Look for any podcast host, guest or anyone
Showing episodes and shows of

ClubLeabhar.com

Shows

ClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubÓró - Leabhar mhí Aibreáin 2025 | April's Book of the Month 2025[English version below] San eachtra scleondrach chorraitheach seo, éalaíonn ógánach ar bord loinge agus téann thar farraige siar sa tóir ar ór El Dorado. Arís eile, cruthaíonn Titley a shárchumas scéalaíochta, agus cuireann cosa faoina shamhlaíocht a thugann thar an aigéan sinn go hoileáin rúnda — ina gcastar ollphéisteanna orainn agus nithe nach iad! — agus go hollchríoch ainneoil an óir. Eachtra fantaisíochta nó fabhalscéal eachtraíochta — scéal é seo lán le daonnacht, drámaíocht, teannas agus gaois. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ola Majekodunmi agus Zoya E...2025-04-0124 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubSúile Éisc agus Scéalta Eile - Leabhar mhí an Mhárta 2025 | March's Book of the Month 2025[English version below] Seo an chéad leabhar gearrscéalta ó pheann Mhichelle Nic Pháidín. Tugtar ar iliomad turas intinne muid sa chnuasach seo: chuig saol na samhlaíochta i gcuid de na scéalta; léirítear saol an cheantair ina bhfuil sí ina cónaí i gcuid eile; agus faightear blas na farraige sa chuid eile. Tá éagsúlacht as cuimse sa chnuasach seo ó thaobh ghlór an scéalaí. Insítear na scéalta ag úsáid réimse leathan daoine, páistí, mná agus fir agus a scéal féin á insint acu. Tá scéalta grá, scéalta díoltais agus...2025-02-2722 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubCaithréim agus Tóir - Leabhar mhí Feabhra 2025 | February's Book of the Month 2025[English version below] Caithréim agus Tóir – Cnuasach filíochta le hEithne Ní Ghallchobhair. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ailbe van der Heide agus Aedín Ní Thiarnaigh [Leagan Gaeilge thuas] Caithréim agus Tóir – Poetry collection by Eithne Ní Ghallchobhair. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Ailbe van der Heide and Aedín Ní Thiarnaigh2025-01-2816 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubTír Bheag - Leabhar mhí Eanáir 2025 | January's Book of the Month 2025[English version below] Agus é ag fás aníos sa Bhurúin in 1992, tá Gabriel óg beag beann ar an teannas polaitiúil ina thimpeall. Caitheann sé féin agus a chairde a gcuid laethanta ag spaisteoireacht, ag snámh san abhainn agus ag goid mangónna agus toitíní, faic na fríde ag cur isteach orthu. Ach tá stoirm ag bagairt ar an taobh thall den teorainn i Ruanda, tír dhúchais mháthair Gaby, agus ní fada go gcuirfidh cogadh cathartha agus cinedhíothú deireadh go deo le soineantacht an bhuachalla óig. Súil siar chumhachtach is ea Tír Bheag ar each...2024-12-1921 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAn Grá agus an Ghruaim - Leabhar mhí na Nollag 2024 | December's Book of the Month 2024[English version below] Eagrán úr de chnuasach cháiliúil Sheosamh Mhic Grianna, bunaithe ar an chéad eagrán a cuireadh i gcló i 1929. Ba é An Grá agus an Ghruaim an dara cnuasach le Seosamh Mac Grianna. San eagrán úr seo tugtar an litriú suas chun dáta le tús áite tugtha den fhoghraíocht. Cuirtear an scéal “An Bhean Lán de Stuaim” ar ais sa bhailiúchán agus fágtar istigh an scéal “Bíonn Súil le Muir ach ní Bhíonn Súil le hUaigh” a cuireadh isteach ina áit in eagráin níos déanaí. Láithreoi...2024-11-2930 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAn Corpán sa Trunc - Leabhar mhí na Samhna 2024 | November's Book of the Month 2024[English version below] Nuair a thuirlingíonn trunc mistéireach ag doras Chaitlín Mhic Gearailt, is beag coinne atá aici leis an uafás atá istigh ann: corpán a fir céile. Bhí an Garda óg Seán Mac Gearailt ar mhisean sár-rúnda do Malcolm Ó Conchubhair, Cheannaire an Bhrainse Lorgaireachta, é ag fiosrú buíon coirpeach atá i bhfad ró-eolach ar ghníomhaíochtaí rúnda na nGardaí agus an Rialtais. Níl aon amhras ar Malcolm – ná ar a chara mór Réics Carló – gur teachtaireacht dó féin atá sa dúnmharú seo: éirigh as an bhfiosrúchán. Láithreach. I...2024-10-1127 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubFlaitheas - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2024 | October's Book of the Month 2024[English version below] Seo scéal a thugann radharc dúinn ar Cholm Cille an duine, duine a raibh a chuid laigí féin aige agus a raibh constaicí go leor le sárú aige. Tumtar sinn i saol éiginnte an séú haois, tráth a raibh athruithe móra ag teacht ar shaol na ndaoine; tráth a raibh ríthe uaillmhianacha in adharca a chéile; tráth a raibh seansaol na págántachta ag géilleadh don Chríostaíocht. An Naomh a Dhuiniú seachas an Duine a Naomhú Insíonn Flaitheas scéal an duine atá ag iarraidh ciall a b...2024-09-3032 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubHeartstopper - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2024 | September's Book of the Month 2024[English version below] Tá Charlie agus Nick ag freastal ar an scoil chéanna, ach níl aon aithne acu ar a chéile… go dtí lá amháin nuair a chuirtear ina suí in aice lena chéile iad. Tá siad mór lena chéile láithreach agus ní fada go dtosaíonn Charlie ag titim i ngrá lena chara nua. Níl ach fadhb amháin ann – níl seans dá laghad ann go mbraitheann Nick an bealach céanna faoi Charlie… nó an mbraitheann? Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Eoin McEvoy [Leagan Gaeilge thuas] Charlie and Nick are in th...2024-08-2719 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAthmháthair - Leabhar mhí an Mheithimh 2024 | June's Book of the Month 2024[English version below] Úrscéal nua-aimseartha suite sa tSairdín i lár an chéid seo a chuaigh thart. Aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin ón Iodáilís ar an leabhar 'Accabadora' le Michela Murgia. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Hannah Rice agus Stiofán Ó Briain [Leagan Gaeilge thuas] A modern novel set in Sardinia in the middle of the last century. Translation from the Italian of the book Accabadora by Michela Murgia. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Hannah Rice and Stiofán Ó Briain2024-05-3021 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubCorp an Duine Uasail - Leabhar mhí na Bealtaine 2024 | May's Book of the Month 2024[English version below] A leithéid de shaol! Tar éis do Zoé an lá a chaitheamh mar fháilteoir ag comhdhálacha agus seónna tráchtála, ní bhíonn ag fanacht léi sa bhaile ach leisceoir mímhúinte a chodlaíonn ina chuid stocaí. Sin, nó go gcastar Tomás uirthi, scríbhneoir mór a bhfuil an inspioráid ag teip air... Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Emma Ní Chearúil agus Katie Whelan [Leagan Gaeilge thuas] What a life! After spending the day working as a hostess at conferences and trade shows, all that awaits Zoé a...2024-04-1822 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubSaighdiúir - Leabhar mhí Aibreáin 2024 | April's Book of the Month 2024[English version below] In ainneoin na mílte Éireannach a thit i gcogadh mór 1914-1918, is beag trácht orthu i litríocht na Gaeilge. Seo é an chéad úrscéal sa teanga a insíonn a scéal. Ní hé amháin gur saothar ceannródaíoch é Saighdiúir ach is úrscéal cumhachtach frithchogaidh é, agus é tugtha chun solais go húr beo máistriúil ag Cathal Ó Searcaigh. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: LAonghus Ó hAlmhain agus Liam Mac Amhlaigh [Leagan Gaeilge thuas] The novel’s protagonists are two young Gaelic speakers from Cloich Cheann Fhaola in north west Donegal who b...2024-03-2826 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubNa Geansaithe Móra - Leabhar mhí an Mhárta 2024 | March's Book of the Month 2024[English version below] Buaileann bean ghalánta le seanabhean ar an dtraein, ach ní mar a shíltear a bhítear. Téann cailín óg ag siopadóireacht, is gan ’fhios ag éinne cá luíonn an bhróg uirthi. Braitheann bean teanntaithe san óispidéal, ach nuair a thagann a fear céile ar a tuairisc, ní aimsíonn siad na focail chuí. Ceithre splancscéal is tríocha atá sa chnuasach so, iad go léir faoi bhun 1,000 focal. Pléann siad le réimse mór téamaí i saol na mban, idir chumha is ghrá, idir uaigneas is dóchas. Insin...2024-02-1927 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubSa Pholl Báite - Leabhar mhí Feabhra 2024 | February's Book of the Month 2024[English version below] Tá Emer Uí Ghríofa imithe gan tásc. I gcúinne uaigneach ar bhruach na Life a aimsíonn an Garda Réamonn Seoighe a corp. Tá a mac, Dan, cráite faoina bás ach cén drogall atá air labhairt leis na gardaí? Tá Colmán Ó Gríofa ina theach saoire ar leithinis Bhéarra an deireadh seachtaine céanna, é scartha ó Emer ach dílis di i gcónaí. Tacaíonn a chomharsa Aoife Nic Dhiarmada leis agus í ag éirí gafa sa chás. Tá noda fiúntacha agus fianaise bhréige á scagadh aicise agus ag na gardaí; tá faire faoi...2024-02-1315 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAg Dul i bhFad - Leabhar mhí Eanáir 2024 | January's Book of the Month 2024[English version below] Seo é an chéad chnuasach Gaeilge le hAlan Titley ó foilsíodh an 100 scéal atá i Leabhar Nóra Ní Anluain (1998). Má tháinig scata úrscéalta uaidh idir an dá linn níor thréig sé an ealaín ghairid riamh, óir tá seacht scéal anseo a ghnóthaigh duaiseanna Oireachtais. A bhformhór mór níor cuireadh i gcló cheana iad. Is ilchineálach an t-ábhar atá sa chnuasach seo: scéalta traidisiúnta ar an sean-déanamh, fabhalscéalta, scéalta gaisce nó rómánsaíochta agus tuilleadh. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Sorcha de Brún ...2024-01-0237 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAn tEitleán Dofheicthe - Leabhar mhí na Nollag 2023 | December's Book of the Month 2023[English version below] Tamall beag i ndiaidh meán oíche ar an 1 Feabhra 1943, déantar ionsaí fíochmhar, barbartha ar iompróir míleata agus é ar a bhealach go saotharlann rúnda i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Maraítear na saighdiúirí uile atá á thionlacan agus goidtear an lastas ríluachmhar atá istigh ann, an tEitleán Dofheicthe. Déanann na Gardaí mionscrúdú ar láthair an áir, ach níl ach fear amháin a bheidh in ann an cás casta seo a réiteach agus pleananna na gcoirpeach a chur de dhroim seoil: Réics Carló, lorgaire príobháideach...2023-11-2821 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubMúscail, a Ghiorria - Leabhar mhí na Samhna 2023 | November's Book of the Month 2023 Samhain23[English version below] “Tá anáil an bhéaloidis le mothú go soiléir san eipic spreagúil, ealaíonta seo. Cuireann scéal an ghiorria ar ár súile go héifeachtach tuiscintí agus tuairimí doimhne ár sinsear i leith an tsaoil agus nádúr an duine – an dá chineál, óg agus aosta, caide agus céilí comhraic. Is figiúr í an chailleach a mhair ar imeall an phobail, díthreabhach a bhí gafa leis an nádúr agus leis an saol eile. Ina ainneoin sin, bhí ról lárnach sa tsochaí aici, ag teacht i gcabhair in am an ghátair, agus a...2023-10-2719 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubSpluff Splaifeirtí - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2023 | October's Book of the Month 2023[English version below] SPLUFF SPLAIFEIRTÍ AGUS A CHAIRDE AR MARZ anseo istigh dúinn. Eachtraíocht, daonnacht, carachtair, dúshláin agus tarlúintí as cuimse a fhágfaidh ár dtuiscintí ar fhíorspéis an domhain sa spás athraithe go deo. “Is scéal é seo atá iontach feiliúnach don aoisghrúpa – é lán den mhistéir, den choimhlint, den naimhdeas agus den chomhcheilg – [scéal] a chuireann saint an duine daonna i gcodarsnacht le cur chuige síochánta Mhuintir Mharz …” – Deirble Nic Conghamhna, Moltóir an Oireachtais 2021. Ghnóthaigh ‘Spluff Splaifeirtí agus An tIonradh ar an bPláinéad MARZ’ mórdhuais Oireachtais in...2023-09-2719 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubBéal na Péiste - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2023 | September's Book of the Month 2023[English version below] Nuair a thuirling Réamainn Prút i mBéal Feirste i 1988, is strainséir é ina bhaile dúchais. Tugann sé faoi deara na fógraí ollmhóra a roinntear uimhir theileafóin na bpóilíní, á spreagadh chun glaoch a chur ort – chun faisnéis a thabhairt ar aghaidh faoi sceimhlitheoirí, chun ualach a bhaint as do choinsias. Ach tá Réamainn ag smaoineamh ar a óige, ar an sean-rainn a bhíodh na seanmóirí cois bóthair ag aithris: 'Tar éist le mo scéal faoi Ióná agus an míol mór; Bealach síos i lár an aigéin!' C...2023-09-0125 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubNa Cócha Móra - Leabhar mhí an Mheithimh 2023 | June's Book of the Month 2023[English version below] Chaith príomhcharachtar an úrscéil seo, Barra Mac Aodhagáin blianta dá óige i scoil thionsclaíoch. San aithris mhothúchánach, mhachnamhach seo, leanaimid scéal Bharraigh agus é ag fáil taithí ar fhórsa brúidiúil múinteoirí, agus ar a thuras i dtreo téarnaimh ón tráma sin. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Emily Barnes agus Liam Mac Amhlaigh [Leagan Gaeilge thuas] Barra Mac Aodhagáin spent years of his childhood in an industrial school. In this emotional, thoughtful novel, we follow Barra’s story as he experiences the full force of brutal teac...2023-06-0718 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubEL - Leabhar mhí na Bealtaine 2023 | May's Book of the Month 2023[English version below] Tosaíonn an scéal seo le beirt fhear óga a fheiceann rud atá dochreidte - doshamhlaithe, go fiú. Ach de réir mar a nochtann an scéal, tógtar fírinní inaitheanta ina thimpeall go dtí go n-éiríonn sé níos deacra diúltú dó. Cad is fírinne ann i saol a bhfuil eolas ag imeacht ar saithnín inár dtimpeall gach lá? Tugann an scéal seo orainn ár dtuiscint ar an saol seo a cheistiú. Ag dul anonn is anall idir an lá atá inniu ann agus an seachtú aois déag, cruthaíonn sé lío...2023-05-0820 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubSiúrmó - Leabhar mhí Aibreáin 2023 | April's Book of the Month 2023[English version below] Bréan den chaimiléireacht agus den chiníochas, tugann Fabio Montale a chúl leis na póilíní agus socraíonn síos leis an saol simplí a chaitheamh faoi sheanrithimí an bhaile — an fharraige, an t-iascach, beár na háite, agus cluichí belote faoin ngrian. Ach nuair a imíonn mac lena chol ceathrair gan tásc, tarraingítear Montale ar ais isteach i gcúlsráideanna dorcha Mharseille – agus i gcúlbhóithre na cuimhne. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Lisa Nic an Bhreithimh agus Aonghus Ó hAlmhain [Leagan Gaeilge thuas] Fabio Montale, an intros...2023-04-0525 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubImram agus Scéalta Eile - Leabhar mhí an Mhárta 2023 | March's Book of the Month 2023[English version below] Cnuasach gearrscéalta le Róise Ní Bhaoill. Tugtar ar thurais muid sna scéalta seo, turais intinne, turais go críocha aduaine, turais go tíortha atá stollta ag an choimhlint agus ag an athrach; ach is turais go croí na daonnachta iad go léir, le daoine atá ag cuartú saol dóchasach úr nó le daoine a bhfuil orthu gníomhú in aghaidh a dtola. I ndomhan a bhfuil mórghluaiseachtaí daonna ag léiriú an éagothromais, feictear an daonnacht ina steillbheatha sna scéalta seo. Inste i nguth tomhaiste deisbhéalach, tá scéalaíocht Rann na Feirste...2023-03-0916 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubNa Ríthe Beaga - Leabhar Feabhra 2023 | February's Book of the Month 2023[English version below] Beirt bhan: Mélanie, a bhfuil fonn uirthi, ó bhí sí ina déagóir, cáil a bhaint amach ar chlár réaltachta teilifíse. Éiríonn léi aird an phobail a fháil ar deireadh leis an gcainéal YouTube a chruthaíonn sí le saol a beirt pháiste a chur os comhair an tsaoil mhóir, lá i ndiaidh lae. An bhean eile: Clara, póilín, a thagann i gcabhair ar Mélanie agus a teaghlach nuair a bhuaileann tubaiste iad. Ach de réir mar a chuireann Clara eolas ar shaol na dtionchairí idi...2023-02-0923 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubNa Mairbh a D'fhill - Leabhar Eanáir 2023 | January's Book of the Month 2023[English version below] Nuair a fhuadaítear an Dr Leon, eolaí rí‑éirimiúil atá ag obair ar aireagán sár-rúnda ar son Rialtas na hÉireann, iarrtar ar a sheanchara Réics Carló an cás a fhiosrú. Tá Réics muiníneach go n-éireoidh leis Leon a thabhairt slán – níor theip air riamh cás a réiteach. De réir mar a théann sé i mbun oibre, áfach, tuigtear dó go bhfuil rud éigin as an ngnáth ar fad faoin gcás áirithe seo. Beidh clisteacht, cúnamh agus a dhá dhorn de dhíth air roimh dheirea...2022-12-1918 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAn Tóraíocht - Leabhar mhí na Nollag 2022 | December's Book of the Month 2022[English version below] Tá an grá agus and t-éad fite fuaite lena chéile sa scéal tragóideach seo ina chuireann Gráinne an laoch óg, Diarmaid, faoi gheasa í a bhreith leis ón bhfear a bhfuil sí geallta leis. Sárinsint agus sárléaráidí ó thús go deireadh. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Sadhbh Rosenstock agus Rónán Mistéil [Leagan Gaeilge thuas] A haunting tale of love and jealousy where Gráinne and Diarmaid are relentlessly pursued by Fionn whose desire for revenge must inevitably lead to tragic consequences. A superbly illustrated and fast-paced...2022-12-0117 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubKhalil - Leabhar mhí na Samhna 2022 | November's Book of the Month 2022[English version below] Samhain 2015. Ar mhótarbhealach sa Fhrainc, tá Khalil, Moslamach fir 23 bliana d’aois, ag triail ar chathair Pháras, crios pléascach fáiscthe lena chliabh. Ar an Stade de France i gcathair Pháras atá a thriail, é réidh le buille trom a bhualadh in aghaidh an tsaoil ghránna ina thimpeall agus Síoraíocht na Mairtíreach a bhaint amach. Ach ar oíche sin an uafáis, níl Khalil i measc na mbráthar a chuireann iad féin chun báis…. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Zoya Everard agus Jody Buckley-Coogan [Le...2022-10-2625 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAn Dara Rogha - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2022 | October's Book of the Month 2022[English version below] Bliain 19 sa Ré Úr. Am a bhfuil deireadh leis an saol a bhfuil aithne againn air agus cónaí ar an daonra i mBithsféir fud fad an domhain. Is i mBithsféar 9 atá Emma agus Zara lonnaithe. Ar bhreithlá Emma, í seacht mbliana déag d’aois, roghnaítear í don chúrsa is tábhachtaí sa choláiste, dar leis na hÚdaráis. Ach céard atá i ndán dá cara, Zara, nach bhfuil chomh cliste céanna léi? An gcuirfear chuig Feirm na bhFéatas í le bheith ina síolraitheoir? Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ailbe van d...2022-09-2117 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubBádh B'fhéidir - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2022 | September's Book of the Month 2022[English version below] Scéalta ficsean eolaíochta le Seán Ó Muireagáin. Cuireann Ó Muireagáin saolta osréalacha os ár gcomhair sna scéalta samhlaíocha ficsin eolaíochta seo, saolta diostóipeacha, saolta barbartha, saolta a mbíonn an fhírinne á ceistiú iontu agus a mbíonn rian maith den fhíorshaol le sonrú iontu i gcónaí. Scamhann sé siar na scaireanna chun go bhfeice muid faoin chlúdach bréige, ag nochtadh mhíchothromaíocht an tsaoil seo ina mairimid. Bhuaigh an scéal ‘An Chóir Chodlata’ Duais an Mhaolánaigh i gcomórtas liteartha an Oireachtais 2018. Láithreoir: Se...2022-08-2420 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubEachtraí Tintin: Slat Ríoga Ottokar - Leabhar mhí an Mheithimh 2022 | June's Book of the Month 2022[English version below] Tugann Tintin aghaidh ar ríocht bheag, an tSildáivé, áit a bhfuil comhcheilg ar bun i gcoinne an rí óig, Múisc Áir XII. Is mian leis na comhchealgairí Ríshlat an Rí Ottokar a ghoid, siombail na ríochta. Má éiríonn leo, beidh ar an rí éirí as. Tá an tír ag cur thar maoil le feallairí! An éireoidh le Tintin an rí agus an tSildáivé a shábháil? Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Rob O' Connor [Leagan Gaeilge thuas] Tintin travels to the small kingdom of Syldavia where he is witness to a conspir...2022-07-2520 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubFeirm na nAinmhithe - Leabhar mhí na Bealtaine 2022 | May's Book of the Month 2022[English version below] Tá na hainmhithe ar Fheirm an Mhainéir ag fulaingt le fada faoi thíorántacht an fheirmeora Ó Ceallaigh. Tá súil acu le saol eile, áfach, an fheirm a bheith faoi cheannas na n-ainmhithe féin, saor ó smacht na ndaoine. Éiríonn siad amach, cuireann siad an feirmeoir chun bóthair, agus glacann siad seilbh ar an bhfeirm. Feirm na nAinmhithe a thugtar uirthi anois, gach ainmhí comhionnann agus ag obair le chéile. An féidir leo an aisling a choinneáil beo? Nó an bhfuil rud eile ar fad ar intinn ag na muca, b'fhéidir? Tá tait...2022-06-1319 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAn Broc-Chú - Leabhar mhí Aibreáin 2022 | Book of the month - April 2022[English version below] “Chun an táirge seo a dhíol lenár bpáirtithe in earnáil an leighis, táimid chun an saineolas agus an úire a nascadh le chéile.” Is mar sin a chuireann bainistíocht na saotharlainne Duprat a straitéis nua páirtnéireachta faoi bhráid na beirte: Guy Farkas, ar a dtugtar ‘An Broc-Chú’, taistealaí leighis den seandéanamh, agus Jérémy Labionda, feidhmeannach óg rócháilithe a bhfuil sé mar fhreagracht air súil dhiscréideach ar an mBroc-Chú. Anuas air sin, caithfidh siad leagan nua a dhíol de tháirge leighis a bhfuiltear in...2022-04-2823 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubMadame Lazarre - Leabhar mhí an Mhárta 2022 | Book of the month - March 2022[English version below] Ó bhí sí ina páiste óg, tá Levana bródúil as a dúchas Giúdach agus as na mná láidre a chuaigh roimpi. Duine acu sin í Hana Lazare, seanmháthair Levana, a theith ina cailín óg di óna tír dhúchais i dtuaisceart na hEorpa, an t-aon duine amháin dá muintir a tháinig slán ó shlad an Shoah. Ach nuair a thagann mearbhall intinne ar Hana i ndeireadh a saoil, sceitheann blúirí eolais óna béal a fhágann Levana trína chéile. Seoltar an bhean óg ar aistear a thugann uirthi gach ru...2022-04-1122 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubBláth na dTulach - Leabhar mhí Feabhra 2022 | Book of the month - February 2022[English version below] Is iomaí cruth agus dath ar an ghearrscéal agus tá a shéala sin le feiceáil go soiléir sa díolaim speisialta seo a dhéanann comóradh ar an ghearrscéalaíocht chomhaimseartha Ultach. Tá scéalta thar a bheith taitneamhach cruinnithe le chéile anseo ó 28 scríbhneoir, idir óg is aosta, as gach cearn de Chúige Uladh. Máistir-rang i bhfoirmeacha éagsúla an ghearrscéil atá le fáil idir clúdaigh an fhoilseacháin seo. Tá scéalta grá, scéalta díoltais agus scéalta dóchais anseo, tá scéalta eile ann a bhfuil an g...2022-03-0924 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubRé na bhFathach - Leabhar mhí Eanáir 2022 | Book of the month - January 2022[English version below] Cnuasach é seo a chaitheann súil ar chruachás an duine agus é i ngleic le fírinní éagsúla an tsaoil — agus leis na bréaga. Ón am i láthair go dtí an t-am atá caite — agus fiú go haimsir chaite nach raibh riamh ann — tugtar sinn ar cuairt na cruinne, camchuairt a thosaíonn “ar an bhfichiú hoileán is mó ar domhan”, tír aineoil a n-aithneoidh an léitheoir go maith í, fiú faoi chló nua. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Jody Buckley-Coogan agus Muiris Ó Raghallaigh [Leagan Gaeilge thuas] Ré na bhFathach: The stories in this collectio...2022-02-0820 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubDuan na Nollag - Leabhar mhí na Nollag 2021 / Book of the month - December 2021[English version below] San úrscéal gearr clúiteach seo, insítear scéal Eibinéasair Scrúg, seanchnuastóir crua a dtagann taibhse a sheanchomhghleacaí gnó Iacób Meárlaí ar cuairt chuige, agus taibhsí ón Nollaig a bhí, atá, agus a bheidh. Tar éis a gcuairte, déantar duine níos cineálta agus níos séimhe de Scrúg. Seo é an scéal is cáiliúla riamh faoin Nollaig, agus is ann atá go leor de nósanna na Nollag fréamhaithe — an ghé, an Phutóg Nollag agus an puinse! Ceann de na scéalta Nollag is cáiliúla a scr...2021-12-2014 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAn Bhrachlainn Mhór: Scéalta - Leabhar mhí na Samhna 2021 / Book of the month - November 2021[English version below] Scéalta iad seo a chuireann síos ar thragóidí agus ar ghreann, ar an gcontúirt a ghabhann le saothrú na beatha ón bhfarraige agus ar ghaisciúlacht mhuintir Oileáin Árann. Cuireann an t-údar síos go báúil ar chruatan a phobail dhúchais agus ní sheachnaíonn sé cruacheisteanna. Bhí dearcadh cineálta, tuisceanach ag an bhFlaitheartach ar ainmhithe agus ar éanlaith freisin. Scríbhneoir paiteanta Gaeilge agus Béarla ab ea Tomás Ó Flaithearta (1890-1936) as Inis Mór, ar nós a dheartháir Liam, an scríbhneoir. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonn...2021-11-1522 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubMála Mirlíní - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2021 / Book of the month - October 2021[English version below] An leagan Gaeilge den úrscéal dírbheathaisnéiseach cáiliúil, Un Sac de Billes. Aistrithe ag R. Seathrún Mac Éin. Giúdaigh de chuid na Fraince a bhí i muintir Joffo agus cuirtear síos sa leabhar seo ar theitheadh Joseph, a bhí 10 mbliana d’aois ag an am, agus a dhearthár Maurice (12) ón chuid sin den Fhrainc a bhí faoi smacht na Naitsithe le linn an Dara Cogadh Domhanda. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Eilís Everard agus Stiofán Ó Briain This month's book is an Irish translation of the famous autobiographic...2021-10-0823 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAn Béal Bocht - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2021 / Book of the month - September 2021[English version below] Is é an t-úrscéal grafach den leabhar An Béal Bocht le Myles na gCopaleen an saothar a bheidh á phlé againn an mhí seo. Ón lá a foilsíodh é ar dtús sa bhliain 1941, tá cáil ar An Béal Bocht mar chlasaic i saol liteartha na hÉireann. Tá clú idirnáisiúnta bainte amach ag an údar as a shaothar i mBéarla agus tá blas comhaimseartha fós ar an aoir aoibhinn ghreannmhar seo agus beocht úrnua anois ann sa leagan ealaíonta gleoite grafach seo ó Chló Mhaigh Eo. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Lisa Nic A...2021-09-2226 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubEachtraí Tintin: Todóga na bhFarónna - Leabhar Mhí an Mheithimh 2021 / Book of the Month - June 2021[English version below] Nuair a bhuaileann Tintin agus a mhaidrín Báinín leis an Éigipteolaí aisteach Seán Ó Tuama, téann siad sa tóir ar an áit rúnda ina bhfuil an Faró Kí-Oskh ina luí. Ach tá níos mó ná seargáin agus gaineamh rompu sa ghaineamhlach. Tagann siad ar smuigléirí drugaí agus leanann cúpla leid a fhágann i ngleic le bithiúnach idirnáisiúnta iad. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Muireann Ní Chíobháin agus Deirdre Ní Fhloinn [Leagan Gaeilge thuas] A chance encounter with an eccentric Egyptologist, Seán Ó Tu...2021-06-0820 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubLiam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta - Leabhar Mhí na Bealtaine 2021 / Book of the Month - May 2021[English version below] Ainneoin gur mar scríbhneoir Béarla is mó a bhí cáil ar an Árannach Liam Ó Flaithearta (1896–1984) – na déaga d’úrscéalta agus beagnach dhá chéad gearrscéal – bhí tionchar nach beag ag an aon leabhar Gaeilge a d’fhoilsigh sé lena bheo, an cnuasach gearrscéalta Dúil (1953), ar léitheoirí Gaeilge. Agus ní hamháin de bharr gur chaith sé blianta fada ar chúrsaí scoile agus ollscoile. Go deimhin is minic a tharraingítear anuas an cheist an fearr a shaothar Gaeilge, más tanaí féin é, ná a shaothar Béarla. Agus cén bhaint go díreach a bhí ac...2021-05-0423 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubInní - Leabhar Mhí Aibreáin 2021 / Book of the Month - April 2021[English version below] Tarraingíonn Réaltán ar a taithí féin mar mhúinteoir, mar mháthair, mar iníon agus mar ghar-iníon sna scéalta seo a thiteann amach thar réimse suíomhanna stairiúla agus comhaimseartha, le bailiúchán scéalta a chur i láthair atá mealltach agus a thugann ábhar machnaimh don léitheoir. Ó Bhéal Feirste an chéid seo caite go Baile Átha Cliath na linne seo, treoraíonn Réaltán go cumasach muid tríd chalaois, lúbaireacht agus uisce faoi thalamh. Caitheann Réaltán súil ghéar ar shaol na gcarachtair...2021-03-2821 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubLe Gean agus Scéalta Eile - Leabhar Mhí an Mhárta 2021 / Book of the Month - March 2021[English version below] Bhris ar m’fhoighne. Ní fhéadfainn é a sheasamh níos faide. Bhí an fhuil ag borradh i mo chuislí. rug mé ar shrian an chapaill amach as a dhá lámh. Sheas mé suas gcarr cosúil leis na fir eile. Ansin thugas laisc don chapall. Réab sí chun cinn. Ba bheag nár caitheadh siar amach as an gcarr mé leis iarracht. ‘Nois bhí sí sna cosa in airde agus muid ag breith suas ar na carranna eile. Bhí deannach ag éirí ó rothaí an chairr. Bhreathnaigh mé síos ar mo Dheaide ach ní hé a bhí ann anois ach Judah...2021-02-2211 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubTinte na Farraige Duibhe - Leabhar Mhí Feabhra 2021 / Book of the Month - February 2021[English version below] Thit an long i dtreo an phláinéid dheirg, í ag luasghéarú i gcónaí. Bhí na cúrsóirí á leanúint agus, mar a shíl A-Hiom, bhí siad ag teacht suas leo, beagán ar bheagán. Líon Na Hasta an radharc ar fad a bhí rompu agus chonaic Sál na sraitheanna de scamaill agus stoirmeacha ina nguairneáin, iad oráiste agus bán, ag casadh leo in atmaisféar meirgeach an phláinéid. Ar a dTeitheadh i Spás-Long Lastais Beirt ar a dteitheadh ó Roghail, gealach bheag amach ón bpláinéad...2021-02-0928 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubBeatha Phí - Leabhar Mhí Eanáir 2021 / Book of the Month - January 2021[English version below] Clasaic i litríocht an domhain chéana is ea Beatha Phí, lán de mhíorúiltí is iontais. Bronnadh duais Man Booker air sa bhliain 2002 chomh maith le gradaim eile, rinneadh scannán de a bhain ceithre Oscar agus tá sé aistrithe i mbreis is daichead teanga. Seo anois é i nGaeilge. Tagann Pí Patel slán nuair a théann an long go tóin poill agus a mhuintir ag aistriú ón India go Ceanada. Níl fágtha i ndiaidh na tubaiste ach é féin agus tíogar mór ocrach, iad ar fán i mbád tarrthála ar an...2021-01-2828 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAsterix agus an Corrán Óir - Leabhar Mhí na Nollag 2020 / Book of the Month - December 2020[English version below] Tá sráidbhaile Asterix go mór trína a chéile. Tá Ogamaix, draoi, i ndiaidh a chorrán óir a bhriseadh agus ní thig leis éilicsir an nirt a dhéanamh gan é! Imíonn Asterix agus Obelix ar mhisean contúirteach go Lúitéis, le corrán nua a cheannach ó Amerigix, a bhfuil gaol i bhfad amach aige le hObelix agus atá ar an fhear déanta corrán is fearr dá bhfuil sa Ghaill. Ach tá Amerigix imithe gan tásc gan tuairisc agus caithfidh ár mbeirt laoch dul á lorg i measc choirpigh agus bhithiúnaigh na cathr...2020-12-0113 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubThar na Tonnta - Leabhar Mhí na Samhna 2020 / Book of the Month - November 2020[English version below] Is é a dheireadh tús an scéil seo. Tá Sonaí Ó Giolla básaithe ach go bhfuil leithscéal ar a spiorad scaradh lena chorp. Téann sé siar ar bhóithrí na smaointe. A óige i mbaile an Leacain agus ar a chuid laethanta scoile, mar ar chuir sé aithne de chéaduair ar shaothar Karl Marx, a chuaigh go smior ann – ba shóisialaí é feasta. Na laethanta a chaith sé i Londain in éineacht le dream ón mbaile – dream a bhí chomh radacach leis-sean dá mb'fhíor dóibh féin é agus, go deimhin, dá mb'fhíor dósan é chomh maith. An...2020-11-0619 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAr Luch Agus ar Dhuine - Leabhar Mhí Dheireadh Fómhair 2020 / Book of the Month - October 2020[English version below] Buaiteoir Ghradam de Bhaldraithe 2020 Eagrán álainn Gaeilge den tseanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men a céadfhoilsíodh in 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite. Beirt spailpíní iad George agus Lennie, i gCalafóirne i dtríochaidí an chéid seo caite. Fathach urrúnta ‘ar chiall na bpáistí’ é Lennie agus bíonn George ag tabhairt aire dó. Agus cé nach bhfuil acu de mhaoin an tsaoil ach an t-éadach ar a ndroim, tá aisling acu – feirm bheag a cheannach dóibh féin agus a bheith ‘beo ar mhéith na tíre’. An Garbhadas...2020-10-1420 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubMeascra ón Aer - Leabhar Mhí Mheán Fómhair 2020 / Book of the Month - September 2020[English version below] Tagann ábhar an leabhair seo ón tsraith raidió ‘Meascra’ a rinne Marcus Mac Conghail do Raidió na Gaeltachta. Iarracht a bhí sa tsraith ardán a thabhairt don scríbhneoireacht nua agus ábhar siamsaíochta (agus machnamh, b’fhéidir) a chur ar fáil. Meascra ceart atá sa leabhar – aistí agóide, gearrscéalta, dánta, cuimhní cinn agus eile agus is iontach an réimse ábhar, stíleanna agus guthanna atá ann le 40 scríbhneoir éagsúil lena n-áirítear Caitríona Ní Chléirchín, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Biddy Jenkinson, Antain Mac Lochlainn, Réaltán Ní Leannáin, Ain...2020-09-2821 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubCnámh - Leabhar Mhí an Mheithimh 2020 / Book of the Month - June 2020[English version below] Is cnuasach gearrscéalta é seo ón údar Conallach Eoghan Mac Giolla Bhríde. Seo an méid a bhí le rá ag moltóir de chuid an Oireachtais faoi: "Ceardaí oilte an scríbhneoir a thuigeann conas scéal a nochtadh. Comhlíonann an cnuasach seo aidhm na litríochta, cuireann sé breis lenár léamh ar an domhan timpeall orainn agus cuireann sé lenár dtuiscint ar ár gcomhdhaoine. "Tá an scríbhneoir cruthanta seo, duine nach mór dó a scríobh agus nach mór dúinne léitheoirí a shaothar a léamh. Ghealaigh an saothar mo ch...2020-06-2320 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubEachtraí Tintin - An tOileán Dubh - Leabhar Mhí na Bealtaine 2020 / Book of the Month - May 2020[English version below] Tá Tintin agus a ghadhar dílis, Báinín, sa tóir ar bhuíon idirnáisiúnta brionnóirí airgid. Ina measc, tá an Dr Müller, a bheidh ina dheargnamhaid ag an iriseoir óg. Tagann Tintin slán ó iarracht é a dhúnmharú ach tá tuilleadh dainséir roimhe nuair a thugann leideanna chomh fada le Poll Dubh in Albain é. Is ann a chloiseann sé faoin mBrúid ar a bhfuil cónaí i gCaisleán na Binne Móire ar an Oileán Dubh. Tugtar rabhadh dó gan dul in aice an oileáin ach níor theip ar fhear - ná a...2020-05-2219 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubSa Teach Seo Anocht - Leabhar Mhí Aibreán 2020 / Book of the Month - April 2020[English version below] Úrscéal nua le Micheál Ó Conghaile a dhíríonn ar scéal fhir atá ag siúil amach ón teach inár tógadh é agus é ag fágáil a bhean agus a mhac ina dhiaidh. Anocht m'oíche dheireanach sa teach seo agus briseann sé sin mo chroí. Sa teach seo inár rugadh agus ar tógadh mé is mo shinsir romham agus inar fhás mé suas le mo theaghlach líonmhar sul má scaipeadh muid. Sa teach seo mar a bhfuillim i mo chónaí le mo bhean le deich mbliana anaus agus le mo mhac Shane...2020-04-0611 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubFatwa - Leabhar Mhí an Mhárta 2020 / Book of the Month - March 2020[English version below] Scríbhneoir Gaeilge ar thóir léitheoirí atá i gCormac Mac Ruairí. Tagann sé ar sheift ghlic le suim an phobail a mhúscailt i litríocht na Gaeilge, agus, ar ndóigh, le níos mó leabhar dá chuid féin a dhíol. Ní fada, áfach, go dtarraingíonn an leabhar is úire óna pheann aird antoiscigh Mhoslamacha. An dtiocfaidh aon duine slán ón slad a thitfidh amach ar oileán dúchais an údair? Tógann Mac a’ Bhaird muid ar thuras bríomhar eachtrúil ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Libia agus ón Araib ársa go dtí Gae...2020-03-0219 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubCur i gCéill - Leabhar Mhí Feabhra 2020 / Book of the Month - February 2020[English version below] Is síceolaí í Cass Ó Caoimh a bhogann go Conamara nuair a fhágtar ina baintreach í. Mar aon leis an bpostroinnt atá aici san Ionad Leighis áitiúil, glacann sí le post páirtaimseartha i gCeannáras na nGardaí mar shíceolaí fóiréinseach. Nuair a bháitear Niamh, cara a hiníne, creideann Cass gur dúnmharaíodh an ógbhean ainneoin an mhéid a cheapann an Bleachtaire Cigire, Tom Breasal, a hiarleannán. Le cúnamh ón iriseoir Gearóid, mac Tom, agus ó dhaoine a gcuireann sí aithne orthu, déanann sí bás Niamh a fhiosrú agus tugann scéal scáf...2020-01-3016 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubIdir Mhná - Leabhar Mhí Eanáir 2020 / Book of the Month - January 2020[English version below] Is seanphoblachtánach é an Móránach ar athraigh a shaol go deo i laethanta glórmhara Chogadh na Saoirse, nuair a bhí sé féin ina cheannaire cumasach treallchogaíochta. Anois agus é ina sheanaois ar fheirm in iarthar na hÉireann, tá an Móránach ag troid i gcónaí - lena theaghlach, lena chairde, agus fiú amháin leis féin. Bíonn sé cráite go mion minic agus é ag iarraidh dul i ngleic leis an am atá caite. Thar rud ar bith eile is é a shaol 'idir mhná' - a ghaol lena dhara bean Róise, len...2020-01-2319 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubCharlie agus Monarcha na Seacláide - Leabhar Mhí na Nollag 2019 / Book of the Month - December 2019[English version below] Níl Willy Wonka - ná an taobh istigh dá mhonarcha iontach seacláide - feicthe ag aon duine le blianta fada. Nuair a fhógraíonn sé comórtas ina dtabharfar buaiteoirí na gcúig thicéad órga (atá curtha i bhfolach aige i gcludaigh na mbarraí seacláide) ar thuras sa mhonarcha, tá tír is talamh ag iarraidh teacht ar na ticéid! Is é Charlie agus Monarcha na Seacláide an scéal is cáiliúla le Roald Dahl. Seo é scéal Charlie Buicéid, na gcúig thicéad órga, agus na nÚmpa-Lumpach, agus scéal Wil...2019-12-1215 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubFonn a Níos Fiach - Leabhar Mhí na Samhna 2019 / Book of the Month - November 2019[English version below] Fonn a níos fiach’ a deir an seanfhocal, agus nuair a bhualann an t-ocras Seán Mhicil agus a theaghlach óg caithfidh sé seiftiú dá réir. I bprós glan snoite, insíonn an t-úrscéal gearr seo scéal an fhir atá á thiomáint ag an ocras chun seilg a dhéanamh ar son a theaghlaigh. Ach más é an gorta a chuireann Seán Mhicil amach thar shneachta an tsléibhe i mblianta deiridh an Ghorta Mhóir, de réir mar atá an giorria éalaitheach á leanúint go diongbháilte aige gabhann an tseilg seo chun la...2019-11-0518 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubTairngreacht - Leabhar Mhí Dheireadh Fómhair 2019 / Book of the Month - October 2019[English version below] Cuirtear saol Chonchúir Uí Bhraonáin bun os cionn go hiomlán nuair a thagann sé ar dhúnmharú scáfar ar mhullach uaigheanna Uí Néill agus Uí Dhónaill sa Róimh. Gan mhoill tá a bheatha féin i mbaol. Is léir áfach, nach Conchúr amháin atá i gcontúirt agus go bhfuil comhcheilg ar siúl a bhainfeadh an bonn de chumhacht an Phápa agus a chuirfeadh deireadh leis an Eaglais. Má tá Conchúr le teacht slán, caithfidh sé aghaidh a thabhairt ar sheict dhorcha a bhfuil a fréamhacha aici sa...2019-09-2617 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubCití na gCártaí - Leabhar Mhí Mheán Fómhair 2019 / Book of the Month - September 2019[English version below] Úrscéal faoi bhean óg as Málta, Katarina, aimsir an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Déantar cleamhnas di le saighdiúir Éireannach in arm Shasana, Tomaí. Is as Béal Feirste dó agus é lonnaithe i Málta le linn an chogaidh, ach tá seisean ag dréim le hÉirinn aontaithe mar a gheall Redmond. Leanaimid scéal Kati ó 1917 agus othair ag teacht go Málta de réir a chéile ó láithreacha an áir in Gallipoli, go dtí 1921 i mBéal Feirste, agus an pobal ann i ngreim na himpireachta. Nochtann léaspairtí ar leith chugainn ar shaol na m...2019-09-0620 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubDialann Emily Porter: An Jailtacht - Leabhar Mhí an Mheithimh 2019 / Book of the Month - June 2019[English version below] Bhí plean déanta ag Emily Porter dá laethanta saoire samhraidh i 1994; bhí sí chun fanacht sa leaba go dtí meán lae agus an chuid eile den lá a chaitheamh lena cara is fearr, Olivia. Ach i ngan fhios di, bhí plean eile ag a tuismitheoirí. Plean cruálach. Plean gránna. Plean díoltasach… Bhí Emily le cur in aghaidh a tola, chuig Coláiste Samhraidh sa Ghaeltacht – nó An Jailtacht mar a thug Emily air! Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Lisa Nic an Bhreithimh agus Ciara Ní Éanacháin [Leagan Gaeilge thuas] History is written by...2019-06-0719 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubGáire in Éag - Leabhar Mhí na Bealtaine 2019 / Book of the Month - May 2019[English version below] Cnuasach scéalta le Seán Ó Muireagáin. Scéalta corraitheacha suit i dtréimhse na dTrioblóidí in Éirinn. Sleamhnaigh isteach i saol fealltach an spíodóra, saol céasta an iarshaighdiúra agus saol fuarchúiseach an dúnmharfóra sna scéalta neamhbhuana seo a saoirsíodh as inneoin bhruidiúil an bhuailte, Béal Feirste i rith na dTrioblóidí. Ceithre ghearrscéal a thugann léargas daonna ar shaol na cathrach le linn na coimhlinte mar son le húrscéilín ficsean coireachta.  Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Emma Ní Chearúil agus Caitl...2019-04-3016 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubTiteann Rudaí as a Chéile - Leabhar mhí Aibreáin 2019 / Book of the Month - April 2019[English version below] Gaiscíoch mór le rá is ea Okonkwo, agus a cháil in airde ar na fir is cumhachtaí agus is saibhre ina threabhchas. Is duine ceanndána é, afách, agus is minic a theipeann air srian a chur leis a fhearg. Íocann sé féin agus a mhuintir go daor as sin. Nuair a bhagraíonn teacht ar fhir ghil ar thraidisúin an treabhcháis, Gníomhaíonn Okonkwo as a stuaim féin. Toradh tragóideach atá i ndán dó, afách. Tá an t-úrscéal seo aitheanta ar chlasaicí litríocht an domhan ó foilsíodh...2019-03-2819 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubEachtraí Tintin: Portán na nOrdóg Órga - Leabhar mhí an Mhárta 2019 /March 2019[English version below] Leanann Tintin agus Báinín leideanna aisteacha a chuireann sa tóir ar chairtéal drugaí iad. Tá Tintin faoi ghlas sa long, an Karaboudjan, agus an Captaen Mac Cadóige as a mheabhair le deoch. An criú atá i gceannas! Ar thaobh amháin de, tá gaineamhlach dóite, an Sahára, agus ar an taobh eile de tá duibheagán na Meánmhara. Tá Tintin agus Báinín i mbaol a n-anama cinnte! Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Claire Dunne agus Nóirín Ní Nuadháin [Leagan Gaeilge thuas] Tintin agus Báinín follow st...2019-03-0518 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubFuascailt an Iriseora - Leabhar mhí Feabhra 2019 / Book of the Month - February 2019[English version below] Tá an t-iriseoir, Bríd, ar ais san ardchathair agus í ag treabhadh léi ina gairm dhúshlánach – ach tá coimhlint sa seomra nuachta. Nuair a thagann sí ar scéal mór na bliana, measctar dualgais an iriseora le tromluí scanrúil an tsaoil. Téann Bríd ar thóir na fírinne ar fud na hardcathrach … Coinnigh ort ag léamh agus neosfaidh an aimsir! Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Maitiú Ó Coimín agus Liam Mac Amhlaidh [Leagan Gaeilge thuas] Bríd (An tIriseoir, 2016) returns to the capital and to the daily grind of scoop and s...2019-01-3117 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubCinnlínte: Saol an Iriseora - Leabhar mhí Eanáir 2019 / Book of the Month - January 2019[English version below] Cuireann Deaglán de Bréadún inár láthair anseo buaicphointí óna ghairmré mar iriseoir. D’oibrigh sé le The Irish Times agus ina dhiaidh sin le The Irish Sun. Ar na pearsana móra a chastar orainn tá Yasser Arafat, Boris Yeltsin, Mikhail Gorbachev, Cathal Ó hEochaidh, Ian Paisley agus Brian Cowen. Le súil ghéar agus le stíl neamhchasta mar is dual dó, labhraíonn sé go hoscailte faoi dhúshláin agus faoi éachtaí an iriseora, go háirithe i gcúinsí casta cogaíochta agus coimhlinte, bíodh sé ag trácht ar ainnise riocht na dt...2018-12-2019 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAn Strainséara - Leabhar mhí na Nollag 2018 / Book of the Month - December 2018[English version below] Ní hiontas gur baineadh stangadh as an saol nuair a foilsíodh An Strainséara i 1942. Ba ghearr gus aithníodh é ar úrscéalta móra na haoise, agus níl aon mhaolú tagtha ar a cháil ó shin, ach a mhalairt. D’fhógair sé go raibh scríbhneoir den scoth ar an saol, agus léirigh Albert Camus cumas a chruthaitheachta arís ina dhiaidh. Tá an saothar clasaiceach seo ar fáil in nGaeilge ar deireadh thiar, a bhuíochas ar aistriúcháin Dhiarmada Uí Ghráinne, scríbhneoir atá go mór faoi anáil Camus agus nualitr...2018-11-2915 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubNa Gamaill - Leabhar mhí na Samhna 2018 / Book of the Month - November 2018[English version below] Tá na Gamail ar cheann de na leabhair is mó aistriúcháin ar domhan. Scéal é seo faoi dhá ghamal agus faoi na cleasa gránna a imríonn siad ar a chéile. Is mór an ghráinn an tUasal Ó Gamail agus a bhean. Déanann siad píoga de na héin bhochta agus itheann siad iad, agus coinníonn siad na moncaithe, Muintir Mhugal-Bhump, faoi ghlas. Ach tá deireadh tagtha le foighne na moncaithe. Agus tá díoltas uathu. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Sinéad Ní Uallacháin agus Derek O' Br...2018-10-3016 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubNuair a Stadann an Ceol - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2018 / Book of the Month - October 2018[English version below] Tar éis di dul ar ollscoil agus cúpla bliain a chaitheamh ag obair, tá Róisín ar ais i mbun staidéir, sa choláiste oideachais don bhunmhúinteoireacht an uair seo. Tá cairde nua aici agus tá go leor ceoil á sheinm, ach tá deacrachtaí móra pearsanta aici freisin. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Caoimhe Nic Lochlainn agusAonghus Ó Lochlainn [Leagan Gaeilge thuas] After some time spent working, Róisín is back at college again, this time to become a Primary School teacher. She has new friends and is playing plenty of music but has her s...2018-09-2513 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubTeach an Gheafta - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2018 / Book of the Month - September 2018[English version below] Scéal ógfhir atá againn anseo agus an samhradh cinniúnach a chaith sé i dTeach an Gheafta i Mín na Móna i nGaeltacht Thír Chonaill agus é ag iarraidh a shaol casta a shoiléiriú agus a bhealach féin a aimsiú. Ní dhearmadóidh tú in aicearracht an samhradh seo i Mín na Móna. Seo saothar atá lán de ghreann a thógfas do chroí, de chomhbhá leis an duine agus leis an dúlra, de léaspairtí solais is de mheabhraíocht spreagúil; an stíl deisbhéalach, an scéal dúshlánach. Láithreoi...2018-08-3117 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubTintin sa Tibéid - Leabhar mhí an Mheithimh 2018 / Book of the Month - June 2018[English version below] Tuairscítear gur maraíodh Teang, cara le Tintin, i dtubaiste aeir sna Himiléithe. Ach cloiseann Tintin guth a charad is é ag glaoch air. Tá sé cinnte anois gur beo do Teang i gcónaí. Tugann sé féin, a ghadhar dílis Báinín agus Haileabó, an captaen leathchraiceáilte, faoi mhisean dainséarach: teacht ar Teang. Buaileann siad le manach Búdaíoch i mainistir sa Tibéid a thugann dóchas dóibh gur beo do Teang – ach go bhfuil sé i mbaol an-mhór! Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Maitiú Ó Coimín agus Rón...2018-05-2815 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAn tIriseoir - Leabhar mhí na Bealtaine 2018 / Book of the Month - May 2018[English version below] Foréigean baile, saol scriosta, pósadh cliste. Éalaíonn Bríd ó Ghaoth Dobhair le dul i mbun iriseoireachta i mBaile Átha Cliath. Iriseoir díograiseach, ábalta agus cumasach í, a mhúchann na cuimhní cráite le tréan oibre. Titeann saol Bhríd as a chéile agus í ag fiosrú scéil ar a fód dúchais nuair a aithníonn sí go bhfuil a mac féin ina chroílar. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Niamh Ní Shúilleabháin agus Tristan Rosenstock [Leagan Gaeilge thuas] An award-winning collection of short stories from the celebrated novel...2018-04-3018 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubLár an Domhain - Leabhar mhí Aibreáin 2018 / Book of the Month - April 2018[English version below] Duaisleabhar gearrscéalta ón úrscéalaí agus gearrscéalaí aitheanta Beairtle Ó Conaire. Bronnadh Duais an Oireachtais ar an gcnuasach seo in 2006. "Scríbhneoir gairmiúil is ea Beairtle Ó Conaire a bhfuil sé de bhua aige, mar aon leis an ngearrscéalaí Ciarraíoch, Seán Mac Mathúna, friotal simplí fileata a chur ar mhórcheisteanna an duine. Sa gcaoi seo, tugann Lár an Domhain mórshásamh intinne agus anama in éindí don léitheoir. Léitheoireacht riachtanach is ea an scothleabhar seo don té a mbeadh cruthú eile uaidh go bhfuil litríocht na Gaeilge inchomórtas leis an gcuid is fearr...2018-03-2916 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAn Leathanach Bán - Leabhar mhí an Mhárta 2018 / Book of the Month - March 2018[English version below] Ar bhínse sráide, i bPáras, tá bean óg ag iarraidh teacht chuici féin. Níl cuimhne aici ar a hainm, ná ar an bhfáth a bhfuil sí san áit sin. Tá a cuimhne tar éis imeacht uirthi. Is úrscéal grafach é An Leathanach Bán ina n-insíonn Pénélope Bagieu agus Boulet scéal mná óige agus í sa tóir ar eolas maidir léi féin, agus tá idir ghreann agus tuiscint san insint sin.  Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Claire Dunne agus Muiris Ó Raghallaigh [Leagan Gaeilge th...2018-03-0513 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubSciorrann an tAm - Leabhar Mhí Feabhra 2018 / Book of the Month - February 2018[English version below] Cnuasach gearrscéalta ó údar Canary Wharf. An bua a bhaineann le scéalta an Choileánaigh ná a n-éagsúlacht agus a mbeocht. Is minic í ag plé leis an gclapsholas sin idir dhá shaol agus uaireanta is priaclach an saol é sin! Ní gruaim gan ghreann é, áfach. Scanraíonn sí sinn ach baineann a cuid eachtraí gáire asainn chomh maith. Bí ag faire amach! Ní gnáthdhomhan é seo, domhan Orna Ní Choileáin. Bhí Sciorrann an tAm ar an ngearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin, Leabhar na Bliana, in 2014. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Siún Ní Dhuinn agus Ronan...2018-01-2618 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubIdir Dhá Thír - Leabhar Mhí Eanáir 2018 / Book of the Month - January 2018[English version below] Cnuasach gearrscéalta nua ó pheann Alex Hijmans. ‘Fágann an duine lorg ina dhiaidh mar a fhágann bád ar an bhfarraige, nó réalta eireabaill sa spéir. D’fhág Tír na Sámach a lorg ormsa, agus – dá laghad é – d’fhág mise lorg ar Thír na Sámach.’ I scéalta an chnuasaigh seo, leanann peann Alex Hijmans an lorg a d’fhág an imirce ar charachtair éagsúla – i Londain, i Liospóin, i nGaillimh, i mBéal Feirste, in Washington D.C. agus in áiteanna eile nach iad. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna...2017-12-2118 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubConaire Mór - Leabhar Mhí na Nollag 2017 / Book of the Month - December 2017[English version below] Is athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — scéal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil ar bhruach na Dothra. Na hiontaisí ar fad atá i dtraidisiún na seanscéalta, tá siad ar fáil go flúirseach in imeachtaí an scéil, idir macghníomhartha Chonaire agus a theacht i réim, na blianta a raibh Éire faoi bhláth lena linn, agus an tuar báis nárbh fhéidir a shéanadh. Seo scéal nár insíodh i...2017-11-2714 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubTrumptaí Dumptaí agus An Falla Mór - Leabhar Mhí na Samhna 2017 / Book of the Month - November 2017[English version below] Bhuel… Teastaíonn ó Donald J. Trump falla a thógail- huth! Is mian leis Hombres agus bad dudes Mheicsiceo a choinneáil amach as na Stáit Aontaithe… Samhlaigh an t-iontas atá ar na Gaillimhigh, Rónán agus Fionntán Ó Conghaile, as ceantar na nOileán, nuair a thagann glaoch ón Teach Bán isteach chucu san oifig i mBostún, lá. Teastaíonn ón Trumpach go ndéanfaidh ‘R & F Ó Conghaile Teo.’ an falla a thógáil dó….agus tógfaidh. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Alan Titley agus Réaltán Ní Leannáin [Leagan Gaeilge thuas] Wel...2017-10-3117 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubI dtír mhilis na mbeo - Leabhar Mhí Dheireadh Fómhair 2017 / Book of the Month - October 2017[English version below] Guth nua liteartha ar an bhfód is ea Colm Ó Ceallacháin - seo é an chéad chnuasach gearrscéalta uaidh. Ní mar a shíltear a bhítear. An é sin an Pápa a fheicimid ag comhrá le beirt bhuachaillí le linn a chamchuairt ar Éirinn in 1979? Nó an cuairteoirí ó phláinéad eile iad siúd atá ag caitheamh laethanta saoire cois trá? Tá pearsana sa chnuasach seo ag fás aníos is ag teacht in inmhe. Tá carachtair eile ag druidim le saol na díchuimhne agus speabhraídí na seanaoise ag breith orthu. Táimid dár bhfuadach d...2017-09-2517 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubCás aduain an Dr Jekyll agus Mhr Hyde - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2017 /September 2017[English version below] Is scéal scáfar é seo a chuirfidh alltacht agus anbhá ar lucht a léite. Déan dearmad ar na léirithe éadroma de atá feicthe agat i scannáin agus cruinnigh do mhisneach le dul i bhfiontar sceimhle síceolaíoch Jekyll agus Hyde. Is i Londain atá an t-úrscéal suite mar dhea, ach tá gach uile leathanach de ar maos in atmaisféar dúrúnda Dhún Éideann - an áit ar rugadh Robert Louis Stevenson. An fabhalscéal Freudach an leabhar seo, nó fáthscéal moráltachta nó fiú allagóire collaíochta? Is fútsa a...2017-08-3016 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubÍbíotsa - Leabhar mhí an Mheithimh 2017 / Book of the Month - June 2017[English version below] Téigh go hÍbíotsa ar feadh coicíse agus tá sé romhat amach: lá ar an trá gan náire; codladh gan dúiseacht ar an tsráid; priocadh na díchéille; an t-ál fáin; aistear an aithreachais; tobac agus ól ar an gcúlráid; tonnadh chun na síoraíochta; agus fiú amháin cá bhfios cé a chasfaí ort? Scéilíní fánacha a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin. Láithreoir: Róisín Adams Aíonna: Ciara Ní Éanacháin agus Seán Ó Catháin [Leagan Gaeilge th...2017-05-3116 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubHula Hul - Leabhar mhí na Bealtaine 2017 / Book of the Month - May 2017[English version below] "Ciarraí, 1923. Ar bharr an choma thuas chas sé agus d’fhéach sé thar n-ais. Bhí sí fós ann, le hais an tobair, is a buicéidín aici is í ag féachaint suas air. D’fhéach sí beag, leochaileach, uaigneach. Thuig sé na trí rud san go maith. Ní raibh sé riamh le bean.” Seo é scéal Mhait Dálaigh, fear nach raibh riamh le bean; scéal Cháit Ní Bhric, bean óg a bhfuil a saol caite aici ag sclábhaíocht; agus scéal Bhreen, ógánach slachtmhar a bhfuil a chrois féin le hiompar aige trí shn...2017-04-2719 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAn Dochtúir Áthas - Leabhar mhí Aibreáin 2017 / Book of the Month - April 2017[English version below] "Ceann desna húrscéalta is dea-scríofa, is difriúla, is spéisiúla - in aon fhocal amháin, is fearr - a foilsíodh in Éirinn le fada an lá. Coinnítear ar bís thú ó leathanach go leathanach." - Pearse Hutchinson Tá an leabhar seo, a céadfhoilsíodh i 1994, ar cheann den bheagán úrscéalta trialacha nua-aimseartha lánfhada sa Ghaeilge. Caidreamh an laoich lena shíciatraí is ábhar dó - nó an féidir an méid sin féin a rá go cinnte? Láithreoir: Róisín Adams Aíonna: Máirín Nic Eoin agus Eoin...2017-03-3119 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubMáire Nic Artáin - Leabhar mhí an Mhárta 2017 / Book of the Month - March 2017[English version below] Is úrscéal é seo ina dtugtar léargas íogair aibí ar eascairdeas na Sé Chontae le linn aimsir an chéad chogaidh dhomhanda. Sa scéal lándaonnachtúil seo déantar cur síos ar scoilteanna truamhéalacha pobail agus creidimh, agus ar iarracht an fhíorghrá na deighiltí sin a shárú. Iarracht gan rath í, áfach, agus faigheann nimh thubaisteach na dTrioblóidí an lámh in uachtar faoi dheireadh agus déanann sí an leathshonas crua-aimsithe úd a chloí arís ... ag maíomh, go tragóideach, nach féidir an dubh a chur ina gheal ach seal san áit a dtéann...2017-02-2716 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubGo mbeinnse choíche saor - Leabhar mhí Feabhra 2017 / Book of the Month - February 2017[English version below] Is éard atá sa chnuasach seo ná scéalta faoi mhná láidre a mbíonn orthu streachailt in éadan a ndíchumhachtaithe i saol nach bhfuil i gcónaí ceart ná cóir. Tá uaillmhian na saoirse le feiceáil sna mná atá sna scéalta seo; tallanna dochloíte na beatha a thugann orthu troid ar son a saoirse agus a neamhspleáchais. Foréigean, fealladh, dealús, imirce - tá na nithe sin go léir sna scéalta agus gach scéal tiomáinte ag tuiscint ghéar ar an daonnacht agus ar an ngrá atá i gcroílár gach...2017-02-0120 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAn Ghaeilge i gCéin - Leabhar mhí na Nollag 2012 (b) / Book of the Month - December 2012 (b)[English version below] Labhair riarthóir ClubLeabhar.com, Diarmuid Ó Mathúna, le hAlex Hijmans faoi "Píosaí Gloine Dhaite", an aiste dá chuid atá i leabhar mhí na Nollag ar ClubLeabhar.com, An Ghaeilge i gCéin. Is as an Ísiltír d'Alex ó dhúchas. Tá cónaí air sa Bhrasaíl anois, áit a bhfuil litríocht Ghaeilge fós á scríobh aige. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com administrator Diarmuid Ó Mathúna spoke to Alex Hijmans about his essay, "Píosaí Gloine Dhaite" (Coloured Pieces of Glass), which features in December's book of the month on ClubLeabhar.com, An Ghaeilge i gCéin. Alex, or...2014-06-2603 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubDeargadoil i mBád fó Thoinn - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2013 / Book of the Month - October 2013[English version below] Labhair Aodh Ó Gallchóir le Pádraic Breathnach, iarléachtóir le Gaeilge agus úrscéalaí, faoina úrscéal gaisciúil, fuinniúil Deargadaoil i mBád fó Thoinn, atá mar leabhar mhí Dheireadh Fómhair ag ClubLeabhar.com. Cé gur dúirt an t-údar gur ficsean ar fad atá sa leabhar, d’admhaigh sé gur meascán de dhaoine éagsúla atá sna carachtar ach nach ar aon duine ar leith a bhunaigh sé iad. [Leagan Gaeilge thuas] Aodh Ó Gallchóir spoke to retired Irish Lecturer and novelist Pádraic Breathnach about his energetic and adventurous novel Deargadaoil i...2014-06-2608 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubDúil - Leabhar mhí Aibreáin 2013 / Book of the Month - April 2013[English version below] Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis an Ollamh Gearóid Denvir ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, faoin gcnuasach gearrscéalta iomráiteach Dúil, le Liam Ó Flaithearta, atá mar leabhar mhí Aibreáin ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne. Is é Dúil an t-aon bhailiúchán scéalta Gaeilge de chuid Uí Fhlaithearta a foilsíodh riamh. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com administrator Diarmuid Ó Mathúna recently spoke to Prof. Gearóid Denvir of National University of Ireland, Galway, about Liam Ó Flaithearta’s renowned collection of short stories, Dúil, which is the online book club’s bo...2014-06-2607 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubGonta - Leabhar mhí Eanáir 2013 / Book of the Month - January 2013[English version below] Labhair Éamonn Ó Dónaill, le hAlex Hijmans faoi Gonta, leabhar mhí Eanáir ar ClubLeabhar.com. [Leagan Gaeilge thuas] Éamonn Ó Dónaill spoke to Alex Hijmans about Gonta which is January’s book of the month on ClubLeabhar.com. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon2014-06-2608 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubSeán Ó Ríordáin: Na Dánta - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2012 / Book of the Month - October 2012[English version below] Labhair Riarthóir ClubLeabhar.com, Diarmuid Ó Mathúna, leis an údar agus iriseoir Corcaíoch Liam Ó Muirthile le déanaí agus thug seisean léargas spéisiúil dó ar shaothar Sheáin Uí Ríordáin agus ar na nithe éagsúla ina shaol a raibh tionchar acu ar a chuid dánta. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com Administrator Diarmuid Ó Mathúna recently spoke to Cork writer and journalist Liam Ó Muirthile, who gave an interesting insight into the work of poet Seán Ó Ríordáin and the events in his life that influenced his poetry. Le tacaíocht ó Chlár na Le...2014-06-2606 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubEachtraí Eilíse i dTír na nIontas - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2011 /September 2011[English version below] Labhair ClubLeabhar.com le Nicholas Williams, aistritheoir Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas. Bhí neart rudaí spéisiúla le rá aige faoi Eilís a aistriú go Gaeilge agus faoi chúrsaí aistriúcháin i gcoitinne. Is fiú go mór éisteacht leis an méid atá le rá aige, cuir i gcás, faoin tslí a gcuirfeá Gaeilge ar “Mr. Bennett”, duine de na carachtair in Pride and Prejudice. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com recently spoke to Nicholas Williams, the translator of Alice’s Adventures in Wonderland. He had many interesting things to say about translating Alic...2014-06-2606 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAn Ghaeilge i gCéin - Leabhar mhí na Nollag 2012 (a) / Book of the Month - December 2012 (a)[English version below] Labhair riarthóir ClubLeabhar.com, Diarmuid Ó Mathúna, leis an Dr Pádraig Ó Liatháin faoin aiste dar teideal "An Ghaeilge agus Talamh an Éisc: Taighde agus Taithí Phearsanta" atá aige i leabhar mhí na Nollag ar ClubLeabhar.com, An Ghaeilge i gCéin. Is léachtóir é Pádraig i gColáiste Phádraig, Droim Conrach i mBaile Átha Cliath. Tá tréimhsí caite aige ag múineadh i bPrág agus ag déanamh taighde i dTalamh an Éisc. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com administrator Diarmuid Ó Mathúna spoke to Dr Pádraig Ó Liatháin about his essay, "An Ghaeilge...2014-06-2607 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAn Ghaeilge i gCéin - Leabhar mhí na Nollag 2012 (c) / Book of the Month - December 2012 (c)[English version below] Labhair riarthóir ClubLeabhar.com, Diarmuid Ó Mathúna, le Victor Bayda faoin aiste dar teideal "Gaeilge mar Mheán Cultúrtha" atá aige i leabhar mhí na Nollag ar ClubLeabhar.com, An Ghaeilge i gCéin. Is léachtóir Gaeilge é Victor in Ollscoil Stáit Mhoscó sa Rúis [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com administrator Diarmuid Ó Mathúna spoke to Victor Bayda about his essay, "Gaeilge mar Mheán Cultúrtha" (Irish as a Cultural Medium), which features in December's book of the month on ClubLeabhar.com, An Ghaeilge i gCéin. Victor lectures in Irish at Moscow State Uni...2014-06-2604 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubCú na mBaskerville - Leabhar mhí na Samhna 2013 / Book of the Month - November 2013[English version below] Labhair Aodh Ó Gallchóir le hIan Ó Caoimh faoin úrscéal bleachtaireachta Cú na mBaskerville, atá mar leabhar mhí na Samhna ag ClubLeabhar.com. Tá mallacht clainne, cú allta, osnádúrthacht, mistéir agus go leor eile idir lámha ag Sherlock Holmes sa leabhar seo. [Leagan Gaeilge thuas] Aodh Ó Gallchóir spoke to Ian Ó Caoimh about the detective novel Cú na mBaskerville which is ClubLeabhar.com’s book of the month for November. A family curse, a wild hound, the supernatural, mystery and a lot more for Sherlock Holmes to deal with in this book. Le tacaíocht ó Chlár na...2014-06-2607 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAn Béal Bocht - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2012 / Book of the Month - September 2012[English version below] Labhair Riarthóir ClubLeabhar.com Diarmuid Ó Mathúna leis an údar agus scoláire Louis de Paor agus mhínigh seisean an tábhacht a bhain le An Béal Bocht agus an aidhm a bhí ag Brian Ó Nualláin nuair a scríobh sé é. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com Administrator Diarmuid Ó Mathúna spoke to writer and scholar Louis de Paor, who explained the importance of An Béal Bocht in Irish literature and what author Brian O’Nolan was trying to achieve in the work. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComh2014-06-2610 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAn Prionsa Beag - Leabhar mhí na Samhna 2012 / Book of the Month - November 2012[English version below] Labhair Riarthóir ClubLeabhar.com, Diarmuid Ó Mathúna, leis an údar agus iriseoir Liam Mac Cóil le déanaí agus bhí sé breá bríomhar agus é ag déanamh cur síos ar An Prionsa Beag le hAntoine de Saint-Exupéry arna aistriú go Gaeilge ag Breandán Ó Doibhlinn. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com Administrator Diarmuid Ó Mathúna spoke to writer and journalist Liam Mac Cóil, who was very animated in his description of An Prionsa Beag by Antoine de Saint-Exupéry, translated to Irish by Breandán Ó Doibhlin. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na G...2014-06-2609 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAn Litir - Leabhar mhí Feabhra 2013 / Book of the Month - February 2013[English version below] Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis an údar Liam Mac Cóil faoina úrscéal stairiúil An Litir, atá mar leabhar mhí Feabhra ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne. Bhí bealach iontach suimiúil ag Liam le léiriú a dhéanamh ar an modh le leabhar eachtraíochta a scríobh. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com administrator Diarmuid Ó Mathúna recently spoke to author Liam Mac Cóil about his adventure novel An Litir, which is the online book club’s book of the month for February. Liam had a very interesting way of...2014-06-2608 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubGealach - Leabhar mhí na Bealtaine 2013 / Book of the Month - May 2013[English version below] Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis an duais-scríbhneoir Seán Mac Mathúna faoina úrscéal beoga Gealach, atá mar leabhar mhí na Bealtaine ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com administrator Diarmuid Ó Mathúna recently spoke to award-winning writer Seán Mac Mathúna about his rip-roaring novel Gealach, which is the online book club’s book of the month for May. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon2014-06-2605 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubLastall den Scáthán agus a bhFuair Éilís Ann Roimpi - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2013/September 2013[English version below] Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, le hÓrla Ní Chuilleanáin faoin leagan Gaeilge den chlasaic álainn osréalaíoch, Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi le Lewis Carroll, atá mar leabhar mhí Mheán Fómhair ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne. Scéal samhraidh atá in ‘Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas’ le Lewis Carroll (Charles Lutwidge Dodgson), a foilsíodh den chéad uair i mí Iúil 1865. Is le paca cártaí a bhaineann roinnt mhaith de charachtair agus d’eachtraí an leabhair sin. Scéal ge...2014-06-2608 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubGearrscéalta ár Linne - Leabhar mhí an Mheithimh 2013 / Book of the Month - June 2013[English version below] Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis an Ollamh Comhlach le Litríocht agus le Teanga na Gaeilge in Ollscoil Notre Dame, Brian Ó Conchubhair, faoi Gearrscéalta ár Linne, an cnuasach gearrscéalta a chuir sé in eagar atá mar leabhar mhí an Mheithimh ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com administrator Diarmuid Ó Mathúna spoke to Brian Ó Conchubhair, Associate Professor of Irish Language and Literature at the University of Notre Dame about the short stories he selected for the Gearrscéalta ár Linne anthology, which is the online book club’s book...2014-06-2607 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAn Fear a Phléasc - Leabhar mhí na Nollag 2013 / Book of the Month - December 2013[English version below] Labhair Aodh Ó Gallchóir le Micheál Ó Conghaile faoin gcnuasach pléascach gearrscéalta An Fear a Phléasc, atá mar leabhar mhí na Nollag ag ClubLeabhar.com. Tá domhan úr cruthaithe ag Micheál Ó Conghaile anseo, domhan nach raibh riamh ann agus nach mbeidh ann go deo ach a bhfuil a fhírinne aisteach shochreidte aige ar a shon sin. [Leagan Gaeilge thuas] Aodh Ó Gallchóir recently spoke to Micheál Ó Conghaile about his explosive collection of short stories An Fear a Phléasc which is ClubLeabhar.com’s book of the month for December. A new world is created...2014-06-2611 minClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubClubLeabhar.com - Irish Language Book ClubAn Bealach Cóir - Leabhar mhí an Mhárta 2013 / Book of the Month - March 2013[English version below] Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis an údar agus iriseoir Pól Ó Muirí faoina chnuasach scéalta bleachtaireachta d’fhoghlaimeoirí fásta An Bealach Cóir, atá mar leabhar mhí an Mhárta ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne. Mhínigh sé dó cén fáth a raibh Garda chomh oiriúnach mar phríomhcharachtar i leabhar d’fhoghlaimeoirí. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com administrator Diarmuid Ó Mathúna spoke to author and journalist Pól Ó Muirí about his collection of detective stories for adult learners An Bealach Cóir, which is the online book club’s book of th...2014-06-2605 min