podcast
details
.com
Print
Share
Look for any podcast host, guest or anyone
Search
Showing episodes and shows of
Tuairisc
Shows
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Timpeall is timpeall ar an bhfáinne fí – ag dul in olcas atá cás na Gaeilge sa chóras oideachais
In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo, tá iar-phríomhfheidhmeannach COGG Muireann Ní Mhóráin chun cásan ghaeloideachais a phlé Is léir ó na figiúirí is déanaí maidir le líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas trí Ghaeilge go bhfuil forbairt an ghaeloideachais ina lánstad i gcónaí. Ach an bhfuil aon leigheas ar an scéal ag an Roinn Oideachais seachas tascfhórsa a bhunú? Déanann Bridget Bhreathnach an cheist sin agus cuid de scéalta eile na seachtaine a phlé le Muireann Ní Mhóráin, iar-phríomhfheidh...
2026-02-05
42 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Louise Ní Fhiannachta: ‘Dá gcoimeádfainn orm ag ól mar sin, ní bheinn anseo leatsa’
Chuaigh Helen Ní Shé go dtí Béal Feirste mar ar dhein sí paiste cumhachtach cainte le Louise Ní Fhiannachta, an scríbhneoir agus stiúrthóir scannáin ildánach. Labhair Helen Ní Shé an tseachtain seo le Louise Ní Fhiannachta, an scríbhneoir agus stiúrthóir scannáin ó Bhaile an Chótaigh i bParóiste Fionntrá i gCorca Dhuibhne, faoina saol agus saothar.Labhraíonn siad faoi cad a thug go dtí Béal Feirste Louise agus faoi cad ina thaobh go bhfuil sí chomh sásta ag cur fúithi sa chathair sin. Pléann sí an t...
2026-02-04
45 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Bríd Ní Mhóráin do Lá Fhéile Bríde– ‘Nuair a bhím le dán, bím sa lios’
‘Faoi bhrat Bríde’ atáimid ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste Cainte’ agus Bríd Ní Mhóráin, file, i dteannta Helen d’eagrán an-speisialta do Lá Fhéile BrídeI bhfochair Helen ar an eagrán an-speisialta go deo seo de ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé…’ tá an file agus béaloideasóir aitheanta Bríd Ní Mhóráin. Agus Lá Fhéile Bríde linn, sí Naomh Bríd atá faoi chaibidil agus plé á dhéanamh ar an seanchas, an béaloideas, an faoiseamh, an leigheas agus an tsaoirse a bhaineann le ‘Muire na nGael’...
2026-01-31
45 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
‘Tá faitíos orainn uilig. Níl aon duine sábháilte’ – tuairisc ó Minneapolis
In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo, tá an t-iriseoir Máirtín Ó Catháin agus an t-iar-ollamh Nancy Stenson atá linn ó Minneapolis, cathair atá faoi scamall an fhoréigin agus an teannais faoi láthairI dteannta Bridget Bhreathnach tá Maitiú Ó Coimín, Máirtín Ó Catháin agus Nancy Stenson, iar-ollamh le teangeolaíocht in Ollscoil Minnesota a bhfuil an-cheangal aici leis an tír seo agus le Gaeltacht Ráth Chairn go háirithe. Tá Nancy linn ó Minneapolis, a cathair dhúchais, cathair atá faoi scamall an fhoréigin agus an teannais faoi láthair. Pléite...
2026-01-29
55 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Lailli Lamb: ‘Feictear dom go bhfuil mé fós seasca’ - saol iníon ‘Lambín na féasóige’ faoi spéartha fairsinge Chonamara
An scríbhneoir Pádraic Ó Conaire a mhol don ealaíontóir Charles Lamb dul siar go Conamara má theastaigh uaidh spéartha fairsinge agus néalta móra a phéinteáil. Thug Lamb toradh air agus is thiar ar an gCeathrú Rua a thóg sé féin agus a chéile clann. Chuaigh Helen go dtí Deilgne i gCill Mhantáin mar ar dhein sí paiste álainn cainte le Lailli Lambe, iníon Charles Lamb agus Katherine Madox Hueffer. Tugann Lailli éachtaint dúinn ar an saol a bhí ag an líon tí i gConamara agus ar an saol suaithinse...
2026-01-22
57 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Ná bac an phleanáil teanga, tá sé in am cúrsa i scríobh tuarascálacha i nGaeilge a chur ar bun
Déanann criú An Pod Gaeilge plé ar an ngá le bheith dearfach, go háirithe seachtain inar foilsíodh dhá thuarascáil faoin nGaeilgeI dteannta Bridget Bhreathnach tá Máire Ní Fhinneadha, Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí. Déanann siad plé ar an athbhreithniú ar an gcéad deich bplean teanga agus ar phlean gníomaíochta nua an rialtais do sheirbhísí Gaeilge, dhá cháipéis a foilsíodh an tseachtain seo. Ach an -éireoidh leo glacadh le comhairle Mháire agus meon dearfach a choinneáil. Cabhair bheag sa mhéid sin dóibh bua breá an...
2026-01-22
55 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Seán Ó Coileáin – ‘An leabhar a labhair linn’ – an scéal grá atá ag sníomh trí ‘An tOileánach’
San eagrán seo labhraíonn Helen Ní Shé leis an mórscoláire Seán Ó Coileáin a chuir eagar ar an tríú heagrán de dhírbheathaisnéis Thomáis Uí Chriomhthain, An tOileánach.Labhraíonn Seán ar na cúiseanna lena áiteamh gurb é An tOileánach an leabhar Gaeilge is tábhachtaí riamh.Ba é a deir sé ‘an leabhar a labhair linn, ar ár muintir féin, ar an sórt ab ea sinn agus ar an rud a bhí i ndán dúinn má bhí… agus ná raibh.’Pléann sé chomh maith an scéal grá at...
2026-01-15
52 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
‘Ich bin ein Gaeltachter!’ – an misneach do chách a bhaineann le gaiscí peile Chorca Dhuibhne
I dteannta chriú An Pod Gaeilge an tseachtain seo tá beirt chraoltóirí ó Chorca Dhuibhne Dara Ó Cinnéide agus Sláine Ní Chathalláin agus iad ag cur síos ar an áthas agus an mórtas cine, áite agus teanga a bhain le bua Chumann Caide na Gaeltachta i gcluiche ceannais idirmheánach na hÉireann Dé Domhnaigh seo caite. Pléitear an t-ardú croí a bhain leis an ngaisce do mhuintir Chorca Dhuibhne agus don Ghaeltacht trí chéile. Labhraítear chomh maith faoin ardán náisiúnta a thug an fhoireann peile don Ghaeltacht agus faoin lorg...
2026-01-15
51 min
AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal
‘Misneach a dhein é sin mar níor chaill fear an mhisnigh riamh é’
San eagrán gearr speisialta seo de ‘An Pod Spórt’ tá Maidhc Sé, rí na dtráchtairí, linn chun labhairt faoina chlub, Cumann Caide na Gaeltachta, atá ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh
2026-01-09
14 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
‘Beidh ‘backlash’ i gcoinne na Gaeilge i mbliana’
I dteannta Bridget Bhreathnach agus lucht fáistine Tuairisc an tseachtain seo, tá Máirín Ní Ghadhra, craoltóir agus iriseoir, agus gach duine ar a ndícheall ag iarraidh léamh ar an rud atá le teacht. Titim Stormont, éirí amach naimhde na Gaeilge agus óráidí Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh – níl ansin ach cuid de na tuartha atá againn do 2026.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language...
2026-01-08
54 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Póilín Ní Chiaráin – ‘Bhí uaisleacht thar cuimse ag baint le muintir na marbh’
Ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste rinneadh taifeadadh beo ar eagrán speisialta de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’. Os comhair lucht féachana ag féile mhór na nGael, labhair Helen leis an iriseoir agus craoltóir iomráiteach Póilín Ní Chiaráin faoi na blianta fada atá caite aici i mbun iriseoireachta sa Tuaisceart ó aimsir na dTrioblóidí go dtí an próiseas síochána. Labhraíonn Póilín faoi na heachtraí móra a ndearna sí tuairisciú orthu, faoi na huafáis a chonaic sí, faoi na daoine móra a casadh uirthi, fao...
2026-01-07
42 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Pádraig Ó Dálaigh – Ag fágáint shaol an airgeadais le filleadh ar an bhfeirm i nDún Chaoin…
Tá Paiste Cainte ag Helen Ní Shé ar ais don dara sraith agus i mBaile Ícín i nDún Chaoin atá sí sa chéad eagrán den tsraith nua chun labhairt le Pádraig Ó Dálaigh faoi na cúiseanna gur fhág sé post sinsearach i saol an airgeadais chun dul ag feirmeoireacht ag baile. Labhraíonn siad faoin mealladh a bhaineann leis an mbaile, an traidisiún agus an dúchas, faoin saol a chaith Páidí ag bainistiú cistí móra airgid agus faoin saol nua atá aige ag obair ar an bhfeirm ar a tógadh é.
2026-01-01
59 min
AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal
Rory, Kate, Troy, David agus an tAmadán Oráiste - a laochra agus a gceachtanna ó 2025 roghnaithe ag criú An Pod Spórt
In éineacht le Darren Ó Dubhgáin chun féachaint siar ar bhliain mhór spóirt, bhí Dara Ó Cinnéide, John Allen agus Pádraic Ó Ciardha. Roghnaigh siad na scéalta agus na laochra is mó a chuaigh i bhfeidhm orthu in 2025 agus chaith siad súil chun cinn ar chuid dá bhfuil i ndán dúinn i saol an spóirt an bhliain seo chugainn.
2025-12-30
1h 03
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Cé hé Gael na bliana? Buaicphointí na Gaeilge in 2026 roghnaithe le cabhair ó ghiúiré an Antartaigh
Sa dara cuid dár n-eagrán speisialta de ‘An Pod Gaeilge’ faoin mbliain 2025, roghnaítear dea-scéal Gaeilge na bliana, drochscéal Gaeilge na bliana agus Gael na Bliana. In éineacht le Bridget arís tá Pádraic, agus Seán Tadhg ó Tuairisc agus Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta. Tá iriseoir eile ó Tuairisc linn chomh maith, Maitiú Ó Coimín atá ar bhord loinge amach ó chósta an Antartaigh, áit nach bhfuil buaicphointí shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2025 ag déanamh oiread sin tinnis dó.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeil...
2025-12-25
31 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Súil siar ar bhliain nárbh fhéidir éalú ó fhaisean na Gaeilge…
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ tá Máirín Ní Ghadhra, Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí in éineacht le Bridget Bhreathnach chun súil siar a chaitheamh ar scéal na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2025. Pléitear ‘móimint’ na Gaeilge, tionchar Kneecap, an tslí ar chuir Catherine Connolly an teanga i lár an aonaigh agus na dúshláin atá le sárú i gcónaí in ainneoin na dea-thola go léir.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge...
2025-12-18
42 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
‘Is cuimhin liom turcaithe na Nollag ag siúl timpeall leithreas na bhfear’
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear suáilcí agus duáilcí na Nollag, sean-nósanna agus nósanna nua na féile, an t-iontas, an comhluadar agus an t-uaigneas a bhaineann leis an tréimhse seo bliana.In éineacht le Bridget Bhreathnach agus Máire Ní Fhinneadha Tuairisc, tá an craoltóir Dara Ó Cinnéide agus an cócaire agus amhránaí Brian Ó Domhnaill. Cad iad na cuimhní atá acu den Nollaig nuair a bhí siad óg? Cad iad na nósanna atá anois acu? Agus cén fáth gurb í seo Nollaig na Caide i gCorca Dhui...
2025-12-11
51 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Na leabhair Ghaeilge is fearr don stoca Nollag…
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear na leabhair Ghaeilge is fearr a foilsíodh.In éineacht le Bridget Bhreathnach agus Maitiú Ó Coimín Tuairisc, tá an léirmheastóir Dónall Ó Braonáin agus an scríbhneoir Éilís Ní Dhuibhne. Agus é ag tagairt d’úrscéal Dharach Uí Scolaí a bhuaigh na duaiseanna móra in 2025, deir Dónall go raibh ‘an-bhliain ag Bódléar’, ach cérbh iad na leabhair eile a chuaigh i bhfeidhm ar ár léirmheastóirí i mbliana agus cad iad na leabhair ba cheart a chur ar liosta na Nollag? Pléite...
2025-12-04
53 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
‘Ní bheidh mé ábalta intinn polaiteoirí atá glan i gcoinne na teanga a athrú ach beidh mé ag iarraidh iad a thabhairt chun cuntais’ - An Coimisinéir Gaeilge
In agallamh le Tuairisc, labhair an Coimisinéir Gaeilge nua, Pól Deeds, faoi na dúshláin agus na deiseanna atá roimhe sa ról, faoin bhfrustrachas atá air maidir le heaspa cumhachta agus tuilleadh Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
2025-11-27
35 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
‘An difríocht is mó idir AI agus duine daonna ná nach bhfuil AI in ann 'Níl 's agam' a rá’
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear na buntáistí agus na míbhuntáistí a d’fhéadfadh an intleacht shaorga a chruthú do phobal na Gaeilge, an ról a d’fhéadfadh a bheith ag Údarás na Gaeltachta i gcúrsaí tithíochta agus a bhfuil i ndán don mhéid atá fágtha don MV Naomh Éanna, an bád farantóireachta a thugadh daoine agus lastas chuig Oileáin Árann san am atá caite.I dteannta Bhridget Bhreathnach ar an eagrán seo de ‘An Pod Gaeilge’ tá, Máirín Ní Ghadhra, D...
2025-11-27
51 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
‘Tá obair le déanamh le dul i bhfeidhm go ciúin ar dhaoine’ - Coimisinéir Gaeilge nua agus na dúshláin atá roimhe
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear an obair atá roimh an gCoimisinéir Gaeilge ó thuaidh agus é tosaithe sa ról, tugtar blaiseadh beag den Ultais dúinn agus labhraítear faoin bpraiseach a rinne coláiste i mBaile Átha Cliath den leagan Gaeilge dá ainm.I dteannta Bhridget Bhreathnach ar an eagrán seo de ‘An Pod Gaeilge’ tá Gráinne Ní Ghilín, Máirín Ní Ghadhra agus Maitiú Ó Coimín. Phléigh siad na dúshláin atá roimh Phól Deeds ina ról nua, idir reachtaíocht lag agus easpa tola polaitiúla, a...
2025-11-20
41 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
‘Send the fool further’ - An Ghaeilge, an rialtas agus Catherine Connolly
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear polasaí nua na Roinne Oideachais don ghaeloideachas, insealbhú Catherine ConnollyI dteannta Bhridget Bhreathnach ar an eagrán seo de ‘An Pod Gaeilge’ tá Máire Ní Fhinneadha, Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí. Phléigh siad an polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus a laghad sonraí atá ann. Labhair siad chomh maith faoi insealbhú Catherine Connolly ina huachtarán agus ar an tslí a bhfuil ag éirí léi an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh. Ach an dtabharfaidh a...
2025-11-13
50 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
‘Cá bhfuil an masla i labhairt na Gaeilge?’ - eagrán speisialta beo ó Bhéal Feirste
An teanga gan teorainn í an Ghaeilge.? Bhí eagrán speisialta beo againn de ‘An Pod Gaeilge’ ag Oireachtas na Samhna chun é sin agus go leor eile a phlé. I dteannta Bhridget Bhreathnach don chéad phodchraoladh beo ó Tuairisc Ó Bhéal, bhí Cormac Ó hEadhra, Gráinne Ní Ghilín, Antain Mac Lochlainn agus Clíodhna Ní Mhianáin. Rinne siad plé bríomhar san ICC i mBéal Feirste ar chás na teanga, thuaidh, theas agus trasteorann. Pléadh céard a chiallaigh sé do phobal na Gaeilge go raibh Oireachtas na Gaeilge i mBéal Feirste, ceist na comharthaíochta dáthean...
2025-11-06
1h 00
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
‘Seod é muide agus táimid bródúil as seo’ – an tOireachtas i mBéal Feirste
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, tá Caitlín Ní Chualáin agus Tomaí Ó Conghaile i dteannta Bhridget Bhreathnach agus Seán Tadhg Ó Gairbhí, chun gach rud a bhaineann le hOireachtas na Samhna a phlé.Cad atá romhainn i mBéal Feirste agus an tOireachtas ag filleadh ar an gcathair den chéad uair ó 1997? Cad is Oireachtas ‘maith’ ann?Cad iad na háiteanna le dul i mBéal Feirste le sos beag a thógáil ón aicsean?Pléitear na ceisteanna sin go léir chomh maith leis an athrú meoin...
2025-10-28
43 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Na cúiseanna go mbeidh Catherine Connolly ag triall ar an Áras…
An toghchán uachtaránachta agus a impleachtaí don pholaitíocht amach anseo, ó Theach Laighean go dtí Gaillimh Thiar, atá ag dó na geirbe againn ar an eagrán is déanaí de An Pod Gaeilge. Linn chun féachaint siar ar an bhfeachtas agus chun cinn ar an rian a fhágfaidh sé ar an bpolaitíocht, tá an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, an craoltóir le Raidió na Gaeltachta Máirín Ní Ghadhra agus Harry Magee, comhfhreagraí polaitíochta leis an Irish Times. Pléitear feachtas a bhí leamh uaireanta ach a bhí stairiúil leis. Déantar cíora...
2025-10-23
58 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Díospóireacht na huachtaránachta – a seans mór deireanach caillte ag Heather Humphreys?
Thug Catherine Connolly agus Heather Humphreys aghaidh ar a chéile i ndíospóireacht Prime Time RTÉ aréir, díospóireacht dheireanach an fheachtais uachtaránachta roimh lá na vótála Dé hAoine. Cé a thug an lá léi? Ar éirigh le Heather Humphreys, iarrthóir Fhine Gael, an taoide a chasadh nó an ndearna rogha na coitiantachta, an t-iarrthóir neamhspleách, Catherine Connolly, tuilleadh dul chun cinn?Déanann Seán Tadhg Ó Gairbhí, Máirín Ní Ghadhra agus Maitiú Ó Coimín léirmheas ar an méid a dúradh agus nach dúradh agus ar a...
2025-10-22
29 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Droch-chomharthaí – ‘Cul de sac’ scriosta ag an UDA ar fhaitíos gur Gaeilge atá ann
San eagrán is déanaí sa dara sraith den ‘Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, tá Fionntán de Brún i dteannta Bhridget Bhreathnach, Maitiú Ó Coimín agus Máirín Ní Ghadhra. Pléitear conspóid na comharthaíochta dátheangaí ó thuaidh, mar a bhfuil páirtithe aontachtacha in adharca a chéile faoi cé acu is naimhdí don Ghaeilge. Caitear súil chun cinn ar Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste agus pléitear na scéalta is déanaí sa toghchán uachtaránachta.Agus ar deireadh, caitear súil ar chlár nua Imelda May ar RTÉ Amhráin...
2025-10-16
53 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
An bás, an bheatha agus ag déanamh uibheacha scrofa d’uachtarán na hÉireann
San eagrán is déanaí sa dara sraith den ‘Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, déanann tá Alex Hijmans i dteannta Bhridget Bhreathnach, Maitiú Ó Coimín agus Máirín Ní Ghadhra. Labhraíonn Alex faoin gcolún ‘Cuimhne agus Dearmad’ ar Tuairisc, colún a scríobh sé ar feadh seacht mbliana faoin ngalar alzheimer a bheith ar a mháthair, a fuair bás le déanaí, trócaire uirthi. Pléitear chomh maith bás an scríbhneora agus fear déanta clár taistil Manchán Magan agus an toghchán uachtaránachta ar cuireadh trí chéile é le déana...
2025-10-09
43 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
An buiséad is flaithiúla riamh don Ghaeilge?
San eagrán breise seo de An Pod Gaeilge, pléann Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Pádraic Ó Ciardha cás na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2026. Déantar briseadh síos ar an maoiniú breise don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do TG4. Pléitear cáineadh an fhreasúra ar an rialtas agus cuirtear an cheist, an cabhair a bhí ann go raibh aire sinsearach ag déanamh chás na Gaeilge roimh an mbuiséad don chéad uair ó 2011?Agus an mbeidh lucht stocaireachta agus an breis is 20,000 duine a bhí ag máirseáil ar son na...
2025-10-07
18 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Na 25 leabhar Gaeilge is Fearr le 25 Bliain agus plean dúnmharfach Alan Titley
Sa dara heagrán den dara sraith den ‘Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, déanann Bridget Bhreathnach, Darach Ó Scolaí, Alan Titley agus Maitiú Ó Coimín plé ar liosta na hirise Comhar de na 25 Leabhar Gaeilge is Fearr le 25 Bliain Anuas agus ar cén fáth go bhfuil an-tábhacht leis mar liosta ach nár cheart é a thógáil ródháiríre. Pléitear chomh maith duais mhór Dharach, an aip léitheoireachta is ansa le Maitiú agus plean dúnmharfach poiblíochta Alan do litríocht na Gaeilge. Agus cad faoi na daoine nár éirigh leo áit a fháil ar an li...
2025-10-02
54 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
‘Mionnaím go sollúnta go bhfoghlaimeoidh mé Gaeilge má thoghtar i m’Uachtarán ar Éirinn mé…’
Sa chéad eagrán den dara sraith den ‘Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, déanann Bridget Bhreathnach, Máirín Ní Ghadhra, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar thoghchán na huachtaránachta agus ar ghealltanais na n-iarrthóirí faoin nGaeilge. An mbeidh sé ina bhuntáiste ag Catherine Connolly go bhfuil Gaeilge aici, nó an cuma le daoine in ainneoin an teanga a bheith sa bhfaisean? Pléitear chomh maith mórshiúl mór millteach na Gaeilge agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige agus cás cúirte Mo Chara ó Kneecap in Westmin...
2025-09-25
46 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Pádraig Hamilton – ‘Tá an Ghaeilge in uachtar i gcónaí – ní hí an teanga chéanna atá ann, mar ní hé an saol céanna atá ann’
Don eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go dtí Corcaigh chun labhairt le Pádraig Hamilton, Corcaíoch a bhfuil dlúthcheangal aige le Corca Dhuibhne agus le Dún Chaoin go háirithe ó thosaigh sé ag dul ann sna caogaidí. Labhraíonn Pádraig ar an nGaeltacht mar a bhí agus mar atá, ar na pearsana móra a raibh aithne aige orthu i nDún Chaoin, agus ar chúrsaí litríochta agus polaitíochta.Pléann siad chomh maith cúrsaí oideachais agus an mheánscoil a bhunaigh athair Phádr...
2025-09-25
43 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Gearóid Ó Tuathaigh– ‘Tá na maistíní i gceannas, tógfaidh sé tamall iad a bhogadh’
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go stiúideo Tuairisc i mBearna na Gaillimhe chun labhairt le Gearóid Ó Tuathaigh, ó Luimneach ó dhúchas, a bhí ina ollamh le stair in Ollscoil na Gaillimhe agus atá ar dhuine de mhórstaraithe na hÉireann.Agus toghchán uachtaránachta ar na bacáin, labhraíonn an tOllamh Emeritus le Stair faoi ról traidisiúnta an uachtaráin agus an t-athrú atá tagtha air. Tráchtann sé ar a óige i Luimneach, ar bhogadh go dtí an Ghaillimh chun tabhairt faoin l...
2025-09-18
1h 04
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Darán Ó Droma - 'Tá mé ar mo seachtú nó ochtú súil, tá cúpla ceann acu fós sa tarraiceán'
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go dtí Ceann Heilbhic sna Déise chun labhairt le Darren Ó Droma faoin tragóid a sciob léi beirt chairde leis agus a spreag é chun tús a chur le snámh carthanachta.Labhraíonn sé le Helen faoin gcumhacht a bhaineann le spiorad pobail agus leis an gcairdeas. Labhraíonn Darren chomh maith faoin timpiste ar pháirc na himeartha a d’fhág ar leathshúil é agus ar an tréimhse a raibh ailse air.Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í...
2025-09-11
53 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Eamon O Siochrú - 'Níor cheart sin á thógáil as an Liobáin, tá imní orm gur Gaza eile a bheidh ann'
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go dtí Luimneach chun labhairt le hÉamon Ó Siochrú, ó Bhaile an Ghóilín i gCorca Dhuibhne ó dhúchas, a chaith trí thréimhse ar dualgas sa Liobáin nuair a bhí sé in arm na hÉireann, in 1981-82, 1985-1986 agus in 2007-2008.Labhair an t-iarchoirnéal agus iarthaidhleoir le Helen faoi na tréimhsí sin agus faoin gcinneadh a dhein na Náisiúin Aontaithe le déanaí deireadh a chur in 2027 le misean síochána fadbhunaithe arm na hÉireann sa Liobáin.Labhraío...
2025-09-04
49 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Jack O’Connor - 'Bainfidh mé triail amháin eile as...beidh galar na caide go deo orm'
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le bainisteoir fhoireann peile Chiarraí Jack O’Connor a bhfuil cúig chraobh na hÉireann buaite aige, ceann na bliana seo ina measc.Chuaigh Helen go dtí Uíbh Ráthach a dhúchais chun labhairt le Jack díreach roimh an bhfógra oifigiúil go mbeadh sé ag fanacht mar bhainisteoir ar a chontae.Labhraíonn siad faoin gcinneadh sin, faoin dúil mhínádúrtha atá aige sa pheil, faoi cad a choimeádann ag imeacht é os cionn 20 bliain...
2025-08-27
59 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le hAndrea Palandri – ‘Bhí Gaoluinn agus ceol agam — bhí ‘camouflage’ maith orm!’
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le hAndrea Palandri, ceoltóir agus scoláire a bhfuil a chlann á tógáil trí Ghaeilge agus Iodáilis i gCorca DhuibhneSan eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen leis an Iodálach Andrea Palandri, ceoltóir agus scoláire atá ag cur faoi i gCorca Dhuibhne. Labhraíonn siad faoina shuim sa seanstair agus i seanteangacha agus faoi cad a spreag é chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus bogadh go dtí an Ghaeltacht.Labhraíonn sé faoi...
2025-08-21
51 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Colm Mac Con Iomaire - ‘Teach dátheangach a bhí ann, bhí Gaeilge ann agus bhí ceol ann’
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le Colm Mac Con Iomaire, ceoltóir agus cumadóir as Baile Átha Cliath, faoina shaol ag plé leis an gceol, faoi bhunú na mbannaí Kíla agus The Frames agus faoi bheith ar chamchuairt le Bob Dylan.Is ar stáitse in áiteanna ar nós an Sydney Opera House agus an Hollywood Bowl a bhí The Frames agus iad i mbarr a réime ach déanann Colm cur síos ar an míshuaimhneas a tháinig air an tráth sin agus an tuiscin...
2025-08-14
51 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Bríd Ní Neachtain – ‘I Ros Muc a fhaighim inspioráid – siad mo mhuintir féin iad’
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le Bríd Ní Neachtain, an sár-aisteoir as Gaeltacht Chonamara, faoi cheird na haisteoireachta agus saol an aisteora, faoi thábhacht agus áilleacht na Gaeltachta, faoi Ros Muc agus Broadway, TG4 agus Amharclann na Mainistreach. Pléann siad na difríochtaí idir obair stáitse agus obair scáileáin agus an borradh atá faoi scannáin Ghaeilge. Labhraíonn Bríd faoi bheith ag obair le Brien Friel agus Martin McDonagh agus faoin meas atá aici ar a saothar.Ar deireadh déanann Helen...
2025-08-07
1h 02
AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal
‘Bhí na leaids ag magadh faoi Paudie, go raibh an chaid aige 76 bhabhta agus nár aimsigh sé ach trí phointe’
Is iad Ciarraí seaimpíní Chraobh Shinsir Peile na hÉireann 2025 agus linn chun labhairt ar ghaisce na Ríochta tá aoi speisialta, duine de mheitheal bainistíochta na foirne buacaí, Aodán Mac Gearailt.Labhair Aodán ar an aistear a rinne Ciarraí ón lá gur chaill siad in aghaidh chontae na Mí sa Tulach Mhór i lár mhí an Mheithimh go dtí Dé Domhnaigh seo caite. Mar a deir sé féin, is minic gur fearr cic sa tóin ná aon rud eile.Ina ról mar roghnóir, ba mhinic d’Aodán aiseolas a...
2025-07-31
1h 05
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le hÁine Uí Fhoghlú – ‘Bhí léachtóirí ann nár chreid go raibh an Ghaelainn fós againn sa Rinn’
Eagrán #6:San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le hÁine Uí Fhoghlú ón Rinn, file, poblachtánach agus gníomhaí ar son na gceart, faoi chás na Gaeltachta agus na teanga, faoi cheird na filíochta, faoina muintir agus a cúlra agóidíochta agus faoi cad a chiallaíonn an poblachtánachas di. Labhraíonn sí faoina tréimhse ag obair mar chraoltóir i gCorca Dhuibhne, an seal a thug sí ag obair do Shinn Féin sna 1980idí nuair a bunaíodh Roinn an Chultúir sa ph...
2025-07-31
59 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Máirín Ceárnaigh
Eagrán #6: ‘Cé a ghabh an doras isteach chugam ach garsúinín Pheats Tom?’Cailleadh le déanaí Mairéad Ní Chearnaigh, a bhí 102 bliain d’aois, an bhean dheireanach a mhair ar saolaíodh ar an mBlascaod Mór í. Labhraíonn a neacht Máirín Ní Chearnaigh le Helen faoina haintín agus faoi dheireadh a bheith tagtha le ceangal dlúth áirithe le saol atá imithe. Labhraíonn Máirín faoina saol féin, faoina muintir agus faoina tógaint féin i nDún Chaoin, áit a mbíodh achasáin á gcaitheamh chuig ‘coinín...
2025-07-24
48 min
AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal
‘Na fadúdas in aghaidh na n’fheadars’ – eagrán chluiche ceannais na hÉireann le Dara Ó Cinnéide agus John Joe Ó Dochartaigh
‘Na fadúdas in aghaidh na n’fheadars’San eagrán speisialta seo de ‘An Pod Spóirt’ Ciarraí in aghaidh Dhún na nGall i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann 2025 atá faoi chaibidil againn. Inár dteannta tá aoi speisialta againn, John Joe Ó Dochartaigh iarbhainisteoir agus iarimreoir le Dún na nGall a bhí ar an bhfoireann a bhuaigh craobh na hÉireann don contae den chéad uair i 1992. Deir John Joe linn cén fáth gur buntáiste dó a bhí ann nach raibh a fhios aige go mbeadh sé ag imirt ó thosach go maid...
2025-07-22
1h 03
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Ciarán Dawson – ‘Ní thuigeann an Tuaisceart an Deisceart ach oiread’
Eagrán #5: ‘Ní thuigeann an Tuaisceart an Deisceart ach oiread’Sa chúigiú heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, labhraíonn Helen leis an Dr Ciarán Dawson as Béal Feirste, léachtóir Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus iarbhall den IRA a chaith sé bliana i bpríosún le linn na dTrioblóidí.Pléann Helen le Ciarán an cogadh ó thuaidh, saol an phríosúin sa Cheis Fhada, agóid na pluide agus a chomrádaithe, Bobby Sands ina measc, a fuair bás ar na stailc ocr...
2025-07-17
51 min
AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal
Eagrán speisialta Chluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann le John Allen agus Paul Flanagan
San eagrán speisialta seo de ‘An Pod Spóirt’ Corcaigh in aghaidh Thiobraid Árann i gCluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann 2025 atá faoi chaibidil againn. Inár dteannta tá beirt aíonna speisialta linn, John Allen ó Chorcaigh agus Paul Flanagan ó chontae an Chláir, beirt a bhfuil taithí mhór ar an lá mór acu. Déantar plé ar thábhacht na ndeasghnátha beaga don imreoir seachtain chluiche ceannais na hÉireann. Pléitear na coimhlintí agus na gnéithe eile den imirt a shocróidh an mbeidh deireadh leis an bhfanacht fada cois Laoi ar an 31ú craob...
2025-07-17
1h 07
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Angela Bourke – ‘Tá mé tagtha, b’fhéidir, ar ath-thuiscint ar mharú Bridget Cleary’
Eagrán #4: ‘Tá mé tagtha, b’fhéidir, ar ath-thuiscint ar mharú Bridget Cleary’Sa cheathrú heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, labhraíonn Helen leis an scoláire agus údar aitheanta Angela Bourke faoina leabhar cáiliúil The Burning of Bridget Cleary: A True Story, saothar ceannródaíoch faoi mharú mná i dTiobraid Árann 130 bliain ó shin.In 1895 d’imigh Bridget Cleary, a bhí 26 bliain d’aois, gan tásc gan tuairisc óna baile. Maíodh ar dtús gurbh amhlaidh go raibh sí imithe sna púcaí agus í tugtha leo acu go dtí...
2025-07-10
46 min
AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal
Tír Eoghain is taithí na staire, teachtaireacht Jack do Chiarraí, ag taifeadadh ionadaithe na Mí, ag pleanáil do Mhichael Murphy
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Spórt’, tá iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar chluichí ceannais peile na hÉireann agus ar chluiche ceannais Chorn Tailteann.An bhfuil sé i ndán dúinn gurb iad na Ciarraígh in aghaidh na gConallach a bheidh againn i gcluiche ceannais na hÉireann nó an bhféadfadh Tír Eoghain nó contae na Mí tuisle a bhaint astu? Féachtar ar chuid de na laigí a d’fhéadfadh a bheith ag Ciarraí agus Dún...
2025-07-09
1h 05
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
An Spailpín, an seanchas agus an spórt
Sa tríú heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, tá Helen ag labhairt leis an iarchraoltóir Micheál Ó Sé faoina bhfód dúchais, Ard na Caithne i gCorca Dhuibhne. Déanann Micheál cur síos ar stair na háite, ar chuimhní óna óige agus ar dhaoine ón mbaile a bhain cáil amach, bíodh sin leis an gcaid nó leis an bpeann. Tá leabhar á scríobh ag Micheál faoi dhuine acu, Séamus Ó Muircheartaigh nó ‘An Spailpín Fánach’ mar is fearr aithne air, a chum an t-amhrán ‘Oileán Dhún an...
2025-07-04
58 min
AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal
Muinín Chorcaí, clisteacht Átha Cliath, taithí na gCat nó seanluachanna Thiobraid Árann - Cé acu is tábhachtaí an deireadh seachtaine seo?
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Spórt’, tá iarimreoir agus iarbhainisteoir Chorcaí, John Allen, linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar na cluichí leathcheannais i gCraobh Shinsir Iomána na hÉireann idir Corcaigh agus Áth Cliath agus idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann.Meastar go bhfuil an-seans anois ag Corcaigh Craobh na hÉireann a bhaint ach deir John nach bhfuil Áth Cliath gan seans, chomh fada is go n-éiríonn leo dhá thaispeántas maith i ndiaidh a chéile a thabhairt.Pléitear chomh maith cluiche mór an Domhnaigh...
2025-07-02
40 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Peadar Ó Lionáird, fear ‘Folláin’
Eagrán #2 ‘Subh agus seodóireacht’Sa dara heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, tá Helen i gCúil Aodha chun labhairt le Peadar Ó Lionáird, faoi shlán á fhágáil lena chomhlacht cáiliúil suibhe ‘Folláin’ agus aghaidh a thabhairt ar an tseodóireacht. Labhraíonn Helen le Peadar faoi chúrsaí gnó, faoin rath a bhí ar ‘Follaín’, faoi cad is saibhreas ann, faoin nGaeltacht agus stair a bhaile dúchais, faoin obair sheodóireachta atá ar bun anois aige agus faoin bhfiosracht atá go smior ann agus a fhágann go m...
2025-06-26
45 min
AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal
Tiarnúlacht Jack O’Connor, leochaileacht Dhún na nGall agus muinín na Gaillimhe – féasta peile romhainn
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Spórt’, tá iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar fhéasta peile bhabhtaí ceathrú ceannais peile na hÉireann – Dún na nGall in aghaidh Mhuineacháin, Áth Cliath in aghaidh Thír Eoghain, An Ghaillimh in aghaidh chontae na Mí agus Ciarraí in aghaidh Ard Mhacha. Labhraíonn Dara ar an aithne atá aige ar Jack O’Connor mar bhainisteoir agus ar an gcúis nár cheart go deo beag is fiú a dhéanamh dá chumas agus dá thiarnúlacht. P...
2025-06-26
1h 03
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
'Scéal maith, ní bhuafadh faic é’ –podchraoladh ag Helen Ní Shé agus ‘Mo chara’ sa chúirt i Londain
Tá an craoltóir Helen Ní Shé agus an t-abhcóide agus ceoltóir Méabh Smyth i dteannta chriú ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo chun labhairt faoi shraith nua agallamh Helen do Tuairisc, ‘Paiste Cainte…’ agus cás cúirte Liam Óg Ó hAnnaidh ó Kneecap i gCúirt Dúiche Westminster i Londain. Ar deireadh, agus criú ‘An Pod Gaeilge’ ag tógáil sos samhraidh, is ábhar iontais dóibh gur éirigh leo 19 eagrán a chur amach go dtí seo…Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuai...
2025-06-19
42 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
An Pod Gaeilge – ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Seán Mac an tSíthigh…
Eagrán #1 – ‘Ag cur Gaeilge ar na réalta…’ Tá áthas ar ‘An Pod Gaeilge’ le Tuairisc tús a chur le ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’, sraith nua agallmah ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Sa chéad eagrán déanann Helen paiste cainte leis an iriseoir Seán Mac an tSíthigh. Tá scéal diamhair álainn le hinsint ag Seán do Helen faoina shuim sa seanchas agus i réalta na spéire agus faoi thuras bleachtaireachta a dhein sé chun réalt ar leith a aimsiú.
2025-06-19
53 min
AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal
‘Tá an seanchluiche thar n-ais againn’ - Craobh na hÉireann ag dul i bhfeabhas agus an iomaíocht ag dul i ndéine
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Spórt’, tá iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar réamhbhabhtaí ceathrú ceannais peile na hÉireann agus ar na cluichí móra eile a bheidh againn an deireadh seachtaine seo.Bás nó beatha a bheidh i ndán d'fhoirne as seo amach agus labhraíonn muid faoin scóip chun iontais atá i gcontae an Dúin agus iad ag tabhairt aghaidh ar Ghaillimh. Is ag snámh in aghaidh easa a bheidh Corcaigh chomh maith agus iad ag taisteal go Páirc an Chr...
2025-06-18
1h 01
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
An difríocht idir Béarla is Gaeilge na hArdteiste, díol Arramara agus an státseirbhíseach macánta
Tá Máirín Ní Ghadhra I dteannta chriú ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo chun ceisteanna beaga fánacha agus ceisteanna móra fealsúnacha an tsaoil a phlé.Pléitear an difríocht mhór idir scrúdú Béarla na hArdteiste agus an scrúdú Gaeilge, scéal fada dhíol an chomhlachta feamainne Gaeltachta, Arramara, agus, an rud is annamh is iontach, státseirbhíseach os comhair choiste Oireachtais na Gaeltacha ag admháil gur deineadh botún. Pléitear leis géarchéim tithíochta na Gaeltachta agus an deacracht a bhaineann le freagra díreach a fháil ón s...
2025-06-13
56 min
AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal
‘Táim breoite de Chorcaigh’ - comhairle an Chiarraígh do na reibiliúnaigh; Pádraic Joyce leochaileach, Doire an fhoireann is dainséaraí sa tír…
Tá deireadh seachtaine cinniúnach romhainn i gCraobh Peile na hÉireann agus iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar na coimhlintí agus chun na ceisteanna móra a phlé.Labhraíonn muid ar dtús faoi na cluichí i nGrúpa 4 agus Doire, Áth Cliath agus Gaillimh i mbaol a ndíbeartha ón gcraobh. Deir Dara gurb í foireann Dhoire an ceann is dainséaraí sa gcraobh agus agus go mbeidh thiar ar Átha Cliath a má bhíonn a dtaispeántas chomh breac le botúin is a bhí in aghaidh Ard Mhacha. Plé...
2025-06-12
1h 01
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Fliuch báite ag déanamh na hArdteiste, geáitsí Geert Wilders agus ciste fhógraí RnaG
I dteannta chriú ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo chun mórcheisteanna na hEorpa agus mioncheisteanna na hArdteiste a phlé tá an craoltóir agus iriseoir Máirín Ní Ghadhra agus an t-iriseoir agus údar Alex Hijmans, atá linn ón Ísiltír.Pléitear titim rialtas na hÍsiltíre, agus dul chun cinn na heite fíordheise ar fud na hEorpa. Caitear súil chomh maith ar an Ardteist agus tugann Alex marc dúinn dár bhfoghraíocht Ísiltírise. Pléitear leis an scéala nach gá go bhfaigheadh Raidió na Gaeltachta an teacht isteach ó na fógraí trác...
2025-06-05
56 min
AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal
John Allen is cluiche ceannais na Mumhan 2013; bearna mhór le dúnadh ag Corcaigh; an-seans ag Gaillimh…
Cluichí ceannais na gcúigí san iománaíocht atá faoi chaibidil againn an tseachtain seo agus John Allen, iarimreoir le Corcaigh agus iarbhainisteoir ar Chorcaigh, inár dteannta chun na ceisteanna móra a phlé roimh Chluiche Ceannais Chraobh na Mumhan idir Luimneach agus Corcaigh agus Cluiche Ceannais Chraobh Laighean idir Gaillimh agus Cill Chainnigh. Labhraíonn John linn chomh maith faoi chluiche ceannais na Mumhan in 2013 nuair a bhí sé ina bhainisteoir ar fhoireann Luimnigh a fuair an ceann is fearr ar a chontae dúchais lá stairiúil i bPáirc na nGael. Pléitear chomh maith...
2025-06-05
51 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Ag gáirí faoi chaint Mháirtín Uí Chadhain ar an WhatsApp agus ‘carnabhal mearbhaill’ Kneecap
I dteannta chriú An Pod Gaeilge an tseachtain seo tá Colm Ó Cuaig, duine d’eagarthóirí ‘Dúchan’, leabhar nua de bhlúirí ó fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain. Pléitear cúlra an leabhair, an chraic a bhaineann le caint an Chadhnaigh agus an tábhacht atá le caomhnú shaibhreas na Gaeilge. Caitear súil chomh maith ar chás Sue Pentel, bean 72 bliain d’aois a gabhadh i mBéal Feirste ag agóid ar son mhuintir na Palaistíne agus ar an gcor is déanaí i scéal ‘carnabhal mearbhaill’ Kneecap. Tugtar ómós leis d’Aogán Ó Muircheartaigh, an s...
2025-05-29
43 min
AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal
Deacrachtaí Dhún na nGall agus na Gaillimhe agus súil chun cinn ar an gComórtas Peile i Ráth Chairn
Tá Dara Ó Cinnéideinár dteannta ar ‘An Pod Spórt’ an tseachtain seo chun súil chun cinn a chaitheamh ar chluichí móra peile an deireadh seachtaine seo agus ar Chomórtas Peile na Gaeltachta. Pléitear deacrachtaí Dhún na nGall agus na Gaillimhe, righneas Thír Eoghain, Maigh Eo na mioniontas, canathaobh nach bhfuil aon chomhairle ag Dara do Chorcaigh roimh an gcluiche is déanaí acu in aghaidh Chiarraí agus mianach chontae na Mí.Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tab...
2025-05-29
57 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
‘Sí Ráth Chairn an Ghaeltacht bheag a bhfuil croí mór inti’
Gaeilge’. An t-aon locht atá ar Ráth Chairn ná nach féidir é a fhágáil a deir Ciarán Ó Fátharta le Bridget Bhreathnach agus é in éineacht le Máirtín Ó Méalóid, Liam Mac Cóil agus Brídóg Ní Chonaire don eagrán speisialta seo.Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, thenational Irish language online news service.
2025-05-22
44 min
Raidió na Life 106.4FM
Eurofíse 2025 - Tuairisc ó Neil Farren
Tuairisc ón Eilvéis le Neil Farran. Na scéalta is déanaí ó Eurofís 2025.
2025-05-15
13 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Béarla amháin ar earraí bia, Leon agus Leo, Gaeilge gan chiall…
Idir pholasaí ‘Béarla amháin’ an Rialtais, ainm Gaeilge an Phápa agus Gaeilge a chodail amuigh na bpreasráiteas tá neart ábhar cainte an tseachtain seo ag criú ‘An Pod Gaeilge’ ó Thuairisc Ó Bhéal.San eagrán is déanaí, tá Breandán Mac Gearailt, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí i dteannta Bhridget Bhreathnach chun plé a dhéanamh ar chuid de scéalta na seachtaine. Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag ww
2025-05-15
45 min
AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal
Lá mór Lú, caithréim na gConallach agus súil chun cinn ar bhabhtaí na ngrúpaí
San eagrán seo de ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc Ó Bhéal, caitheann Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Pádraic Ó Ciardha súil siar ar chluichí ceannais Uladh agus Laighean agus iad i dteannta iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide. Déantar plé chomh maith ar an gcéad bhabhta eile de Chraobh Shinsir Peile na hÉireann. An bhfuil cluichí ceannais an deireadh seachtaine tar éis craobhacha na gcúigí a tharrtháil? An bhfaca muid an dá fhoireann is fearr sa tír i gCluain Eois? Céard atá romhainn sa gcéad chuid eile den chraobh? Pléitear na ceisteanna s...
2025-05-13
57 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
An samhradh sa Ghaeltacht – ná bí ag smaoineamh faoi na cnoic, bí ag smaoineamh leo…
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, tá Dara Ó Cinnéide, Fiona Ní Fhlaithearta, Rónán Ó Dochartaigh agus Maitiú Ó Coimín i dteannta Bhridget Bhreathnach chun plé a dhéanamh ar an samhradh sa Ghaeltacht, an gá le cuairteoirí a mhealladh agus an dúchas a chosaint ag an am céanna. Pléitear chomh maith na rudaí is fearr le déanamh sna cheantair Ghaeltachta éagsúla, an draíocht a bhaineann leis an tsléibhteoireacht, an bhádóireacht agus na sméara dubha. Agus an bhfuil gá le ‘Center Parcs’ na Gaeilge.P...
2025-05-08
55 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Cá bhfuil an fhírinne i gconspóid Kneecap?
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal tá Póilín Ní Chiaráin, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí i dteannta Bhridget Bhreathnach chun plé a dhéanamh ar chonspóid Kneecap, ar fhoclóir nua ríme don Ghaeilge agus ar an bhfoghlaimeoir cáiliúil is déanaí atá againn…
2025-05-02
52 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Cá bhfuil an fhírinne i gconspóid Kneecap?
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal tá Póilín Ní Chiaráin, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí i dteannta Bhridget Bhreathnach chun plé a dhéanamh ar chonspóid Kneecap, ar fhoclóir nua ríme don Ghaeilge agus ar an bhfoghlaimeoir cáiliúil is déanaí atá againn…
2025-05-01
18 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Pápa an phobail agus Teach an Phobail
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal déanann Bridget Bhreathnach, Frainc Mac Brádaigh, Micheál Mac Craith, Áine Ní Bhreisleáin agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar oidhreacht an Phápa Proinsias, ar an dán Gaeilge is mó a thaitneodh leis agus ar cad atá i ndán don eaglais Chaitliceach ina dhiaidh. Pléitear chomh maith an drochscéal faoi loisceadh Theach an Phobail i nGaoth Dobhair agus an teacht aniar atá i muintir na háite.Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie...
2025-04-24
46 min
Raidió na Life 106.4FM
Tuairisc 'Grace', Fiosrúcháin Glennane Gang, agus Fíon Dearg
Comhrá le Joe Breathnach de chuid ExtraG.ie faoin tuairisc 'Grace', fiosrúcháin an Riacht Aontaithe sa 'Glennane Gang', agus plé ar an cheist 'an bhfuil fíon dearg maith do do shláinte'? Tuilleadh ar na scéalta seo ar fad ag www.extrag.ie
2025-04-17
15 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Oidhreacht Alan Esslemont agus todhchaí TG4; an Ghaeilge sna meáin Bhéarla; ag tarraingt anála
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal déanann Bridget Bhreathnach, Norita Ní Chartúir, Breandán M Mac Gearailt agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar ré Alan Esslemont mar cheannaire ar TG4 agus ar a bhfuil i ndán don stáisiún, ar fhás na bhforlíonta Gaeilge sna nuachtáin Bhéarla agus an tábhacht a bhaineann le d’anáil a tharraingt.Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
2025-04-17
50 min
AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal
An mbeifear ag ceiliúradh cois Laoi ag deireadh an tsamhraidh?
San eagrán seo de ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc Ó Bhéal tá an t-iar-imreoiragus iarbhainisteoir John Allen agus an craoltóir agus colúnaí Mártan Ó Ciardha linn chun plé a dhéanamh ar chraobh iománaíochta na hÉireann. An mbeifear ag ceiliúradh cois Laoi ag deireadh an tsamhraidh? An bhfuilLuimneach chomh maith is a bhí? Céard atá mícheart le Gaillimh? Pléitear na ceisteanna sin agus a thuilleadh chomh maith le gaisce drámatúil Rory McIlroy ag an US Masters in Augusta Georgia.Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraithpod...
2025-04-17
59 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
An bhfuil plean ann don phleanáil teanga sa Ghaeltacht?
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéaldéanann Bridget Bhreathnach, Dónall Ó Cnáimhsí, oifigeach pleanála teanga an iarthuaiscirt, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar chóras na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Déanann Dónall cur síos macánta dúinn ar na dúshláin a bhaineann le hobair an oifigigh pleanála teanga agus ar an bhfrustrachas agus éiginnteacht a bhaineann léi uaireanata.Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt o...
2025-04-10
1h 02
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Ar cheart do mhuintir na Gaeltachta a bheith níos tuisceanaí le foghlaimeoirí?
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal déanann Bridget Bhreathnach, Áine Ní Bhreisleáin, Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Breandán M Mac Gearailt plé ar an turasóireacht teanga, míshonas an DUP is an Ghaeilge, taraifí Trump agus oidhreacht Mhick O’Dwyer.Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
2025-04-04
44 min
AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal
Jimmy an draoi? Súil chun cinn ar Chraobh Peile na hÉireann le Dara Ó Cinnéide
Sa chéad eagrán de ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc Ó Bhéal déanann SeánTadhg Ó Gairbhí agus Pádraic Ó Ciardha Craobh Peile na hÉireann, a bheidh agtosú an deireadh seachtaine seo, a phlé le hiarchaptaen Chiarraí, Dara ÓCinnéide. An bhfuil ‘máistirphlean’ ag Jim McGuinness, draoi Dhún na nGall? Nóan é Jack O’Connor na gcéadta cath agus foireann na Ríochta a bheidh ag ceiliúradharís? Nó an amhlaidh go mbeidh an tríú huair sona ag Pádraic Joyce agusGaillimh? Pléitear ar ‘An Pod Spórt’ na ceisteanna sin agus go leor eile. Podchraoladh é ‘An...
2025-04-03
54 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Bíonn na céadta leathanach Shakespeare ag an dalta Gaeltachta sa Bhéarla agus gan acu ach ‘Cáca Milis’ sa Ghaeilge
San eagrán is déanaí de‘Tuairisc ó Bhéal’, tá Eimear Nic Dhonnchadha dalta Ardteiste Gaeltachta, ibhfochair Bhridget Bhreathnach, Máire Ní Fhinneadha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí le plé a dhéanamh ar an éagóir a dhéantar sa chóras oideachais ar an gcainteoir dúchais Gaeilge, ar éagsúlacht litríocht na Gaeltachta agus ar an raic is déanaí sa Dáil. Podchraoladh é seo sa tsraith Tuairisc ó Bhéal ó sheirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, Tuairisc. Tabhairt cuairt orainn ag www.tuairisc.ie
2025-03-27
56 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Céard is ‘Irish Literature’ ann gan litríocht na Gaeilge?
Déanann Bridget Bhreathnach, Máire Ní Fhinneadha, Dónall Ó Braonáin agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar liosta an Irish Times den chéad leabhar ‘Éireannach’ is fearr le 25 bliain anuas, ar an gcaoi a mbrúitear litríocht na Gaeilge go dtí an t-imeall agus ar na dúshláin a bhaineann le léirmheastóireacht na Gaeilge.Podchraoladh de chuidTuairisc, seirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, é Tuairisc ó Bhéal.
2025-03-20
49 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
An bhfuil aon mhaith a bheith ag eascainí faoi dhíospóireacht ‘Upfront’ RTÉ faoin nGaeilge?
San eagrán is déanaí de ‘Tuairisc ó Bhéal’, déanann Bridget Bhreathnach, Breandán M Mac Gearailt agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar chuairt an Taoisigh ar an Teach Bán ar Díospóireacht mhór bhliantúil RTÉ faoin nGaeilge agus ar an maitheas a bhaineann le bheith ag eascainí… Podchraoladh de chuid Tuairisc, seirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, é Tuairisc ó Bhéal.
2025-03-13
36 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Imní san Eoraip, Seachtain na Gaeilge sa Dáil, 'Páidí' ag dul ó neart go neart
Déanann Bridget Bhreathnach, Alex Hijmans agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé r chúrsaí polaitíochta san Eoraip, ar Sheachtain na Gaeilge agus ar an tóir atá ar ainmneacha Gaeilge Podchraoladh de chuid Tuairisc, seirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, é Tuairisc ó Bhéal.
2025-03-06
45 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Grúpaí Gaeilge ar stailc, náire na gcluasán ar pholaiteoirí agus cúr leáite na caide
Déanann ceathrar sáraitheoirí stailce, Bridget Bhreathnach, Máire Ní Fhinneadha, Breandán M Mac Gearailt agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar chinneadh na n-eagraíochtaí teanga dul ar stailc maidine, ar an doicheall atá ag Teachtaí Dála roimh chluasáin, téarmaíocht nua na peile agus caint dhíreach Donald Trump Podchraoladh de chuid Tuairisc, seirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, é Tuairisc ó Bhéal.
2025-02-27
51 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
'An dara podchraoladh, an ceann dúshlánach...’
Déanann Bridget Bhreathnach, Breandán M Mac Gearailt agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar na cúrsaí T1 agus T2 atá geallta le fada don Ardteist, ar an bhfáth gurb é an Kimberley an briosca is Gaelaí agus ar thábhacht na leabhar go léir a théann gan léamh. Podchraoladh de chuid Tuairisc, seirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, é Tuairisc ó Bhéal.
2025-02-20
45 min
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
An Ghaeilge ar ‘untruth’, aistear teanga Joe, an ‘Kneecap effect’ agus conas ‘Inis Oírr’ a rá…
Seo chugaibh ‘Tuairisc ó Bhéal’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge. I mbun comhrá sa chéad eagrán, tá Bridget Bhreathnach, Máire Ní Fhinneadha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí…
2025-02-13
37 min
Seachtain
Sandra Collins: Cás aisteach na mná óige a d’imigh gan tasc gan tuairisc
D’imigh Sandra Collins gan tasc gan tuairisc ó Chill Ala, Contae Mhaigh Eo, sa bhliain 2000. Níor thángadar ar a corp riamh. Bhí ocht mbliana is fiche ag Sandra nuair a d’imigh sí ar iarraidh agus bhí sí ag iompar clainne ag an am. In ainneoin go bhfuil sí ar iarraidh ar feadh tamall an-fhada anois, is ar éigean a fheictear a scéal sna meáin. Ar Seachtain, labhraíonn Tessa Fleming leis an iriseoir Fergus Mac Suibhne faoi scéal tragóideach Sandra Collins agus ar an teaghlach atá go fóill sa tóir ar freagraí. Foclóir: Dú...
2024-12-12
21 min
TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal
Tuairimí Toghcháin #09
San eagrán iarthoghcháin seo de ‘Tuairimí Toghcháin’ pléann Cathal Mac Coille, Éamon Ó Cuív, Áine Ní Chiaráin agus Seán Tadhg Ó Gairbhí cé a bheidh sa chéad rialtas eile, na Gaeilgeoirí a bheidh sa chéad Dáil eile, cúrsaí pobalbhreitheanna, aireacht na Gaeltachta agus neart eile. Labhraíonn Éamon Ó Cuív chomh maith faoin uair a bhí sé ina aire rialtais agus é ag margántaíocht le Jackie Healy-Rae. Podchraoladh de chuid Tuairisc Ó Bhéal é ‘Tuairimí Toghcháin’. Tá tuilleadh scéalta ar www. tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge
2024-12-03
44 min
TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal
Tuairimí Toghcháin #08
San eagrán deireanach de ‘Tuairimí Toghcháin’ roimh lá na vótála, pléann Breandán M Mac Gearailt, Máirín Ní Ghadhra, Donncha Ó hÉallaithe agus Seán Tadhg Ó Gairbhí cora an fheachtais agus a bhfuil i ndán dúinn nuair a bheidh an comhaireamh déanta. Pléitear chomh maith a imeallaí is a bhíonn an Ghaeilge i dtoghcháin. Déantar scagadh ar ghealltanais na bpáirtithe faoin teanga agus ar dhuáilcí shaol an pholaiteora. Mar chríoch, déantar anailís ar na figiúirí roimh lá na vótála agus déantar iarracht an cheist m...
2024-11-28
53 min
TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal
Tuairimí Toghcháin #07
San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’, sraith podchraoltaí ó 'Tuairisc ó Bhéal’, phléigh Breandán M Mac Gearailt le Dara Ó Cinnéide, Toiréasa Ferris agus Seán Tadhg Ó Gairbhí na torthaí ó phobalbhreith TG4 i ndáilcheantar Chiarraí agus an feiniméan Healy-Rae. An mórán mar a chéile a bheidh dáileadh na suíochán i gCiarraí? An údar díomá do Shinn Féin i gCiarraí torthaí na pobalbhreithe? Agus an mbeidh Teachta Dála go deo arís ag Gaeltacht Chorca Dhuibhne?
2024-11-26
36 min
TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal
Tuairimí Toghcháin #06
I bhfochair Mhéabh Ní Thuathaláin ar an eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal, tá aire stáit na Gaeltachta Thomas Byrne agus an t-iar-aire stáit Gaeltachta Seán Kyne. Pléann an bheirt, a d’fhéadfadh a bheith ina n-airí Gaeltachta, nó airí stáit is dóichí, sa gcéad Rialtas eile, géarchéimeanna teanga agus tithíochta na Gaeltachta agus céard a d’fhéadfadh a bheith i ndán don teanga má éiríonn lena bpáirtithe san olltoghchán
2024-11-22
24 min
TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal
Tuairimí Toghcháin #05
San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal, pléann Cathal Mac Coille leis an tráchtaire polaitíochta Áine Ní Chiaráin agus an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív torthaí phobalbhreith TG4 i Maigh Eo. An mbuafaidh Fianna Fáil an dara suíochán? An gcabhróidh lucht Fhine Gael le Sinn Féin? Labhraíonn siad chomh maith faoi na scéalta is déanaí ó fheachtas Olltoghchán 24
2024-11-21
27 min
TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal
Tuairimí Toghcháin #04
San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal pléann Cathal Mac Coille pobalbhreith TG4 i nGaillimh Thiar leis an iar-aire stáit Gaeltachta de chuid Fhine Gael, Dinny McGinley, an tráchtaire polaitíochta Áine Ní Chiaráin agus an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin. Agus an baol atá ann go mbeidh Fine Gael fágtha gan suíochán Dála sa chontae den chéad uair le 100 bliain, pléitear deacrachtaí an pháirtí i nDún na nGall chomh maith leis na scéalta is déanaí ó Olltoghchán 2024
2024-11-20
48 min
TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal
Tuairimí Toghcháin#03
San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal pléann Méabh Ní Thuathaláin tábhacht na ndísopóireachtaí teilifíse le heagarthóir agus léirmheastóir teilifíse Tuairisc, Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Breandán M Mac Gearailt. Labhraíonn siad chomh maith faoi chur chuige na meán aimsir na dtoghchán, na meáin shóisialta agus na roghanna a bhíonn le déanamh ag na meáin Ghaeilge.
2024-11-18
39 min
TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal
Tuairimí Toghcháin#02
San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal pléann Cathal Mac Coille pobalbhreith TG4 i nGaillimh Thiar leis an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, an léachtóir Norita Ní Chartúir agus an craoltóir Máirín Ní Ghadhra
2024-11-14
53 min
TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal
Tuairimí Toghcháin #01
Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Méabh Ní Thuathaláin le John Downing. Na scéalta is déanaí ó Olltoghchán 2024 á bplé ag tráchtairí Tuairisc agus aíonna speisialta. Seo an chéad phodchraoladh i Tuairisc Ó Bhéal, sraith nua ag Tuairisc.ie, an tseirbhís nuachta Gaeilge ar líne.
2024-11-11
14 min
Nuacht Mhall
8 Meitheamh 2024 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtó lá de mhí an Mheithimh. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Dar le tuairisc déanta ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann, tá breis is 320 iarratas déanta acu ar rochtain ar shonraí cumarsáide iriseoirí le 13 bliana anuas. Ar 10 gcinn de na hócáidí seo, bhain sé le hiarracht a dhéanamh ar a gcuid foinsí a aithint trí mhodhanna rúnda. Dúirt an PSNI gur minic a bhí sonraí á lorg acu nuair a bhí na hiriseoirí ina n-íospartaig...
2024-06-08
06 min
Nuacht Mhall
13 Aibreán 2024 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Chuaigh OJ Simpson, iar-réalta peile Meireacánaí, ar shlí na fírinne le linn na seachtaine. Bhain sé clú amach mar fhear spóirt sna seascaidí agus arís mar aisteoir sna hochtóidí ach ansin bhí sé sna ceannlínte arís in 1994 nuair a fuarthas a iarbhean agus cara dá cuid marbh taobh amuigh dá teach in Los Angeles. Triaileadh Simpson sna dúnmharaithe, ach saoradh é sa bhlia...
2024-04-13
05 min
Learn Irish with daily podcasts
20240309_IRISH_’stakeknife’_cosanta_ach_beatha_dhaoine_eile_thios_leis_da_bharr
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2bhozp8y Contact: irishlingos@gmail.com ‘People were left dead or their lives in danger to protect an agent of the security forces’. 'Stakeknife' cosanta ach beatha dhaoine eile thíos leis dá bharr. That is what has been said in a report published today regarding Operation Kenova. ‘Fágadh daoine marbh nó a mbeatha i gcontúirt ar mhaithe le gníomhaire de chuid na bhfórsaí slándála a chosain...
2024-03-09
09 min
Learn Irish with daily podcasts
20231116_IRISH_sonrai_othar_o_sheanospideal_i_ndun_na_ngall_foilsithe_ar_line
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yl94zya2 Contact: irishlingos@gmail.com Patient details from an old hospital in Donegal published online. Sonraí othar ó sheanospidéal i nDún na nGall foilsithe ar líne. The Saolta hospital group says it has sent a report to the Gardaí about medical records from an old hospital in Co Donegal being illegally published on the digital platform TikTok. Deir an grúpa ospidéal Saolta go bhfuil tuairisc...
2023-11-16
06 min
Nuacht Mhall
28 Bealtaine 2022 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine léite go mall. * Inniu an t-ochtó lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tháinig na mílte daoine amach ar shráideanna Bhéal Feirste Dé Sathrain seo cáite in agóid ar son cearta teanga ó thuaidh. Tugadh an t-ainm "An Lá Dearg" ar an lá stairiúil seo, nuair a shiúil 17,000 duine ó Chultúrlann McAdam ó Fiaich go dtí Halla na Cathrach i mBéal Feirste, gléasta in éadaí dearga chun reachtaíocht Ghaeilge a éileamh. Tá fearg ar na daoine...
2022-05-28
04 min
Nuacht Mhall
28 Lúnasa 2021 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh Bhuaigh Luimneach Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann ar an Domhnach don dara bliain as a chéile. Bhain siad bua amach i gcoinne Corcaí le trí cúl agus tríocha a dó cúilín, an scór b’airde a baineadh amach i gcluiche ceannais na hEireann riamh. D’fhreastail slua daichead míle ar an gcluiche i bPáirc an Chrócaigh, rud a tharrai...
2021-08-28
04 min
RTÉ - Bláthnaid libh
Tuairisc an Choimisinéara Teanga
Tuairisc an Choimisinéara Teanga
2019-04-06
15 min
Fada is Fairsing
Clár 188 - 2018 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhair mé le mo chomh chraoltóir i RnL, Ola Majekodunmi faoin bhfíseán iontach seo a rinne sí do #iamIrish youtu.be/EqWKR7eq-CQ . Chomh maith leis sin chualamar ón scríbhneoir Alex Hijmans sa Bhrasaíl faoin alt a scríobh sé ar Tuairisc.ie le gairid faoi fhógairt Cois Life go mbeidh an comhlacht ag éirí as an obair ag deireadh na bliana seo chugainn.
2018-07-24
23 min
Siúlach Scéalach
Siúlach Scéalach - Eoghan Ó Tuairisc
Eoghan Ó Tuairisc ag léamh gearrscéal dá chuid An Wagtail Beannaithe
2017-05-14
00 min
The Sodshow, Garden Podcast - Sod Show
Padraig O’Tuairisc, Inis Mor, Aran Islands
This week’s show, for the second year in a row, comes from Inis Mór where Peter talks to Padraig O’Tuairisc. The show comes to you from Inis Mór, as the lovely Peter took part in the Half Marathon for Temple Street. All that, so much more on Ireland’s only [and award winning] garden radio show, The Sodshow.
2013-04-26
28 min