair - tograí nua scríbhneoireachta san áireamh - agus na nithe is mó atá ina thionchar ar a stíl scríbhneoireachta, stiúrthóireachta agus léiritheoireachta féin. Labhraíonn sé faoina scannán iontach Tyre Kickers a tháinig amach anuraidh chomh maith.
2021-01-29
15 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Caoimhe Ní Chathail
Labhraíonn Caoimhe Ní Chathail le Seán faoina clár úr 'Croí na Ceiste' a bheidh ar BBC2 oíche Dé Luain ag 10in. Beidh Caoimhe ag déanamh taighde agus iniúchadh ar Croí na Ceiste faoi cóireáil coiméideacha agus insíonn sí dúinn faoin bpróiseas a bhí i gceist leis an chlár a léiriú agus a thaifead, agus na daoine a chas sí orthu. Déanann sí cur síos ar an méid iontach atá ar siúl aici faoi láthair - saothar raidió, modúl atá a thabhairt aici in Ollscoil Chat...
2021-01-29
18 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Kobara
Labhraíonn Kobara (Keith Ó Briain) le Seán faoina singil nua Addict To Your Love, a EP Five Lovely Poisons, a shaothar le Seo Linn, amhrán úr le Oh Bryan agus go leor eile. Tugann sé súil siar ar a haistear ceoil, na buaicphointí is mó atá bainte amach aige go dtí seo agus méid atá fós le teacht i 2021.
2021-01-29
19 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Marie Bheag Breathnach
Labhraíonn Marie Bheag Breathnach le Seán faoina cuid saothar i Ros na Rún ó thosaigh sí ar an tsraith sa bhliain 2002. Insíonn sí do Sheáin faoina scéal mór is déanaí lena carachtar Mo Gilmartin, a mharaigh Frances ar Ros na Rún níos luaithe i sraith 25. Tugann Marie súil siar ar na cuimhní is fearr atá aici ó bheith ag obair ar Ros na Rún go dtí seo, na scéalta atá déanta aici agus na rudaí is fearr faoi bheith ag aisteoireacht ar an tsraith.
2021-01-24
22 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Deoraí
Labhraíonn an Deoraí le Seán faoina singil nua 'Phase' atá díreach eisithe agus faoin bhfíseán ceoil a bhí stiúrtha ag Gerard Walsh. Tá comhrá álainn acu faoin stíl uathúil draíochtach atá ag an Deoraí, na hamhráin atá eisithe go dtí seo (Sceimhlitheoir, Concréit Fhuar, Digiteach agus Páiste Bocht) agus an méid atá le theacht i 2021.
2021-01-22
20 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Fiachna Ó Braonáin
Labhraíonn an réalta ceoil, raidió agus teilifíse Fiachna Ó Braonáin le Seán faoina aistear ceoil inár bhain sé rath agus séan a bhain sé amach ar fud an domhain. Déanann sé cur síos ar a shaothar leathan, a chuid ceoil solo, leis na Hothouse Flowers, le Prenup agus go leor ceoltóirí eile. Tá comhrá againn faoina chuid cláracha raidió 'Late Date' (ar RTÉ Radio 1) agus 'An Seomra Glas' (ar RTÉ Raidió na Gaeltachta) agus a ról úr i Ros na Rún mar Luke Ó Braonáin.
2021-01-22
34 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Julie Anne de Brún
Labhraíonn Julie Anne de Brún, múinteoir bunscoile le B.Oid, iarcheim san oideachas speisialta agus máistreacht san ICT, le Seán faoi conas Gaeilge a chur chun cinn ar scoil, sa chlann agus sa phobal. Tugann sí léargas den scoth dúinn ar an dátheangachas agus ilteangachas, oideachas bunscoile, na ceardlanna ceoil 'Colourstrings' a chuireann sí i láthair, a cuid saothar ar líne, an méid atá déanta aici le Gaeilge a chur chun cinn le Gaeilge Mhaigh Chuilinn agus Mother Tongues Ireland agus neart eile.
2021-01-22
37 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Donncha Ó Murchú
Labhraíonn Donncha Ó Murchú le Seán faoina ról nua mar láithreoir aimsire agus leanúnachais ar TG4. Tugann sé súil siar ar a thaithí agus a shaothar iontach le Molscéal agus mar thráchtaire agus craoltóir spóirt ar an raidió, seal torthúil a chaith sé i Montana agus a aistear iománaíochta le club CLG Cill Mochuda na Crócaigh.
2021-01-15
17 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Darach Ó Tuairisg
Labhraíonn Darach Ó Tuairisg, stiúrthóir agus bunaitheoir Fíbín, le Seán faoin méid a bhí ar siúl ag Fíbín le bliain anuas (an dráma drive-in Fiach, an dráma meánscoile An Triail agus neart eile). Déanann sé cur síos ar an tsraith is déanaí de Cúla4 ar Scoil atá ag tosú ar TG4, an clár theilifíse Samhlú a chraoladh ar TG4 thar an Nollag agus Is Eolaí Mé, sraith ar a bhfuil leabhar nua a fhoilsiú go luath.
2021-01-15
18 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Emma Ní Chearúil
Labhraíonn Emma Ní Chearúil le Seán faoi thogra úr atá idir lámha aici le TG Lurgan agus Urdd Gobaith Cymru. Faighimid amach faoin saothar leathan raidió atá aici le Raidió na Life, a ainmniúchán do Phearsa Raidió na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2020, a clár nua Ceap Do Shuaimhneas, Meon na mBan (a fuair ainmniúchán do Shraith Raidió na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2020), Ar Leac Mo Dhoras (a bhain Gradam CRAOL 2020) agus neart eile. Insíonn sí dúinn faoina saothar cruthaitheach agus go leor eile.
2021-01-15
29 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Richie Conroy
Labhraíonn Richie Conroy le Seán faoina ról nua mar Scríbhneoir Cónaithe le Fiontar agus Scoil na Gaeilge DCU. Insíonn sé do Sheán faoina úrscéal Dialann Emily Porter: An Jailtacht agus an dara leabhar sa tsraith Dialann Emily Porter: Thíos Seal, Thuas Seal a bhuaigh gradam i gComórtas Liteartha Oireachtas na Gaeilge i 2020. Tugann sé léargas dúinn ar an réimse leathan scripteanna a scríofa aige do scannáin agus cláir theilifíse ar nós Two By Two, Two By Two: Overboard agus Fran: Assistant Manager, agus go leor
2021-01-15
24 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Aindriú De Paor
Labhraíonn Aindriú De Paor le Seán faoin chuid oibre le RTÉ 2FM agus an taithí a bhí aige le Raidió na Life, RTÉ agus BLOC TG4 thar na blianta. Insíonn sé do Sheáin faoi na rudaí go léir a tharraing i dtreo ne craoltóireachta é agus na cuimhní is fearr agus is greannmhara atá aige go dtí seo. Tugann sé léargas dúinn ar thiomsaitheoir airgid a rinne sé do Naomh Uinseann de Póil le gairid agus an méid iontach atá ar siúl aige faoi láthair.
2021-01-09
37 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Rút Ní Theimhneáin
Labhraíonn Rút Ní Theimhneáin le Seán faoina cuid oibre le hICUF in Ottawa, Ceanada agus faoin saothar iontach a chruthaíonn sí don leathanach Instagram @dochailinrut. Insíonn sí do Sheán faoina taithí le ilteangachas agus í ag fás aníos I Rath Chairn, na rudaí is fearr faoin gceantar sin agus pobal na Gaeilge in Ottawa. Tugann sí léargas dúinn chomh maith ar a cuid scríbhneoireacht, filíocht agus amhráin ach go háirithe.
2021-01-09
20 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Grooveline
Labhraíonn Bronwyn, Tarach, Evan, Glen agus Matthew ó Grooveline le Seán faoin EP nua – Blind – atá eisithe acu, bailiúchán amhráin den scoth. Déanann siad cur síos ar na daoine agus na seánraí atá ina thionchar ar an gceol, an próiseas scríbhneoireachta agus taifeadta agus na cuimhní is fearr atá acu go dtí seo, ‘Blind’, ‘Deis Dall’ agus ceolchoirm ollmhór sa Glen Centre ina measc.
2021-01-09
14 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Éanna Ó Conchúir
Labhraíonn Éanna Ó Conchúir, imreoir aitheanta le club CLG An Ghaeltacht le Seán faoin gym nua – Beo Fitness- atá bunaithe aige. Insíonn sé dúinn faoin ghnó nua agus tugann sé súil siar ar a chuid cuimhní is fearr le An Ghaeltacht go dtí seo, an lá a bhain siad Comórtas Peile na Gaeltachta 2019 ina measc. Tugann sé comhairle mhaith dúinn chomh maith ó thaobh sláinte agus aclaíochta de, do 2021.
2021-01-09
20 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Darren Ó Dubhgáin
Labhraíonn Darren Ó Dubhgáin le Seán faoina ról úr mar láithreoir aimsire agus leanúnachas ar TG4, amhránaíocht ar an sean nós, a shaothar le Cúla 4 ar Scoil agus mar chomhordaitheoir meáin shóisialta le TG4 agus a chuid pleananna don Nollaig agus an bhliain úr.
2020-12-14
15 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Ó Baoill
Labhraíonn Seán Ó Baoill le Seán faoina shaothar teilifíse - an tsraith nua An Teach Seo Againne (RTÉ) a rinne sé a stiúradh, na sraitheanna An Focal Scoir agus I Lár an Aonaigh (BBC Thuaisceart Éireann) agus Ros na Rún (TG4), ina ndéanann sé ról Adam. Insíonn sé do Shéan faoi na cláir teilifíse is mó a thaitníonn leis agus a chuid pleananna don Nollaig agus an bhliain úr.
2020-11-22
17 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Caitlín Nic Aoidh
Labhraíonn Caitlín Nic Aoidh le Seán bliain tar éis di a bheith mar an chéad aoi ar Seal le Seán. Insíonn sí do Sheáin faoina saothar mar shár-réalta theilifíse ar TG4, an taisteal a rinne sí in Éirinn i mbliana, a cuid rólchuspaí agus eiseamláirí agus na cuimhní is fearr atá aici ón saol scoile agus an Nollaig, chomh maith le léir mhór eile.
2020-11-11
22 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Máire Ní Choilm
Labhraíonn buaiteoir Chorn Uí Riada 2019 le Seán faoi na cuimhní is fearr atá aici ó na hOireachtais uilig a d'fhreastail sí ar thar na blianta, an oíche a bhain sí Corn Uí Riada agus cé chomh tábhachtach is atá amhránaíocht ar an sean-nós.
2020-11-02
17 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Seán Mistéil
Labhraíonn Seán Mistéil le Seán faoina chuid oibre ar Ros na Rún ó thosaigh sé ar an chlár i 2004. Déanann sé cur síos ar scéalta móra a charachtar David agus na cuimhní is fearr atá aige go dtí seo ar Ros na Rún.
2020-10-26
13 min
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Stiofán Ó Fearaíl
Labhraíonn Stiofán Ó Fearaíl le Seán faoina aistear ceoil, ar dtús le TG Lurgan (ina ndeachaigh siad 'viral' ar fud an domhain le Avicii V Lurgan) agus ansin le Seo Linn, banna ceoil atá i ndiadh rath agus séan a bhaint amach ar fud na cruinne le hamhráin trí Ghaeilge. Déanann Stiofán a shaothar teilifíse, tiomsaitheoir airgid do Self Helf Africa agus go leor leor eile a phlé.
2020-08-11
50 min