podcast
details
.com
Print
Share
Look for any podcast host, guest or anyone
Search
Showing episodes and shows of
Teicneoir
Shows
Fada is Fairsing
Clár 259 - 2020 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair Fran Mulraney linn ó Nua Eabhrac faoina ballraíocht boird den ghrúpa Scríbhneoirí agus Ealaíontóirí Gaeil Mheiriceánacha agus cúrsaí sna Stáit Aontaithe faoi láthair. Chomh maith leis sin chualamar ó Mhícheál von Spiegel i Philadelphia, Coill Penn faoin ngrúpa Gael ansin agus a shaol féin.
2020-07-14
29 min
Fada is Fairsing
Clár 258 - 2020 - Raidió na Life
Clár speisialta é seo le Galt Barber, a bheirt mhic Conall agus Tadhg, agus a bhean Janet atá ag cur fúthu gar do San Francisco, California na Stát Aontaithe. Labhraíomar faoina saol ansin, lena gclann á thógáil trí Ghaeilge, ciníochas agus éirí aníos na ndaoine gorm faoi láthair i SAM agus go leor eile.
2020-07-07
24 min
Fada is Fairsing
Clár 257 - 2020 - Raidió na Life
Ar an gclár seo, labhraíomar le Martha Wright i New Jersey na SA ag labhairt linn faoina saol ansin, éirí aníos #BlackLivesMatter, paindéim #Covid_19 agus eile. Chomh maith leis sin bhí Noelle O Connell ó Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn ag labhairt faoin bpaindéim agus an Eoraip, obair na heagraíochta agus eile.
2020-06-23
25 min
Fada is Fairsing
Clár 256 - 2020 - Raidió na Life
Ar an gclár seo chualamar ó Audrey Nickel i gCalifornia faoi na léirsuithe thall ansin agus ar fud na Stát Aontaithe ar son an phobail ghoirm faoi láthair. Chomh maith leis sin chualamar an dara cuid d'agallamh a rinne mé le Seán Ó Coistealbha i Muintearas i gConamara faoi na tionscnaimh éagsúla atá á reachtáil acu le daoine ar fud na cruinne ar líne i láthair na huaire.
2020-06-16
26 min
Fada is Fairsing
Clár 255 - 2020 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Matt Holmberg i mBostún linn le labhairt faoi bhás George Floyd agus éirí amach #BlackLivesMattter timpeall ar na Stáit Aontaithe le déanaí. Chomh maith leis sin chualamar ó Sheán Ó Coistealbha i Muintearas i gConamara faoi thionscnamh a rinne siad le Foras na Gaeilge chun scéal fiannaíochta ó Oileán Leodhais a roinnt ar líne agus tionscnaimh eile le daoine ar fud na cruinne ar líne.
2020-06-09
27 min
Fada is Fairsing
Clár 254 - 2020 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Clár Ní Bhuachalla, Stiúrthóir Gaeltacht UCD i gCOBÁC ag labhairt linn faoi obair a hoifige in aimsir #covid-19 agus eile. Chomh maith leis sin bhí Mícheál Ó Conaire ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag labhairt linn faoi oscailt comórtas d'intéirneachtaí in institiúidí na hEorpa, maoinithe ag an Roinn.
2020-06-02
26 min
Fada is Fairsing
Clár 253 - 2020 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Eoin McEvoy ag labhairt linn faoin Lá Idirnáisiúnta i gcoinne homafóibe, défhóibe, idirghnéasachais agus trasfóibe agus an grúpa an Queercal Comhrá anseo in Éirinn. Chomh maith leis sin bhí Seáinín Mac Conraí ag labhairt linn faoi Ghaeil Brattleboro Vermont - conas atá ag éirí leo i rith pandéim #COVID19 , a gcuid imeachtaí ar líne, obair Sheáinín in oispidéal i Vermont agus eile.
2020-05-26
29 min
Fada is Fairsing
Clár 252 - 2020 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Maitiú Ó Coimín, eagarthóir Nós ag caint linn faoin scéal seo- bailiúchán airgid in Éirinn mar bhuíochas don phobal bundúchasach Navachóch agus Hóipeach i Meiriceá Thuaidh mar chúnamh agus an pobal buailte go dona leis an gcoróinivíreas. Chomh maith leis sin, bhí Pa Sheehan ag labhairt linn faoin saol i dTalamh an Éisc, Ceanada faoi láthair agus a phleananna bogadh go Toronto a bheith mar theagascóir ICUF.
2020-05-19
36 min
Fada is Fairsing
Clár 251 - 2020 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Karen Reshkin ag labhairt linn faoina saol i Palatine, Illinois leis an gcoróinvireas, Gaeil Chicago ar líne, an caora cliste agus eile! Chomh maith leis sin, bhí Ian Mac Gabhann ag labhairt linn faoi conas mar a d'éirigh leis an bhfeachtas #trasnanadtonnta le gairid!
2020-05-12
29 min
Fada is Fairsing
Clár 250 - 2020 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair Paula Melvin ó Choimisiún Fulbright na hÉireann linn faoi chlár Fulbright agus conas atá ag éirí leis in aimsir géarchéime. Chomh maith leis sin, bhí James McDonald ag labhairt linn faoin saol i Londain Shasana faoi láthair, Conradh na Gaeilge i Londain, an cóir Gaelic Voices agus eile!
2020-05-05
30 min
Fada is Fairsing
Clár 249 - 2020 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair mé le Caitríona Weafer faoi chúrsaí thall i Virginia na Stát Aontaithe faoi láthair agus le Colleen Ní Chairmhic faoina cuid oibre leis an dlí trí Ghaeilge i Nua Eabhrac!
2020-04-28
29 min
Fada is Fairsing
Clár 248 - 2020 - Raidió na Life
Ar ár gcéad chlár de Fada is Fairsing taifeadta ón mbaile i rith géarchéim an choróin víris, labhair mé le m'iarchomhláithreoir ar an gclár Eoin Ó Catháin faoi chúrsaí thall i mBruiséil na Beilge agus le hEvin Ó Dúnaigh ó Chonradh na Gaeilge Glaschú faoi chúrsaí san Albain - ranganna Gaeilge an Chonartha ar líne agus eile!
2020-04-21
33 min
Fada is Fairsing
Clár 247 - 2020 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Ciarán Ó Muirthile ó Aidlink Ireland ag labhairt linn faoin gcatharnacht agus a gcuid oibre. Chomh maith leis sin bhí Tony Duffy ag labhairt linn faoina chuid oibre thall sa tSín ach é bheith sáinnithe sa mbaile anois toisc an coróinvíreas agus ar deireadh bhí Brian Ó Éigeartaigh linn ó Fheachtas Comhbhá na hÉireann leis an bPalaistín le labhairt faoin bhfeachtas agus faoin oíche a bheas acu d'oibrithe deonacha ar an 19 Feabhra.
2020-02-18
28 min
Fada is Fairsing
Clár 246 - 2020 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Kate Cunningham ag labhairt linn faoi Fhéile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath ar siúl 26 Feabhra - 8 Márta 2020. Chomh maith leis sin bhí Gwyneth Ní Aidicín Ní Loinsigh linn ó Londain Shasana áit ar eagraigh sí Pop Up Gaeltacht ag an deireadh seachtaine i ndiaidh ceolchoirme de chuid Kneecap sa chathair!
2020-02-11
23 min
Fada is Fairsing
Clár 245 - 2020 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Somhairle Mag Uidhir ó Raidió Fáilte atá caint linn faoin mBreatimeacht agus cúrsaí ó thuaidh ceithre lá tar éis don Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh a rinne an tOllamh Kevin Scannell linn le gairid tar éis dó bogadh go Gaillimh chun scoláireacht Fulbright a dhéanamh ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua faoina scoláireacht agus a chuid taighde faoin nGaeilge ar líne agus eile.
2020-02-04
28 min
Fada is Fairsing
Clár 244 - 2020 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí an Dr Muireann Ní Raghallaigh ón gColáiste Ollscoile BÁC ag labhairt linn faoina cuid taighde agus cás na dteifeach ag teacht isteach go hÉirinn i láthair na huaire. Chomh maith leis sin bhí Katie Roskams ag labhairt linn ó Northumberland Shasana faoin gcúrsa cianfhoghlama sa Ghaeilge Fheidhmeach atá á dhéanamh aici óna baile i Sasana le Gaeilge OÉG. Ar deireadh bhí Ola Majekodunmi ag labhairt linn faoina hainmniúchán sna duaiseanna Amdalah Fondúireacht na hAifrice (AMDAF) agus a clár nua ar Raidió na Life Afra Éire!
2020-01-28
30 min
Fada is Fairsing
Clár 243 - 2020 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Síne Nic an Ailí linn le labhairt faoi imeacht a bhí ar siúl Dé Sathairn mar chuid den fhéile Máthairtheangacha le file ón mBrasaíl. Chomh maith leis sin beidh bhí Breeda Bonner ag labhairt linn faoi cheiliúradh Lá Fhéile Bríde a bheas ar siúl i gCluain Dolcáin le Áras Chrónáin agus timpeall ar an mbruachbhaile, agus faoin bpobal ilchultúrtha atá ag fás ann anois.
2020-01-21
25 min
Fada is Fairsing
Clár 242 - 2020 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí an Dr Neil Comer ó Ollscoil Ulaidh ag labhairt linn faoin gcúrsa úr, MA san Aistriúchán agus scileanna gairmiúla teanga san ollscoil. Chomh maith leis sin beidh bhí Tomaí Ó Conghaile ag labhairt linn faoi Ghradaim Nós 2020 agus a chuid ama thar sáile sa Bhruiséil ag obair leis an gCoimisiún ag aistriú.
2020-01-14
29 min
Fada is Fairsing
Clár 241 - 2020 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí an tOllamh Kevin Scannell atá díreach tar éis bogadh go Gaillimh chun scoláireacht Fulbright a dhéanamh ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua ag labhairt linn faoina scoláireacht agus a chuid taighde faoin nGaeilge ar líne agus eile. Chomh maith leis sin bhí Ciarán Mac Guill ag labhairt linn faoin nGaeltacht sur Seine - grúpa Gael i bPáras na Fraince - a gcuid imeachtaí is eile.
2020-01-07
26 min
Fada is Fairsing
Clár 240 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair Rowan Sherlock linn faoin gCumann Catharnachta Éireannach i dTalamh an Éisc. Chomh maith leis sin bhí Síne Nic an Ailí ag labhairt linn faoin eagraíocht agus an fhéile Mother Tongues Ireland.
2019-12-17
25 min
Fada is Fairsing
Clár 239 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair an Dr Pádraig Ó Duibhir linn faoina chuid taighde sochtheangeolaíochta - ó chás na Gaeilge go cás na Breatnaise is eile. Chomh maith leis sin bhí Seaghan Mac An tSionnaigh linn le labhairt faoin aonach mór leabhar agus ceoil Durango-ko Azoka ar fhreastail sé air i nDurango, Tír na mBascach le gairid.
2019-12-10
29 min
Fada is Fairsing
Clár 238 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhreathnaíomar siar ar Fhéile Altaithe in agallamh a rinne mé le Síobhra Aiken agus Pádraig Mac Mathúna ag Dinnéar Altaithe Chumann Iarscoláirí Fulbright na hÉireann i Luimneach Dé hAoine. Chomh maith leis sin bhí Cristóir Mooney agus Pamaladh Uí Néill linn ón Astráil (Hastings agus Syndey) le labhairt linn faoi chúrsaí Gaeilge ina mbailte féin agus timpeall na hAstráile.
2019-12-03
27 min
Fada is Fairsing
Clár 237 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Síne Nic an Ailí ó Chultúr Club Conradh na Gaeilge ag labhairt linn faoina cuid taistil le déanaí go grúpaí ar fud na cruinne- grúpa Gaeilge in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha san áireamh! Chomh maith leis sin bhí Paula Melvin ó Choimisiún Fulbright na hÉireann ag labhairt linn oscailt chomórtas do mhic léinn dul chun na Stáit Aontaithe ar scoláireachtaí SUSI.
2019-11-26
27 min
Fada is Fairsing
Clár 236 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo, bhí Cuan Ó Seireadáin ag caint faoina leabhar nuafhoilsithe 'Douglas Hyde: The American Journey' agus na seoltaí a bhí ar siúl sna Stáit Aontaithe agus a bheidh ar siúl in Éirinn. Chomh maith leis sin chulamar pacáiste agallamh a rinne mé le Niall Ó Siadhail, Pól Batley agus Alannah Ní Ghallchobair ó Chonradh na Gaeilge i Londain ag Oideas Gael le déanaí faoi chúrsaí Gaeilge i Londain na laethanta seo agus a dturas go hÉirinn, agus le Jann as an mBriotáin ag labhairt linn i mBriotáinis.
2019-11-12
32 min
Fada is Fairsing
Clár 235 - 2019 - Raidió na Life
Clár speisialta de Fada is Fairsing é seo beo ó Oireachtas na Samhna 2019 le haíonna rialta an chláir tagtha ó i bhfad go hÉirinn a bheith linn don fhéile! Bhí Karen Reshkin agus Mike O'Regan linn ó Ghaeil Chicago, Indiana na S.A.; Scott Oser linn ó Vancouver Ceanada, Eoin Ó Catháin abhaile ón mBruiséil agus James McDonald ó Chonradh na Gaeilge i Londain.
2019-11-02
57 min
Fada is Fairsing
Clár 234 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí an tOllamh Gearóid Ó hAllmhurain ag labhairt linn faoin bhfolúntas atá ann do léachtóir Gaeilge in Ollscoil Concordia faoi láthair. Chomh maith leis sin bhí an tOllamh Regina Uí Chollatáin ón gColáiste Oscoile BÁC ag labhairt linn faoin gComhoibriú nua idir COBÁC agus Beijing Foreign Studies University sa tSín.
2019-10-22
25 min
Fada is Fairsing
Clár 233 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí bhí Séamas Ó Neachtain agus Niall Gordon ag labhairt linn faoi An Gael - Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge agus an Ghàidhlig ann - litríocht ó Niall le déanaí - roinnt Gáidhlige ó Niall ar an gclár.
2019-10-15
26 min
Fada is Fairsing
Clár 232 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Paula Melvin ag labhairt linn faoi chomórtas scoláireachtaí Fulbright. Ansin bhí Barra Ó Scanláin ag labhairt linn faoin deireadh seachtaine Gaeilge atá á eagrú aige thall i Vancouver Ceanada. Chomh maith leis sin bhí Noelle O Connell, Stiúrthóir Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn ag labhairt linn faoi obair a heagraíochta níos lú ná 4 seachtaine roimh an mBreatimeacht agus eile!
2019-10-08
30 min
Fada is Fairsing
Clár 231 - 2019 - Raidió na Life
CAr an gclár seo bhí Pa Sheehan ag labhairt linn faoin scoláireacht ICUF atá idir lámha aige i dTalamh an Éisc faoi láthair. Chomh maith leis sin, bhí Paula Melvin ag labhairt linn faoi oscailt scoláireachtaí Fulbright 2020-2021.
2019-10-01
26 min
Fada is Fairsing
Clár 230 - 2019 - Raidió na Life
Clár speisialta a bhí anseo faoi Ghaeil Ollscoil Connecticut na SAM. Bhí Sinéad Ní Mhuirí ag labhairt linn faoi bheith mar scoláire Fulbright ann agus bhí Brendan Kane agus Emmett de Barra ag labhairt linn faoi léamh.org agus eile san ollscoil.
2019-09-24
29 min
Fada is Fairsing
Clár 228 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Máire Ní Mhaonaigh ó Ollscoil Cambridge ag labhairt linn faoin bhfoclóir eDIL agus an 500 focal nua Gaeilge ar tháinig sí agus a comhghleacaithe ansin agus in Ollscoil na Banríona Bhéal Feirste orthu- tuilleadh ag: bit.ly/2kkFcrr .Chomh maith leis sin bhí Eoin Ó Catháin ag labhairt linn ón mBruiséil faoin scéal is deireanaí maidir leis an mBreatimeacht.
2019-09-10
26 min
Fada is Fairsing
Clár 227 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Karen Reshkin ag labhairt linn faoin gcaint a thug sí féin agus Dineen Grow ag an gCeardlann Gaeilge ag an Milwaukee Irish Fest le gairid faoi conas rang Gaeilge a thosú. Chomh maith leis sin bhí Fran Mulraney ó Irish Central ag labhairt linn faoin "#popupgaeltacht is mó ar domhan" i Nua Eabhrac!
2019-08-27
26 min
Fada is Fairsing
Clár 226 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair Bláth de Burca linn faoin sraith cainteanna ar fheimeanachas atá á eagrú aici mar chuid d'Fhéile Fringe Bhaile Átha Cliath. Chomh maith leis sin bhí Sara McNamara linn ó Chomhaltas ag labhairt linn faoi Fhleadh Cheoil 2019 i nDroichead Átha, na daoine ó gach cearn den domhan a bhí i láthair aige - daoine ó chraobhacha idirnáisiúnta Comhaltas ina measc.
2019-08-20
25 min
Fada is Fairsing
Clár 225 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Pádraig Ó Baoighill ag labhairt linn faoi léacht a thug sé le Conradh na Gaeilge Glaschú i mí an Mheithimh in ómós do Sheán Ó Fiannaí faoi stair 'An tUltach'; chualamar faoi shaol Pádraig féin i nGlaschú, faoi Sheán agus faoin léacht. Chomh maith leis sin beidh Stiúrthóir Forbairt Cluichí an CLG Pat Daly ag labhairt linn faoi Chluichí Domhanda an CLG a bhí ar siúl i bPort Láirge le gairid.
2019-08-13
24 min
Fada is Fairsing
Clár 224 - 2019 - Raidió na Life
Clár speisialta faoi Ghaeil Cheanada a bhí anseo! Bhí Barra Ó Scanláin ag labhairt linn faoin deireadh seachtaine Gaeilge atá á eagrú aige thall i Vancouver Ceanada -https://www.eventbrite.ca/e/vancouver-irish-language-weekend-tickets-60556850169. Chomh maith leis sin bhí Ian Mac Gabhann ag labhairt linn faoin scoláire seo ón Mohawk Nation, Taho Cross a tháinig go hÉirinn le gairid chun cúrsa Gaeilge a dhéanamh ar scoláireacht ICUF https://www.irishtimes.com/news/ireland/irish-news/student-from-mohawk-nation-completes-gaeltacht-course-1.3932245?mode=amp .
2019-07-30
28 min
Fada is Fairsing
Clár 223 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí iarchraoltóir Meon na mBan, Brónagh Ní Chuilinn linn ag labhairt faoina cuid taisteal timpeall na hÁise agus a háit chónaithe nua san Astráil. Chomh maith leis sin bhí Aneta Mlckovská ó Leipzig na Gearmáine ag labhairt linn faoina turas timpeall ar Éirinn an samhradh seo.
2019-07-23
27 min
Fada is Fairsing
Clár 222 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Emma de Paor ag labhairt linn ó Ollscoil Leipzig áit a bhfuil sí ag múineadh Gaeilge le ERIU Leipzig, faoi chuairt a thug an tUachtarán Mícheál D Ó hUigínn ar an ollscoil le déanaí agus eile. Chomh maith leis sin bhí Marlena Gawlik ag labhairt linn faoi chúrsaí Gaeilge in Ollscoil Szeczecin sa Pholainn, agus bhí píosa a rinne mé le Chris Hickson múinteoir bunscoile i nGaelscoil Phortlaoise nuair a bhí sé thall sa Bhruiséil ar thuras le Clár na Réalta Goirme agus Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn le ga
2019-07-16
27 min
Fada is Fairsing
Clár 221 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair muid le Robert Henneberg i mBeirlín na Gearmáine faoi Conradh na Gaeilge Bheirlín, Cluichí Domhanda an CLG agus eile. Chomh maith leis sin bhí Paula Melvin ag labhairt linn faoina bainis dochreidte i bPáirc Yosemite California le déanaí!
2019-06-25
25 min
Fada is Fairsing
Clár 220 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo, labhair Somhairle Mag Uidhir linn faoi éirí as Theresa May, Toghcháin Pharlaimint na hEorpa 2019 ó thuaidh agus cúrsaí polaitíochta an Tuaiscirt le deireanas. Chomh maith leis sin bhí Evin Ó Dúnaigh linn ó Chonradh na Gaeilge Glaschú ag labhairt faoi Phop-Up Gaeltacht na Breataine agus Féile Gaeilge Glaschú.
2019-06-04
30 min
Fada is Fairsing
Clár 219 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Noelle Ó Connell, Stiúrthóir Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn ag labhairt linn faoi Thoghcháin Pharlaimint na hEorpa 2019 agus éirí as Theresa May. Chomh maith leis sin bhí Peadar Ó Caomhánaigh ó Pháirtí an Chomhaontas Glas ag labhairt linn faoina bhua féin sna Toghcháin Áitiúla agus bua Ciarán Cuffe sna Toghcháin Eorpacha.
2019-05-28
28 min
Fada is Fairsing
Clár 218 - 2019 - Raidió na Life
Clár speisialta a bhí anseo inar bhreathnigh muid ar Thoghcháin Pharlaimint na hEorpa 2019. Bhí Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge ag labhairt linn faoin bhfeachtas #GaelVóta de chuid an Chonartha. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh a rinne Séamas Ó Meachair linn ag tráth na gceist de chuid Oifig Pharlaimint na hEorpa in Éirinn agus Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn i gClub Chonradh na Gaeilge mí Aibreáin.
2019-05-21
25 min
Fada is Fairsing
Clár 215 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Seaghan Mac An TSionnaigh ag labhairt linn faoin bhféile iontach Bendigeidfran https://www.facebook.com/events/292746674765850/?ti=cl a bhí ar siúl sa Bhreatain Bheag ag an deireadh seachtaine agus an píosa focal ó bhéal a rinne sé féin ag an bhféile le file Breatnach. Chomh maith leis sin bhí Eoin P. Ó Murchú ag labhairt linn faoin bpíosa a rinne sé féin ag an bhféile faoi Gaelgáirí le fuirseoirí Breatnacha.
2019-04-30
25 min
Fada is Fairsing
Clár 214 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo chualamar ó Noelle O'Connell Stiúrthóir Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn faoi obair a heagraíochta roimh Thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, in aimsir na Breatimeachta agus eile. Chomh maith leis sin chualamar ó Rónán Mistéil faoi chaint a thug an Dr Geordanne Nordstrom as Hawaii an tseachtain seo caite i gConradh na Gaeilge i mBÁC dar teideal "Dia duit Hawaiian" inar chuir sí an Ghaeilge agus an Haváis i gcomparáid lena chéile i measc eile!
2019-04-16
21 min
Fada is Fairsing
Clár 216 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair James McDonald linn faoi fhéile Gaelic Voices Festival 2019 ar siúl ag London Irish Centre agus Conradh na Gaeilge i Londain ar an 18 Bealtaine agus Pop UP Gaeltacht leis! Chomh maith leis sin bhí Niamh Ní Shúilleabháin ag labhairt linn faoi ionsaí sceimhlitheoireachta Sri Lanka a tharla le déanaí agus í thall ansin i mbun taistil.
2019-04-14
29 min
Fada is Fairsing
Clár 213 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Jim Maher linn ag labhairt faoi Thoghcháin Pharlaimint na hEorpa ar an 24 Bealtaine agus tráth na gceist a d'eagraigh sé féin agus hOifig Pharlaimint na hEorpa in Éirinn le déanaí i gClub Chonradh na Gaeilge. Chomh maith leis sin bhí Diarmuid Breathnach linn ag labhairt faoi chúrsaí polaitíochta agus cultúir i dTír na mBascach tar éis dó cuairt a thabhairt uirthi le déanaí.
2019-04-09
24 min
Fada is Fairsing
Clár 212 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Oisín Mac Conamhna ó Chonradh na Gaeilge i Londain ag labhairt linn faoi léacht a bheas ar siúl san ionad ar an 30 Aibreán agus faoin mBreatimeacht agus an mórshiúl ina coinne. Chomh maith leis sin bhí Karl Birthistle ag labhairt linn faoina shaol san Eilbhéis agus cúrsaí Gaeilge ann.
2019-03-26
26 min
Fada is Fairsing
Clár 211 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí an t-Ollamh Aoibheann Ní Dhonnchadha ó Institiúd Ard-léinn Bhaile Átha Cliath linn a d'oibrigh ar thaighde spéisiúil a tháinig chun cinn i gColáiste na hOllscoile Corcaigh faoi naisc idir dochtúirí meánaoiseacha in Éirinn agus Persia.https://www.irishexaminer.com/breakingnews/ireland/15th-century-manuscript-reveals-links-between-gaelic-ireland-and-muslim-world-908545.html Chomh maith leis sin bhí Eoin Ó Catháin beo linn ón mBruiséil le labhairt faoin scéal is deireanaí i leith na Breatimeachta de agus faoi Thoghcháin Pharlaimint na hEorpa.
2019-03-19
24 min
Fada is Fairsing
Clár 210 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Diarmuid Ó Mathúna ag labhairt linn ó El Salvador agus é i mbun taistil timpeall ar Mheiriceá Theas ag trácht ar a bhlag MO Food , a chuid taistil agus an bia ann; chomh maith leis sin bhí Sinéad Ní Dhroma ag labhairt linn faoi ghrúpa nua de mhúinteoirí Gaeilge atá ag teacht le chéile faoin teideal An Gréasán. Bhí Pádraig Ó Mathúna linn freisin le labhairt faoi Ard Fheis Chonradh na Gaeilge a bheith ar siúl i Nua Eabhrac i 2021!
2019-03-05
29 min
Fada is Fairsing
Clár 209 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo, bhí Patrick McCafferty linn le hinsint dúinn faoi chúrsaí Gaeilge agus mionteangacha in Ollscoil Leipzig sa Ghearmáin. Chomh maith leis sin bhí Julie de Brún ag labhairt linn faoin bhFéile Máthairtheangacaha/ Mother Tongues a bheas ar siúl ar an 2/3 Márta 2019.
2019-02-19
25 min
Fada is Fairsing
Clár 208 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí an comhairleoir Éilis Ryan ó Pháirtí na n-Oibrithe linn le labhairt faoin gcorraíl i Venezuela faoi láthair agus an feachtasaíocht in Éirinn mar thacaíocht. Chomh maith leis sin labhair Aneta Mlckovská linn ó Leipzig na Gearmáine faoi chúrsaí Gaeilge in Ollscoil Leipzig agus eile. Ar deireadh labhraíomar faoi sheoladh #TrasnanadTonnta 2019 i mBÁC.
2019-02-05
25 min
Fada is Fairsing
Clár 207 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo chualamar ó láithreoir Raidió na Life Cóilín Ó Dubhthaigh a bhí thall sna Stáit Aontaithe le gairid do Chomórtas Náisiúnta Iománaíochta na Stát Aontaithe. Chomh maith leis sin chualamar ó Ian Mac Gabhann faoin bhfeachtas Trasna na dTonnta atá ag dul ó neart go neart le deireanas!
2019-01-22
30 min
Fada is Fairsing
Clár 206 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo chualamar ó Shéamus Ó Fianghusa i Nua Eabhrac faoin scéal seo - a mhadra míleata le baint uaidh agus a fheachtas ina choinne bit.ly/2stCznj. Chomh maith leis sin bhí Clár Ní Shúilleabháin linn le hinsint dúinn faoi ranganna #Gaeilge agus imeachtaí eile de chuid Ionad Éireannach Londain.
2019-01-15
26 min
Fada is Fairsing
Clár 205 - 2019 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Gráinne Ní Ghillín ag labhairt linn ón India faoi na milliúin ban a sheas le chéile ar lorg comhionannais inscne, an méid a thit amach ó shin agus faoina turas féin ar shaoire mhachnaimh sa tír. Chomh maith leis sin bhí an Dr Mairéad Nic Giolla Mhichíl ó Fiontar in Ollscoil Chathair BhÁC ag labhairt linn faoi Fáilte ar líne www.failteonline.ie - ranganna Gaeilge saor in aisce ar líne do dhaoine ar fud na cruinne.
2019-01-08
30 min
Fada is Fairsing
Clár 203 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Diarmuid Breatnach linn ag labhairt faoi na daoine sa Chatalóin atá ag troid don neamhspleáchas ón Spáinn- ó stailceanna ocrais go dtí grúpaí a thacaíonn leo anseo in Éirinn. Chomh maith leis sin bhí Katie Roskams linn ó Shasana le labhairt linn faoina turas foghlama teanga agus cúrsaí Breatimeachta.
2018-12-18
27 min
Fada is Fairsing
Clár 202 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Mícheál Ó Muireagáin linn le hinsint dúinn faoi Phop UP Gaeltacht Hamburg mí Eanáir. Chomh maith leis sin bhí Becca Egan, Rós Dubai ag labhairt linn faoi faoin oíche mhór Chinn Bliana i Má Nuad atá á heagrú aicise agus ag lucht Rós Thrá Lí ar son Pieta House agus Jigsaw . www.facebook.com/events/488283148350511/?ti=cl
2018-12-11
24 min
Fada is Fairsing
Clár 201 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo rinneamar ceiliúradh ar 200 clár de #FadaisFairsing! Ar an gclár, bhí scoláire iontach Fulbright John Prendergast ag labhairt linn faoin gcéad chlub iomána agus caide a bunaíodh in Ollscoil Notre Dame in Indiana na Stát Aontaithe an tseachtain seo caite. Chomh maith leis bhí Niall Ó Siadhail ag labhairt linn faoi dheireadh seachtaine Gaeilge Chonradh na Gaeilge i Londain ag deireadh na míosa!
2018-11-13
26 min
Fada is Fairsing
Clár 200 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair Stiúrthóir Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn, Noelle O'Connell linn faoi obair EMI, Clár na Réalta Goirme, #WomenMeanBusiness, #womeninleadership agus eile. Chomh maith leis sin d'éisteamar le mír a rinne mé le Katie Roskams as Sasana ag cúrsa Gaeilge ag Oideas Gael i nDún na nGall le déanaí, agus ar deireadh bhí léiritheoir 'Gaeil UK', clár nua TG4, Seán Ó Cualáin ag labhairt linn faoi sheoladh an chláir nua le gairid ag Féile Éireannach
2018-11-06
26 min
Fada is Fairsing
Clár 199 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Oifigeach Gaeilge Choláiste na Tríonóide Áine Ní Shúilleabháin linn le labhairt faoi chuairt Chargé d'Affaires Ambasáid na Stát Aontaithe in Éirinn Reece Smyth ar an ollscoil le gairid. Chomh maith leis sin bhí Barra Ó Scannláin linn le hinsint dúinn faoin scoláireacht ICUF atá idir lámha aige in Ollscoil Alberta i gCeanada
2018-10-23
25 min
Fada is Fairsing
Clár 198 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Cuan Ó Seireadáin linn le labhairt linn faoi Fhondúireacht an Chraoibhín Aoibhinn a sheolfar i Nua Eabhrac Dé hAoine an 12 Deireadh Fómhair. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le mír a rinne mé le Síne Nic an Ailí, Comhordaitheoir Cultúr Club Chonradh na Gaeilge, ag Seoladh ábhair teagaisc ar líne de chuid an Chlub i rith na seachtaine. Ar deireadh, labhair Tom Fitzgerald linn faoi bhronnadh an ghradaim Laoch na Gaeilge 2018 de chuid litriocht.com ar Imelda White thall i San Francisco ar an 5 Deireadh Fómhair as an éacht...
2018-10-09
30 min
Fada is Fairsing
Clár 197 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí an scríbhneoir agus an t-acadóir aitheanta Seiceach Radvan Markus ag labhairt linn faoin Oíche Chultúrtha agus Cheiliúrtha de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh i gCarna na Gaillimhe ar an 4 D.Fómhair 2018. Chomh maith leis sin bhí Lonán Ó Lorgnáin ag labhairt linn ó Melbourne na hAstráile faoi chomhphobal úr ar Skype do dhaoine le Gaeilge timpeall na cruinne. Is féidir páirt a ghlacadh ag: join.skype.com/invite/HNQndeyrzcgT
2018-10-02
25 min
Fada is Fairsing
Clár 196 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Sinéad Ní Ráinne linn ó Europus le labhairt linn faoin Dioplóma Iarchéime i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúcháin le Europus, GMIT agus Údarás na Gaeltachta. Chomh maith leis sin bhí Deirdre Ní Cheallacháin, a bhí mar Attaché le Comhairle na hEorpa ar son na hÉireann i Strasbourg go dtí le déanaí, ag labhairt linn faoin gComhairle agus faoi Lá Eorpach na dTeangacha a bheidh ar siúl ar an 26 Meán Fómhair, air seo lá ceiliúrtha 25 Bliain ar Aer do Raidió na Life!
2018-09-25
27 min
Fada is Fairsing
Clár 195 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair Ray Yeates, Oifigeach Ealaíon le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath linn faoi na himeachtaí éagsúla idirnáisiúnta a bheas ar siúl mar chuid den Oíche Chultúir ar an 21 Meán Fómhair 2018 i mBÁC. Chomh maith leis sin bhí Shanna Ní Rabhartaigh ó Aonad na Gaeilge i gCoimisiún na hEorpa linn le labhairt faoi dheiseanna d'aistritheoirí Gaeilge leis an gCoimisiún agus obair uile an Aonaid.
2018-09-18
28 min
Fada is Fairsing
Clár 194 - 2018 - Raidió na Life
Bhí an dara cuid den agallamh a rinne mé le Panu Höglund ó Turku na Fionlainne ar an gclár seo agus é i mbun cainte faoina gcuid leabhar, an cultúr Gaelach san Fhionlainn agus eile. Chomh maith leis sin labhair Síne Nic an Ailí, Stiúrthóir Cultúr Club de chuid Chonradh na Gaeilge linn faoin obair atá idir lámha anois mar chuid den Chlub - acmhainní nua do theagasc na Gaeilge do pháistí thar sáile san áireamh.
2018-09-04
26 min
Fada is Fairsing
Clár 193 - 2018 - Raidió na Life
Bhí Panu Höglund ó Turku na Fionlainne ar an gclár seo faoina leabhar nua Gaeilge "Tine sa Chácóin" agus eile. Chomh maith leis sin bhí Deirdre NicChárthaigh agus Brendan Kane ag labhairt faoi www.léamh.org - suíomh le hachmhainní d'fhoghlaimeoirí agus d'úsáideoirí na Nua-Ghaeilge Moiche agus ceardlann a thug siad beirt faoi ag comhdháil in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste le déanaí.
2018-08-28
28 min
Fada is Fairsing
Clár 192 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár bhí Kaytria Stauffer as Nua Eabhrac, a oibríonn ar Irish Language Learners ag labhairt linn faoin ngrúpa agus faoin am atá caite aici an samhradh seo i gColáiste na Rinne. Chomh maith leis sin chualamar ó Ghráinne Ní Ghillín a bheidh mar láithreoir ar an bpainéal cainte "Pobail Laistigh de Phobail" mar chuid de Liú Lúnasa sa Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus faoi chúpla imeacht eile a bheas ar siúl mar chuid den Fhéile i mbliana.
2018-08-21
25 min
Fada is Fairsing
Clár 191 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí an t-Ollamh Kevin Scannel ó Ollscoil St. Louis, Missouri na Stát Aontaithe linn ag labhairt faoin díospóireacht painéil ar an nGaeilge a mbeidh sé ag glacadh páirte ann in UC Berkeley i gCalifornia mí Mheán Fómhair - bit.ly/2MKE21c. Chomh maith leis sin bhí Oifigeach na Gaeilge COBÁC, Clár Ní Bhuachalla ó Bord na Gaeilge, COBÁC ag labhairt linn faoi Scoil Samhraidh 2018 a bhí ar siúl mí Lúnasa le daoine ó áiteanna ar fud na cruinne ag freastal air.
2018-08-14
26 min
Fada is Fairsing
Clár 190 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí eagarthóir úr IrishCentral.com agus iarthuairisceoir Raidió na Life, Fran Mulraney linn le labhairt faoina ról nua! Chomh maith leis sin bhí stiúrthóir Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn Noelle O'Connell ag labhairt linn faoi obair éagsúil EMI na laethanta seo, folúntais poist agus cúrsaí Breatimeachta.
2018-08-07
24 min
Fada is Fairsing
Clár 189 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair Kilian Mac Donagh linn faoin ngrúpa na Gaeil i gCein i mBruiséil na Belige agus na himeachtaí éagsúla a bhíonn ar siúl acu. Chomh maith leis sin chualamar ó Aindriú Ó Ciardha faoina saol idir Ohio agus Connecticut na Stát Aontaithe agus na Gaeil iontacha i gCT agus ar deireadh labhraíomar leis an Dr Liam Ó hAisbéil ó choiste Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge 2018 faoi chainteoirí agus ábhair na comhdhála i mbliana ón 5-6 D.Fómhair.
2018-07-31
24 min
Fada is Fairsing
Clár 188 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair mé le mo chomh chraoltóir i RnL, Ola Majekodunmi faoin bhfíseán iontach seo a rinne sí do #iamIrish youtu.be/EqWKR7eq-CQ . Chomh maith leis sin chualamar ón scríbhneoir Alex Hijmans sa Bhrasaíl faoin alt a scríobh sé ar Tuairisc.ie le gairid faoi fhógairt Cois Life go mbeidh an comhlacht ag éirí as an obair ag deireadh na bliana seo chugainn.
2018-07-24
23 min
Fada is Fairsing
Clár 187 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí agallamh speisialta a rinne mé i gConnecticut na Stát Aontaithe le Pól Ferris as Nua-Gheirsí agus muid ag Lá Gaeilge sa Gaelic-American Club CT cúpla seachtain ó shin! Chomh maith leis sin bhí Príomhaoire agus Aire Stáit Joe McHugh TD linn le labhairt faoin maoiniú a thabharfar le tacú le teagasc agus foghlaim na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh go luath.
2018-07-17
25 min
Fada is Fairsing
Clár 186 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair Eithne Dunbarra linn faoi thuras a ghlac sí timpeall ar Thalamh an Éisc Ceanada le déanaí le grúpa Gael, ansin bhí John Prendergast linn le hinsint dúinn faoina scoláireacht Fulbright agus an bhliain a chaithfidh sé in Ollscoil Notre Dame.
2018-06-19
26 min
Fada is Fairsing
Clár 185 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge ag labhairt linn faoin oíche chéiliúrtha a bhí ar siúl in Áras Ambasadóir na Stát Aontaithe le déanaí. Chomh maith leis sin cloisfimid ó Jill Mc Mahon as Fiacail Co an Chláir agus í ag labhairt faoin scoláireacht Fulbright a bronnadh uirthi le déanaí le dul chun na Stáit Aontaithe mí Lúnasa.
2018-06-12
25 min
Fada is Fairsing
Clár 184 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair Emer Nic Labhraí linn faoina seal ar scoláireacht ICUF i Montreal, Ceanada go dtí seo agus faoin mbliain eile atá amach roimpi sall. Chomh maith leis sin chualamar ó Peter Kavanagh urlabhraí Gaeilge le Green Party Ireland maidir le rialacha nua an Choimisiúin Eorpaigh i dtaobh úsáid plaistigh agus seasamh an Chomhaontais ar an ábhar, agus faoi chúrsaí Gaeilge sa Chomhaontas Glas.
2018-06-05
28 min
Fada is Fairsing
Clár 183 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair Paula Melvin ó Choimisiún Fulbright na hÉireann linn faoi fhógairt scoláirí nua Fulbright agus faoi iarratas do chainteoirí TEDxFulbright t.co/yMzuK2xqbX. Chomh maith leis sin bhí Éamon Ó Neachtain ó Chumann Gaeilge na hAstráile linn ag caint faoina gcomóradh 25 Bliana le déanaí
2018-05-29
27 min
Fada is Fairsing
Clár 182 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Colmcille Ó Monacháin ó Aonad Aistriúcháin Gaeilge an Choimisiúin Eorpaigh ag labhairt linn faoi fholúntais d'aistritheoirí leis an Aonad agus comórtas d'Aistritheoirí Óga. Chomh maith leis sin bhí Alswyn Ní Aonghusa Ní Dhúill ó Chonradh na Gaeilge ag labhairt linn faoin seó bóthair a rinne sí féin timpeall ar ollscoileanna na tíre le gairid chun eolas a roinnt maidir le deiseanna fostaíochta do dhaoine le Gaeilge.
2018-05-01
26 min
Fada is Fairsing
Clár 181 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair Niamh Ní Chróinín ó Chonradh na Gaeilge linn faoi amhrán Gaeilge Wheatus agus eile ar Ceol 2018 a eiseofar níos déanaí sa bhliain. Chomh maith leis sin bhí Evin Ó Dunaigh ag labhairt linn ó Ghlaschú na hAlban faoin bhfeachtas atá athosaithe chun Gàidhlig a chur ar Duolingo agus faoi Chonradh Na Gaeilge Glaschú.
2018-04-24
26 min
Fada is Fairsing
Clár 180 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair Noelle O'Connell, Stiúrthóir European Movement Ireland linn faoi Chomhrá Saoránach a bheidh ag EMI i gCo na Mí an tseachtain seo ar #FutureofEurope. Chomh maith leis sin bhí Deirdre Donnelly ag labhairt faoi thuras a ghlac sí go dtí na Stáit Aontaithe le déanaí chun cuairt a thabhairt ar Bhalla Cuimhneacháin Iarshaighdiúirí Vietnam ar a bhfuil ainm a huncaile Bernard Freyne agus eile.
2018-04-17
23 min
Fada is Fairsing
Clár 179 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair Seáinín Mac Conraoi linn faoi chúrsaí Gaeilge i mBrattleboro, Vermont na SAM. Chomh maith leis sin bhí Brent Ó Caiside ag labhairt ó Oulu na Fionlainne faoi cheiliúradh a bhí ansin do Lá le Pádraig is eile mí Márta.
2018-04-10
22 min
Fada is Fairsing
Clár 178 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair Caitríona Weafer linn ó Chathair na n-Aingeal, California faoi dheireadh seachtaine Gaeilge a bheas ar siúl ansin mí Bealtaine lagaeilge.wordpress.com/. Chomh maith leis sin chualamar ó Chuan Ó Seireadáin a bhí thall in Heidelberg na Gearmáine ag casadh ceoil leis an Irish Chamber Orchestra le déanaí.
2018-04-03
27 min
Fada is Fairsing
Clár 177 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair Eoin Ó Catháin linn ón mBruiséil faoi chuairteanna an Taoisigh ar na Stáit Aontaithe an tseachtain seo caite agus ar an nGearmáin inniu, agus faoin a alt féin san Irish Times. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh a rinne mé le Niamh Nic Leoid le deireanas faoi Chomhdháil na Mac Léinn Ceilteach a bhí ar siúl in Ollscoil Dhún Éideann www.irishtimes.com/news/education/…irish-1.3415719
2018-03-20
28 min
Fada is Fairsing
Clár 176 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair James McDonald linn ó Londain Shasana faoin bhféile Gaelic Voices mí Bealtaine 2018, Pop Up Gaeltacht Londain agus eile. Chomh maith leis sin bhí an Palaistíneach Philip Zoghbi ag caint linn ó Montreal Ceanada faoina thaithí ag foghlaim na teanga, amhránaíocht ar an sean-nós is eile!
2018-03-13
22 min
Fada is Fairsing
Clár 175 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár bhí Niamh Nic Leoid ag caint linn faoi Chomhdháil na Mac Léinn Ceilteach a bhí ar siúl in Ollscoil Dhún Éideann ag an deireadh seachtaine agus bhí Meabh Nic Allastair linn le labhairt faoin ngrúpa "Gael-babies" agus bunú craobh de Conradh Gaeilge i Londain.
2018-03-06
25 min
Fada is Fairsing
Clár 174 - 2018 - Raidió na Life
Bhí Natália Uí Fhaoláin ag labhairt linn faoi chás Lula agus toghchán uachtarántachta na Brasaíle a bheas ar siúl mí Dheireadh Fómhair agus bhí Síobhra Aiken ag caint linn faoi thuras Chumann Iarscoláirí Fulbright na hÉireann go OÉ Gaillimh mí Márta - do thaispeántas nua ar Mháirtín Ó Díreáin, turas go hInis Mór, oíche sa Taibhdhearc agus eile.
2018-02-20
25 min
Fada is Fairsing
Clár 173 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair Barra Ó Scannláin linn ón bhFrainc faoin méid atá ar siúl aige ansin agus faoi bhua fhoireann rugbaí na hÉireann sa Stade de France ag an deireadh seachtaine. Chomh maith leis sin labhair iarchraoltóir RnL, Sarah Ní Mháirtín atá anois ag obair sa Bhruiséil, linn faoi dhaoine thar sáile ag filleadh go hÉirinn chun vóta a chaitheamh, na cearta atá acu agus eile!
2018-02-06
24 min
Fada is Fairsing
Clár 172 - 2018 - Raidió na Life
Oíche speisialta a bhí anseo i Raidió na Life leis an Taoiseach Leo Varadkar T.D. ar chuairt!...bhí Ian Mac Gabhann linn ag labhairt faoin ráth a bhí ar an bhfeachtas Trasna na dTonnta #TrasnaNadTonnta agus faoi chomórtais ICUF www.icuf.ie do theagascóirí Gaeilge le múineadh i gCeanada atá oscailte anois! Chomh maith leis sin cloisfimid ó Ben Ó Ceallaigh a thug caint ar a chuid taighde ar mhionteangacha agus an domhandú Dé Sathairn san Irish Cultural Centre of New England.
2018-01-30
21 min
Fada is Fairsing
Clár 171 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo cloisfear mír a rinne mé le hAire Stáit agus Príomhaoire Joe McHugh agus Mícheál Ó Conaire ón Roinn Cultúir Oidhreachta is Gaeltachta ag an seoladh de MOOC, Fáilte ar líne. Chomh maith leis sin labhair mé le Síle Concannon faoi chonas mar atá ag éirí leis an bhfeachtas #trasnanadtonnta
2018-01-23
27 min
Fada is Fairsing
Clár 170 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair Paula Melvin ó Fulbright linn faoi scoláireachtaí Gaeltachta do Mheiriceánaigh chun cúrsaí Gaeilge a dhéanamh in Éirinn. http://www.fulbright.ie/coming-to-ireland/us-gaeltacht-awards/ . Chomh maith leis sin bhí Klara Charlton agus Dan Lydon ó Brattleboro, Vermont ag caint linn faoin drochaimsir agus imeachtaí Gaelacha ansin!
2018-01-16
31 min
Fada is Fairsing
Clár 136 - 2017 - Raidió na Life
Clár speisialta a bhí anseo ar Insealbhú Uachtarántachta na Stát Aontaithe 2017 agus an t-Uachtarán nua. Chualamar ó bheirt atá ar scoláireachtaí #Fulbright- Ian Pádraig Mac Carlúis in Washington DC agus Niamh Nic Leoid atá lonnaithe san Oirthuaisceart i gConnecticut. Chomh maith leis sin bhí tuairisc bheo againn ón agóid in aghaidh an uachtaráin nua i mBÁC Dé hAoine, lá an insealbhaithe le Sara McNamara.
2017-01-24
31 min
Fada is Fairsing
Clár 135 - 2017 - Raidió na Life
Ar an gclár seo chualamar ó Dhónall Ó Dubhghaill in Ottawa Ceanada faoi Chomhaltas Ceoltóirí Ottawa agus ó Greg Darwin, mac léinn dochtúireachta ag Ollscoil faoina chuid taighde dochtúireachta, faoi chúrsaí Gaeilge i Massachusetts agus faoi insealbhú Trump. Ar deireadh chualamar ó Noelle O'Connell, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn #EMI faoi fholúntas poist atá acu faoi láthair.
2017-01-17
29 min
Fada is Fairsing
Clár 134 - 2017 - Raidió na Life
Ar an gclár seo chualamar ó Mike Ravey i Learpholl Sasana faoin Nollaig ansin agus 2016 sa Ríocht Aontaithe, an Bhreatimeacht san áireamh. Chomh maith leis sin labhair mé le Cian Mac Cárthaigh ón mbanna ceoil IMLÉ faoin mbliain a bhí acu féin anuraidh agus faoin turas a rinne siad go dtí an Iodáil le déanaí
2017-01-03
20 min
Fada is Fairsing
Clár 133 - 2016 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair mé le Bee Ní Choitir faoin seal atá caite aici i dToronto Ceanada go dtí seo, faoi aimsir Nollag ansin agus faoi dhaoine gan dídeán in Éirinn agus an ghluaiseacht Home Sweet Home.
2016-12-20
25 min
Fada is Fairsing
Clár 132 - 2016 - Raidió na Life
Ar an gclár seo chualamar ó Dhónal Kelleher i Londain faoi chúrsaí Gaeilge sa chathair agus timpeall ar an Ríocht Aontaithe, agus Coláiste na nGael. Chomh maith leis sin labhair mé le Fran Mulraney i Nua Eabhrac faoin Pop Up Gaeltacht a bheas ar siúl ansin go luath.
2016-12-06
25 min
Fada is Fairsing
Clár 131 - 2016 - Raidió na Life
Ar an gclár seo chualamar ó Pa Sheehan atá ar scoláireacht Fulbright Ireland ag Ollscoil Montana faoi chúrsaí iománaíochta i SAM, agus é ag traenáil is ag imirt leis na Grizzlies ansin! Chomh maith leis sin chualamar ó Shíne Nic an Ailí, ó Chonradh na Gaeilge faoin 'gCultúr Club' atá á reachtáil acu le grúpaí Gaelacha ar fud na cruinne.
2016-11-29
27 min
Fada is Fairsing
Clár 130 - 2016 - Raidió na Life
Ar an gclár seo, labhair mé le James McDonald a bhog ó chontae Loch Garman go Londain roinnt blianta ó shin agus atá anois i mbun grúpa súgartha Gaeilge a bhunú do pháistí ansin i gcomhoibriú le hIonad Éireannach Londain. Chomh maith leis sin chualamar ó Eoin Ó Broin i bPáras atá mar chuid den ghrúpa 'An Ghaeltacht-Sur-Seine' agus é ag cur síos ar na himeachtaí a bheas ar siúl ag an ngrúpa ansin mar chuid den 'Nollaig-sur-Seine', sraith imeachtaí a bheas ar siúl acu ag deireadh mhí na Samhna.
2016-11-22
27 min
Fada is Fairsing
Clár 129 - 2016 - Raidió na Life
Labhair Seagan Mac An tSionnaigh linn ar an gclár seo, atá leathbhealach tríd an mí agus é i mbun #Movember chun airgead a thiomsú don taighde a dhéantar ar mheabharshláinte na bhfear - mobro/seaghansionnach Chomh maith leis sin chualamar ó Scott Oser in Vancouver, Ceanada, a labhair faoin gcaint a dhéanfaidh sé ag Comhdháil Meanmanra Dé Sathairn an 19 Samhain.
2016-11-15
24 min
Fada is Fairsing
Clár 128 - 2016 - Raidió na Life
Clár speisialta a bhí anseo ar thoghchán uachtarántachta na Stát Aontaithe ar lá vótála toghchán 2016. Bhí Ian Corless linn beo ó Washington DC ar dtús le labhairt faoin atmaisféar thart ar an gcathair ansin agus faoin scoláireacht Fulbright atá idir lámha aige féin sa chathair. Chomh maith leis sin chualamar ónár dtrácthaire rialta ar chúrsaí polaitíochta SAM Eoin Keane sa Bhruiséil.
2016-11-08
20 min
Fada is Fairsing
Clár 127 - 2016 - Raidió na Life
Ar an gclár seo chualamar ó Mhòrbheinn Mèinnearach in Albain faoi thionchar an #Bréalú ar an Albain. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh a rinneadh ar an gclár seo dhá bhliain ó shin le fear uasal darb ainm Gus Ó Gormáin a bhog ó Ghaillimh go Montreal 40 bliain ó shin agus a fuair bás le déanaí.
2016-11-01
28 min
Fada is Fairsing
Clár 126 - 2016 - Raidió na Life
Ar an gclár seo chualamar ó Edel Ni Bhraonáin ó Chonradh na Gaeilge faoi na craobhacha nua den Chonradh a bunaíodh timpeall na cruinne le déanaí. Chomh maith leis sin chualamar ó Chaitríona Weafer faoi chúrsaí Gaeilge i gCathair na n-Aingeal, CnaG LA san áireamh agus faoi thuairimí an phobail ansin i leith an toghcháin uachtarántachta, le trí seachtaine fágtha go dtí an príomhlá vótála.
2016-10-18
24 min
Fada is Fairsing
Clár 125 - 2016 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair Eoin Ó Catháin linn ón Bruiséip faoin dara díospóireacht uachtarántachta a bhí ar siúl oíche Domhnaigh i SAM agus faoi chonspóid na #TrumpTapes. Chomh maith leis sin chualamar ó Sheaġan Mac An tSionnaiġ a bheas ag glacadh páirte san fheachtas mór domhanda #Movember go luath. mobro.co/seaghansionnach.
2016-10-11
30 min
Fada is Fairsing
Clár 124 - 2016 - Raidió na Life
Chualamar ó Ian Mac Gabhann atá ag múineadh Gaeilge ar scoláireacht ICUF ag Ollscoil St.Thomas i New Brunswick, Ceanada agus chomh maith leis sin Labhraíomar le Paula Melvin, Bainisteoir Dámhachtaine le Coimisiún Fulbright na hÉireann faoi thuras a ghlac an Coimisiún go Corcaigh le grúpa scoláirí Meiriceánacha le déanaí agus na deiseanna atá á n-offráil acu faoi láthair.
2016-10-04
25 min